Máirtín Ó Cadhain

chun dáta: 18ú Mí na Nollag 2023
🎅 tabhartas Nollag 🎅

Iontaobhas Uí Chadhain

Máirtín Ó Cadhain

Ar an láithreán seo gheobhaidh tú eolas agus ábhar faoin mórscríbhneoir Gaeilge, Máirtín Ó Cadhain (1906–1970).

Tá idir eolas beathaisnéise agus eolas faoi ghníomhaíocht pholaitiúil an Chadhnaigh le fáil anseo, mar aon le cur síos ar a shaothar litríochta, ailt acadúla a scríobh saineolaithe éagsúla, léirmheasanna san áireamh.

Bain taithneamh as!

Cuireadh duit a bheith i do Bhall de Bhord Iontaobhas Uí Chadhain

6ú Mí na Nollag 2023

Tá baill Bhord Iontaobhas Uí Chadhain ag dul in aois, agus tá fuil nua de dhíth orainn.

Cúigear is gnách a bheith ar an mBord agus, de réir dlí, tá ceart ag beirt de shliocht an Chadhnaigh a bheith i measc an chúigir sin, ina stiúrthóirí ar an Iontaobhas, ach is gá na stiúrthóirí eile a roghnú ón taobh amuigh de shliocht na gCadhnach.

Déanann an Bord a ndícheall mór i gcónaí toil an Chadhnaigh, mar a thuigeann muid í, a chur san áireamh agus muid ag déanamh cinntí. Na daoine a cheapfar, beifear ag súil go mbeidh siad toilteanach a gcion d’obair an Iontaobhais a dhéanamh go cothrom, agus a bheith dílis i gcónaí do bhunreacht Iontaobhas Uí Chadhain.

D’fháilteodh muid roimh dhaoine ón taobh amuigh a bhfuil eolas an‑mhaith acu ar an gCadhnach agus ar a shaothar.

Má tá taithí coiste agat, nó taithí stiúrthóra, nó a n‑iontamhail, tar i dteagmháil linn, le do thoil, agus cuir eolas chugainn faoi do thaithí ar choistí, agus do chuid eolais ar an gCadhnach. Níl taithí coiste riachtanach, ach tá fonn oibre.

Faoi láthair tá práinn ag baint le Cisteoir nua a fháil mar gur éirigh an té a raibh an cúram sin uirthi as. Is gá don Chisteoir a bheith ina c(h)ónaí i gConamara mar gur sa Spidéal atá ár gcuntas bainc.

Ní cheapfaí daoine nua láithreach, ach d’iarrfaí orthu teacht chuig cruinnithe den Bhord ar feadh tamaill mar ‘éisteoirí/breathnóirí’, le go dtiocfaidís isteach ar chúraimí agus oibriú an Iontaobhais, agus cé mar a d’fheilfeadh sin dóibh. Cheapfaí Cisteoir nua láithreach, tar éis agallaimh.

Is carthanas cláraithe é Iontaobhas Uí Chadhain agus is go deonach a thugann na baill a gcuid ama agus oibre. Mar sin, ní íoctar aon táillí leo, táillí cothabhála ná taistil san áireamh. An beagán airgid atá againn, caitear é leis an gCadhnach a chur chun cinn. Bíonn cuid de na cruinnithe i gConamara, cuid eile i mBaile Átha Cliath — i dtithe na mBall. Ag brath ar áiteanna cónaithe na mball nua, d’fhéadfaí cruinnithe a eagrú in áiteanna eile. Bíonn corrcheann ar an Zúm.

Tuairim is cúig chruinniú a bhíonn ann in aghaidh na bliana.

Cuir teachtaireacht, a luaithe is féidir é, le do thoil, chuig an tIontaobhas, ag úsáid na sonraí teagmhála atá i mbun an leathanaigh seo. Nó cuir glaoch orainn ag 086 064 3550.