Ar an leathanach seo tá an clár de na himeachtaí a eagraíodh in 2020 le 50 Bliain ó bhás Mháirtín Uí Chadhain a aithint. B’éigean roinnt acu seo a chur siar de dheasca an víris chorónaigh ach chuaigh an chuid is mó acu ar aghaidh ar líne sa deireadh; i rith 2020 nó i dtosach 2021.
Ar an 18ú Deireadh Fómhair, 1970 is ea a cailleadh an Cadhnach. Chun a bhás anabaí a chomóradh, d’eagraigh eagraíochtaí agus institiúidí éagsúla imeachtaí éagsúla, ag tosú le Ceiliúradh ar Shaothar Mháirtín Uí Chadhain mar chuid de shiompóisiam i gColáiste Lehman, Nua-Eabhrac ar 22 Feabhra 2020.
Réitíodh an liosta seo leanas imeachtaí i gcomhar le COMHAR agus Cló Iar‑Chonnacht.
Earrach 2020
- Déardaoin 20 Feabhra ag 8.00in
- Cré na Cille
- An leagan scannáin, á thaispeáint (á eagrú ag Club Scannán an Phiarsaigh).
- Ar siúl san Ireland Institute for Historical and Cultural Studies, 27 Sráid an Phiarsaigh, BÁC 2.
- Cead isteach saor in aisce.
- Satharn 22 Feabhra
- LehmanGaeilge 2020
- Ar siúl i gColáiste Lehman, Nua Eabhrac, SAM.
- Tá tuilleadh faisnéise ar láithreán LehmanGaeilge.
Samhradh 2020
Cuireadh sceideal imeachtaí uile an chuid eile de 2020 as riocht de dheasca an víris chorónaigh.
- Aoine 8 Bealtaine
- In agallamh íogair le dhá litríocht Ghaelacha
- Ar siúl in Acadamh Ríoga na hÉireann, Baile Átha Cliath, Éire.
- Collóiciam in ómós do shaothar scolártha Mháire Ní Annracháin.
- Curtha ar ceal.
- Aoine 15 Bealtaine
- Comhdháil Mháirtín Uí Chadhain 2020
- Ar siúl i Mol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
- Chuaigh sé seo ar aghaidh ar 20 Samhain 2020 ↓
Fómhar 2020
- Aoine 18 Meán Fómhair
- Gearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain
- Seimineár idirnáisiúnta ar líne.
- Á eagrú ag Cló Iar‑Chonnacht agus Ollscoil na hÉireann Gaillimh.
- Ar fáil ar YouTube 🔗
- Satharn 17 Deireadh Fómhair
- 2050: Éire gan Ghaeltacht?
- Seimineár Lae (á eagrú ag Iontaobhas Uí Chadhain).
- Ar siúl sa Spidéal.
- Curtha siar go 2022.
- Domhnach 18 Deireadh Fómhair
- Cothrom an lae leathchéad bliain ó shin a cailleadh an Cadhnach.
- 1. Uaigh an Chadhnaigh
- I Reilig Chnocán Iaróim, Crois Araild, Baile Átha Cliath 6.
- Tugadh caint ómóis faoin gCadhnach.
- Leagadh bláthfhleasc ar a uaigh.
- Léadh trí ghearrscéal dá chuid.
- Chuaigh sé seo ar aghaidh.
- 2. Ciorcal Léitheoireachta
- Gach re Domhnach ag 19.30.
- Plé ar shaothar as Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta.
- ‘An Taoille Tuile’ an chéad scéal a phléifear.
- Ar siúl ar líne (Zoom).
- Tuilleadh eolais: optchoisfharraige@nullgmail.com.
- Ní mór clárú roimh ré.
- Chuaigh sé seo ar aghaidh.
- Beidh an dara sraith ag tosú i bhfómhar 2021.
- Mí Deireadh Fómhair
- Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
- Cuid d’Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge
- Ar siúl in Acadamh Ríoga na hÉireann, Baile Átha Cliath.
- Chuaigh sé seo ar aghaidh.
Geimhreadh 2020
- 12ú Mí na Samhna
- Léacht Uí Chadhain 2020
- Á eagrú ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
- Ar siúl ar líne.
- 7.00 i.n. ar Zoom.
- Ar fáil ar YouTube 🔗
- 16ú Mí na Samhna
- Craoladh Cré na Cille.
- Tá leagan raidió de Cré na Cille, a taifeadadh i 1973, le craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar chuid de ‘Bhliain an Chadhnaigh 2020’, comóradh caoga bliain ó bhásaigh an Cadhnach.
- Beidh an dráma le cloisteáil gach Luan agus Máirt ó 2.05 in go 3 in go dtí deireadh na bliana, ag tosú ar an 16 Samhain.
- Is é an file agus an scríbhneoir Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha a chóirigh an leagan raidió agus ba é Maidhc P. Ó Conaola a léirigh an dráma.
- Cúig dhuine is fiche uile a ghlac páirt sa dráma — Winnie Mhaitias Uí Dhuilearga, Bríd Ní Choisdealbha, Tom Sailí Ó Flaithearta, Máire Pheter Uí Dhroighneáin, Tomás Ó Conaire, Mícheál Mac Con Iomaire, Tomás Ó Mainnín, Diarmuid Mac an Adhastair, Joe Steve Ó Neachtain agus an file Máirtín Ó Díreáin, a bhí i bpáirt Stoc na Cille don dara leath den tsraith, ina measc.
- Chuaigh sé seo ar aghaidh.
- 20ú Mí na Samhna
- Comhdháil Mháirtín Uí Chadhain 2020.
- Comhdháil lae ar líne
- Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide.
- Ceiliúradh is comóradh ar shaol is ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain leathchéad bliain tar éis a bháis.
- Fáilte roimh chách.
- Tá gach eolas ar fáil ar láithreán na Roinne féin.
- Ar fáil ar YouTube 🔗
- Mí na Samhna
- Seoladh Léachtaí Uí Chadhain 1980–2020.
- Cló Léann na Gaeilge.
- Seolfaidh an tOllamh Comhlach Meidhbhín Ní Úrdail, Ceann na Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, an saothar úr iomráiteach, Léachtaí Uí Chadhain 1980–2020 (eag. Mac Amhlaigh ⁊ Mac Giolla Léith).
- Chuaigh sé seo ar aghaidh ar 15ú Eanáir 2021 ar 1in.
- Ar fáil ar YouTube 🔗