Le Fionntán de Brún. Léacht Uí Chadhain 2020 in UCD. Tá an léacht seo foilsithe ag UCD Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis ar: YouTube. Soundcloud.
Category: Ailt ⁊ Aistí
Scríbhneoireacht den fhoirm ghearr: ailt, aistí, léirmheastóireacht ⁊ɼl…
Le Cathal Ó Háinle. Léacht Uí Chadhain 2001 in UCD. I bhfómhar na bliana 1997 d’iarr Iontaobhas Uí Chadhain orm lámhscríbhinn an tsaothair phróis Barbed Wire le Máirtín Ó Cadhain a bhreithniú féachaint an raibh sé infhoilsithe, agus d’iarr siad orm é a réiteach don chló, dá gceapfainn go raibh. Ghlac mé go fonnmhar leis an gcuireadh agus súil […]
Le Máirtín Ó Cadhain agus Fidelma Ní Ghallchobhair. Réamhrá Seo roinnt leathanach samplach as an gcéad eagrán de Cré na Cille a ndearna an Cadhnach féin ceartúcháin agus leasuithe air. Tús an leabhair ó leathanach 12 go leathanach 41 atá ann. Tá an t‑eagrán iomlán i mBailiúchán Uí Chadhain, atá i dtaisce i gColáiste na Tríonóide. Féadfaidh baill […]
Le Máire Ní Annracháin. Ar pháipéar a tugadh ag seimineár a d’eagraigh Ollscoil Notre Dame, is a reachtáladh i mBaile Átha Cliath i 2015, atá an t‑alt seo bunaithe. Na húrscéalta Gaeilge is fearr a scríobhadh sa bhfichiú haois téama an tseimineáir. In Úrscéalta na Gaeilge a céadfoilsíodh an t‑alt. Ronan Doherty, Brian Ó Conchubhair agus Phillip […]
Le Máirín Nic Eoin, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath. Níl amhras ar bith ach go raibh an mórscríbhneoir nua-aoiseach Kafka léite ag Máirtín Ó Cadhain agus go raibh tionchar ag a shaothar ar scéalta áirithe cathrach le Ó Cadhain. Tá rian na n‑úrscéalta cáiliúla fáthchiallacha An Triail (1925) agus An Caisleán (1926) le Kafka le feiceáil […]
Le Declan Kiberd Foilsithe in Idir Dhá Chultúr, Coiscéim 1993. Tá fíorspéis ag Máirtín Ó Cadhain i gcúrsaí breithiúnais. Ach ní maith leis aon bhreith a thabhairt os ard – bíonn an breithiúnas is tábhachtaí beagnach faoi láncheilt aige sna scéalta is fearr in Cois Caoláire. D’aontódh sé le William Blake a dúirt, agus é ag […]
Le Declan Kiberd. Foilsithe in Idir Dhá Chultúr, Coiscéim 1993. Tá galar tógálach ar lucht na Gaeilge sa tír seo — go bhfuil siad ag tnúth de shíor le mórscríbhneoir Gaeilge agus go bhfuil siad sásta an gradam úd a bhronnadh go bliantúil ar gach úrscríbhneoir nuafhoilsithe. Ach tá dream eile ann freisin a bhíonn […]
Leis an Dochtúr Louis de Paor. Tugadh an léacht seo ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman i 2006. Tá cuntas corraitheach ag Aindreas Ó Gallchóir ar thuras a thug sé ar an gCnocán Glas i dteannta an Chadhnaigh sa bhliain 1967 le clár faisnéise ar a shaol agus a shaothar a thaifeadadh: Ag deireadh uaigneach an scannáin sin […]
Le Máire Ní Annracháin. In Léachtaí Cholm Cille XXXVII a céadfhoilsíodh an t‑alt seo. An eagna, a dúirt Job,1, An eagna, cá bhfuil sí le fáil, agus cá bhfuil teacht ar an tuiscint?2 Baineann an cheist le cúram bunúsach na daonnachta faoin rud is cóir a dhéanamh sa saol seo agus faoin áit a bhfuil slánú […]
There Goes Cré na Cille
Le Louis de Paor. Is mór an rud ag scríbhneoir aitheantas. É seo a chloisteáil ag dul thart dhom i bPáirc an Chrócaigh lá mórchluiche: ‘there goes Cré na Cille’. Máirtín Ó Cadhain, Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca. Fiú is gur i bPáirc an Chrócaigh seachas Staid Semple a tharla sé, tá scéilín an Chadhnaigh ag teacht […]