Iontaobhas Uí Chadhain

Léim go: Céard é? | Pleananna | Stiúrthóirí

Céard é an tIontaobhas?

Thosaigh Iontaobhas Uí Chadhain ag feidhmiú mar choiste i 1988 le leanúint leis an gcatalógú a bhí déanta ag Beirnidette Ní Rodaigh agus cairde dá cuid ar bhailiúchán páipéar Mháirtín Uí Chadhain agus le cinntí a dhéanamh faoin mbealach ab fhearr le déileáil leis. Ansin bronnadh a chuid páipéar ar leabharlann Choláiste na Tríonóide ar 10 Meitheamh 1996 agus is féidir iad a cheadú ansin. Rinneadh na páipéir a mheas, i gcomhar le hacadúlaithe measúla, agus roghnaíodh ábhar a measadh a bheith infhoilsithe idir 1995 agus 2002. Rinneadh Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta agus gan Scairchaipiteal den Iontaobhas go hoifigiúil ar 10 Iúil 2015, agus bronnadh stádas carthanach ar an Iontaobhas ar 10ú Lúnasa 2018.

Tá bunáite an tsaothair a bhí neamhfhoilsithe tar éis a bháis i 1970 foilsithe anois. Níos tábhachtaí fós, tá saothar iomlán an Chadhnaigh i gcló den chéad uair le fada, a bhuíochas sin den chuid is mó don fhoilsitheoir, Cló Iar-Chonnacht.

Tá an saothar seo á roinnt anois leo siúd nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Foilsíodh leagan Béarla de Cré na Cille i 2015 (aistriúchán le Alan Titley) agus leagan eile de i 2016 (le Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson). Tá leaganacha de ar fáil i réimse teangacha eile freisin: An Ioruais, An Danmhairgis, An Ghearmáinis, An Turcais, An Ísiltíris, An Iodáilis, an Ungáiris agus An tSeicis ina measc. Tá roinnt de na gearrscéalta is cáiliúla a scríobh an Cadhnach aistrithe go teangacha eile le tamall anuas chomh maith, agus tuilleadh ar na bacáin. Níl aon amhras ach go bhfuil suim nua á léiriú i scríbhinní an Chadhnaigh arís.

Pleananna reatha, meántéarmacha agus fadtéarmacha

Tiomsú airgid

Gan amhras, beidh pingin mhaith ag teastáil leis na pleananna seo a fhódú agus a chur i gcrích. Chuige seo, tá feachtas tiomsaithe airgid á fhorbairt againn, agus tá súil againn é seo a sheoladh a luaithe a bheidh bunghnéithe de na pleananna deimhnithe. Beidh eolas á chur ar fáil go luath maidir leis an gcaoi le síntiúis a thabhairt don Iontaobhas. Coinnigh súil ar an láithreán seo!

Stiúrthóirí Boird

Ruairí Ó hUiginn

Cathaoirleach

Is as Baile Átha Cliath do Ruairí. Bhí sé ar an meánscoil i gColáiste Mhuire, Cearnóg Pharnell agus rinne staidéar ina dhiaidh sin ar an Léann Ceilteach sa Choláiste Ollscoile mar ar bhain sé céimeanna BA agus MA amach. Bhronn Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, PhD air i 1989. Tá tréimhsí caite le léachtóireacht aige in Ollscoil Uppsala sa tSualainn, i Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, sa Rheinische Friedrich-Wilhelms-Universität i mBonn na Gearmáine agus in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Ceapadh ina Ollamh sa Nua-Ghaeilge i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad (Ollscoil na hÉireann, Má Nuad ó 1997) sa bhliain 1993, agus ina Ollamh Sinsearach i Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léann Bhaile Átha Cliath sa bhliain 2016.

Tá spéis ar leith aige i stair na Gaeilge agus i ngnéithe den litríocht, litríocht na Luath-Ghaeilge agus na Nua-Ghaeilge Moiche go háirithe, agus foilseacháin dá réir aige sna réimsí sin. Ina eagarthóir roimhe seo ar Léachtaí Cholm Cille agus Ainm , agus ina chomheagarthóir ar Bliainiris. Tá sé ina Chathaoirleach ar Choiste Bainistíochta agus ar Choiste Eagarthóireachta Fhoclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann agus ina Chathaoirleach ar an gCoiste Logaimneacha.

Máirtín Ó Cadhain

Rúnaí

I Marino i mBaile Átha Cliath a rugadh is a tógadh Máirtín, agus ba dheartháir don Chadhnach a athair Joe. Ba as Garmna, an t‑oileán atá idir Leitir Móir agus Leitir Mealláin, a mháthair Cáit Bhreathnach.

Chuaigh ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Marino agus i gColáiste Mhuire, Cearnóg Pharnell. Bhain céim onórach sa Nua-Ghaeilge agus Sean-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide, le Gradam sa nGaeilge Labhartha.

Chaith tríocha bliain ina eagarthóir sa nGúm, agus dhá bhliain ina dhiaidh sin ag obair go páirtaimseartha ar an bhFoclóir nua Béarla-Gaeilge.

D’aistrigh go dtí an Spidéal in 2009, agus tá cónaí air ann ó shin.

Chaith sé blianta fada ó 1988 ag críochnú catalógú a bhí ar bun ag Beirnidette Ní Rodaigh (deirfiúr bhean an Chadhnaigh) ar Pháipéir an Chadhnaigh, i gcomhar le gaolta eile. Tá sé páirteach i ngach gné d’obair Iontaobhas Uí Chadhain le tríocha bliain, mar Rúnaí ar an Iontaobhas, agus is mór aige saothar an Chadhnaigh a chur chun cinn ar gach bealach.

Seán Ó Cadhain

Stiúrthóir

Rugadh Seán ar an gCnocán Glas, An Spidéal. Deartháir do Mháirtín Ó Cadhain é a athair, Pádhraic. Fuair sé a chuid oideachais i Scoil Mhíchíl, An Spidéal agus i gColáiste Muire, Gaillimh. Bhain sé céim BA i Riarachán Poiblí ón bhForas Riaracháin, Ard-Diplóma sa Leabharlannaíocht ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus MA sa Ghaeilge Fheidhmeach ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

D’oibrigh sé i Leabharlanna Poiblí Chathair Átha Cliath le os cionn dhá scór bliain go ndeachaigh sé ar scor i 2012. Ag aisteoireacht le compántais drámaíochta éagsúla le scór bliain anuas. Ina measc Aisteoirí Míde, An Béal Binn agus Aisteoirí Bulfin. Tá sé bainteach le hIontaobhas Uí Chadhain ó bunaíodh é i 1988, i dteannta gaolta eile. Ar dtús ag críochnú an chatalógú ar pháipéir agus lámhscríbhinní an Chadhnaigh sular bronnadh ar Choláiste na Tríonóide iad i 1996; ansin ag réiteach na scríbhinní neamhfhoilsithe agus ag fáil eagarthóirí chun iad a fhoilsiú. Bhí sé lárnach i gcomóradh céid bhreith an Chadhnaigh i 2006.

Chaith sé breis agus scór bliain ina Chathaoirleach agus mar urlabhraí ar son an Iontaobhais. Ba mhaith leis eolas ar shaol agus ar shaothar an Chadhnaigh a bheith ar fáil ar fud an domhain mhóir.

Máire Ní Neachtain

Leas-chathaoirleach

Is as Baile ’n tSagairt, baile fearainn taobh thoir den Spidéal, í Máire.

Tá sí ina Ceann Roinne ar Roinn na Gaeilge agus ina Déan Cúnta i nDámh na nDán i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach. Sochtheangeolaíocht na Gaeilge agus drámaíocht na Gaeilge is tábhachtaí di ó thaobh cúrsaí taighde agus bíonn sí ag saothrú i ngort shealbhú na Gaeilge mar chéad teanga freisin.

Tá spéis mhór aici i gcúrsaí pobail agus sna healaíona dúchasacha go háirid. Tá sí an-ghníomhach mar oibrí deonach i saol na Gaeilge sa nGaeltacht agus in eagrais teanga agus cultúir taobh amuigh di. Tá sí ina Rúnaí ar Aisteoirí an Spidéil, cumann a léirigh Éistigí, caithfear éisteacht, seó amharclainne ilmheán faoi shaol agus shaothar Mháirtín Uí Chadhain mar cheilúradh ar chéad bliain a bhreithe in 2006. Is í Cathaoirleach Éigse an Spidéil í. Is iar-Chathaoirleach ar Chumann Merriman í agus tá sí ar choiste an chumainn sin go fóill. Ba í a bhí ina Cathaoirleach ar Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga, a réitigh plean teanga do cheantar Chois Fharraige do Roinn na Gaeltachta faoi réir Acht na Gaeltachta 2012.

Is minic a bhíonn sí le cloisteáil ar na meáin chraolta agus físe Gaeilge mar thráchtaire ar chúrsaí comhaimseartha Gaeilge agus Gaeltachta.

Fidelma Ní Ghallchobhair

Cisteoir

Rugadh agus tógadh i gContae Chill Dara Fidelma, agus thugadh sí cuairteanna rialta ar Ghaeltacht Láir Thír Chonaill, áit dúchais a máthar. D’fhreastail sí ar mheánscoil de chineál Scoil A i Móinteach Mílic, Contae Laoise, áit a bhfuair sí oideachas lán-Ghaelach. Bhain sí bunchéim amach sa Ghaeilge agus sa Laidin agus iarchéim sa Nua-Ghaeilge, chomh maith leis an ATO (Ard-Teastas san Oideachas) i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, tráth ar chaith sí tréimhsí i nGaeltacht Chonamara. D’oibrigh sí ar feadh roinnt blianta mar eagarthóir ar théacsleabhair agus ar leabhair do pháistí in An Gúm. Chuaigh sí ag obair ansin don Choiste Téarmaíochta, agus is ball í den Choiste sin i gcónaí.

Tá Fidelma gníomhach le fada i gcúrsaí drámaíochta Gaeilge le hAisteoirí Bulfin i mBaile Átha Cliath. Chóirigh sí dhá ghearrscéal leis an gCadhnach mar dhrámaí, An Eochair (2006) agus Círéib (2010), agus tá i gceist aici a thuilleadh acu a chóiriú don stáitse. Is breá léi an greann, an tsamhlaíocht agus an saibhreas teanga i saothar Uí Chadhain.