Oidhreacht Mháirtín Uí Chadhain

Lorg phinn an Chadhnaigh

D’fhág Máirtín Ó Cadhain lorg a phinn ar thaipéis na Gaeilge is a nualitríochta próis, lorg nach n‑imeoidh as go brách. Feiceann muid, ó leithne agus éagsúlacht a chuid saothar agus gníomhaíochtaí, na bealaí inar chuir sé le saol mhuintir na Gaeltachta — ar nós iad siúd a bhfuil cónaí orthu i Ráth Chairn, le foclóireacht na Gaeilge leis na liostaí focal agus frásaí as Conamara a thiomsaigh sé, le staidéar acadúil ar litríocht na Gaeilge leis na hailt a d’fhoilsigh sé ar chúrsaí béaloidis agus leis na múrtha léirmheaseanna liteartha a scríobh sé, le polaitíocht na Gaeilge tríd an an‑chuid cainteanna, léachtaí, agallamh, leabhrán agus paimfléad a tháinig uaidh in imeacht na mblianta. Agus thar aon ní eile, chuir sé corpas eisceachtúil obair chruthaitheach le litríocht na Gaeilge — trí húrscéal agus sé chnuasach gearrscéalta (cuid acu siúd nach bhfuil gearr ar bhealach ar bith).

Cé go raibh dearcadh ag a lán go raibh scríbhinní an Chadhnaigh deacair a léamh agus achasán á thabhairt go mbíodh sé róthugtha d’fhocail agus frásaí neamhchoitianta a charnadh ar dhroim a chéile, agus go raibh claonadh ann sciorradh thairis sa saol acadúil — toisc a rinneadh i bhfad níos measa de bharr gur ligeadh a shaothar as cló ar feadh na mblianta fada — níl aon leithscéal fónta ann don fhaillí seo. Ná don diúltú óna fhoilsitheoir cead a thabhairt a mhórshaothar, Cré na Cille, a aistriú go Béarla, bíodh is gur tugadh cead aistriúcháin Ioruaise agus Danmhairgise a dhéanamh (foilsithe i 1995 agus 2000 faoi seach). Nuair a tháinig foilsitheoir nua i mbun na gceart in 2009, luíodh isteach ar leabhair an Chadhnaigh a athchló. Thairis sin, thosaigh aistriúcháin Bhéarla ar chuid dá ghearrscéalta ag teacht amach. Ar deireadh, rinneadh dhá aistriúchán éagsúla de Cré na Cille a choimisiúnú, an chéad cheann a d’aistrigh Alan Titley, The Dirty Dust a foilsíodh in 2015, agus an dara ceann in 2016 a d’aistrigh Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson, Graveyard Clay, agus ba iad Cló Iar-Chonnacht agus Yale University Press a d’fhoilsigh an péire. Chuir na haistriúcháin Bhéarla seo dlús le haistriúcháin go teangacha go leor eile, ina measc an Ghearmáinis, an tSeicis, an Ungáiris, an Iodáilis agus an Tuircis. Foilsíodh aistriúchán Ísiltírise in 2017 a rinne Alex Hijmans díreach ón mbunleagan Gaeilge. Agus deirtear go bhfuil a thuilleadh aistriúchán go teangacha eile ar na bacáin.

Léacht Uí Chadhain

Cuireadh tús le Léacht Uí Chadhain sa bhliain 1980. Ainmníodh é in ómós do Mháirtín, gan amhras, agus tá sé mar sprioc aige iniúchadh a dhéanamh ar oidhreacht liteartha an Chadhnaigh agus ar litríocht chomhaimseartha na Gaeilge.

Léigh tuilleadh mar gheall ar Léacht Uí Chadhain ar láithreán An Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Léirithe dá chuid shaothair

Rinneadh leaganacha drámata de Cré na Cille chomh maith: i dtosach don raidió (RTÉ Raidió na Gaeltachta a rinne in 1973), ansin don stáitse (leagan a chóirigh Macdara Ó Fátharta agus a léiríodh i 1996 agus in 2006), agus ar deireadh eisíodh leagan scannánaithe in 2007 le fotheidil Bhéarla (a scríobh Macdara Ó Fátharta, agus a léirigh Robert Quinn).

Rinneadh cuid de ghearrscéalta an Chadhnaigh a chóiriú mar dhrámaí chomh maith, ina measc ‘An Taoille Tuile’ (RTÉ 1983, Tony Hickey a chóirigh an script, Dónall Farmer a léirigh), ‘An Bhliain 1912’ (seó damhsa chomhaimseartha faoin teideal Aistir – Voyages, a chóirigh Compántas Damhsa Chomhaimseartha ón Eilvéis, Tanz Ensemble Cathy Sharpe, áit ar dhírigh an cóiréagrafaí Cathy Sharpe ar chúrsaí imirce agus na cosúlachtaí idir cás na hÉireann agus na hEilvéise, seó a tugadh ar chamcuairt ar fud na hÉireann i 2002), ‘Fios’ (Aisteoirí an Spidéil, Maidhc P. Ó Conaola a chóirigh agus a léirigh), ‘An tOthar’ (Aisteoirí an Spidéil, Maidhc P. Ó Conaola a chóirigh agus a léirigh), ‘Glantachán Earraigh’ (Splódar, Proinsíos Ó Duigneáin a d’athchóirigh don stáitse), ‘An Eochair’ (Aisteoirí Bulfin, dráma trí ghníomh a chóirigh agus a léirigh Fidelma Ní Ghallchobhair), ‘Círéib’ (Aisteoirí Bulfin, dráma aonghnímh a chóirigh Fidelma Ní Ghallchobhair agus a léirigh Fidelma Ní Ghallchobhair agus Gearóid Ó Mórdha).

Rinne Aisteoirí na Tíre mír as dráma ó pheann an Chadhnaigh, ‘Typhus’, a léamh ar thaifeadadh dlúthdhiosca, agus chraol RTÉ Raidió na Gaeltachta é i 2006. Léirigh Scoil Éigse Chamais mír as an dráma céanna ar stáitse i 2017. Chraol RTÉ Raidió na Gaeltachta léiriú i 2006 faoin teideal ‘An Fear Bacach sna Flaithis’ a d’athchóirigh Joe Steve Ó Neachtain ó dhréacht i measc pháipéir Uí Chadhain, agus léirigh Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh é; léirigh Cumann Drámaíochta Ráth Chairn é i 2006 chomh maith i bhfoirm scéaldráma.

Saothar critice

Scríobhadh go leor saothar critice ar ghnéithe de chorpas liteartha agus de shaothar eile an Chadhnaigh agus is é is dóiche ná go scríobhfar neart eile dá leithéid amach anseo. Tá tús déanta ag an Iontaobhas ar ábhar den chineál sin a bhailiú agus cuirfidh muid ar fáil anseo é de réir mar a fhaighfimid é mar aon le ceadanna na n‑údar.