Ó Cadhain, Kafka agus Litríocht Uirbeach na Gaeilge

Le Máirín Nic Eoin, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath.

Níl amhras ar bith ach go raibh an mórscríbhneoir nua-aoiseach Kafka léite ag Máirtín Ó Cadhain agus go raibh tionchar ag a shaothar ar scéalta áirithe cathrach le Ó Cadhain. Tá rian na n‑úrscéalta cáiliúla fáthchiallacha An Triail (1925) agus An Caisleán (1926) le Kafka le feiceáil sa léiriú a thugtar ar thimpeallacht choimhthíoch, naimhdeach, mhaorlathach, dhídhaonnaithe na mórchathrach i scéalta déanacha leis an gCadhnach, go háirithe na scéalta le toise láidir osréalaíoch mar An Eochair agus Fuíoll Fuine. D'fhéadfaí éifeacht gearrscéalta Kafka a aithint freisin ar scéalta mar Ag Déanamh Páipéir agus Ag Déanamh Marmair. Is é an príomh-phointe comparáide idir an bheirt scríbhneoirí a d'aithin criticeoirí go dtí seo ná an chaoi a léirítear saol na hoifige, saol na státseirbhíse, agus go háirithe saol an fheidhmeannaigh eagraíochta, i saothar na beirte. Nocht an bheirt acu gnéithe de chóras a raibh loighic buile éigin á thiomáint, cumhacht neamhdhaonna a rinne nithiú ar an duine a chaithfeadh feidhmiú faoina stiúir.

Is iondúil go dtarraingítear Kafka, agus scríbhneoirí cáiliúla comhaimseartha Eorpacha eile mar Camus agus Beckett, isteach sa phlé nuair atá criticeoirí ag iarraidh an t‑athrú suímh agus ábhair agus stíle agus carachtrachta idir saothar luath agus saothar déanach an Chadhnaigh a léirmhíniú. Is dóigh liom go bhfuil brí leis an gcomparáid, ach ní bheinn ar aon intinn go hiomlán leis an mbuntéis atá taobh thiar den léamh sin go minic: go ndearnadh scríbhneoir nua-aoiseach Eorpach den Chadhnach áit éigin idir foilsiú An Braon Broghach (1948) agus foilsiú na Sraitheanna, An tSraith ar Lár (1967), An tSraith dhá Tógáil (1970) agus An tSraith Tógtha (1977). Admhaítear go coitianta gur fhág sé ina dhiaidh ábhar agus téamaí agus stíl an luathshaothair nuair a thug sé aghaidh ar shaol na cathrach a léiriú ina chuid ficsin, agus is cinnte go bhfuil idirdhealuithe le déanamh idir an saothar luath agus an saothar déanach, idir an saothar atá 'lonnaithe' sa Ghaeltacht agus an saothar atá 'lonnaithe' sa chathair. Ach ní hí an ghluaiseacht ón suíomh tuaithe go dtí an suíomh cathrach an pointe idirdhealaithe is tábhachtaí, dar liom, ach an ghluaiseacht ó láthair fhicseanúil ar féidir pobal a shamhlú leis — fiú amháin más pobal buailte, pobal faoi bhrú, atá i gceist — go dtí láthair níos loime, níos scanrúla, níos éiginnte.

Is é an léamh a dhéanfainn féin ar an gcuid is snoite agus is cumhachtaí de na scéalta déanacha ná gur forbairt loighciúil iad ar an luathshaothar. Tá go leor de na téamaí bunúsacha céanna iontu — an duine i ngleic le timpeallacht chrua eascairdiúil, easpa comhthuisceana agus comhbhráithreachais idir daoine atá gairid i ngaol lena chéile, an t‑aonarán príosúnaithe ag a dhaonnacht lochtach féin. Tá de phointe lárnach ceangail idir na saothair is luaithe agus na saothair is déanaí freisin go dtógtar ceist bhunúsach iontu faoin ngaol idir polaitíocht agus ealaín Uí Chadhain — ceist a bhaineann le tuiscint Uí Chadhain ar éagumas nó easpa cumais an duine cor dearfach ar bith a chur ina chinniúint féin.

Sa léacht chomórtha a thug an tOllamh Bob Welch i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, i mí Dheireadh Fómhair 2006, ghlaoigh sé a literature of extremities ar shaothar Uí Chadhain agus Beckett. D'fhéadfaí Kafka a lua sa chuntas céanna. Is cinnte gur ag plé le 'extremities' atáimid i gcuid mhaith de na saothair is cumhachtaí leis an gCadhnach. Is ag breathnú go comhfhiosach ar phobal Gaeilge na cathrach mar gheiteo a bhí sé nuair a luaigh sé féin Kafka in Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca (1969). Tugann an tagairt seo le fios gurb é an nasc is mó a shamhlaigh sé idir a shaothar féin agus saothar Kafka ná gur ag labhairt amach ó pheirspictíocht pobail a bhí faoi chois nó a bhí i mbaol a bhasctha a bhí siad araon:

Is mó de mo dhlúthmhuintir i mBaile Átha Cliath ná sa mbaile. Tá go leor de mo chomharsanaí agus as mo thaobh tíre in a gcónaí gar go leor dhom. Is cineál ghetto muid b'fhéidir. B'as an nghetto Kafka agus Heine gan ach beirt a bhfuil eolas agam ar a saothar a lua. Cho fada is is léar dom is ghettos ar fad é Baile Átha Cliath.

Tá roinnt rudaí le ceistiú maidir leis an ráiteas seo ag Ó Cadhain. I dtosach báire, níl an fhírinne ar fad ann chomh fada is a bhaineann sé le Kafka de. Níorbh as an ngeiteo Kafka. Ba bhall é de phobal Giúdach Phrág cinnte, pobal mionlaigh, ach faoin am ar tháinig Kafka ar an saol bhí deireadh leis an seangheiteo Giúdach i bPrág, mar láthair fhisiciúil agus mar chomhthionól nithiúil. Ba phobal comhshamhlaithe meánaicmeach — lucht gnó agus gairme, feidhmeannaigh oifige agus comhlachta — iad Giúdaigh Phrág, a raibh an Ghearmáinis mar phointe dealaithe idir iad agus mórphobal Seiceach na cathrach. Mhair cuimhne an gheiteo cinnte, agus an ciníochas ba bhun leis. Agus, mar atá ráite ag tráchtairí éagsúla, mhair an geiteo go beo beathaíoch i samhlaíocht an phobail Ghiúdaigh agus bhí teannas leanúnach idir iad agus pobal Seiceach na cathrach. Maidir le pobal na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath, cé go raibh go leor de dhlúthmhuintir Uí Chadhain ina gcónaí i mBaile Átha Cliath lena linn, níor gheiteo iad sa chaoi a bhféadfaí a áiteamh gur geiteo an pobal a ndéanann Pádraic Ó Conaire trácht air agus é ag cur síos ar 'Éire Bheag' Londan in Deoraíocht (1910). D'aithin an scríbhneoir Duibhneach Pádraig Ua Maoileoin an méid sin agus é ag trácht sa bhliain 1960 ar shaol aonaránach an imirceora Gaeltachta i mBaile Átha Cliath i gcomparáid leis an saol pobail atá ar fáil dá mhacasamhail i Nua Eabhrac. Tá láithreacha Gaeilge ar fáil i Nua Eabhrac — coinicéir a thugann sé orthu — ach is taobh le saol an tí ósta atá an fear Gaeltachta i mBaile Átha Cliath:

Ach níl aon phaiste i mBaile Átha Cliath, mar a bhfuilimse le chúig mbliana fichead anois, go bhféadfadh duine aithris a dhéanamh ar an bpátrún saoil a chaith an fear eile úd ón gCom i New York. Dá mbeadh, b'fhéidir gurb ann a gheofaí me, agus b'fhéidir eile nach ea, n'fheadar. Is minic a ghealann mo chroí anso nuair a dh'fhéadaim bualadh isteach go tigh ósta áirithe, nó go tigh tabhairne, b'fhéidir, agus an Ghaeilge á spreagadh im thímpeall. Tá a leithéidí seo d'áiteanna ann ach iad a bheith fánach go leor i gcathair atá lán de Ghaeilge ach í a thabhairt ar barr uisce.

Maidir leis an gCadhnach, fiú dá bhféadfaí a áiteamh go raibh saol pobail de chineál éigin á chaitheamh ag muintir Chonamara i mBaile Átha Cliath, is cinnte nár fhéach seisean leis an saol pobail sin a léiriú ina chuid ficsin. Ceist bhunúsach faoina shaothar uirbeach, más ea, is ea cén fáth ar roghnaigh sé cur chuige liteartha a dhírigh go háirithe ar dhaoine aonair ar státseirbhísigh nó feidhmeannaigh oifige go minic iad? Cén gaol atá idir a chuid pearsana cathrach agus an tsamhail a bhí aige do phobal na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath?

Tá go leor scríofa faoin toise fáistineach i saothar Kafka, faoin gcaoi ar chruthaigh sé timpeallacht fhicseanúil a bhí mar réamhléiriú nó mar réamhfháistine liteartha ar uafáis an fhaisisteachais agus na gcampaí géibhinn. Sílim gur féidir toise apacailipteach a aithint freisin i saothar uirbeach Uí Chadhain: gur féidir fáthscéal domhain a aithint sa chuid is suntasaí de na scéalta cathrach agus gurb é fócas an fháthscéil sin ná an t‑ionad éagumasach éadóchasach a shíl Ó Cadhain a bhí ar fáil do phobal na Gaeltachta (agus go háirithe don intleachtóir Gaeltachta) in Éirinn a linne.

Má chuirimid i gcás gur fear Gaeltachta é an státseirbhíseach 'J' in An Eochair, mar shampla, céard a insíonn an scéal sin dúinn faoin ról a shamhlaigh an Cadhnach dá leithéid sa státchóras? Coinneálaí páipéir sóisearach, feidhmeannach dí-ainm, mionduine sáinnithe i gcóras nár chum ná nár cheap sé féin — an córas sin á chloí, á mharú ar deireadh. Má ghlacaimid leis gur fear Gaeltachta é an feidhmeannach cantalach 'N' in Fuíoll Fuine, cén léamh is cóir dúinn a dhéanamh ar a éagumas cinneadh ar bith a ghlacadh, nó gníomh ar fónamh a bheartú nó a chur i gcrích? Má ghlacaimid leis gur fear Gaeltachta é an príomhcharachtar in Ag Déanamh Páipéir, an ionann é sin agus a admháil gurbh í an tsamhail uafar a bhí ag Ó Cadhain do thodhchaí na teanga ná carn páipéir ag tachtadh sreanga beatha na gcainteoirí deireanacha? Gur tús ré an phárlathais sin a bhí i bhfoilsiú na Tuarascála (um Athbheochan na Gaeilge) agus an Pháipéir Bháin (um Athbheochan na Gaeilge) a bhfuil tagairtí folaithe dóibh sa scéal? An bhféadfaí dul níos faide fós agus na hothair a ndéantar marmar díobh sa scéal Ag déanamh Marmair a fheiceáil mar léirithe ar chuisniú sin na Gaeltachta a bhí i gceist aige freisin san úrscéal Barbed Wire (2002). Tá coincheap an chlaochlaithe lárnach i saothar cruthaitheach an Chadhnaigh, ach má tá, tá an stalcacht, an stasis i gceist freisin. Is é an claochlú is lárnaí ina shaothar an claochlú ó staid an bheo go dtí staid an neamhbheo ach is minic gurb í an idirstaid atá faoi scrúdú — staid an duine atá faoi réir ag fórsaí cumhachtacha díobhálacha, bídís seachtrach nó inmheánach. Is íomhá scanrúil atá á cur chun cinn sna scéalta seo atá luaite agam, íomhá den duine díchumasaithe, den dínit dhíscithe, den indibhid sheasc aimrid. Tá saothar liteartha an Chadhnaigh, agus go háirithe na scéalta móra cathrach, lom lán le híomhánna a bhaineann le seisce, le haimride, le héagumas gnéis go fiú. Is gné í seo dá shaothar liteartha a mhúsclaíonn ceisteanna bunúsacha faoi pholaitíocht Uí Chadhain. Sílim gur fíor le rá gur dearcadh cinnte daingean a bhí aige faoin bpolaitíocht chultúrtha. Mar a dúirt sé féin go minic, ní bheadh in Éirinn ach Sasana beag dá gcaillfimis an Ghaeilge. Ní raibh ionad ar bith ina fhís pholaitiúil don fhearann breac, don leathréabhlóid, don hibrideacht chultúir is spéis le teoiriceoirí an iarchoilíneachais. Is éard atá suimiúil faoi go leor dá charachtair liteartha, áfach, ná gur daoine iad a mhaireann sa chlapsholas. Tá siad éiginnte, nó tá a gcinniúint á stiúradh ag fórsaí taobh amuigh díobh féin. Níl fuinneamh ná diongbháilteacht an réabhlóidí iontu. Tá siad sáinnithe, gan ar a gcumas bogadh, nó más ag bogadh atá siad, tá siad ar easpa treorach, ag falróid leo i dtreo na neamhbheatha. Tá an-ábhar comparáide le Kafka i dtéama seo na héiginnteachta. Is ag obair mar fheidhmeannach dlí in oifig árachais (comhlacht príobháideach i dtosach agus ansin eagraíocht státurraithe) a chaith Kafka a shaol mar fhostaí agus mhair teannas síoraí idir riachtanais na hoifige sin — áit arbh iad gnéithe teagmhasacha timpisteacha na beatha a bhí mar ábhar oibre aige — agus riachtanais na healaíne, an t‑aon réaltacht a bhí tábhachtach dó. Is féidir linn cás an Chadhnaigh agus é ag plé le páipéarachas na Gaeilge in institiúidí de chuid an stáit mar Rannóg an Aistriúcháin agus An Gúm a thuiscint, b'fhéidir, sna téarmaí céanna sa mhéid go raibh gaol dlúth á chothú sna hionaid sin idir obair pháipéir agus cinniúint na teanga.

Cé gur thosaigh mé ag caint faoi thionchar Kafka ar an gCadhnach, is fíor nach gá dul chomh fada le Prág ná le saothar Kafka chun cuid de na híomhánna den chathair atá luaite agam go dtí seo a aithint. Ní gá i ndáiríre ach spléachadh a thabhairt ar an léiriú a thugtar ar an nGaeilgeoir i litríocht an fichiú haois, agus go háirithe ar an intleachtóir nó ar an scríbhneoir Gaeilge agus é nó í ag feidhmiú i suíomh cathrach, chun teacht ar íomhánna den chathair mar ghaiste, mar phríosún, mar áit neamhthorthúil sheasc, mar chathair ghríobháin nó mar thimpeallacht naimhdeach chontúirteach.

Tá go leor samplaí a d'fhéadfaí a lua, ag tosú leis an léiriú duairc ar shaol cathrach a thugann Pádraic Ó Conaire in Deoraíocht. Is mar áit a dtéann an duine amú ann a shamhlaítear Londain sa saothar seo. Is ainmhí uafar í an chathair a shíneann amach a géaga chun óige na tíre a tharraingt ina treo. Is i ngeiteo a mhaireann pobal na hÉireann inti, pobal nach bhfuil i ndán dóibh ach an meath cultúrtha, i súile duairce Uí Chonaire. Is áit an chathair a dtagann claochlú tubaisteach ar an deoraí inti. Léiriú sách dorcha ar an saol uirbeach a fhaightear i litríocht na himirce trí chéile. Is daoine atá i bhfastú, sáinnithe i ngaiste eacnamaíoch agus sóisialta iad an chuid is mó de charachtair Dhónaill Mhic Amhlaigh, mar shampla. Ach in ainneoin choimhthíos na timpeallachta, is daoine iad — gnáthdhaoine, fir agus mná tuaithe a ndéantar lucht oibre cathrach díobh — a thugann na cosa leo, fiú munar idéalach leo i gcónaí an áit ina dtagann siad i dtír. Is baill de phobal iad, cé go bhfuil teorainneacha dochta le saoirse is le deiseanna saoil an phobail sin.

Bheifí ag súil ar bhealach le léiriú sách criticiúil ar phríomhchathair Shasana i litríocht na himirce, ach is é an fórsa trína nochtar míshástacht leis an gcathair Éireannach an rud is mó a chuirfeadh iontas ar dhuine i gcuid mhaith de nualitríocht na Gaeilge. Is é an file Máirtín Ó Direáin, mar shampla, is láidre a nochtann coimhthíos le Baile Átha Cliath ina shaothar. Ní shílfeá go brách go raibh geiteo Gaeltachta mar thearmann ag an Árannach dífhréamhaithe seo. Is mar 'chimí' aonaránacha a shamhlaítear áitritheoirí na cathrach ina mhórdhán Ár Ré Dhearóil (dán fada a raibh codanna de á bhfoilsiú aige ón mbliain 1952 i leith, agus ar fhoilsigh sé leagan deimhneach de sa bhliain 1959):

Tá cime romham
Tá cime i mo dhiaidh,
Is mé féin ina lár
I mo chime mar chách,
Ó d'fhágamar slán
Ag talamh, ag trá,
Gur thit orainn
Crann an éigin.

Is le col is le seanbhlas a luaitear caithimh aimsire lucht cathrach:

An macha cúil
Tráthnóna Sathairn,
An cluiche peile,
An imirt chártaí
Is ósta na bhfear
Ina múchtar cásamh.

Níl i ndán don Ghaeilgeoir dífhréamhaithe ach beatha sheasc an pháipéarachais:

Ní luaifear ar ball leo
Teach ná áras sinsir,
Is cré a muintire
Ní dháilfear síos leo,
Ach sna céadta comhad,
Beidh lorg pinn leo…

Is a liacht fear acu
A chuaigh ag roinnt na gaoise
Ar fud páir is meamraim,
Ag lua an fhasaigh,
An ailt, an achta.

Is a liacht fear fós
A thug comhad leis abhaile,
Is cúram an chomhaid
In áit chéile chun leapa.

Is mar dhíol trua a chaitheann na cimí seo a saol:

Tá cime romham
Tá cime i mo dhiaidh,
Is mé féin ina lár
I mo chime mar chách,
Is a Dhia mhóir
Fóir ar na céadta againn,
Ó d'fhágamar slán
Ag talamh ag trá,
Tóg de láimh sinn
Idir fheara is mhná
Sa chathair fhallsa
Óir is sinn is ciontach
I bhásta na beatha,
Is é cnámh ár seisce
An cnámh gealaí
Atá ar crochadh thuas
I dtrá ár bhfuaire
Mar bhagairt.

Seo an feidhmeannach oifige ag caint arís, an fear páipéir, an file Gaeltachta i bhfastú i dtimpeallacht oibre nár fheil dá chúlra ná dá éirim.

Tá an léiriú seo ar an gcathair mar ghaiste ag an bhfear cruthaitheach Gaeltachta le fáil freisin i saothar Sheosaimh Mhic Grianna Mo Bhealach Féin (1940):

Dar liom riamh gur páistí a rinne an chathair, daoine beaga lagintinneacha nach dtiocfadh leo sliabh a bhriseadh agus nach mbeadh beo ar chor ar bith ach go bé go bhfuil na fir a bhriseas an sliabh caíúil le páistí.

Is geall le cás ainmhí an seomra sa teach lóistín; is príosún ag an duine cruthaitheach é An Gúm; is pianseirbhís don chainteoir dúchais gnó an mhúinteora Gaeilge.

Shílfeá, le cathrú na tíre ó na seascaidí ar aghaidh, go dtiocfadh deireadh go deo leis an gcineál seo léirithe ar thimpeallacht is ar phobal na cathrach. Ach ní mar sin atá. Tá samplaí de shaothair a foilsíodh idir 1980 agus 2000 a léiríonn an chathair fós mar áit naimhdeach chontúirteach, mar áit nach bhféadfadh an tÉireannach de bhunadh na Gaeltachta, a bheith sa bhaile ann. Tá sraith dánta frithuirbeacha i measc luathshaothar Chathail Uí Shearcaigh, mar shampla:

Tá mé dúthuirseach de Dhún Laoghaire,
de mo sheomra suí leapa in Ascal an Chrosaire.
Áit chúng a chraplaíonn mo chuid oibre
mar ghabha focal
is a fhágann mé istoíche go dearóil
ag brú gaoil ar lucht óil
seachas a bheith ag casúireacht dánta do mo dhaoine
ar inneoin m'inchinne.

Tá na clichéanna frithuirbeacha ar fad le fáil sna dánta Sráideacha, Deoraíocht, Cathair agus Miontragóid Chathrach ón gcnuasach Miontragóid Chathrach (1975): 'glas-stócach an tsléibhe/ ar strae i dtoitcheo na cathrach'. Tá saoirse de chineál ar leith á lorg ag an Searcach; ach nuair a théann sé go Londain, níl sé sásta glacadh le gnáthshaol an imirceora Éireannaigh. Diúltaíonn sé do shaol cathrach an lucht oibre: Níl mé ag iarraidh go ndéanfaí faobhar m'óige a mhaolú is a scrios/ le meirg an díomhaointis i seomra beag tais/ an Uaignis, i gKilburn nó i dTufnell Park, i Walthamstow nó i Holloway; i gCricklewood, i gCamden Town nó in Archway. Ach diúltaíonn sé níos láidre fós do shaol an fheidhmeannaigh oifige: Urlacaim, sconnóg ar mhuin sconnóige/ lá domlasach na hoifige.

Tá sé suimiúil go ndéanann Ó Searcaigh comhbhá leis an striapach óg i Londain i ndán luath dá chuid, ach nach mothaíonn sé 'sa bhaile i gcéin' i gceart go dtí go n‑aimsíonn sé pobal coigríche atá inchomórtais, dar leis, lena mhuintir féin ag baile. Saorann an tsaorghluaiseacht ó bhuanadas na deoraíochta é agus déantar fánaí spleodrach d'imirceoir truamhéileach maoithneach na luathdhánta. Anois, cé gur sampla ar leith é an Searcach, is dóigh liom gur féidir patrún nua a fheiceáil i litríocht chomhaimseartha na Gaeltachta. Is minic carachtair Mhichíl Uí Chonghaile agus Phádraig Uí Chíobháin anonn is anall idir an tuath agus an chathair, an Ghaeltacht agus an Ghalltacht, Éire agus an choigríoch. Cé gur áit í an chathair a bhfuil deiseanna agus dúshláin dá cuid féin le tairiscint aici, ní áit aduain a thuilleadh í, nó láthair a chuireann laincis ar chruthaitheacht an duine. Is é íoróin an scéil, b'fhéidir, ná go bhfuil an léiriú diúltach fós le fáil i saothar scríbhneoirí Gaeilge nach scríbhneoirí de bhunadh na Gaeltachta iad. Léiríonn Áine Ní Ghlinn saol dearóil an fhir Ghaeltachta Páidín Ó Conaola (Patrick Conneely anois) agus é gan dídean ar shráideanna Londan. Agus téann Gearóid Mac Lochlainn níos faide fós ina dhán Paddy ina ndéanann sé nasc idir féinmharú Éireannaigh óig i Londain agus anchás na bpobal eile a d'fhulaing cos ar bolg coilíneach ach a tháinig i dtír, más ar éigean féin é, i bpríomhchathair ilchiníoch na himpireachta.

Gné shuntasach de léiriú seo na cathrach i litríocht na Gaeilge is ea an chaoi a ndéileáltar le cúrsaí aicme. Nuair a dhírítear ar aicmí sócúlacha na cathrach, is gnách go mbíonn toise den chritic shóisialta fite fuaite tríd an insint, agus sin an fáth, b'fhéidir, a ndeachaigh Ó Cadhain an treo a ndeachaigh sé lena phearsana cathrach. Is le tarcaisne a thagraíonn Seosamh Mac Grianna dá chomhphaisinéirí ar an tram, mar shampla:

Bhí aghaidheanna na ndaoine a bhí ar an tram sámh sásta, dar liom, mar bheadh fios mhaith an tsaoil acu agus nach mbeadh agamsa. Is iomaí uair a chuir sé fuacht i mo chuisleanna daoine a fheiceáil sásta. Agus is beag an rud a shásaíos formhór na ndaoine. Chuirfeadh fir baile mhóir samhnas ort: tá siad cosúil le scadáin bheaga i mboscaí.

Ach is láidre fós a bhreithiúnas ar an meánaicme atá ag plé le Gaeilge:

Casadh beirt orm an lá sin a raibh aithne le blianta agam orthu. Bhí baint le Gaeilge acu agus bhí fear acu ina scríbhneoir. Bhí fear acu an t‑am seo sa Státseirbhís, agus an fear eile i bpost den chineál chéanna féadaim a rá. Ní thiocfadh liom mo chomhrá a dhéanamh leo. Thug mé iarraidh scéal a inse dóibh, ach nuair nach raibh baint ag an scéal le obair an lae sin ní éisteadh siad leis. Bhí páipéar scrúdaithe ag fear acu agus ní raibh ann ach nár thiontaigh sin mo ghoile.

Seo an cineál comhluadair atá á nochtadh in úrscéal Shéamais Uí Néill Tonn Tuile (1947) scéal atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath le linn an chogaidh. Is duine truamhéileach é príomhcharachtar an scéil, Gaeilgeoir agus mion-intleachtóir ar faoin tuath atá a fhréamhacha agus ar leis an nGaeltacht — ní leis an gcathair — atá a dháimh.

Cuireann Máirtín Ó Direáin síos le seanbhlas ar mhodhanna éalaithe na meánaicme:

I gcúiteamh an tsíl
Nach ndeachaigh ina gcré,
I gcúiteamh na gine
Nár fhás faoina mbroinn,
Nár iompair trí ráithe
Faoina gcom,
Séard is lú mar dhuais acu
Seal le teanga iasachta
Seal leis an ealaín,
Seal ag taisteal
Críocha aineola,
Ag cur cártaí abhaile
As Ostend is Paris,
Gan eachtra dála
Ar feadh a gcuarta,
Ná ríog ina dtreo
Ach ríog na fuaire.

Tá níos mó ná frídín den díspeagadh ag baint freisin le cuntas Dhonncha Uí Chéileachair ar na fir óga nuaphósta ar an mbus go dtí na fobhailte (Cnoc Mhuirfean):

Fir óga nuaphósta agus iad fillte i gcótaí móra, i hataí, i gcarbhataí cniotáilte agus i lámhainní bronntais. Fir atá buan faoin stát agus atá ina marcanna maith go leor chun iasacht airgid fháil le teach nua a thógaint nó a cheannach. Fir lán de dháiríre gur mó a gcaint ar shíolchur ná na feirmeoirí, gur mó a n‑oiliúint ar ghiuirléidí ná na siúinéirí cearta.

Is é an taobh eile den scéal seo ná gurb iondúil go nglacann an scríbhneoir Gaeilge páirt an mhionduine. Tugann Mac Grianna an-chuntas ar an aithne a chuir sé ar bhacaigh is ar bhochtáin na cathrach, mar shampla, agus ar an taithí phearsanta a bhí aige féin ar a gcúinsí maireachtála.

Is i gcomhthéacs bhá 'nádúrtha' an Ghaeilgeora leis an duine atá thíos is féidir an léiriú ar an gcathair atá le fáil i saothar scríbhneoirí de bhunadh cathrach a thuiscint freisin. Nuair a fhéachaimid ar shaothar filí mar Michael Davitt agus Liam Ó Muirthile, feicimid go bhfuil patrún so-aitheanta ag baint leis an dearcadh a nochtann siad. Deir Davitt sa dán dar teideal Luimneach: Luíonn an chathair seo orm/ mar bhróg nua, ach ní hí an chathair féin a chuireann isteach air, ach an mheasúlacht is an phostúlacht uirbeach:

Táim ar mo choimeád
ón gceann dea-bhearrtha
is má bheireann carabhat orm
tachtfaidh sé mé.

Is ceist aicme ar deireadh é, agus míshástacht le gnéithe den chultúr comhaimseartha á nochtadh. Aithníonn Davitt, an fear teilifíse, gur chóir go mbeadh bá níos mó aige lena chomhghleacaithe oibre:

Ba cheart go dtuigfinn níos fearr sibh
is bhur rúnaithe corcra dáchosacha
is bhur gcairde ginandtonic i loungebars
ag caint faoi rugbaí is faoin tuaisceart
i mBéarla spideogach RTÉ.

Ar ndóigh, bhí a cheann 'lán de Chasadh na Gráige' nuair a scríobh sé an dán sin. Ach faightear tuilleadh den scéal i ndánta eile. In Ciorrú Bóthair tá cur síos ar chomhrá a bhí ag an bhfile le fear ar thug sé síob dó ar an mbóthar. Tharla gur chomhChorcaíoch é a raibh 'na bóithríní céanna canúna' siúlta aige is a bhí ag an bhfile:

Coláiste Samhraidh i mBéal Átha an Ghaorthaidh,
Graiméar na mBráithre Críostaí,
Tithe tábhairne Chorca Dhuibhne,
Is an caolú, ansin, an géilleadh,
Toradh cúig nó sé de bhlianta
I gcathair Bhaile Átha Cliath.

Cé gur chum Davitt dánta cathrach den scoth — dánta i gcuimhne ar a athair is a mháthair ina measc — tá an col leis an saol comhaimseartha uirbeach fós le brath sna leabhair ba dhéanaí leis agus an col sin ceangailte lena dhíomá nár fíoraíodh aislingí cultúrtha na hóige:

Urchar gréine i ngairdín cúil i mBleá Cliath 4
a chuir im cheann arís é is mé leath im shuí
leath ag luí ar chathaoir ghuagach phlaisteach:

miotaisín mánla a chothaíos is mé amach sna déaga
go dtiocfadh an lá go mbeadh Gaoluinn á labhairt
i gcathracha na hÉireann, agus ní any old kind of Irish,

Maidir le Liam Ó Muirthile feicimid anbhuain an bhruachbhaile sa dán Eolchaire: Tagann uaigneas anseo orainn/ Dairt dheoranta an bhruachbhaile. Feictear míshocracht an aonaráin i láthair an tslua in I gcaife cathrach:

A dhaoine
I measc scuainí am lóin,
Tugann bhur míchompord
Sásamh beag dóite dom.

A bhalbhána
Dual do dhuine caint
Mar anlann ar ocras.

Ach
Tar éis ár mbéile
Agus ár nuachtáin a ithe
Beag beann ar a chéile,
Roinnim libh bhur míshocracht.

Díleá na coitiantachta,
Míorúilt chathrach
Na n‑iasc is na mbollóg.

Nuair a dhírítear go báúil ar phobal na cathrach, is ar an lucht oibre atáthar ag díriú. I gcás Uí Mhuirthile, cuirtear fo-aicmí fiáine na cathrach i gcodarsnacht le lucht na postúlachta agus na moráltachta bréige i véarsdráma mar Tine Chnámh. Sna portráidí óige ag Ó Muirthile — Portráid Óige 1, Portráid Óige 2 agus Portráid Óige 3 — is geall le pearsana tuaithe iad an ghnáthmhuintir atá á móradh, gnáthdhaoine tíriúla neamhspleácha ar chuma leo faoi ghnáis na measúlachta agus arb é 'garbhchríocha' a ndaonnachta a mheallann an file óg chucu. Tá sé suimiúil go bhfaightear an cineál céanna léirithe i saothar file níos óige, Louis de Paor.

Is ábhar mór agus casta é léiriú na cathrach i litríocht na Gaeilge, agus níor mhaith liom dearcadh róshimplí a chur chun cinn anseo. Is cinnte go bhfuil éirithe le scríbhneoirí áirithe suíomh cathrach a chruthú ar bhealach éiritheach. Ba ghá léacht ar leith a thabhairt ar léiriú na cathrach i bhfilíocht Ghaeilge an fichiú haois mar bheadh dánta drámatúla mar Aifreann na Marbh le Eoghan Ó Tuairisc agus Freudyssey na Gaeilge le Seán Ó hÉigeartaigh le cur san áireamh, chomh maith le hiliomad liricí a tharraingíonn an léitheoir isteach i saol agus in aigne an Ghaeilgeora i suíomh uirbeach. Maidir leis an bhficsean, is cinnte go bhfuil saothair shuaithinseacha againn atá suite i suímh uirbeacha. B'fhiú breathnú ar na haicmí a ndírítear orthu sna samplaí is fearr, áfach, agus go háirithe ar an gcaoi a ndéantar gairmeacha measúla agus aicmí an cheannais a aoradh go minic. Dírítear ar shaol an mhic léinn dhrabhlásaigh in Lig Sinn i gCathú (1976) le Breandán Ó hEithir and in An Uain Bheo (1968) le Diarmaid Ó Súilleabháin, mar shampla; scrúdaítear aigne iar-othair le haimnéise chomh maith le saol iar-andúileach drugaí i gCorcaigh in Ar Bhruach na Laoi (1995); díríonn Déirdre Ní Ghrianna ar shaol fho-phobal Caitliceach Bhéal Feirste in An Gnáthrud (1999). Is i gcodarsnacht leis na haicmí socraithe meánaicmeacha nó leis na húdaráis shóisialta agus mhorálta a léirítear na príomh-phearsana sna scéalta seo. Aoir éadrom ar lucht liteartha, léirmheastóireachta agus iriseoireachta cathrach is ea a fhaightear in Schnitzer Ó Sé (1974) le Mac Amhlaigh agus aortar gairmeacha beatha ar nós ghairm an tsagairt agus ghairm an mhúinteora sa scéinséir cathrach Stiall fhial feola (1980) le Alan Titley.

Cén stiúir atá faoin litríocht uirbeach le blianta beaga anuas? Céard atá á scríobh? Céard is féidir a scríobh? Cad iad na treonna atá á ngabháil ag scríbhneoirí? Cad iad na roghanna atá á ndéanamh acu? Sílim go bhfuil trí phríomhstraitéis chumadóireachta sho-aitheanta á gcleachtadh ag scríbhneoirí Gaeilge atá ag iarraidh ficsean uirbeach a chruthú. Bhí siad seo ar fáil ó thús ré na hathbheochana ach b'fhéidir go bhfuil sé níos fusa anois — agus raidhse saothar ar fáil dúinn — le snáitheanna ar leith a aithint. Is é an chéad cheann ná treo na réaltachta fíorúla. Is réaltacht fhíorúil atá á cruthú nuair a dhéantar Gaelú ar thimpeallacht nach timpeallacht Ghaeilge í. Úsáidtear gnáis an réalachais shóisialta (cur i gcéill an réalachais shóisialta) le réaltacht fhíorúil — réaltacht an leabhair — a chruthú trí mheán na Gaeilge. Dá siúlfaí bóthar an réalachais shóisialta i gceart, is téacsanna dátheangacha a bheadh á gcruthú, agus cé go bhfuil méid áirithe dátheangachais á cheadú anois i bhficsean éadrom na Gaeilge, cuireann polasaithe foilsitheoireachta na gcomhlachtaí Gaeilge srian leis an gclaonadh sin i dtreo na réaltachta teangeolaíche. Faightear samplaí den réaltacht fhíorúil Ghaeilge seo, más ea, sa chuid is mó den fhicsean éadrom, den fhicsean d'fhoghlaimeoirí fásta, agus den fhicsean do dhéagóirí. Úsáidtear cleasanna áirithe leis an scéal a dhéanamh inchreidte mar scéal Gaeilge. Tá Gaeilge ag carachtair áirithe mar gur fhreastail siad ar Ghaelscoil, nó gur tógadh le Gaeilge sa chathair iad nó gur daoine iad a bhog go dtí an chathair ón nGaeltacht.

An dara treo atá faoi fhicsean comhaimseartha na Gaeilge ná an treo féinbhreathnaitheach, dírbheathaisnéiseach, síceolaíoch. Is é an reacaire, ar Gaeilgeoir é, an pointe fócais sa chineál seo ficsin agus, dá bhrí sin, ní gá a bheith buartha faoi inchreidteacht. Samplaí maithe is ea Caoin tú féin (1967) agus Ciontach (1983) le Diarmaid Ó Súilleabháin, An Branar gan Cur (1979) le Breandán Ó Doibhlin agus Duibhlinn (1991) le Ciarán Ó Coigligh.

An tríú treo ná treo an réalachais draíochta. Sa chineál seo ficsin, caitear cur i gcéill an réalachais shóisialta i dtraipisí agus cruthaítear domhan samhlaíoch de chineál eile ar fad. Tá saoirse iomlán ag an scríbhneoir a théann an bóthar seo. Is í an fhadhb ná gur deacra léitheoirí a thabhairt leat ar an mbealach. Samplaí maithe is ea na gearrscéalta neamhréalaíocha le Dara Ó Conghaile, Dáithí Ó Muirí, Micheál Ó Conghaile, Pádraig Ó Siadhail agus Biddy Jenkinson.

Dá mbeifí le ceann thar a chéile de na modhanna seo a shamhlú le ficsean uirbeach an Chadhnaigh, is é treo an réalachais draíochta é. In ainneoin a ndúirt sé féin faoin litríocht uirbeach in Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, níor fhéach sé leis an dlúthaithne sin a bhí aige ar an gcathair agus ar phobal na cathrach a léiriú ina shaothar cruthaitheach. Ní dheachaigh sé treo na réaltachta fíorúla ná níor roghnaigh sé conair na dírbheathaisnéise. Ina ionad sin, chruthaigh sé saothar ficseanúil a léiríonn cuid de na tréithe sin a luaigh na criticeoirí Francacha Gilles Deleuze agus Félix Guattari le saothar Kafka sa leabhar tábhachtach dá gcuid Kafka: Pour une Littérature Mineure (1975):

Nuair a bhí Deleuze agus Guattari ag trácht ar la littérature mineure, ní litríocht i mionteanga nó i dteanga mhionlaithe a bhí i gceist acu, ach an litríocht a chruthaíonn mionlach i mórtheanga, ar nós litríocht na Gearmáinise sa chathair Sheiceach, Prág. Ach is dóigh liom féin go bhfeileann an sainchuntas a thugann siad ar mhionlitríocht go ginearálta freisin do chás na Gaeilge. Feileann sé go háirithe don chineál litríochta a chruthaigh Ó Cadhain i dtreo dheireadh a shaoil: litríocht nach bhfuil ar ancaire i saol comhthionóil, ach saothar a thagraíonn go fáthchiallach do chinniúint pobail. Níor fhág Ó Cadhain an chathair ina pháipéar bán. D'fhág sé ina pháipéar breac í — breac leis na contrárthachtaí agus leis na héiginnteachtaí sin a bhaineann le cinniúint phobal na Gaeilge in Éirinn an fichiú haois. Sílim go labhraíonn saothar uirbeach an Chadhnaigh fós linn agus, nuair a léitear an saothar sin i gcomhthéacs litríocht uirbeach na Gaeilge i gcoitinne, go músclaíonn sé buncheisteanna fós faoin ionad sóisialta agus cultúrtha atá bainte amach ag pobal na teanga i saol na cathrach in Éirinn.

Tagairtí

Tá Iontaobhas Uí Chadhain fíorbhuíoch den údar as ucht a cead an t‑alt seo a fhoilsiú.