An Cadhnach sa Chathair

Réimeanna teanga a níos dráma de ghearrscéal

Le Fidelma Ní Ghallchobhair.

Foilsíodh an t‑alt seo i dtosach in Feasta Aibreán agus Bealtaine 2007.

Ó Cadhain agus an drámaíocht

Sa léacht chlúiteach, Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, a thug sé an bhliain sular cailleadh é, dúirt Máirtín Ó Cadhain (Ó Cadhain 1969:24–25) gur scríobh sé ceithre dhráma ar fad, ceann mar aithris ar chuid Shakespeare, ceann faoi Úna Bhán Nic Dhiarmada Rua, ceann fada eile a bhí le léiriú sa Taibhdhearc, agus ceann a scríobh sé sa champa géibhinn dó. Thug sé an ceann deiridh sin, Typhus a theideal, d’Amharclann na Mainistreach agus deir sé gur mhol siad é ach gur eitigh siad é ar an mbonn go mb’fhéidir go mbainfeadh daoine meabhair as a chuid leabhar ach nach dtuigfidís go deo a chuid cainte ar ardán.

Dúirt sé ansin gur leigheas sé sin é de bheith ag scríobh drámaí, agus gur beag nár leigheas sé é de bheith ag scríobh ar fad mar luaigh sé ansin go raibh an scríbhneoireacht caite as a cheann aige nuair a tharla eachtra a thug ugach dó an athuair. Thagair sé ansin do ghearrscéal Béarla a scríobh sé mar chúnamh do mhac léinn i nGaillimh, a aistríodh go Gaeilge agus a cóiríodh mar dhráma. Dúirt sé gur foilsíodh in áit eicínt é agus shíl sé gur léiríodh é freisin cé nach bhfaca sé féin é.

Is díol spéise a chloisteáil óna bhéal féin gur le drámaíocht a thosaigh sé, nó is drámaí faoi chló úrscéalta nó gearrscéalta cuid, ar a laghad, dár scríobh sé ina dhiaidh sin. Chonaic go leor againn nó chuala muid ar stáitse nó ar an raidíó nó ar an teilfís leagan drámata dá mhórshaothar, Cré na Cille, saothar a áirítear mar úrscéal mór na Gaeilge. Ach más ea féin, is léir gur saothar drámatúil a bhí ar intinn ag an údar nuair a d’fhéach sé le liosta na gcarachtar (‘Pearsana’) a chur i dtús an leabhair mar aon le nod clóghrafaíochta maidir le ‘Tús Cainte’, ‘Lár Cainte’, agus ‘Comhrá nó Caint ar Lár’ (Ó Cadhain 1949:v).

Rinneadh cóiriú drámaíochta ar roinnt gearrscéal leis chomh maith. Orthu siúd tá ‘Fios’1, ‘An tOthar’2, ‘Taoille Tuile’3 agus ‘An Eochair’4.

Is iomaí tréith a theastaíonn chun téacs maith drámatúil a cheapadh ach thar aon cheann eile tá cumas an scríbhneora carachtrú éifeachtach a léiriú trí mheán na cainte. Ba mháistir é an Cadhnach sa réimse seo mar bhain sé an-leas go deo as réimeanna teanga chun a charachtair a phéinteáil agus a chur in iúl. Mar a mhínigh sé féin sa léacht úd,

is féidir dath a chur ar an gcaint, le gur léir cén aicme é an cainteoir, cuma arb as an nGaeltacht nó nach ea dó.

(Ó Cadhain 1969:22)

Ag tagairt dó ansin don tseandíospóireacht faoi chaint na ndaoine, dúirt sé:

ní hí caint na ndaoine atá ag aon scríbhneoir Gaeilge, bíodh sé ina chainteoir dúchais nó eile. Is éabhlóidiú mar a adéarfá a níos an scríbhneoir ar an amhábhar arb é caint na ndaoine é, nó caint na ndaoine i dteannta a chuid cainte féin

(Ó Cadhain 1969:21)

Lean sé ar aghaidh:

Uair ar bith a scaraim féin le caint mo chanúinte féin is caint a chuala mé duine eicínt a rá a scríobhaim, nó caint a thuigfeadh fear Gaeltacht a mbeadh aon teanntás aige ar na smaointe a bhí mé ag iarra a fhoilsiú léi. I gCré na Cille an chaint atá i mbéal an mháistir scoile agus a bhean agus daoine eile uaireantaí ní ghnáthchaint Ghaeltacht í, ach caint ealaíonach, caint uaislithe nó bréag-uaislithe.

(Ó Cadhain 1969:21)

Maidir leis ‘An Eochair’ agus scéal eile as An tSraith ar Lár, ‘Cé Acu’, dúirt sé:

Is dea-Ghaeilge atá curtha agam i mbéal na bpearsanaí sna scéalta sin, ainneoin nach gcloisfeá aon duine sa Ghaeltacht ag caint díreach ar an gcóir sin.

(Ó Cadhain 1969:21)

Is é sin, gur i nGaeilge Chonamara atá ‘An Eochair’ scríofa ach gur cuireadh caint éabhlóidithe na bréaguaisleachta i mbéal cuid de na carachtair de réir a stádais nó a róil sa saol.

Dúradh leis an gCadhnach go raibh sé de cheart aige Gaeilge bhriste Bhaile Átha Cliath a chur i mbéal J, príomhcharachtar an scéil, státseirbhíseach ar an ngrád ab ísle sa Státseirbhís.

Labhair sé ansin ar céard is Gaeilge bhriste ann:

Is féidir a rá gur Gaeilge bhriste í an Ghaeilge fhoghlamtha ar fad, cé gur briste cuid dhi ná a chéile. Agus ansin tá cineálachaí Gaeilge bhriste ann arb iad clann suirí na dtrí chanúintí faoi seach iad.

(Ó Cadhain 1969:21)

Ach maidir le cineál Gaeilge J, dúirt an t‑údar nach bhfuil aon bhaint aige sin lena scéal ach gurbh é scéal an innill a bhí á chloí a bhí tábhachtach. Lean sé ar aghaidh:

An cineál friotail atá mé ag iarra a shaotharú b’fhéidir go bhfuil sé buille útamálach… Na scéalta nua atá mé ag scríobh anois… ní faoi mo cheantar dúchais ná faoi Ghaillimh chor ar bith iad… Is faide an t‑achar i mBaile Átha Cliath anois mé ná bhí mé i mo cheantar dúchais riamh.

(Ó Cadhain 1969:22)

Réimeanna teanga in ‘An Eochair’

De bharr gur scéal cathrach é, suite in oifig státseirbhíse, agus de bharr a oiread sin carachtar, idir pholaiteoirí agus eile, a bheith ag plódú isteach, tá neart scóipe ann do réimeanna cainte éagsúla. Na carachtair sin nach ndeir ach cúpla líne, go fiú, bíonn a n-aicme agus a bpearsantacht thar a bheith follas.

Tógaimis mar shampla an píosa beag cainte seo ag an mbean ghlantacháin, an t‑aon chaint a luaitear léi sa scéal:

Ó, shíl mé gur thaibhse nó droch-rud, sábhála Dia sinn5, a bhí ann. Is deacair do dhuine fios a bheith aige céard a chónódh sa gcarn aoiligh páipéir sin, fuagraíomuid dea-chomharsanacht orthu! De thimpiste! A J. bhoicht! Beo beathach agus thú faoi ghlas… Crois Críost orainn ar feadh na hoíche! Gan greim, gan blogam gan leaba gan landa… An raibh faitíos ort? — Nach mí-ásach go n‑éireodh rud cho haibéiseach sin duitse, a Mhr. J., duine cho lách, cho ceansa leat…

(Ó Cadhain 1967:234)

Tugann na seamsóga beaga cráifeacha sin uaithi le fios gur bean shimplí neirbhíseach í, agus bean a bhfuil rian an bhéaloidis ar a cuid cainte. Bean lách chineálta í. Bean í nach bhfuil aon stádas measúil aici sa saol agus a chaitheann cur suas le go leor dá réir. Nuair a deir sí gur duine lách ceansa é J, tá sé le tuiscint gur eisceacht é i measc na bhfear eile sa bhfoirgneamh. Mar a thiteann amach, is í an t‑aon duine sa scéal a léiríonn aon chomhbhá cheart le J.

Is beag bean ar fad a luaitear sa scéal seo, agus ba in aon turas é sin, tá mé dearfa, le léiriú cé chomh fireann is a bhí inneall na státseirbhíse. Tá an scéal seo suite i lár na seascaidí, tráth nár dhócha mórán dul chun cinn a bheith i ndán do bhean i seirbhís an Stáit. An uair sin, thagadh cailíní isteach ag na gráid ísle agus bhí orthu scor ar phósadh dóibh, rud a d’fhág nach raibh de mhná sa státseirbhís ach cailíní óga agus mná níos sine nár phós. Dá chomhartha sin, na tagairtí sa scéal do mhná, cés moite den bhean ghlantacháin agus de Mrs. J, baineann siad leis na cailíní óga seo agus cuirtear i láthair iad mar scinnidí is stiúsaithe. Ní mór a rá, áfach, gur trí shúile J atáimid ag breathnú orthu, agus gur thug an t‑údar ar J dearcadh an-duairc an-fhaiteach a bheith aige i leith na mban. Is ar an ábhar sin go bhfuil na línte sin ag an mbean ghlantacháin chomh tábhachtach. Scéal eile ar fad é Mrs. J, áfach.

Má tá an bhean ghlantacháin séimh umhal cráifeach agus ar easpa stádais, ní hamhlaidh do Mrs. J ach a ghlanmhalairt. Tá sí ar easpa séimhe agus umhlaíochta agus cibé cén stádas a shamhlaíonn sí léi féin is fórsa doshrianta í. Bean dhalba dhásachtach í ina gníomhartha agus ina réim teanga. Ní chuireann aon ní nó aon duine nó aon institiúid fuacht ná faitíos uirthi. Ná níl meas mada aici ar J ná ar obair J ná ar na rudaí ar mór leis iad:

Níorbh fhéidir a chur i gcéill dhá Shean-Cheann go raibh tada le déanamh ag duine nach raibh ach ag láimhseáil páipéir. Dhá mba ag láimhseáil ghuail é, nó Hoovers, nó ‘Marbhfháisc go deo oraibh, croisim arís sibh’ de pháistí.

(Ó Cadhain 1967:206–7)

Deireadh a Shean-Cheann nár bheag dhi scoilteacha na corróige agus gan an aodh thochais sin a bhí tóigthe ag J. as seanpháipéir bhréana a bheith mar ghaimbín anuas ina mullach.

(Ó Cadhain 1967:211)

Maidir leis na scoilteacha sin féin, níl náire ar bith ar Mrs.J a fhógairt céard ba chúis leo, dar léi:

Deireadh a Shean-Cheann leis nár chuimhnigh sé, nó nach raibh sé d’acmhainn ann, a bhríste a bhaint dhe oíche a bpósta agus gur maistín mór dá chnaipí tuatach a chua báite in a corróg an chiontsiocair a bhí ag a cuid scoilteachaí.

(Ó Cadhain 1967:223)

Is fíochmhar mar a ghníomhaíonn sí agus is tíriúil créúil mar a labhraíonn sí:

An bord ru! Tuairteáil an bord in a aghaidh ón taobh sin agus tuairteálfa mise bord eile in a aghaidh ón taobh seo. Ropfa mé le mo thóin é. Muic as a srón, bean as a tóin!

(Ó Cadhain 1967:238)

Agus an tOifigeach Cléireachais a bhfuil an oiread sin ómóis ag J dó, seo an oidhe a thugann Mrs. J air i gcaint bhreá chraicneach:

Ara céard tá tusa a rá, a bhoilg leanna bulláin? — Fág mo bhealach, a phabhsae smaoise… Nach cuma liomsa, a ronnach de smaois, céard a dhéanfas Bord na nOibreacha Poiblí? … Ara ag mac mór an diabhail go raibh do ghúgán de sheanshrón reatha, thú féin agus do chuid póilíos…

(Ó Cadhain 1967:238)

Agus seo an oidhe ainrialta a thugann sí ar na Gardaí a thagann ar an bhfód lena tabhairt ar shiúl:

A phaca diabhal, mo chorróg! A phaca bastard, ní féidir ach le Dia mé a scara ó m’fhear, ó m’fhear dlisteanach — A phaca bastard, a lospairt bhréan. Up the I.R.A

(Ó Cadhain 1967:239)

Agus ní taise dá cuid fíochmhaireachta agus í ar líne ghutháin:

Shíl J. go raibh bean idir chorp, chleite, sciathán agus chorróg ag teacht chuige amach as an nglacadán: ‘Ní leathdhuine féin thú. Is neamhdhuine tú. Ní hé an chéad uair ráite agam é. Ag géilliúint do na bastaird smaois-ghalánta. Caith a bhfuil d’almóirí luchtaithe istigh ansin in aghaidh an dorais agus déanfa siad smúdar dhe. Ní bheidh tú i n‑ann é a dhéanamh gan mórán achair. Tiúrfa mise an scéala do na páipéir, don Easpag. Scoilteachaí mo chuid cnámh, mallacht chráite mo chorróige ar an mbitseach de bhean ghutháin sin …

(Ó Cadhain 1967:242)

Is léir ar a caint agus ar a gníomhartha go bhfuil Mrs. J istigh léi féin, gur léi féin í féin go huile agus go hiomlán, ní hionann agus aon charachtar eile sa scéal. Ach más í an bhanríon í ar a teallach féin agus ina saol féin go dtí seo, níl d’acmhainn aici J bocht a tharrtháil as a ghéibheann.

Baineann tromlach na gcarachtar eile in ‘An Eochair’ le heagraíocht nó le hollchóras géarsmachta, is cuma cén aicme lena mbaineann siad, idir státseirbhísigh, pholaiteoirí, Ghardaí, shagairt agus dhochtúirí. Tá a rian sin ar a gcuid cainte chomh maith. I gcás J féin, is beag ar fad a deir sé, bíodh is nach bhfuil srian lena shruth coinsiasa — rud nach féidir le haon chóras seachtrach a smachtú — ach, os a choinne sin, atá thar cuimse ar fad de bharr thaithí J ar an ansmacht ina shaol laethúil.

Ó thaobh na státseirbhíseach eile de, is iad S (a Shinsear) agus an tOifigeach Cléireachais is mó a imríonn tionchar ar J. Léirítear S mar dhuine mórchúiseach a spalpann deilíní is seamsáin ó cheann ceann an lae. Tá sé oiread na fríde níos sinsearaí ná J agus tá taithí fhada aige sa státseirbhís, rud a thugann le fios gur dóigh nach aon ollamh é. Ach tá taithí aige a fhágann ar a chumas barraíocht ar J nach bhfuil i bhfad sa phost, agus léirítear an taithí seo trína líofacht maidir le téarmaí agus ordlathas na státseirbhíse:

d’uireasa lipéad, ní comhad, d’uireasa comhad ní stáitsheirbhíseach, d’uireasa stáitsheirbhíseach ní grádannaí ordúil, d’uireasa grádannaí ordúil ní rannóg, d’uireasa rannóg ní roinn, d’uireasa roinn ní Stáitsheirbhís, d’uireasa Stáitsheirbhís ní rúnaí, d’uireasa rúnaí ní Aire, d’uireasa Aire ní Rialtas, d’uireasa rialtas ní státa. Is é an lipéad an tairne a ngabhfadh an ríocht le fán dhá uireasa! Féach i ndiaidh na lipéad agus féachfa an Státa in a dhiaidh féin.

(Ó Cadhain 1967:207)

Cuireann an Cadhnach an státseirbhís i láthair mar athleagan den Eaglais, téama a léiríonn sé sna deilíní seo ag S, an Páipéar-Choinneálaí Sinsearach:

Facthas dá intinn go geamchaoch go mba é an chuid den teagasc Críostaí é a bhuailfeadh an séala spriodáilte ar a anam nach scarfadh leis go brach: Cé a chruthaigh an Stáitsheirbhís? Dia. Céard a chruthaíos an Stáitsheirbhís? Stáitsheirbhísigh. Céard é thusa? Stáitsheirbhíseach. Cén fáth ar cruthaíodh thusa? Le bheith sa seomra seo. Cén fáth a bhfuil an seomra seo ann? Le haghaidh páipéir. Cén fáth a bhfuil páipéar, meabhráin, ann? Le haghaidh na Stáitsheirbhíse. Cén fáth a bhfuil an Stáitsheirbhís ann? Le haghaidh an Státa. Cén fáth a bhfuil an Státa ann? Le haghaidh na Stáitsheirbhíse…

(Ó Cadhain 1967:216)

‘Tabhair rí-aire dhuit féin,’ a dúirt sé leis lá. ‘Chí Dia cén bhail atá ar an gcomhad sin anois agus é ar a sheans go gcuirfe an t‑oifigeach riaracháin fios air pointe ar bith, inniu féin, anois féin, b’fhéidir’

(Ó Cadhain 1967:209)

Ach ba i mbéal státseirbhísigh eile, an tOifigeach Cléireachais, a chuir an Cadhnach na deismireachtaí ba rabairní friotail ó thaobh béarlagair de. Tá an carachtar seo níos sinsearaí ná S agus J, agus cheap an t‑údar réim teanga áibhéalta dó, ach is de réir a chéile a thagann sí sin chun solais. Tosaíonn sé ag cur thairis i ndea-Ghaeilge líofa shaibhir:

…Ach mura raibh [tú ólta] cén chaoi a ndearna tú ciseach mar sin ort féin? Eochair a bhrise i nglas! Is minic dhá rá mé: Níor mhór do dhuine a bheith taithíthe ar an obair seo ón a óige. Múille agatsa í mar bhí an iomarca aoise agat ag teacht isteach. “Nuair a chríonas an tslat,” ní chuirfe sí broid i múille. An marcach óg i gcónaí le claidheachaí a shárú… An gcluin tú leat mé, a J? Macasamhail na heochrach sin ní hí m’eochair féin í…

(Ó Cadhain 1967:236)

De réir mar a thagann brú ar an Oifigeach Cléireachais de bharr ionradh Mrs. J, is ea is mó mustair ina chuid cainte:

Fleá cheoil! Tá sí curtha amach anois, an bhean seo atá ag toimhdean, ceart contráilte, gurbh aon fheoil dhleathach leat í… bhuel, dlisteanach mar sin. Ach tá soláthar … déanta agam i gcoinne a cuid foréigin agus báirsíocht feasta. Níl neart agam ar mo chuid focla ar an nóiméad priaclach seo i stair onórach na hoifige seo, glacaim pardún agat. Ní hionann sin is más aon fheoil dhleathach amháin sibh go samhalaím go bhfuil na tréartha céanna comhchoitianta ar fud an aonaid fheola seo uile go léir.

(Ó Cadhain 1967:239)

Rianaíonn sé céimeanna na státseirbhíse chun déileáil le héigeandáil trí roinnt eochairfhocal státseirbhísiúil a fhí isteach go cruinn tráthúíl:

Thú a shaoradh as sin? Ní féidir liom aon tsocrú a dhéanamh láthaireach chuige sin. Tá sé idir lámha ag Bord na hOibreacha Poiblí faoi seo agus is céim mhór chun cinn é sin. Féadaim a rá gurb é an chéim chun cinn é. Chua sé uaimse go hiomchuí go dtí an t‑oifigeach foirne, uaidhsean go dtí oifigeach riaracháin, go dtí leasphríomh, go dtí príomhoifigeach, agus rud neamhghnách — fasach feasta — go dtí leasrúnaí. Mararb shin dul ar aghaidh! Chuir an leasrúnaí an cúram cuí ar Bhord na nOibreacha Poiblí ó tharla gan aon eochair ná aon deis fhreagrach … Tá an scéal as mo lámhasa, as lámha na rannóige seo, as lámha na roinne seo, féadaim a rá. Ní féidir scéal a chur as lámha roinne gan é a chur idir lámha duine nó comhlacht eicínt eile.

(Ó Cadhain 1967:239–40)

Agus nuair a bhrúnn J tuilleadh é lena cheisteanna scaoileann sé uaidh a thuile shí cainte, stealladh focal a macasamhail nach ndúradh riamh ach a léiríonn inniúlacht an Chadhnaigh ar an réim fhoirmeálta teanga sin, an teanga dhlíthiúil:

De bharr an chinne chuí atáthar tar éis a dhéanamh agus chun críocha an cháis seo is de chúram Bhord na nOibreacha Poiblí go sealadach an seomra sin, is é sin go tóranta chun críche an dorais sin a oscailt, agus is féidir féachaint air mar sheomra ar cuid den fhoirgneamh seo de réir léargais é, ach chun críocha Stáitsheirbhíse de thuras na huaire ar cuid de Bhord na nOibreacha Poiblí é, gan dochar do dhlínse na Roinne i dtaobh cead isteach ón taobh amuigh go dtí é agus cearta dlínse eile, cearta atá arna bhforchoimeád ag an roinn seo agus atá do-aistrithe gan aisghairm a dhéanamh ar a lán achtannaí agus ordaithe. Ní bheidh dliteanas ar bith i dtaobh cíos ná rátaí ar Bhord na nOibreacha Poiblí de bharr a seilbhe sealadaí agus chun na críche áirid réamhráite ar an seomra, ná ní bheidh dliteanas ar bith i dtaobh cíos ná rátaí ortsa. Níl aon fhasach ann chuige…

(Ó Cadhain 1967:240)

Nuair a thagann na polaiteoirí ar an bhfód, cloisimid cineál eile béarlagair, deilíní polaitiúla:

Mise Pádraig a Breille, do Theachta Dála. Nach n‑aithníonn tú mé, fear Fhine Fáil. Beidh tú amuigh as an bprochóg ghránna seo faoi cheann uair an chloig, cuid is lú na sin… Is feallnáireach an rud é seo. Ach is maith an fáth: Aondearmad a Dheaide, ach ní raibh neart aige air de réir chúrsaí na haimsire sin, gur fágadh brotainn Fhianna Gael istigh in Oifig na nOibreacha Poiblí an tráth a ndeacha muide in ár Rialtas. Sin daingean leo agus ó tá fhios acu gur ar thaobh Fhine Fáil atá tú —

(Ó Cadhain 1967:247–8)

Mise… do Theachta Dála, Tomás ’ac Broma, Fianna Gael, deile?… Sea, tuilleadh de mhírath Fhine FáilNuair ba muide an Rialtas chinnfeadh ar dhuine, th’éis a sheacht ndícheall, é féin a ghlasáil istigh mar seo. Arb iontas ar bith é! Féach Pádraig a Breille… Fóill anois. Poibleo mise é seo. Poibleo mise é seo. Gheobha tú cúitiú. Cuirfe mé faoi deara an Dáil agus an Seanad a ghairm in imeacht cheithre huaire. Suí éigeandála… Ach, ní polaitíocht é seo. Ní bhaineann sé leatsa, ach sa mhéid gurb é do leas-sa leas na tíre. Fág fúmsa

(Ó Cadhain 1967:251–2)

Caint fholamh neamhdhaite a cuireadh i mbéal na bpríomhpháirtithe, ach de réir mar a thagann baill na bpáirtithe imeallacha ar an bhfód is ea is daite an teanga:

An deoir dheire de do chuid allais a shile ar a son! Agus iad ag fás suas in aoileach ár gcuid allais. Tithe móra, carranna móra, mná móra, postaí móra, boilg mhóra acu ar allas na seang. Sin é é. Ní airíonn an sách an seang. Thuas sa gCaisleán ag ithe agus ag ól ar allas na mbocht atá siad féin agus a gcuid ban mórbholgach mórthónach, mórshliastach mórchíochach mórghabhalach ar ala na huaire seo. An dtarlódh sé in aon tír faoin mbogha bán ach sa tír mhíchinniúnach seo?

(Ó Cadhain 1967:256)

Cloisimid réim teanga sho-aitheanta ag an sagart, ar ndóigh:

Bhí a fhios aige go raibh an neart spriodáilte i J. le cor i bhfad ní ba chruaí ná é seo a shárú

(Ó Cadhain 1967:244)

Agus an sampla deiridh a thabharfaidh mé de na réimeanna teanga in ‘An Eochair’, is i mbéal dochtúra atá sé:

gur thrombóis chorónach ba chiontsiocair, ar luathaigh ocras agus tart go háirid léi, i dteannta fuadach croí as imní agus scáfaireacht

(Ó Cadhain 1967:259–60)

Scéalta cathrach eile

De bharr shaibhreas na réimeanna teanga in ‘An Eochair’, agus a fheiliúnaí mar ábhar dráma é dá réir, chuaigh mé trí scéalta eile cathrach an Chadhnaigh féachaint an mbeadh cuid acu sochóirithe don stáitse nó do mheán drámata eile. Ní hé sin le rá, ar ndóigh, gur ar na scéalta cathrach amháin ba chóir díriú. Níl ann ach gur dócha níos mó scóipe a bheith iontu le haghaidh éagsúlacht réimeanna.

Cois Caoláire

Dhá cheann atá in Cois Caoláire, ‘An Pionta’ agus ‘An Seanfhear’, agus tá cosúlachtaí eatarthu mar scéalta mar gur comhrá nó dialóg idir beirt den aicme chéanna atá iontu, beirt fhear a chastar ar a chéile i dteach ósta in ’An Pionta’ agus beirt fhear a chastar ar a chéile i gclinic dochtúra in ‘An Seanfhear’. Beirt ghiolla gruama iad sa dá chás. An bheirt sa teach ósta, tá spéis acu sna capaill, san aimsir agus, shílfeá, i gcúrsaí sláinte nó drochshláinte. Mar an gcéanna an réim teanga acu beirt — aithníonn siad a chéile gan mórán achair:

M’anam gur furasta dhuit comrádaí a fháil, ní ag ceasacht ar Dhia é, arsa mise, dhá fhreagairt go spleodrach den chéad uair. Ar ardú mo phionta dom shantaíos a shíneadh uaim amach agus sláinte an duinín éidreoraigh seo a ghoiriúint. Coimiúineachas forleathan na ngeall mí-amhantrach agus an “fhliú bhradaigh” a shnadhm i gcomrádaíocht thobann muid.

(Ó Cadhain 1953:14)

Bunaítear teannas an scéil ar an gcluiche beag suarach a fhéachann fear tuaithe le himirt ar a leathbhádóir cathrach, ach tá siad ar comhchéim. Fiú nuair a fhíonn an bobaire an nath Fraincise il sent le bois isteach sa chomhrá le teann barraíochta, léirítear a chomh-aineolas agus é ag fógairt gur Gréigis atá ann, agus comh-aineolas an óstóra — Corcaíoch, mar dhea — a cheapann gur Gaeilge atá ann.

Nuair a chastar Garda isteach sa scéal, is i gcomhréim cainte a thosaíonn sé leis an mbobaire tuaithe:

Creid mé dhuit ann, arsa an póilí, ag féachaint ormsa de shúil chomhthuisceanach tuaithe, nach bhfuil in ól na cathrach seo ach múnlach ar ghualainn…

(Ó Cadhain 1953:21)

cé go leanann sé air i réim a ghairme:

Greadadh sé go beo, arsa seisean, de ghlór neamodhach. Ar an gcéad aitheasc dhe, is cion tromchúiseach dó a bheith ag urlacan muiní réama in áit phoiblí, ag cur a bhoilgleanna amach ar shlí a thaithíos an pobal; ag spré bitheoga, ag craobhscaoileadh galair…

(Ó Cadhain 1953:21–22)

Maidir leis an mbeirt a chastar ar a chéile in ‘An Seanfhear’, is gealt a d’éalaigh as ospidéal meabhairghalair an laoch ach aithníonn an fear eile mar leathbhádóir é. Tá an bheirt ar comhchéim ar bhealach osréalach áirithe agus ní taise dá réimeanna teanga.

Shílfeá gurbh iad mo chuid smaointe a bhraith sé:

Níl aon choir dhár dearnadh ar talamh nach bhfuil mé ciontach inti…dúnmharú, fionaíl, tréas, slad, cneamhaireacht, éitheach, ceilg…

Is diabhlaí nár crochadh thú sa gcaibidil deiridh, arsa mise. Go dtí go léinnse an chríoch ní bheinn i ndon tosaí ar eachtra an bhithiúnaigh…!

(Ó Cadhain 1953:69)

Bíodh is nach éagsúlacht réimeanna ach a ghlanmhalairt a fhaightear sa dá scéal seo, sílim gur ábhar gearrdhrámaí iad de bharr neart dialóige a bheith iontu araon agus, ar ndóigh, de bharr gur scéalta fiúntacha iad ar chineál caidrimh idir stráinséirí fir. Airím go mb’ fhusa iad a léiriú ar an scáileán ná ar an stáitse, áfach, de bharr go mbraitheann cuid dá ndéantús ar randamachas na hilchineálachta cathrach, gné ar dheacair a chur i láthair ar urlár príobháideach teanntásach an stáitse nó ar mheán príobháideach pearsanta an raidió.

An tSraith ar Lár

Ceithre scéal cathrach atá in An tSraith ar Lár, ‘An Sean agus an Nua’, ‘Círéib’, ‘Cé Acu?...’ agus ‘An Eochair’.

‘An Sean agus an Nua’

Níl a fhios agam ar chóir dom scéal cathrach a thabhairt ar ‘An Sean agus an Nua’ ach scéilín faoi chathair, nó níl pearsana ar bith ná dialóg ar bith sa dá leathanach giortach den scéal seo. Mar sin féin, feictear dom go bhfuil tábhacht ag baint leis mar scéal, ós é an chéad cheann sa leabhar seo é, áit a gcuirtear i láthair téama an leabhair — is é sin, an choimhlint idir na seanrudaí atá á gcailliúint agus na rudaí nua atá tagtha ina n‑áit. I measc na sean atá ar lár nó á gcailliúint tá daoine, grá, féidearthachtaí, an teanga, nósanna, luachanna, modhanna maireachtála. Agus cuimsítear an choimhlint seo go gonta cóngarach san íomhá de chathair ársa nua-aoiseach gona teannas inmheánach dá réir á díothú ar iompú boise agus, is cosúil, d’aon oghaim.

Tar éis don údar pictiúr den chathair mar dhúil bheo, mar chrannduine, a phéinteáil, cuireann sé dúil eile inár láthair le sraith briathra, dúil arrachtach bhagrach:

Bhí an dúil eile i bhfraigh an aeir. An-ard. Ag guairdeall. Ag sméarthacht. Ag sireoireacht, ag ardú, ag ísliú agus ag ardú arís de sciotáin, ag athrú treo ar íne reatha, ag imghabháil, ag seachaint, ag forcamás. Oirille an mheandair, chlog na cinniúinte …

(Ó Cadhain 1967:10)

Ní réim teanga í seo, ar ndóigh, ach sampla d’inniúlacht agus d’aclaíocht teanga an Chadhnaigh — seift scríbhneoireachta le teannas a thógáil is a mhéadú go tobann. Baineadh leas éifeachtach as íomháineachas an scéil seo sa chlár teilifíse, Rí an Fhocail, a craoladh an fómhar seo caite.

‘Círéib’

Níl a fhios agam, ach an oiread, ar chóir scéal cathrach a thabhairt ar ‘Círéib’. Ní scéal tuaithe é, ar chaoi ar bith. Scéal é atá suite in aimsir Íosa Críost sa Phalaistín, faoi thionól de dhaoine ilchineálacha a chruinnigh le chéile le casaoid is fuasaoid a dhéanamh faoin gcaoi, dar leo, a raibh an crústa á bhaint as a mbéal de bharr theagasc Íosa. Is díol spéise an scéal seo ar bhealaí éagsúla ach, go háirithe, ó thaobh réimeanna teanga de. Ar láthair an chruinnithe seo tá báicéirí, iascairí, ceannaithe éisc, striapacha, grúdairí, snaidhmeadóirí cnáimhe, luibhlianna, déantóirí maidí croise, poitigéirí, dlíodóirí, óstóirí, ionadaithe ceardchumainn, agus mná lóistín. Tá neart dialóige sa scéal agus, mar a bheifeá ag súil, tá a réim cainte féin ag chuile dhuine a labhraíonn de réir a aicme sa saol. Thairis sin, tá tagairtí bíobalta ann agus tagairtí do chóras riaracháin na Palaistíne ag an am.

Go luath sa scéal tagraíonn an reacaire féin do na réimeanna teanga ar bhealach íoróineach:

Agus fear beag fallaing-dhorcha a raibh dhá shúil ina cheann cho foistineach, aclaí, suáilceach — ócáid-fhreastalach, iomchuí deile — le dhá scriú nua cónra, in a shuí sa gcrannóg.

(Ó Cadhain 1967:12)

Agus nuair a osclaíonn an carachtar seo a bhéal is mar seo a labhraíonn sé:

A dhaoine chóir cheartchreidmheach! Tá údar callóide anseo. Tá údar clamhsáin ag cách. — Caithfe muid éisteacht a thabhairt dhá chéile agus ansin cinne ar bheart iomchuí… Teagaim leat, a dhuine chóir. Is cóir a chionta a aifear air. Déanfar é, ach is go cuí a dhéanfar. Cine diaga muid ar mó againn an chóir agus an ceart ná ag ciníochaí eile uilig an domhain. Ní mór dúinn meabhrú dúinn féin i gcónaí an reacht atá againn—

(Ó Cadhain 1967:12)

Anois ní hiomchuí caint den tsórt sin ó fhear dár gcine agus dár reacht… Anois, ní hiomchuí cneamhaire, ní áirím cneamhaire crónta, a thabhairt ar chomhchiníoch, agus tá an reacht agus an dlí fite fuaite le chéile. Ar mhodh mar sin is ionann cneamhaire a thabhairt ar dhlíodóir agus ar an reacht. Ní hiomchuí

(Ó Cadhain 1967:14–15)

Nuair a labhraíonn na ceardaithe éagsúla, áfach, is i réim níos nádúrtha agus i gcaint chréúil chraicneach a labhraíonn siad:

Sílimse go raibh mé ag cur comaoin bheag ar an tsráidbhaile sin agam féin le mo dhéantúsán maidí croise. Tosú go fánach, le duine eile agus mé féin.

(Ó Cadhain 1967:13)

Ba éard a bhí i mo bhailese cuailín cnámh briste. Bruínte. Titim de thithe. Ciceannaí ó mhúillí agus camaill. Tuairteáil i mbáid. Tá a fhios agamsa é. Snamadóir cnámh mé. Bhíodh ó chéad go dtí céad go leith coisliméara sa tseachtain agam agus go háirid nuair a bhíodh rúsca faoi mhná ar bun.

(Ó Cadhain 1967:13)

Níl galra faoi spéir Dé nach bhfuil anseo agus nach raibh mise a leigheas. Bhí cheithre bhadhbh fhichead eile ar líon mo thí. Anois tá iothlainn luibheannaí ar sás leigheasta aon ghalra iad i mbéal mo dhorais, mo chuid potaí agus crúscáin in a gcarn aoiligh meirge ar chúl an tí agus mo chuid arthaíochaí ag imeacht ina ngail shoip as mo chuimhne. Níl aon éiliú orthu: artha an sceith ailt, artha an bhriota, na féithe móire, an Caisleán Pléimeannach, artha an ádh éisce, más í artha choisce na fola féin í ar leigheas mé na táinte léi—

(Ó Cadhain 1967:13)

Agus nuair a thosaíonn na mná ar a bhfuasaoid, ní chuireann a n‑urlabhraí fiacail ann:

Ní éitheach muis ná cuid d’éitheach. Muide a fuair le léamh é, mo chreach mhainne, muide Cuallacht na mBan. Ba iad na hiascairí ar a gcuid drabhláis na coisliméirí ab fhearr. Th’éis a mbíonn de sháile agus de ghoirteanna sna píobáin acu i gcónaí tá siad curtha suas den drabhlás ó casadh an crann smala sin lena chuid sacannaí luaithreamháin agus a lán clab de nathaíocht mhilis timpeall. Ní féidir aon tslí bheatha a dhéanamh ach san áit a mbíonn drabhlás.

(Ó Cadhain 1967:16)

Is beag leid ann go luath sa scéal nach in Éirinn atá an scéal seo lonnaithe, sa chaoi go mbíonn a dhá dtrian inste nuair a leagann an t‑údar isteach na tagairtí bíobalta go rábach, rud a thugann leid den suíomh dúinn:

Tá neart éisc agus aráin úir le fáil in aisce ach iad a thógáil den talamh. Nach bhfuil an manna againn, an manna agus anlann?

(Ó Cadhain 1967:20)

Lán a ladhaire de sheicil dom an lá faoi dheire…

(Ó Cadhain 1967:20)

Gaoth fhionnuar an tráthnóna thar loch agus í luchtaithe le cumhracht rósannaí Sharan. Balsam.

(Ó Cadhain 1967:21)

agus nuair a thagraítear do Mháire Mhaigdealéana, seo mar a dhéantar é:

Seanbháire iad na mná ag an soidéalach. Nach mbíonn sé ag plé leis an gceann is gáifí ghrísghruannaí san Ard-Chathair, Máire siúd.

(Ó Cadhain 1967:22)

Níor tagraíodh do dhamhna na círéibe ach mar ‘an soidéalach’ go dtí trí cheathrú bealaigh isteach sa scéal, nuair a nochtar an rún:

Muise, meastú an mac, mac mídhlisteanach, le Caesar é?

Sáinníodh agus cúinneáladh agus is beag nár hiontaíodh an taobh bunoscionn dhe amach ach baineadh amhdachtáil as gurb é Mac Dé é, mac Jehovah Mhóir.

(Ó Cadhain 1967:22)

Ach tá an tionól chomh círéibiúil mí-ómósach leis an gcomhchruinniú i gCré na Cille:

Ag Béalsabúb go raibh sé mar Chaesar! Níl dliteanas ar bith as seo ag dul dó. Nár dhúirt mé libh gur mac mí—

Is iomchuí dom a rá nach bhfuil reacht Mhaoise balbh faoi cheart an lucht oibre.

(Ó Cadhain 1967:23)

Duine díchoisricthe í seo, a mheirdreach, a chomhchealgaire.

A chomhchealgaire in aghaidh reacht Mhaoise.

A chomhchealgaire sa gcomhchumannachas.

San ainrialachas.

Sa nihileachas.

Is é an Frith-Mhessiah é.

Creachadóir tíre é. Bhasc an diabhalánach mo thréad muc.

Fáisc—

Anois!—

(Ó Cadhain 1967:24)

Is éachtach mar a chruthaigh an Cadhnach caint agus réimeanna na gcarachtar sa scéal seo mar, ní hamháin go bhfuil gnáthaicmí aitheanta á léiriú, ach tá siad á léiriú mar a bheidís ag labhairt i scéalta an Bhíobla, i nglan-Ghaeilge Chonamara, ar ndóigh. Sílimse, ar an ábhar sin, go bhfuil dráma breá le baint as ‘Círéib’. Cúis eile ar chóir díriú ar an scéal seo ná gur téama mór de chuid an Chadhnaigh claonadh grúpa nó pobail titim chun círéibe tráth éigeandála.

‘Cé Acu?…’

Scéal é seo faoi bhaile mór darb ainm H, áit a dtosaíonn tithe agus foirgnimh ag bualadh in aghaidh a chéile. Scéal é faoin olc is an mhaith, faoi nádúr an duine a bhfuil meon an tslua ann agus mianach na círéibe. Tá cosúlachtaí idir an scéal seo agus ‘Círéib’, go deimhin — cuid de na téamaí céanna iontu araon. Níl gné na réimeanna teanga le sonrú mórán ar ‘Cé Acu?…’, áfach. I nGaeilge shaibhir nádúrtha atá sé scríofa, an Ghaeilge chréúil chraicneach sin ar thagair an Cadhnach di arís agus arís eile. Cur síos atá sa chéad trian den scéal, cur síos ar cé mar a thosaigh tithe H ag bualadh in aghaidh a chéile agus cé mar a chuaigh sé sin i bhfeidhm ar chúrsaí an tsaoil sa bhaile mór. Tugtar leideanna go leor gur in Éirinn atá H cé gur dócha gur cuma ó thaobh ábhar an scéil de cén tír ina bhfuil sé. Mianach leithleasach fimíneachta an duine is bunábhar do ‘Cé Acu?…’, gné uilíoch, dár ndóigh.

Sílim go mba dheacair é a thiontú ina dhráma, áfach, bíodh is go bhfuil neart dialóige sa dá thrian deiridh de. Ba dhúshlán mór é, cuir i gcás, na tithe is na foirgnimh imbuailteacha sin a léiriú ar stáitse, mura mbainfí leas as acmhainn físe. Agus ansin féin, is dóigh go gcaithfí é a dhéanamh trí chartún beochana. Ar bhealach, meabhraíonn an scéal seo ‘Glantachán Earraigh’ dom, an scéal in Cois Caoláire ina labhraíonn an troscán tí amach, ball ar bhall. Chuala mé caint go rabhthas ag smaoineamh ar scannán beochana a dhéanamh den scéal sin agus, más ea, ba dheas mar chartún é. Tionscadal ní ba dhúshlánaí i bhfad ach nár mhiste cuimhneamh air, scannán beochana a dhéanamh de ‘Cé Acu?…’, ach go mba scannán do dhaoine fásta é.

An tSraith dhá Thógáil

Trí scéal cathrach atá in An tSraith dhá Thógáil, ‘Fuíoll Fuine’, ‘I mBus Cathrach’ agus ‘Fuascailt’.

‘I mBus Cathrach’

I nglór páiste, páiste béalráiteach neamhbhalbh, agus é ar thuras bus cathrach in éineacht lena mháthair a insítear ‘I mBus Cathrach’. Gan fuacht gan náire tagraíonn an páiste os ard do na paisinéirí eile ar an mbus agus do pé ar bith a thiteann isteach ina chloigeann a rá fúthu, agus freisin sceitheann sé roinnt rún faoin saol baile nár mhiste dá mháthair a d’fhanfadh ina rúin. Scéal fíorghreannmhar é, ach sa mhéid is gur aon charachtar amháin a labhraíonn ó thús deireadh ní thagann ceist na réimeanna teanga chun cinn. Mar sin féin, tá ábhar maith dráma ann. Samhlaím seó aonair leis, a leithéid is atá déanta ag Diarmaid de Faoite.

‘Fuíoll Fuine’

Agus é ag tagairt do Bhaile Átha Cliath ina léacht úd, dúirt an Cadhnach:

Ní fhéadfadh duine a rá gur comhthionól a bhí ann ó aimsir Joyce, tráth a raibh an baile mór i bhfad ní ba lú agus ní ba chomhdhlúite theanntásaí. Ba é a scríobh chéad úrscéalta agus úrscéalta deiridh Bhaile Átha Cliath de réir cosúlachta. Ní úrscéal coinbhliocht ná gnímh ceachtar acu sin. Is den chineál picaresque é Ulysses, cineál nach fada ar chor ar bith é ó Dhiarmaid agus Gráinne, agus tá an-chosúlacht ag Finnegan’s Wake, ina cuid easpa gnímh ar aon nós, le drámaí Shaw. Sílim go bhfuil cathair mhór griobháin mar Bhaile Átha Cliath an-chóiriúil don scéalaíocht picaresque.

(Ó Cadhain 1969:22)

Deir m’fhoclóir liom go gciallaíonn picaresque: of or relating to an episodic style of fiction dealing with the adventures of a rough and dishonest but appealing hero (Oxford 1998:1401).

Mar sin, is dóigh gur scéal picaresque é ‘Fuíoll Fuine’, scéal faoi státseirbhíseach atá i ndiaidh scéala a fháil go bhfuil a bhean básaithe sa bhaile agus atá ceaptha a bheith ar a bhealach abhaile ón oifig le cúram a dhéanamh de na socruithe. Más ea, ní caol díreach abhaile a théann sé ach tapaíonn sé chuile dheis le fad a chur leis an aistear, sa chaoi go gcastar isteach i siopaí, tithe ósta, siopa geallghlacadóra, séipéil, árasán mná, etc. é agus is iomaí duine agus eachtra a chastar dó thar thréimhse lá go leith agus gan an baile bainte amach aige go fóill. Fear é seo — N is ainm dó — atá buille beag níos oilte agus níos sinsearaí ná ár seanchara J in ‘An Eochair’, ach atá glasáilte mar an gcéanna isteach ina ghéibheann beag faiteach féin d’intinn. Tharla go bhfuil N ar a chois ag dul ó áit go háit ó thús deireadh an scéil, sílim go mba dheacair ‘Fuíoll Fuine’ a chur ar stáitse ach déarfainn go ndéanfadh sé scannán inspéise. Tá réimeanna teanga fite fuaite ann, ar ndóigh, agus cúlra státseirbhíse ag an laoch, bíodh is go gcastar scuaidrín ilchineálach daoine air le linn a odaisé.

‘Fuascailt’

Mír d’odaisé eile atá sa scéal seo, áit a gcastar an laoch, Tomás, ar eachtra cois canála sa chathair. Fear óg atá san uisce ag snámh, de réir dealraimh, ach téann sé i bhfostú ar chuma eicínt sa luifearnach agus tá sé i mbaol a bháite. Bailíonn slua thart, slua círéibiúil neamhfheidhmiúil eile de chuid an Chadhnaigh. Maidir le Tomás, áfach, tá snámh aige ach tá col aige le huisce agus iompaíonn sé a dhroim féachaint le hé féin a dhealú ón eachtra. Caitear an dá thrian eile den scéal ar chíoradh Thomáis ina intinn le réasúnaíocht a dhéanamh ar a easpa gnímh. Is sárscéal é seo áit a dtéann an t-údar go smior lena anailís ar mhianach an duine ach, sa mhéid is gur sa chéad trian de a tharlaíonn an ghníomhaíocht agus an dialóg ar fad, ba dheacair é a léiriú ina iomláine ar stáitse. Machnamh inmheánach Thomáis, is gníomh neamhghníomhaíochta ann féin é. Mar sin féin, ach an machnamh a choimriú go mór, bheadh ábhar ann do dhráma Beckettúil.

An tSraith Tógtha

Trí cinn de scéalta cathrach a fhaightear sa chnuasach deiridh seo leis an gCadhnach, ‘Ag Déanamh Marmair’, ‘Idir Dhá Chomhairle’ agus ‘Ag Déanamh Páipéir’.

‘Ag Déanamh Marmair’

Scéal eile é seo ar ionsaí íoróineach ar inneall córais é, ar dhídhaonnú an duine aonair. Istigh i mbarda ospidéil ar fhleasc a dhroma atá laoch an scéil seo agus samhlaítear dó gur mó ag na húdaráis a gcuid deasghnáthas féin ná daonnacht a gcúraimí, a n‑othar agus, dá réir sin, go bhfuil a dhaonnacht ag síothlú as dá ainneoin agus go bhfuil sé á thiontú ina dhealbh marmair. Scéal gearr é gan mórán dialóige, é domhain agus cineál teibí, ach seans go bhféadfaí dráma gearr Beckettúil a dhéanamh as.

‘Idir Dhá Chomhairle’

Státseirbhíseach eile, Mr. F, is ea an laoch sa scéal seo agus, arís, is carachtar é atá iata ina ghéibheann faitís roimh an saol. Ag tús an scéil faigheann sé cuireadh chuig cóisir imeachta cailín óna oifig atá ag dul ag pósadh, agus tugann F an chuid eile den scéal ag iarraidh a intinn a dhéanamh suas an rachaidh sé chuig an gcóisir nó nach rachaidh. Níl mórán dialóige ann ach sílim go n-oibreodh sé seo mar dhráma raidió.

‘Ag Déanamh Páipéir’

Státseirbhíseach eile, ar mhúnla J in ‘An Eochair’, N in ‘Fuíoll Fuine’, F in ‘Idir Dhá Chomhairle’, atá glasáilte sa ngéibheann céanna faitís atá chugainn an babhta seo. Ach tá bealach éalaithe aimsithe ag an laoch seo ón bhfaitíos — le teann dídhaonnú tá sé ag iompú de réir a chéile ina pháipéar. Tá macallai den scéal seo le léamh in ‘An Eochair’, áit a raibh J chomh muirneach sin ar pháipéar, áit ar shamhlaigh a bhean go ndéanfadh sé burla páipéir istigh ina oifig (Ó Cadhain 1967:238). Forbairt, más ea, ar ‘An Eochair’ é an scéal seo. Ní scéal mór gníomhaíochta ná dialóige é, dá réir sin. Ní dráma é ach fíor-ghearrscéal. Cuirtear an claochlú seo inár láthair mar théis fealsúnachta agus, dá réir sin, is i bhfriotal cineál teibí fealsúnach a labhraíonn an laoch:

Ach ní miste a rá, fiú má bhím réamhscéalach orm féin, nár chuimil an dian-áilleacht a friota fuar dhíomsa nó go ndearna mé páipéar. Focal a mheabhraíos dom arís go ndearna mé páipéar. Mar sé sin an fáth: ainneoin mé ag déanamh páipéir agus mé i mo pháipéar anois — an páipéar is mise atá dhá rá seo — ní cosúil gur chuir mé amach an seanduine ar fad mar a déarfadh an Naomh Pól nach ndearna é féin ach Críostaí, ná gur héadaíodh an dúil nua is mise i ngile gréine pháipéarúil amach agus amach. Is fada a chaith corrphreabán den tseancholainn, den bhuncholainn (ba mé leis) — fonn a bheadh orm urcholainn sa modh Gearmánach a rá anois — ainneoin an tsaoil.

(Ó Cadhain 1977:132)

Sárléiriú an píosa deiridh sin ar chumas an Chadhnaigh sa teanga — tá réim bainte amach aige anseo gan mórán stró, shílfeá, gan carraigeacha d’fhocail aduaine cé gur ábhar teibí fealsúnach atá á ionramháil aige.

Ar ndóigh, ba chóir scéalta Uí Chadhain a léamh mar a scríobhadh iad, de bharr a bhfeabhais mar scéalta agus de bharr shaibhreas na teanga atá iontu. Tá siad dúshlánach, áfach, agus glacann sé tamall dul i dtaithí ar a theanga agus a théamaí. Mar sin, chun go sroisfidh a shaothar pobal níos leithne sílim nár mhiste féachaint le drámatú a dhéanamh ar a thuilleadh de. Fágfaidh mé an focal deireanach ag an údar féin:

Ní dóigh go bhfanfaidh í ndrámaí ach léiriú ar an teilifís. Ná i scéalta ach an oiread… Ní bheidh de leabhair á léamh ach cinn faoi theicneolaíocht agus ceird. Ní sa scríbhneoir ach sa script-scríbhneoir agus san aisteoir a bhéas tábhacht.

(Ó Cadhain 1969:39)

Leabharliosta

Nótaí

  1. Aisteoirí an Spidéil, 2006.
  2. Aisteoirí an Spidéil, 2006.
  3. ‘Rí an Fhocail’ (clár faisnéise), 2006.
  4. Aisteoirí Bulfin, 2006.
  5. Liomsa an cló tróm tríd síos le samplaí de réimeanna teanga a aibhsiú.

Tá Iontaobhas Uí Chadhain fíorbhuíoch den údar agus den fhoilsitheoir as ucht a gcead an t-alt seo a fhoilsiú.