An Cadhnach

Le Liam Mac Cóil.

Tugadh an léacht seo ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman i 2006, mar chuid den siompósiam den teideal céanna.

Ní cuimhin liomsa an áit a raibh mé nuair a fuair Johh F. Kennedy, bás; ní cuimhin liom an áit a raibh mé nuair a fuair Éamon de Valéra bás. Ach is cuimhin liom go maith an áit a raibh mé nuair a chuala mé go raibh Máirtín Ó Cadhain básaithe.

Tús rang maidine Breatnaise a bhí ann, sa chéad bhliain i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath; triúr nó ceathrar dínn i seomra beag i mbloc nua na n‑ealaíon i mBelfield, ag fanacht ar an Ollamh Proinsias Mac Cana; boird dhorcha, fuinneoga leathana le frámaí dorcha miotail, dallóga veinéiseacha, b’fhéidir. Ní cuimhin liom aon ghrian sa seomra. Tháinig an tOllamh isteach agus chuaigh chuig an deasc ag barr an ranga. Bhí cailín fionn dathúil, is cuimhin liom, ina seasamh gar don deasc. Labhair sí leis an Ollamh: Ar chuala tú faoi Mháirtín? ar sise.

Sílim gurb é úsáid an ainm dhílis a chuaigh i gcion orm; ar an nós Gaelach, gan sloinne: Máirtín. Agus sin le cion agus le trua. Bhí mise, mar Bhleá Cliathach ó theaghlach Béarla, lasmuigh de sin uile — lasmuigh den chomhrá, lasmuigh den saol Gaelach ar chuid é an comhrá de, lasmuigh den chomhluadar comhthuisceana sin a bhí cruinnithe timpeall ar an gCadhanach anois agus é ar shlí na fírinne.

Ina orlaí trí bhrón oibiachtúil an lae sin, tríd an duairceas Gaelach sin a leanann bás an duine mhóir, go háirithe duine a sheas an fód ar son na Gaeilge féin agus a bhí fós ag saothrú ar a son, bhí rud eile, brón beag leithleasach de mo chuid féin: go raibh mé ródhéanach; go raibh an seó thart; go raibh mise i mo philibín eitre i ndeireadh an fhómhair, casta isteach i dteach seo na Gaeilge, agus féach, an choinneal ba mhó a rinne solas don teach sin, múchta.

Airím go beo nach mise is ceart a bheith anseo ar chor ar bith ar maidin ag labhairt faoin gCadhanach. Is le fada a airím an easpa aithne sin ar an gCadhanach ina éalaing de shaghas éigin orm. Fabht é, nó éasc, i measc na bhfabhtanna iomadúla eile a airím ionam féin mar scríbhneoir.

Ach thug Cumann Merriman cuireadh dom agus táim fíorbhuíoch daoibh. Is pribhléid é labhairt ag an Scoil Gheimhridh; labhairt ag an Scoil Gheimhridh faoi Mháirtín Ó Cadhain is rómhór an onóir é. B’fhéidir, má tá ciall ar bith le mé a bheith anseo ar maidin, gurb é seo é: gur féidir liomsa seasamh ar son — agus go cinnte ní thar a gceann, ach ar son — na ndaoine sin cosúil liom féin, nach raibh sé d’ádh orthu aithne a chur ar Mháirtín Ó Cadhain.

Ní féidir an Cadhanach ná a chuid scríbhinní ná a chuid gníomhartha a chuimsiú ná a bheachtú go hiomlán. Deacair dréim leis an muir mór mar a dúirt file éigin uair éigin faoi mhuintir Néill. Ní dhéanfaidh mise aon iarracht. Mar a chéile le beathaisnéis, mar a chéile le stair, ní mór peirspictíocht. Agus déanann an pheisptictíocht rogha. Ní bheidh sa mhéid seo agamsa inniu ach roinnt imprisean, iarracht ó pheirspictíocht phearsanta freagairt don teideal diamhair sin, “An Cadhanach”.

Gabhlánach an focal a d’úsáid Breandán Ó hEithir; ní bhfaighfinn é a shárú. Duine casta. Agus duine mór. Ab é toisc gur duine mór é an Cadhanach go mbreathnaíonn sé casta dúinn. Nó ab é go bhfuilimid ag breathnú air le gloine méadaithe a cháile féin agus go bhfeicimid na castaíochtaí ar fad ann go soiléir anois mar a bheadh braon fola faoi mhicreascóp. Ní hé a chasta a bhí sé nó a ghabhlánaí an príomhrud, dar liom, ach gur dhuine mór é.

Tugaim duine mór ar an gCadhanach ar thrí chúis: sa chéad áit, toisc na tréithe pearsanta a bhí aige; sa dara háit toisc an chuma íocónach nó eiseamláireach, geall leis, a bhí ar a shaol; agus sa tríú háit, toisc gur scríbhneoir iontach é, duine de na scríbhneoirí Éireannacha ba mhó san fhichiú aois, scríbhneoir Gaeilge a bhfuil stádas idirnáisiúnta aige. Pléifidh mé, chomh maith is is féidir liom, an trí ghné sin den Chadhanach.

Na tréithe

Dar liom go raibh ceithre thréith phearsanta nó phearsantachta ag an gCadhanach a rinne duine mór de, b’fhéidir cúig cinn. (Níl anseo ach mo thuairimí féin; mar a chéile le chuile shórt eile dá ndeirim anseo, tá sé thar a bheith triaileach. Is iomaí uair agus an chaint seo á réiteach agam go raibh ráiteas cruinn foirmithe agam faoin gCadhanach agus ansin gur léigh mé rud éigin a dúirt sé nó léigh mé faoi rud éigin a rinne sé agus bréagnaíodh mo ráiteas. Ní raibh an Cadhanach féin i gcónaí de réir a chéile. Dúirt sé rudaí difriúla ag amanta difriúla.)

Na tréithe móra pearsanta a chuirim i gcás, is iad seo iad: Misneach, Éirim intinne, Ionraiceas, agus Dílseacht. Agus b’fhéidir an cúigiú ceann Dúthracht nó Díocas. Acrainm atá ann ar aon chuma a litríonn an focal, “méid”. Má chuireann muid an ceithre nó an cúig shuáilce chlasaiceacha sin le tréithe suntasacha eile a bhí ag an gCadhanach, mar an greann, an nádúr, cumas labhartha, cumas múinteoireachta, cumas scríbhneoireachta, oscailteacht, cantal, deisbhéalaíocht, drisíneacht, mífhoighid — iad sin agus é a bheith fáiscthe as an traidisiún ársa Gaelach sin a raibh sé mar oidhre air — agus ar bhraith sé é féin mar oidhre air — tá coimpléacs nó cumasc as an gcoitiantacht againn. Ní hamháin mór ach casta chomh maith. Ní hamháin casta ach mór chomh maith.

Chuir na tréithe suntasacha seo ar chumas an Chadhanaigh na gnéithe ba thábhachtaí ina shaol gníomhaíochta agus ina shaol litríochta a bhrú go bun an angair, go himeall na fulaingte geall leis, go teorainn na hurlabhra, fiú amháin. B’fhéidir gurbh fhearr don Chadhanach féin é dá nglacfadh sé stuaim; bheadh saol níos suaimhní aige, b’fhéidir, dá n‑éisteodh sé beagán. Níl a fhios agam. Ní hin a rinne sé. Agus ba é Ard-Chomhairle Óglaigh Éireann, Campa Géibhinn an Churraigh, Ráth Cairn, Misneach, Ollúnacht i gColáiste na Tríonóide (Ollúnacht a chuaigh ar fheachtas toghchánaíochta ar son Pheadair Mhic an Iomaire, i 1969), agus corpas dochreidte litríochta a thoradh. Bhí an Cadhanach mór mar bhí méid ann.

An saol íocónach

Nuair a cheanglaímid na tréithe móra sin leis an saol a chaith sé feicimid an duine eiseamláireach, íocónach. Ba ghníomhaí teanga agus poblachtach é an Cadhanach i rith a shaoil fhásta, geall leis, trodaire ar son na teanga, agus an rud iontach sin, scríbhneoir leanúnach. Bhí sé polaitiúil ar an gcaoi chéanna a raibh Eochaidh Ó hEoghasa polaitiúil, nó Pádraigín Haicéad, nó Dáibhí Ó Bruadair, nó Aogán Ó Raithille. Duine de na seanfhilí a bhí ann. Níor strainséartha leis “Fúbún fúibh”, nó “Múscail do mhisneach a Bhanbha”, nó fiú “Céad buí le Dia i ndiaidh an anfa” le Dáibhí Ó Bruadair, é ag fáiltiú roimh theacht Shéamais II i gcoróin mar a d’fháiltigh an Cadhanach roimh fhógairt na Poblachta i 1949. Léann Uí Eoghasa, Soilbhreas agus Searbhas Uí Bhruadair, Uabhar Uí Raithille, bhí siad uile ag an gCadhanach.

Ach ó thaobh na polaitíochta sa chiall chúng de, bain an Cadhanach le traidisiún réasúnta óg: an poblachtachas sin ar chuir Liam Ó Maolruanaidh tús leis thart ar 1898. Gaeilgeoir óg as Baile Átha Cliath, ba ea Ó Maolruanaidh, agus ball den IRB, Bráithreachas Poblachtach na hÉireann. Ba é siúd an chéad duine go bhfios dom a rinne ionannú idir cás na Gaeilge, Éire Ghaelach — an Irish speaking Ireland – agus Éire shaor, Éire neamhspleách — an Phoblacht.1 Chuir Ó Maolruanaidh aidhmeanna an phoblachtachais agus athréimniú na Gaeilge le chéile in aon sintéis pholaitiúil amháin.

Ba chur i gcás é. Níorbh é sin a bhí i gceist ag Conradh an Gaeilge — a d’fhan glan ar pholaitiocht ach polaitíocht na teanga féin — ná, ar an taobh eile, ag an IRB nach bhfaca mórán maitheasa sa Ghaeilge. Má bhí tábhacht le Gaeilge dar leis an IRB, ba mar ghléas earcaíochta é, nó mar ábhar scoile: díreach an ról a tugadh di i bpolasaí Shinn Féin i 1904.

Ach shoilsigh Ó Maolruanaidh an bóthar i dtreo 1916, mar a dúirt Brian Ó hUiginn, agus ar an mbealach, rinne an IRB gabháil ar Chonradh na Gaeilge, i 1915. Ar an gcaoi sin a cuireadh tús leis an leagan amach poblachtach ar thiomnaigh an Cadhanach é féin dó ó bhí sé ina fhear óg agus ar fhan sé dílis dó, bealach amháin nó bealach eile, go dtí deireadh a shaoil.

Agus seo é, dar liom, an íoróin ghránna a bhfuil cuid nach beag de chrá croí an Chadhanaigh lonnaithe ann: ó 1915 i leith tá an Ghaeilge ag géilleadh do Phoblachtachas an Bhéarla agus do Phoblacht an Bhéarla. Tharla sé i bhForógra na Cásca mar a shonraigh an Cadhanach féin. Agus tá sé ag tarlú inniu féin, mar shampla, sa chaoi a bhfuil Foras na Gaeilge — a bhfuil foclóireacht, téarmaíocht, téacsleabhair, foilsitheoireacht, agus cuid mhór d’infreastruchtúr na Gaeilge scríofa ag brath air — coillte agus sportha ag leibhéal os cionn leibhéil de mhaorlathas breithnithe agus athbhreithnithe. Agus cén fáth? Toisc gur theastaigh institiúid trasteorann ón bPoblacht. (Mar scríbhneoir táim thíos go mór leis mar níl córas ceart ann le mo chuid leabhar a chur sna siopaí. Ní taise do leabhair Mháirtín Uí Chadhain é — míniú beag eile a laghad an phobail léitheoireachta seans).

Mura bhfuil muinín ag an bPoblacht asainn-ne, pobal na Gaeilge, abraíodh sí sin. Má tá, tugtar an an fiche milliún dár bhForas gan ceangal na gcúig gcaol a bheith air — ceangail nach bhfuil ar an gcuid is mó mór d’fhorais is d’institiúidí an Bhéarla.

Eascraíonn cuid mhaith d’fhadhbúlacht an Chadhanaigh as an míréiteach sin. Dála fear eile a chreid i dteagasc Tone, san ionraiceas, agus sa neamhspleáchas intinne, an scríbhneoir, Hubert Butler, ní raibh aon ghéilleadh ag an gCadhanach don choimpléacs Gaelach Caitliceach Rómhánach. Ba phoblachtach ceart fíníneach é.

Agus sin é an fáth a raibh saol an Chadhanaigh íocónach agus eiseamláireach. Ba phoblachtach déanta é a d’fhulaing campa géibhinn agus go leor splaíontaíochta eile ar son na poblachta — ach san am céanna, b’fhear Gaeltachta é — Gael, go simplí — agus míle, dhá mhíle bliain, de theanga agus de chultúr ar iompar aige. Ba phoblachtach é a chonaic go raibh níos lú agus níos lú daoine ag labhairt a theanga féin mar gháth-theanga laethúil; is ea, agus go raibh dar leis, an pobal — is é an focal céanna é is atá san fhocal, poblacht — an pobal dar díobh é ag imeacht as.

Tá an scéal fós amhlaidh, mar a shonraigh Príomh-Fheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó hAoláin, le déanaí. Más é Ráth Cairn an t‑aon Ghaeltacht i 2002 a chuir le líon na gcainteoirí Gaeilge ann, céard deir sé sin faoi na Gaeltachtaí eile?

Ar an gcaoi sin is mó go mór d’íocón é an Cadhanach domsa, ná Liam Ó Maolruanaidh, ná an Piarsach féin, fear nach dtuigim, ná an Gaeilgeoir lách eile úd a shínigh Forógra Béarla na Poblachta, Éamonn Ceannt. Somhairle Mac Gilleathain an t‑aon scríbhneoir Gaeilge eile a ritheann a ainm liom a raibh an stádas íocónach céanna aige. Ritheann Thomas Mann liom sa Ghearmáinis.

An scríbhneoir

Scríbneoirí go smior na gcnámh ba ea an bheirt sin. Creidim gurbh ea an Cadhanach freisin. Cinnte mar a dúirt Seán Ó Tuairisc le déanaí, níorbh aon pholaiteoir é. Tá aithne againn ar fad ar na daoine ciúine éifeachtacha sin a fhulaingíonn brácáil na gcoistí agus a chuireann rudaí i gcrích. Níor dhuine acu sin an Cadhanach. Féach, mar shampla, an chaoi ar fhreagair sé don Pháipéar Bán cáiliúil úd: Tá pléascán agam anseo, a dúirt sé le Breandán Ó hEithir. Seo é báire na fola.

Tugaigí faoi deara na meafair mhíleata, na meafair chogaíochta. Is ea más ea; ach ní aithním aon straitéis chogaíochta ann; ní aithním, ná ginearál airm gan trácht ar an gcoisteoir éifeachtach. Ní aithním ach an scríbhneoir. An scríbhneoir ionraic paiseanta a ndealaíonn a cheird amach é ó chaidreamh daoine eile — is ea, a dúirt Niall Ó Dónaill faoi, bheifeá mór leis ar feadh tamaill agus ansin tharlódh rud éigin.

Seo é an scríbhneoir a dtugann a shamhlaíocht an cumas gránna seo dó: go bhfeiceann sé rudaí i dtéarmaí absalóideacha, go drámatúil, ar bealach dosheachanta. Agus níl aon mhodh ná aon scil aige leis na léirstiní iontacha absalóideacha sin a chur ag obair ach le focail amháin: focail atá chomh contúirteach céanna le piléir agus le pléascáin, is chomh scriostach céanna in amannta.

Sin fáth amháin nach n‑aontaím beag ná mór leis na meafair bhitheolaíocha, na meafair mheitreolaíocha, na meafair mhíleata, fiú, a raibh an Cadhanach chomh ceanúil sin orthu. Tá siad docharach: cuireann siad na mothúcháin ag obair san áit ba cheart an réasún a bheith agus baineann siad dár n‑éífeacht dá réir.

Ach tuigim go maith do na daoine a bhíonn á n‑úsáid. Tá cuma na fáideoireachta agus na fáistine ar an rud uile — seanscil eile de chuid na bhfilí fadó — Iaramáia seachas, Isáiá.

Baineann sin lena chuid neamhfhicsin go háirithe, na haistí, na léirmheasanna, na litreacha, na hailt, na paimfléid, na haighneachtaí. Céard faoin bhficsean idir ghearrscéalta agus úrscéalta? Ní dhéanfaidh mé anois ach cúpla cur chuige a chur faoi bhur mbráid agus ansin tabharfaidh mé freagairt bheag léitheoireachta de mo chuid féin daoibh.

Go prionsabálta, mar chriticeoir, déarfainn gur cheart dúinn an scríbhneoireacht — agus an Cadhanach mar ealaíontóir — a dheighilt ó chinntíochtaí a bheatha. Is é sin, ag leanúint Roland Barthes dom, deirim nach ceart an bheatha a úsáid mar fhoinsi brí na litríochta. Más féidir linn Diarmaid de Faoite a dheighilt ó phearsa Phádraig Uí Chonaire ar an stáitse, tuige nach féidir linn Ó Cadhain an t‑ealaíontóir a dheighilt ó Mháirtín Ó Cadhain an polaiteoir, an poblachtach, an pubeolaí, an pobaleolaí, an piardálaí, an póteolaí, an plaiteolaí, nó eile.

Fáth amháin nach n‑éiríonn linn an deighilt a dhéanamh, go mbíonn an chuma ar an scéal go minic, dála an fhile Béarla, Byron, go sáraíonn an Cadhanach é — go bhfuil sé rómhór. Tá bealach thart air sin agus seo é an dara cur chuige a chuirfinn faoi bhur mbráid: an saol a chur mar théacs leis an saothar; a ndeirtear faoin gCadhanach a chur mar aguisín lenar scríobh sé féin. If its Irish you want, Mr. De Valera, you’ll have to ring before five o’clock. É sin mar chuid den téacs.

Nó b’fhéidir gurbh fhearr le cuid agaibh cur chuige ceart rómansaíoch. Más ea cuirim iomhá an fhealsaimh Soren Kierkegaad sa chéad chaibidil de Enten Eller faoi bhur mbráid; cur síos ard-rómánsaíoch ar an bhfile atá ann. Tá an file á chéasadh istigh i mbolg tairbh práis a gcuirtear tine leis. Éalaíonn screadanna an fhile amach trí pholláiri an tairbh práis ach toisc go bhfuil giolcaí iontu cuirtear cruth an cheoil ar na screadanna. Seasann daoine thart ag éisteacht leis an gceol binn ag teacht amach as an tarbh agus ní chloiseann siad an caoineadh istigh. Coinnigh ort, a deir siad leis an bhfile. Tá sé go hálainn. Ní deacair an Cadhanach a shamhlú á chéasadh i mbolg tarbh an chórais mhídhaonna agus muide ag seasamh thart ag déanamh iontais dá stíl is dá chumas Gaeilge. Ní thagaim leis sin ar fad. Sílim go bhfuil bealaí eile le filíocht a scríobh.

Ach is cinnte, déarfá, go raibh rud éigin ag dó na geirbe ag an gCadhanach sna caogaidí agus sna seascaidí; an t‑éigeart, an cur i gcéill agus cás na Gaeilge sa Ghaeltacht is dócha. Cén fáth eile a bhí le binb chráite cuid mhaith den saothar neamhfhicseanach? Le casadh a bhaint as a fhocail féin, theastódh bolg láidir le cuid acu a léamh.

Ní gá gur rud maith é bolg láidir i gcúrsaí litríochta, bíodh is go seasfadh sé go maith do dhuine i gcúrsaí polaitíochta. Níl goile láidir agamsa i láthair na huaire, ceal máilín an domlais, is dóigh liom. Bíonn orm taibléidí beaga Zoton a thógáil ó am go chéile le nach mbeadh aigéad an bhoilg ag ionsaí líneáil an bhoilg; rud a tharlaíonn nuair a chuirtear an t‑aidreinilín ag obair: tréigeann an fhuil an bolg agus déanann go sciobtha ar an inchinn réidh le haghaidh na freagartha primitíví: teitheadh nó troid.

Ag léamh an léirmheasa ar an Treallán dom, nó b’fhéidir gurb é Do na Fíréin é, d’airigh mé sileadh beag aidreinilín, d’airigh mé an domlas ag oibriú in íochtar mo bhoilg, mhothaigh gur gearr go mbeinn sáinnithe idir troid agus teitheadh — cé throidfinn, cá dteithfinn? Ní raibh ach réiteach amháin air. Chríochnaigh mé an léirmheas go sciobtha, leag mé uaim an leabhar, agus chuaigh mé suas staighre le Zoton a fháil — an chéad cheann ab éigean dom a thógáil le seachtain.

Is ar an ábhar céanna sin ab éigeann dom Barbed Wire a leagan uaim nuair a tháinig sé amach i dtosach. Bhí teorainn leis an méid staire, leis an méid croiméalachais, agus leis an méid scaiteolaíochta a bhí uaim ag an am.

Ach oíche amháin le deireanas, thug mé faoi arís. Dhoirt mé amach taoscán maith fuisce — Grenore — tá sé le moladh — shuigh mé síos, agus thosaigh mé ag an tús. Bhí réamhrá Chathail Uí Áinle léite agam, mar sin thuig mé anois rud nár thuig mé ar dtús, gur colúin faisin a bhí sa leabhar: os cionn cúig chéad leathanach de cholúin faisin, agus iad scríofa — má b’fhianaise na focail dheireanacha — ag Mahomet Páidín Dhúda. Go maith. Lean mé orm, go mall réidh, ag súil le taitneamh a bhaint as uaireanta deireanacha na hoíche roimh dhul a chodladh dom. Faoin dara leathanach bhí mé ag gáirí os ard; faoin tríú leathanach — agus seo é an rud iontach — bhraith mé go raibh duine ag labhairt liom. Qui parle? B’fhéidir gurb é an Cadhanach é. Ach más ea níor le glór garg é nó le glór searúsach. Ní hea, bhí an glór seo ag labhairt go héadrom, le spraoi, le cion fiú. Jouisance. Pléisiúr na léitheoireachta. Nuair a chonaic mé ainm mo sheanchomrádaí oibre, Séamas Ó Dúgáin, sa téacs, bhí a fhios agam cá raibh mé. Neafais a thugadh muid air seo sa Ghúm. Agus ba é seo Taj Mahal na neafaise. An bhféadfadh sé go raibh mé ag léamh an leabhair ab áiféisí i litríocht na hEorpa. Dála an scéil, ní raibh deoir ar bith den fhuisce blasta fós agam.

Ina fhianaise sin, b’fhéidir gur tráthúil an comóradh seo. B’fhéidir go gcaithfimid dul siar ar shaothar scríofa an Chadhanaigh as an nua ar fad, agus réabhlóid bheag léitheoireachta a chur i bhfeidhm air. Mar a chaithfimid a dhéanamh sa pholaitíocht, freisin, b’fhéidir, agus dul siar go dtí obair bhunaidh chéad leathanta an Chonartha: Irish above politics.

Ní dhéarfaidh mé tada faoi sin, ach déarfaidh mé an méid seo. B’fhéidir i ndeireadh a shaoil gur thug an Cadhanach leid dúinn faoi na hathruithe bunúsacha a chaithfimid a dhéanamh inár ndearcadh. D’fhéadfadh sé go bhfuil leagan nua den phoblachtas ag teastáil, mar shampla, nó gan leagan ar bith. Mar a dúirt an Cadhanach faoi féin sa chomhthéacs céanna agus é ag caint faoin bPoblachtachas sa Churrach: When the ideology did not suit he had to cut it off.2

B’fhéidir go bhfuil treoir san Acht Teanga dúinn. Braithim dá mbeadh sé ag an gCadhanach go n-úsáidfeadh sé é. Níl a fhios agam. Ach úsáidimisne é — ar mhaithe le cearta, ar mhaithe le fostaíocht, agus ar mhaithe le haitheantas dúinn féin agus dá bhfuil ar siúl againn: aitheantas don phobal sin is muide.

Ná ceapaimis go gcaithimis aithris a dhéanamh ar an gCadhanach. Déanaimis ár gcuid féin de. Mar scríbhneoir níor bhrath mise riamh gur cheart dom aithris a dhéanamh air, gur ní é a rachach ar fónamh do mo chuid scríbhneoireachta é go ndéanfainn iarracht aithris a dhéanamh air. Má tá dualgas orainn — agus nílim ag rá go bhfuil — ach má tá, is dualgas é a bheith éifeachtach agus dilis dúinn féin. A bheith éifeachtach ar son na teanga sin a raibh an Cadhanach féin ag fónamh di: an Ghaeilge mar ghnáththeanga laethúil ag pobal aitheanta. Agus a bheith dílis dúinn féin mar bhaill den chomhluadar iontach oirearc ársa sin. An comhthionól fuinniúil sin ar fuinneadh agus ar fáisceadh an Cadhanach as agus arb é ár gcomhthionól féin chomh maith é.

Nótaí

  1. William Rooney (Fear na Muinntire) ‘The Limitations of the Language Movement’ in Prose Writings (Baile Átha Cliath agus Port Láirge: M.H. Gill & Son, Ltd., [1909]) lch 242.
  2. Aindrias Ó Cathasaigh Ag Samhlú Troda: Máirtín Ó Cadhain 1905–1970 (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2002) lch 246.

Tá Iontaobhas Uí Chadhain fíorbhuíoch den údar agus de Chumann Merriman as ucht a gcead an t‑alt seo a fhoilsiú.