An Pholaitíocht mar Théama i Léachtaí Uí Chadhain

Le Liam Mac Con Iomaire.

Ag Dáil Uí Chadhain a tugadh an léacht seo ar an 8 Aibreán 1989.

Le naoi mbliana anuas, ón mbliain 1980, tugtar léacht phoiblí uair sa bhliain sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i gcuimhne ar Mháirtín Ó Cadhain.

As na naoi léacht a tugadh go dtí seo is faoi scríbhinní polaitiúla Uí Chadhain (go huile agus go hiomlán) a bhí péire díobh, agus is iad na scríbhinní sin a bhí ina bhfoinse inspioráide, d’fhéadfá a rá, ag péire eile díobh. Is iad an ceathrar a thug na léachtaí seo: Breandán Ó hEithir, Gearóid Ó Tuathaigh, Liam Ó Dochartaigh agus Gearóid Ó Crualaoich, agus bhí siad chomh maith sin gur cheap mé gur mhaith ab fhiú cluas a thabhairt arís do chuid dá raibh le rá iontu.

Is éard atá fúm a dhéanamh, achoimre a dhéanamh ar na ceithre léacht, sa mhéid is gur féidir achoimre chóir a dhéanamh in aon leathuair an chloig amháin, ar cheithre léacht a bhfuil os cionn uair an chloig an ceann iontu.

Tosóidh mé le léacht Bhreandáin Uí Eithir, a tugadh sa bhliain 1980…

Bhí aithne phearsanta ag Ó hEithir ar Ó Cadhain…

Fear thar a bheith polaitiúil a bhí ann (a deir sé), agus fear thar a bheith trodach. Bhí sé san IRA agus chaith sé cúig bliana i bpríosún dá bharr. Chreid sé sa bhfoiréigean agus níor shéan sé modhanna ur-reachtúla chun cuspóirí a chur i gcrích. Thug sé dílseacht do chineál éigin sóisialachais Marcsach; cineál a d’athraíodh a chruth, ní mór a admháil, agus nach bhfuil éasca a aicmiú fós féin faoi aon cheann den iliomad lipéad, ar fairsinge sa tír anois iad ná lena bheo. Thug sé dílseacht d’idéal amháin: an stát poblachtach ina mbeadh an Ghaeilge i réim agus an Ghaeltacht faoi bhláth. Éire Ghaelach gan roinnt. B’in cuspóir nár athraigh, ó thús deireadh.

D’athraigh rudaí eile. D’athraigh béim ar rudaí imeallacha agus uaireanta ar rudaí nach raibh chomh himeallach. Idir An Aisling, a scríobhadh i 1966, agus Gluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar Strae, a scríobhadh i 1969, tá athrú suntasach i dtreo an tsóisialachais. De bharr go gcreideann Ó Cadhain go dtiocfaidh an sóisialachas i réim in Éirinn ní mór do ghluaiseacht na Gaeilge a bheith mionnaithe dó freisin.

Pé rud eile a bhí sé a chraobhscaoileadh ní ag craobhscaoileadh staid shuaimhneach an éadóchais a bhí sé. An té a ghéilleann don éadóchas, a dúirt sé uair, ní gá dó tada a dhéanamh feasta. Ag comhairliú troda a bhí sé, le beagán iomarca simpliú a dhéanamh ar a shoiscéal ach gan é a chur tada as a riocht. Ag comhairliú do lucht na Gaeilge eagrú as an nua, modhanna éagsúla troda agus easumhlaíochta a tharraingt chucu féin, brú a chur agus a choinneáil ar an stát agus ar na páirtithe polaitíochta, idir chaolchúis agus mhíréasún a chleachtadh agus — thar rud ar bith eile, b’fhéidir, — a thuiscint cén aisling a bhí le cur i gcrích.

Maidir le Gaeilge éigeantach, scríobh Máirtín Ó Cadhain:

Without compulsory Irish there is as much chance of getting anywhere as Manx or Bretons or Basques have with their languages.

Tá rith an ráis leis na Bascaigh ó scríobhadh an méid sin agus tá deireadh le Gaeilge éigeantach. Díol suntais nach bhfuil aon duine, taobh istigh ná taobh amuigh de Ghluaiseacht na Gaeilge, ag éileamh an éigeantais an athuair. Díol suntais mar gur bhagair an Dochtúir Seán Ó Tuama — agus Dónall Ó Móráin ina shuí lena thaobh — in agallamh teilifíse liom féin go mbunófaí Provos na Gaeilge dá rachadh an Rialtas ar aghaidh lena mbeartas. Rinneadh an t‑agallamh an oíche sular fhógair Dick Burke cinneadh an Rialtais.

Tugaimis aghaidh, mar sin, ar chroí an scéil. Cén aisling a bhí i gceist ag Máirtín Ó Cadhain agus cé mar a bhí sí le cur i gcrích? Freagraíonn sé féin a cheist go simplí:

Ach is é an tine ghealáin arbh é an Piarsach é is túisce a bhaineas an t‑amharc as ár súile, a ghlanas in a thine bheo an seanduine dóite truaillithe asainn amach. Ba é an Piarsach an Aisling.

Agus arís, ag labhairt le comhdháil scríbhneoirí Ceilteacha i gCardiff, bliain roimh a bhás:

Although executed by the English, he was the man above all others who has been the inspiration of our country in anything worthwhile we have attempted.

Tá an méid sin soiléir go leor ach an chéad cheist eile, cé mar a bhí an aisling seo nár fíoradh le cur i gcrích in Éirinn? Chuaigh an Cadhnach féin leis an IRA agus le modhanna míleata. Chreid sé go deireadh a shaoil go raibh an ceart aige ach thuig sé freisin go raibh bealaí eile chomh héifeachtach, nó níos éifeachtaí, leis an gcuspóir a bhaint amach.

Ach céard faoin gcuspóir ba dheacra? De réir mar a léann tú trí na paimfléid agus na litreacha tugann tú faoi deara claonadh cinnte i dtreo tuisceana soiléir: ar lucht na Gaeilge féin a bhraith athbheochan na teanga. Ní raibh maith bheith ag brath ar Ghluaiseacht na Poblachta ach oiread le dreamanna polaitíochta eile.

Lena chur i mbeagán focal is é a bhí ag teastáil, Arm Cathartha Gaeilgeoirí ar son na Gaeilge, ar son na hÉireann. Agus sa léacht inar dhúirt sé sin mhol Ó Cadhain an easumhlaíocht shíochánta mar uirlis chomh maith leis na himeachtaí urdhlíthiúla ar thagair mé cheana dóibh. Is ar éigean is gá domsa a rá go bhfuil an ghluaiseacht úd a shamhlaigh sé ina riachtanas práinneach anois thar riamh agus gur dóigh liom féin agus lena lán eile nach foláir é a eagrú gan mhoill má tá seans ar bith le bheith ag an teanga maireachtáil; fiú mar an dara teanga oifigiúil i measc mionaicme sa tír. Dáiríre, ní fheicim mórán thairis sin i ndán don teanga anois agus níl sé sin féin cinnte gan obair mhór agus agóidíocht mhór.

Níl éalú ó cheist nach bhfeicim luaite i scríbhinní Uí Chadhain: céard a dhéanann tú má shocraíonn formhór mhuintir na Gaeltachta iompú ar an mBéarla mar ghnáth-teanga teaghlaigh? Níl reachtaíocht dá dhéine ná riail géarleanúna dá threise ag dul ag seasamh don teanga ansin; go fiú dá mb’fhéidir a leithéidí a fheidhmiú. Ceapaim go bhfuil seans caol ag an nGaeilge fós. Ceapaim gur ceart an Bunreacht a leasú agus an Ghaeilge a aithneachtáil mar dhara teanga oifigiúil agus cearta lucht a labhartha a bheith leagtha amach go soiléir lena chois sin. Teanga mionlaigh a bheas inti a mbeidh dearcadh maoithneasach ag go leor de phobal an Bhéarla uirthi nuair a labhraíonn an Pápa, nó Joe Connolly í, ar ócáidí maoithneasacha.

Sílim go bhféadfaí iarracht a dhéanamh cur in aghaidh an éaga agus tá cuid de na modhanna eagraithe agus na modhanna aighnis, a rianaigh Máirtín Ó Cadhain, níos riachtanaí anois ná mar a bhíodar deich agus cúig bliana déag ó shin. Ní mór tosú ar ghluaiseacht úrnua náisiúnta agus sin gan mhoill. Tá seans fós ann ach is don ghlúin atá ag éirí suas anois is ceart ceannródaíocht a ghéilleadh as seo amach. Muran spéis leo an oidhreacht agus mura gcuireann a bás isteach orthu níl neart air. Cuimhnígí nach mbrostóidh an dearcadh fuar ar easláinte na Gaeilge a bás leath chomh scioptha agus a bhrostóidh andóchas lucht na féin-dallamullóige. Ní féidir a shéanadh anois go mbuafar nó go gcaillfear cath na Gaeilge roimh dheireadh an chéid seo agus i láthair na huaire is á chailleadh atá sé; sna Gaeltachtaí agus ar fud na coda eile den tír.

Léacht Ghearóid Uí Thuathaigh anois: Máirtín Ó Cadhain, Stair agus Polaitíocht, a thug sé i 1982.

Breathnaíonn Ó Tuathaigh ar dtús ar stair an chultúir as ar fáscadh Ó Cadhain, agus tosaíonn sé leis an gcaoi ar buaileadh an tír go trom sa séú agus sa seachtú céad déag:

Ón 16ú haois ar aghaidh ba é an creideamh suaitheantas na treibhe ag an bpobal a chaill an imirt i gconcas is i bplandáil an 16ú agus an 17ú haois. Ba shuaitheantas comónta é ag Gaeil agus ag Gall-Ghaeil, beag beann ar theanga is ar ghné ar bith eile de chultúr an phobail.

Sa chéad leath den 19ú céad bhí féinmhuinín na hEaglaise Caitlicí treisithe go mór; go deimhin bhí sí cheana féin go caithréimeach ina hiompar i leith an Stáit Ghallda. Bhí sí chomh siúráilte anois de dhílseacht a tréada di nach raibh gá aici a thuilleadh le sciath cosanta na teanga, ná aon ghnó di. Le meathlú na Gaeilge mar theanga an náisiúin — agus mar shuaitheantas na náisiúntachta — b’é an creideamh bun agus barr na féiniúlachta Éireannaí, dar le roinnt mhaith de na ceannairí Caitliceacha.

Ba í tuiscint Uí Chadhain ar ról na hEaglaise Caitlicí san naoú céad déag i mbascadh an chultúir Ghaelaigh, saol traidisiúnta deabhóideach na ndaoine ach go háirithe, a mhúscail fearg is fuath an Chadhnaigh.

Ba í Eaglais Chaitliceach Paul Cullen, lena béasa Victeoiriach, eaglais smachtúil phiúratánach na haonfhoirmeachta, eaglais mheánaicmeach an Bhéarla a thug fógra an bháis do ‘shaol an tseanghnáis’, go fiú i gcleachtais dheabhóideacha an dúchais Ghaelaigh. Mar gheall ar an tréas cultúrtha seo, i measc rudaí eile, bhí an ghráin ag Ó Cadhain ar eaglais ‘oifigiúil’ Cullen agus a chomharbaí. Dála an scéil, i bhfianaise saothar taighde staraithe mar Larkin, Miller, Connolly, Corish agus eile ar stair ‘inmheánach’ na hEaglaise Caitlicí san 19ú haois, is grinn ar fad an léargas a thugann Ó Cadhain ar cad a chiallaigh an ‘réabhlóid dheabhóideach’ a chuir Cullen agus lucht a chomhsmaointe i gcrích i saol spioradálta (agus sóisialta) an phobail Chaitlicigh san 19ú haois… Tá raidhse tagairtí — idir shúgradh is dáiríre — ina chuid scríbhinní bolscaireachta do scéal seo na hEaglaise Caitlicí. Seo mar a scríobh sé sa bhliain 1964:

which… reminds us that though English law put the priest and the wolf on the same extermination basis, the priest survived and the wolf became extinct. From which we do not want to argue that the priest is the real wolf of the flock.

Chuir Ó Cadhain cuid den mhilleán ar an Eaglais faoi bheith ag brú Béarla ar pháistí scoile san 18ú haois:

Ba í an eaglais a thug isteach an bata scóir agus a chuir i bhfeidhm in Éirinn é.

(Is fiú a rá nach bhfuil iomlán an scéil chasta seo tugtha ag Ó Cadhain anseo.) Agus, arís, sa bhliain 1962, nuair a bhí caint is conspóid mar gheall ar an Roinn Oideachais a bheith sásta na Coláistí Ullmhúcháin a thabhairt ar láimh don Eaglais Chaitliceach, bhí an méid seo le rá ag Ó Cadhain faoin scéal:

Is meata an tír í gur tugadh na Coláistí Ullmhúcháin, maoin na ndaoine, do na heaspaig Chaitliceach ar bhreith a mbéil féin agus go rúnmhar. Is léar do Phrotastúin Uladh céard atá i ndán dóibh má bhíonn sé de smál orthu go deo a theacht faoi stát na hÉireann.

Maidir le Dónall Ó Conaill, deireann Ó Tuathaigh:

Faoi thús an 19ú haois, nuair a tosaíodh ar an gnáthphobal a eagrú i gceart don pholaitíocht don chéad uair, b’é an Béarla teanga na polaitíochta nua agus b’é an creideamh Caitliceach saintréith agus ballmharc an náisiúntachais Éireannaigh a bhí á fhógairt. Tugtar ré Uí Chonaill ar an ré seo, agus Ó Connallachas ar an gcineál polaitíochta a bhí i réim sa tír. Le fada an lá — óna lá féin, b’fhéidir — ba chnámh spairne idir cineálacha éagsúla náisiúntóirí in Éirinn cén tuairim a bhí acu de Ó Conaill agus dá leagan amach ar an náisiúnachas Éireannach… Cé is moite de chúrsaí creidimh, níor mhiste le Dónal Ó Conaill Éire a bheith á sú isteach i gcultúr comónta leis an mBreatain, faoi bhratach an Liobrálachais agus trí mheán an Bhéarla. Faoi lár an 19ú haois bhí múnla an náisiúnachais Chaitlicigh leagtha síos go daingean ag Ó Conaill. Bhí an teanga Ghaeilge (agus an cultúr a bhí á iompar aici) díbeartha as aisling na fuascailte agus na haiséirí ag ceannairí an phobail Chaitlicigh. Ba é an creideamh a choinneodh aontas idir aicmí éagsúla an phobail Chaitlicigh — ba é an creideamh a rinne pobal amháin de na haicmí sóisialta seo ar fad.

Ghoill Ré Uí Chonaill go mór ar Ó Cadhain, a deir Ó Tuathaigh:

Níor mhaith sé riamh do Ó Conaill gur bhochtaigh sé muintir na hÉireann trína chúl a thabhairt lena dteanga dhúchais. Dar le Ó Cadhain, d’fhág Ó Conaill — dá mhéid eile a rinne sé leis an gcosmhuintir Chaitliceach a mhisniú — an choitiantacht níos boichte sna rudaí bunúsacha a bhain lena bhféinmheas ná mar a fuair sé iad.

San anailís a rinne Máirtín Ó Cadhain ina chuid scríbhinní bolscaireachta ar stair na hÉireann san 19ú agus san 20ú haois, is é an rud is mó a chuaigh i gcion orm agus mé á léamh ná chomh slán, tapaidh, géarchúiseach, grinn is a bhí a chuid léargais, a chuid mothúchán, a chuid braistintí i dtaobh nádúr na ngluaiseachtaí polaitiúla a bhí thuas in Éirinn le dhá chéad bliain anuas, agus i dtaobh na ndaoine a bhí ina mbun (go fiú nuair a bhí sé earráideach ó am go ham faoi mhionsonraí). I bhfianaise a bhfuil déanta ag staraithe gairmiúla le breis is scór bliain anuas chun nádúr na ngluaiseachtaí polaitiúla seo a scrúdú go mion, tá sé soiléir go raibh léargais Uí Chadhain ar na cúrsaí seo an-chruinn go minic.

Agus ag trácht dó ar an anailís a rinne Ó Cadhain ar Shinn Féin sna blianta 1916 go dtí 1922 agus ar theacht chun cinn De Valera, deir Ó Tuathaigh:

Anailís an-bhreá, an-ghonta í ar scéal casta; anailís a thugann míniú níos fearr ar cad a bhí ar bun sa ‘ghluaiseacht náisiúnta’ sna blianta úd (agus cén fáth go raibh síol aighnis agus scoilte inti) ná mar a dhéanann saothar chuid de na staraithe gairmiúla ar an tréimhse seo.

Díríonn Ó Tuathaigh a aird ar na paimfléid pholaitiúla agus fiafraíonn

Cé dó ar scríobhadh iad? Ó Cadhain féin a thug freagra ar an gceist sin i dteideal an ailt cháiliúil úd sa bhliain 1962; is é sin, gur ‘do na Fíréin’, i gciall éigin den focal sin, a scríobh sé na paimfléid bholscaireachta seo. Dóibh siúd sa ‘ghluaiseacht náisiúnta’ a sheasfadh leis chun beart a dhéanamh; an mionlach nó an bhuíon chinniúnach a mbeadh a gcoinsias ag cur orthu is á spreagadh chun gnímh; b’iad sin na daoine ar theastaigh ó Ó Cadhain, an bolscaire, dul i gcion orthu. Ó ‘Mhuintir na Gaeltachta’ sna 1930aidí go dtí ‘Misneach’ sna 1960aidí is ag iarraidh barr feabhais agus éifeachta sa chineál seo síolteagaisc agus agóidíochta a bhí Ó Cadhain. Ach ní ‘intleachtóirí’ a bhí i gceist ag Ó Cadhain leis an elite seo:

Ní hé an oiread sin muiníne a bheadh agam as ‘intleachtóirí’.

An t‑amhras seo faoin ‘intleachtúlacht’ per se, tá sé ar aon dul leis an amhras a bhí ar Ó Cadhain faoi ‘thiarnas an réasúin’ i gcúrsaí polaitíochta.

Ba mhinic Ó Cadhain ag maíomh gur réabhlóidí sóisialta é mar gheall ar a bhfaca sé timpeall air agus é ina fhear óg i gConamara, go raibh sé amhlaidh riamh sular léigh sé Marx ná Connolly.

Tríd is tríd, ba iad modhanna na comhcheilge agus na hagóidíochta poiblí na modhanna polaitiúla a tharraing sé chuige féin. Fuair sé scolaíocht phraiticúil i modheolaíocht na comhcheilge san I.R.A.; ach is deacair gan a cheapadh go raibh an modh oibre seo ag teacht lena nádúr is lena phearsantacht féin, beag beann ar eagraíocht nó ar chumann ar bith. Is iad na modhanna oibre seo a bhí ag Ó Cadhain an ghné dá shaothar ba mhó a tharraing conspóid lena linn, agus a tharraingíonn conspóid i gcónaí. I ngluaiseacht na Gaeilge agus i ngluaiseachtaí eile, freisin, bhí (agus tá fós) daoine a bhí ar aon intinn leis an gCadhnach ó thaobh cuspóra de, ach a dhiúltaigh glacadh lena mhodhanna oibre.

B’iontach mar a fuair sé inspioráid ón stair. Mar shampla, chonaic sé an bhuíon réabhlóideach a bhíodh á moladh agus, ó am go ham, á stiúradh aige, mar oighrí ar na rúnchumainn talún in Éirinn san 19ú haois — an dream, dar leis, a sheas leis an gcuid ba dhearóile de phobal na linne sin, gur bheag leo an dlí, dlí na tíre nó fiú dlí na heaglaise, nuair shíl siad gur ghá dul i mbun troda chun cearta na cosmhuintire a chosaint.

I nua-stair na hÉireann, áfach, ba sna Fíníní ba mhó a chuir sé a mhuinín… Níor bhain na Fíníní leis an meánaicme mheastúil Chaitliceach; go deimhin bhí siad neamhspleách ar bhagairt na hEaglaise i gcúrsaí polaitiúla i gcoitinne.

Ag Dia amháin atá a fhios cá bhfuair Ó Cadhain an paisean fíochmhar a bhí ann chun na fírinne, na saoirse agus an chirt.

Ar éigean má bhí an dara duine suas in Éirinn lena linn a rinne iarracht chomh fíochmhar leanúnach chun aisling iomlán na saoirse, idir fhuascailt shóisialta agus shlánú anama, a chur i bhfriotal is i ngníomh chomh tréan tuineanta le hiarracht Mháirtín Uí Chadhain.

Tiocfaidh mé anois go dtí léacht Liam Uí Dhochartaigh i 1985: Cúis na Gaeilge — Cúis ar strae.

Is é a bheidh á mhaoimh agamsa sa léacht seo ná go bhfuil an chúis féin, cúis na Gaeilge, ar strae faoi láthair agus, sa mhéid gur féidir a rá gur ann do ghluaiseacht na Gaeilge, nach léir go dtuigeann an ghluaiseacht cén raison d’etre atá ag an gcúis ná aici féin níos mó. Is ainneoin na n‑athruithe bunúsacha atá tagtha ar an saol in Éirinn ó na seascaidí i leith, athruithe ar thuiscintí idé-eolaíochta agus féiniúlachta, ar léamh na staire agus ar eagar sóisialta, braithim go bhfuil lucht na Gaeilge fós taobh le seantuiscintí maidir le tábhacht na Gaeilge don fhéiniúlacht Éireannach i gcoitinne nó maidir le hionad na Gaeilge in idé-eolaíocht nó i saol an stáit ó dheas.

Fiafraíonn Ó Dochartaigh:

Cén tábhacht dáiríre atá leis an teanga Ghaeilge don Éireannach ó dheas mar shuaitheantas féiniúlachta nó mar chomhartha lárnach eitneachta ó baineadh amach féinrialtas? Seans gur leor leis an gnáthshaoránach an stát sin féin a bheith ann, go seasann an stát neamhspleách don fhéiniúlacht Éireannach. Ina theannta sin, seans freisin gur tábhachtaí d’fhormhór an phobail, i gcomhthéacs na tuisceana atá acu ar stair na muintire a chuaigh rompu, an creideamh Caitliceach ná an teanga Ghaeilge mar chomhartha eitneachta nó féiniúlachta.

Braithimse féin go bhfuiltear ag déileáil le blianta beaga anuas le Béarla na hÉireann mar a bheadh teanga náisiúnta ann mar mhalairt ar an nGaeilge, ón uair, (ar mhí-ámharaí an tsaoil), nár éirigh leis an bpolasaí athréimnithe.

Cruthaíonn stádas nua seo an Bhéarla brú ar an nGaeilge, brú oifigiúil ónár muintir féin. Mar shampla, i gcás na litríochta, ní gá ach a bhfuil sa Ghaeilge a aistriú go Béarla agus beidh sé ansin ina chuid de shaibhreas litríochta Bhéarla na hÉireann — an tseanlitríocht idir phrós agus fhilíocht, filíocht an ochtú céad déag, an nuafhilíocht, seanamhráin mhóra Chonamara féin. Sa bhunscoil, is ins na leabhair léitheoireachta Béarla anois is mó a thagann an dalta ar sheanscéalta litríocht na Gaeilge, An Táin, An Fhiannaíocht, etc. Cineál bradaíle ar shóchmhainní na Gaeilge é seo; dispossession de shaghas eile.

Dearcadh aonteangach Breataineach nó Meiriceánach atá i réim a mheasann oiread deacrachta agus castachta a bheith ag baint le sealbhú teanga dúchais an pháiste nach bhféadfaí iarraidh ach ar lucht ard-chumais amach is amach an dara teanga a fhoghlaim. (Eisceacht is ea páiste na Gaeltachta, gan dabht!)

Faoi láthair, braithim go bhfuil faillí á dhéanamh d’aonghnó sa Ghaeilge ag an rialtas ó dheas in ainm an ‘iolrachais’, nó in ainm léamh áirithe ar a bhfuil i gceist le iolrachas. Tugtar Gaelic Catholic ar cheann de dhá mhórthraidisiún na tíre, amhail is dá mba Ghaeilgeoirí iad an pobal iomlán caitliceach ó dheas. In ainm an athmhuintearais, ní mór maolú ar an traidisiún seo Gaelic Catholic agus ós rud é nach bhfuil sé de mhisneach ag na polaiteoirí tabhairt faoi chumhacht nó faoi thionchar na heaglaise caitlicí a mhaolú, is ionann seo go praiticiúil agus maolú ar thacaíocht don Ghaeilge, le súil is go meallfar na haontachtóirí bochta saonta ó thuaidh. A mhalairt ar fad de thuiscint a bhainfeadh an gnáthdhuine as coincheap an iolrachais.

An Ghaeltacht: Ní mór do mhuintir na Gaeltachta féin a n‑intinn a dhéanamh suas cé acu an mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail ina measc nó nach mairfidh. Faoi láthair, tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé i gceist ag pobal na Gaeltachta sampla na coda eile againn a leanacht agus iompú ar an mBéarla mar phríomhtheanga; ní tógtha orthu dáiríre géilleadh do bhrú an Bhéarla ón mórphobal nuair nach ndéantar freastal ar a gcuid riachtanas nó bunseirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Ba bhreá liom muna mbeadh muintir na Gaeltachta chomh mín, chomh múinte, chomh sibhialta ná chomh géilliúil don chuid eile againn agus go mbeadh cúpla scór duine óg ann gan scáth gan náire a chuirfeadh feachtas leanúnach ar bun le go ngaelófaí gach gné de shaol na Gaeltachta. I láthair na huaire, pé scéal é, is cosúil go bhfuil an Ghaeilge ag meath léi sa nGaeltacht; ceapann cuid againn go bhfuil creill an bháis cloiste sa ghlúin réamhscoile againn sna ceantair is láidre féin.

Níl aon dul as, sílim, ach ceist a thógáil faoi éifeacht lucht na cúise ina gcuid oibre. Is é atá i gceist agam le lucht na cúise chuile eagras agus chuile dhuine a bhfuil cúram air nó uirthi maidir le cur chun cinn na Gaeilge, lucht na n‑eagraíochtaí deonacha, lucht na n‑eagraíochtaí stáit, múinteoirí, cigirí agus lucht riaracháin an chórais oideachais, léachtóirí agus ollúna tríú leibhéal, lucht taighde agus mar sin de. Daoine gnaíúla a bhformhór, lucht dea-thola go minic, ach — i gcead don chomhluadar — is lucht útamála a lán acu freisin ar tábhachtaí leo a stádas ina n‑eagraíochtaí nó ina ngairmeacha féin ná an obair atá le déanamh, agus rómhinic, dar liom, nach bhfuil oilte ar an ngnó a theastaíonn a dhéanamh a chur i gcrích go lánéifeachtach.

Gné eile de cheist na héifeachta is ea caighdeán an mhachnaimh ag lucht na Gaeilge féin ar cheist na Gaeilge, ar an dátheangachas nó ar an oideachas, nó ar na cúinsí sóisialta nó polaitiúla ina gcaithfidh an Ghaeilge teacht slán. Braithim amantaí an machnamh i measc na n‑eagraíochtaí deonacha agus stáit i réimse na Gaeilge a bheith neamhthathagach, amhrastúil agus amaitéarach.

Anseo ó dheas, tá toise eile fós leis an bhfadhb seo. Braithim go mbíonn leisce ar lucht na Gaeilge tabhairt go fíochmhar faoin rialtas nó gníomhú go fórsúil ina choinne, fiú dá mbeadh cúis mhaith lena leithéid (RTÉ, mar shampla), ar eagla go mbainfí míbhrí nó míthuiscint as an ngníomhaíocht agus go dtuigfí easpa dílseachta nó easpa urraime don stát neamhspleách Éireannach a bheith i gceist. Níl bunús leis an imní seo dar liom; is iad lucht na Gaeilge lucht cosanta agus caomhnóirí na haislinge ba bhun le bunú an stáit.

Teip na nInstitiúidí Léinn: Is paradacsúil ar fad an ní é, tar éis a fheabhas a d’éirigh le léann na Nua-Ghaeilge, go bhféadfaí a mhaíomh gur loic na hinstitiúidí ardléinn ar chúis na Gaeilge. Tá sé seo thar a bheith soiléir maidir le saothrú an ardléinn i gcoitinne trí mheán na Gaeilge, ach sílim go bhfeicfear go bhfuil níos mó ná smut den fhírinne ann sa mhéid a bhaineann leis na gaid is (giorra) gaire do scornach na Gaeilge chomh maith .i. oiliúint na múinteoirí, taighde agus machnamh bunúsacha faoi dhán na Gaeilge san athrú saoil, taighde faoi chúinsí dátheangachais na hÉireann agus aistriú saineolais na scoláirí go dtí leibhéal an tsaoránaigh nó go leibhéal na scoile.

Braithim go bhfuil dhá rogha á chur i láthair an Ghaeilgeora faoi láthair .i. (i) iarracht a dhéanamh leanacht leis an bpolasaí a bhí ann a thabharfadh deis do chuile shaoránach a bheith rannpháirteach in oidhreacht na Gaeilge agus a d’fhéachfadh lena chinntiú go mbeadh a bheag nó a mhór den Ghaeilge ag chuile shaoránach sa stát; nó (ii) díriú ar fhreastal faoi leith a dhéanamh ar mhionlach d’fhonn pobal ceart Gaeilgeoirí a chruthú. Tá daoine ann — agus táim féin ina measc — a cheapann gur féidir freastal ar an dá thrá ach arís braithim go bhfuiltear ag cothú na tuairime nach féidir freastal ar an bpobal i gcoitinne agus gurbh fhearr díriú ar mhionlach. Braithim go bhfuil brú sa treo seo á chruthú ag polasaithe rialtais .i. gur cúram do mhionlach an Ghaeilge agus go ndéanfaí freastal ar an mhionlach seo de réir mar a oireann don mhionlach féin, ach an t‑airgead a bheith ann chuige, ár ndóigh! Braithim go bhfuil an brú seo á chruthú ag lucht na Gaeilge féin chomh maith, dá ndeoin nó dá n‑ainneoin. Sin é a thuigimse as na Gaelscoileanna, as an bhfeachtas le Bille Cearta a bhaint amach do ‘phobal na Gaeilge’ agus as an gcaint faoi phobal Gaeilgeoirí a chruthú sna cathracha.

Cé gur tráth réadúlachta é, ní tráth éadóchais é; tá trí sméar mhullaigh againn i Raidió na Gaeltachta, sa litríocht chomhaimseartha agus i léann na Nua-Ghaeilge. Tógaimis orthu siúd. Cuirimis le chéile agus ná bímis ar strae a thuilleadh!

Tugann sé sin mé go dtí an ceathrú léacht — Máirtín Ó Cadhain agus Dioscúrsa na Gaeilge, a thug Gearóid Ó Crualaoich i 1988.

Scrúdaíonn Ó Crualaoich ar dtús an tuiscint ar bhéaloideas agus ar shaol an bhéaloidis a nochtaigh an Cadhnach in Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca.

Is dóigh liom féin go bhfuil ceangal an-bhunúsach agus an-tábhachtach ann idir cúrsaí béaloidis agus aon chlár feidhmiúil polaitíochta mar an gceann seo a bhí leagtha roimhe féin agus roimh a chomrádaithe ag Máirtín Ó Cadhain.

Is chuige atáim anseo aird a tharraingt ar nádúr réabhlóideach an tsaoil bhéaloidis dáiríre agus an tslí go bhféadfadh páirt mhór bhunaidh a bheith aige sa phróiseas réabhlóideach sóisialta agus cultúrtha a theastaíonn má tá an tsibhialtacht shinseartha againn le teacht slán beo ar fhórsaí stairiúla na linne seo.

Tá sé thar a bheith suimiúil, lenár linn féin — anois go bhfuil ag dul chomh crua sin ar an Stát cloí le haidhmeanna pholasaí na Gaeilge féin faoi mar a bhíodh — go bhfuil polaiteoirí áirithe ag caint ar Bhéaloideas mar ábhar scoile a chur in áit na Gaeilge dóibh siúd nach nglacfaidh a thuilleadh le múineadh na teanga dóibh mar dhlúthchuid dá n‑oiliúint. Léiriú eile is ea é seo, dar liom, ar an tslí go bhféachtar go hoifigiúil ar an mbéaloideas mar rud slán sábháilte neamhdhíobhálach a fheidhmíonn chun seanluachanna traidisiúnta a choimeád os ár gcomhair.

Téann Ó Crualaoich go croí an scéil:

Is féidir féachaint ar an mbéaloideas i slí eile áfach má thuigimid gurb é a bhíonn ann i gcónaí ná léiriú i bhfocail agus i ngníomh ar mheon agus ar aigne a bhfuil a fhéachaint amach féin aige ar an domhan mór agus ar chúrsaí an tsaoil agus é seo contrártha le féachaint amach agus, go deimhin, le bunmheon an Stáit agus na hoifigiúlachta. Go freasúrach a sheasann an béaloideas i leith chultúr na ngrúpaí ceannais trí chéile agus i leith chultúr oifigiúil an Stáit chomh maith céanna.

Bíonn an bua go rialta ag fórsaí cultúrtha an Stáit agus na ngrúpaí ceannais trí smacht a bheith acusan araon ar na meáin chumarsaíde a théann i bhfeidhm inniu níos mó ná riamh ar shaol gach duine. De réir mar atá scolaíocht agus léitheoireacht agus caitheamh aimsire curtha ar fáil níos mó agus níos mó ar an mórgcóir san aois seo ag an Stát agus ag lucht ceannais agus údaráis gur multi-nationals go minic iad is lú de sheans a bhíonn ag béaloideas i.e. ag dearcadh agus beatha fhreasúrach na muintire non‑elite é féin a chur in iúl nó teacht os comhair an tsaoil. Ach tá mar a bheadh síol réabhlóide i gceist i ndioscúrsaí agus i mbéaloideas seo na mbocht agus na n‑imeallach sa mhéid is go bhfuil diúltú iontu do shoiscéal polaitiúil agus cultúrtha an Stáit agus do shoiscéal sóisialta agus cultúrtha an rachmais. ‘Svae cultúrtha’ lucht ceannais, idir Stát agus Rachmas, a choimeádann an síol réabhlóide sin gan fás agus gan bláthú díreach mar atá fórsaí armtha an Stáit ann chun féachaint chuige más gá nach bhfásfaidh agus nach mbláthóidh an síol céanna.

Más fíor mar sin gur ábhar réabhlóideach é béaloideas ó cheart is cinnte gur ábhar mór réabhlóideach ab ea an Ghaeilge leis, gan aon amhras, sa ghluaiseacht náisiúnta a rug an Stát seo. Siombal ab ea an teanga féin ar mheon, ar chultúr, ar fhéachaint amach a bhí contrártha le meon agus le ceannas an tSasanaigh agus Rialtas na Breataine. Gníomh ceannairceach treascrach ab ea labhairt na Gaeilge ar leibhéal na hidé-eolaíochta agus ar leibhéil phraiticiúla eile faoina bhun sin. Go dtí gur bunaíodh an Saorstát inár measc dob é an Stát Sasanach féin agus ionadaithe agus institiúidí an Stáit sin is mó agus is coinsiasaí a bhí ag brú Béarla agus idé-eolaíocht agus cultúr Béarlóirí ar mhuintir na tíre seo.

Tar éis achair fhada tháinig sé sa saol go bhfuaireamar ár n‑apparatus stáit féin.

Ní féidir a rá nár deineadh iarracht, agus go minic sáriarracht chun an t‑idéal a chur i gcrích. Ach níl sé i gcrích. An Stát a tháinig ann sna fichidí chun freastal polaitiúil a dhéanamh ar úinivéars sainiúil siombalach mhuintir na hÉireann uile tá sé dírithe anois ar a bheith ag freastal ar lucht gnó agus capitil go príomha agus iadsan mar elite ag maireachtaint go sóisialta agus go cultúrtha i ndomhain chultúrtha eachtrannacha don chuid is mó. Toisc chomh mór agus a ghlac an Stát nua air féin cuspóirí teanga agus cuspóirí cultúrtha na réabhlóide i dtús an chéid ligeadh do Ghluaiseacht chomónta na Gaeilge crapadh agus dul ar gcúl toisc gur tuigeadh go ndéanfadh an Stát an beart. Is léire anois ná riamh gur dearmad ab ea é sin agus gurb é an Stát féin inniu is mó atá ag obair chun an t‑aistriú teanga ó Ghaeilge go Béarla a chríochnú amach.

The State’s role in language protection is constrained by rigidities…

Scríobh Pádraig Ó Comáin an méid sin san eagrán speisialta Éireannach den iris International Journal of the Sociology of Language. Ansan, leis, tá anailís chliste chóir déanta ag Hilary Tovey ar nádúr agus ar fheidhmiú Bhord na Gaeilge le deich mblian anuas.

Gnó bainistíochta a thuigeann an Bord agus an Stát anois le freastal ar éileamh Gaeilgeoirí. Tá cúis as an nua sa mhéid sin ag an stát, (seachas aon dílseacht don athbheochan nó don dátheangachas), cúis chun tacaíocht bheag áirithe a thabhairt don Ghaeilge. Ach is é is brí le tacaíocht stáit anois nuair is cineál consumer commodity acu í an Ghaeilge go hoifigiúil, ná mar a deir Hilary Tovey féin the protection of the home product in the arena of the open market. Ceapann sí go mb’fhéidir go gcuirfidh an meon agus an cleacht fuarchúiseach biúrócratach seo déistean ar mhórán Gaeilgeoirí agus go gcuirfidh sé bearna idir iad agus iarrachtaí an stáit ar son na teanga. Sa chás sin bheadh súil le gluaiseacht nua sóisialta agus sochtheangeolaíochtúil a thabharfadh droim láimhe d’iarrachtaí an stáit agus a chuirfeadh fealsúnacht nua Gaeilge agus aidhmeanna nua Gaeilge os comhair an phobail le fuinneamh agus le neart. Dá dtiocfadh gluaiseacht, nó dream, nó páirtí mar seo chun cinn a rachadh i bpáirtíocht dhian le mionlaigh eile cheanglófaí le chéile síol réabhlóide freasúrach na Gaeilge le síol réabhlóide bhéaloideas na haimsire seo, (is é sin le dearcadh agus dioscúrsaí agus féachaint amach freasúrach na coitiantachta atá faoi ghéarsmacht aicmí na cumhachta agus an rachmais inniu).

Tá súil agamsa go bhfeicfear ar ball gur lenár linn féin a cuireadh tús le réabhlóid shóisialta agus cultúrtha nua a thug le chéile cuspóirí na saoirse agus cuspóirí na Gaeilge in athuair. Táim cinnte gur ar a shonsan féin a d’oibrigh Máirtín Ó Cadhain i gcaitheamh a shaoil, ar shlite éagsúla, agus tá dóchas agam go dtuigfeadh sé cad chuige atáim. Pé scéal é is le hómós dá chuimhne a d’ullmhaíos an chaint seo.

Ní fheicimse faoi láthair aon teiripe ar fáil as Gaeilge do Ghaeilgeoirí murab é an Misiún Gaelach é nó an taobh tréadach de Raidió na Gaeltachta mar is léir uaireanta dínit an duine agus an chultúir dhaonna sa láimhseáil chiúin chumasach, a bhfuil idir an t‑ómós agus féith an ghrinn ann, a dhéanann craoltóirí áirithe ar phobal na Gaeltachta atá mar chúram acu. Obair réabhlóideach an cineál craolta seo.

Mar chríoch, áfach, luafad mionsampla agus mórshampla den rud atá i gceist agam maidir leis an réabhlóid a bheith tosaithe cheana féin a chuirfidh an Ghaeilge agus an tsaoirse phearsanta chun cinn. An mionshampla: na naíscoileanna agus na Gaelscoileanna atá ag éirí flúirseach inár measc. Éalú ó ghnáthsmacht an Stáit is ea a bheith ag plé le Gaelscoil. Léiriú is ea gach ceann acu ina eagrú agus ina fheidhmiú ar dhaoine ag glacadh seilbhe ar choda den saol i slí a mhéadaíonn ar a ngradam sóisialta agus ar a sástacht ina mbeatha, lasmuigh ar fad den dea-thoradh a bhíonn ann ó thaobh na Gaeilge agus ó thaobh an oideachais de.

Ar deireadh an mórshampla, Tuaisceart na hÉireann. Stát nua iolrach a bheidh ann ina mbeidh leagan amach nua ar chúrsaí ceannais. Is dóigh liom go mbeidh páirt cheart ag Gaeilge agus ag béaloideas i.e. ag cultúr na coitiantachta sa leagan amach (céanna). Is é atá i gceist agam ó thaobh béaloidis de ná go mbeidh éifeacht le dearcadh agus le dioscúrsaí na coitiantachta ar gach taobh i gcur le chéile ‘svae cultúrtha’ nua.

Ó thaobh na Gaeilge de tuigtear dom go bhfuil slite á gceapadh acu dóibh féin ó thuaidh ag Gaeilgeoirí an teanga agus dioscúrsaí na Gaeilge a thabhairt isteach go smior na gcnámh sa stát nua iolrach seo atá le teacht, rud a theip orainn anseo ó dheas a dhéanamh ainneoin na cainte go léir agus na haidhmeanna arda.

Tá an chuid eile den léacht bhreá seo agus de na léachtaí breátha eile sin, le fáil i bhfoirm leabhair dar teideal Léachtaí Uí Chadhain.

Tá Iontaobhas Uí Chadhain fíorbhuíoch den údar as ucht a chead an t‑alt seo a fhoilsiú anseo.