Ceist, cé a léifidh Máirtín Ó Cadhain?

Leis an Dochtúr Louis de Paor.

Tugadh an léacht seo ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman i 2006.

Tá cuntas corraitheach ag Aindreas Ó Gallchóir ar thuras a thug sé ar an gCnocán Glas i dteannta an Chadhnaigh sa bhliain 1967 le clár faisnéise ar a shaol agus a shaothar a thaifeadadh:

Ag deireadh uaigneach an scannáin sin agus é ina shuí cois an range i dteach a dhearthár Pádraic, dúirt sé go raibh saothar idir lámha aige agus dá bhfaigheadh sé uain ón uaigh áibhéileach sin in Ard Jerome ina bhfuil mo bhean curtha go dtógfadh Éireannaigh óna seilfeanna é anois is arís.1

Is é an leabhar a bhí idir lámha aige an uair sin ná An tSraith Dhá Tógáil mar a bhfuil cuid den scríbhneoireacht is substaintiúla agus is snoite dá bhfuil againn ó láimh Mháirtín Uí Chadhain. Ba dheacair a áiteamh, áfach, go bhfuil sé i measc na leabhar a dtógann Éireannaigh óna seilfeanna é anois is arís.

De réir figiúirí ÁIS, díoladh 780 cóip de leabhair Mháirtín Uí Chadhain, idir ghearrscéalta agus úrscéalta, le trí bliana anuas go dtí Deireadh Fómhair 2005.2 Ba iad na leabhair ba mhó a raibh díol orthu ná Cois Caoláire (353), agus An Braon Broghach (288), mar a bhfuil na scéalta luatha is cumasaí dar scríobh sé. Níor díoladh oiread agus cóip amháin de An tSraith ar Lár, ná de An tSraith Dhá Tógáil, mar a bhfuil na scéalta is fearr dar scríobh sé níos déanaí ina shaol, ná de Cré na Cille, an leabhar is mó a shamhlaítear lena ainm i gcónaí. Ba dheacair iad a cheannach, dar ndóigh, agus iad as cló le fada an lá, mar atá na haistriúcháin lánábalta a chuir Eoghan Ó Tuairisc ar fáil dúinn in The Road to Brightcity. An leabhar nach bhfuil ar an tseilf, ní féidir é a thabhairt anuas di.

Maidir leis an dá úrscéal a foilsíodh le blianta beaga anuas, agus a raibh go leor againn ar bís chun iad a léamh, is beag an ceannach atá orthu — 35 cóip de Athnuachan agus 31cóip de Barbed Wire. Ar shlí, ní miste san; cé gur leabhair iad a bhfuil a dtábhacht féin leo, ní dóigh liom go gcuirfidh siad puinn lena cháil sa bhfadtéarma, ach oiread le Idir Shúgradh agus Dáiríre ar díoladh 51 cóip de le trí bliana anuas, agus An tSraith Tógtha ar díoladh 22 cóip de. Maidir le Athnuachan, bhí an méid seo le rá ag an gCadhnach mar gheall air i gcaint a thug sé ar Radió Éireann i mí Bealtaine 1952:

Tá sé cúpla bliain ó thosaíos ar an saothar seo, ach bhí orm é a fhágáil gan críochnú de bharr crúóige eile. Ar thosaí dhom air in athuair, bliain go Nollaig seo caite, b’éigean dom roinnt mhór paisteála a dhéanamh ar an méid dhe a bhí scríofa roimhe sin. Ba saothar céasta i gceart an grafchur sin. Ní fhásfadh an planda óg ar an seantamhain. Má ligeann duine do ghoradh a phinn téachtadh, ní hé an cineál céanna teasa a bheidh san athghoradh.3

Tá a rian san ar Athnuachan; is cinnte nach bhfuil sé ‘thrí lasadh’ mar atá na scéalta móra in Cois Caoláire a foilsíodh an bhliain dar gcionn. Maidir le Barbed Wire, is dóigh liom go bhfuil dealramh i gcónaí leis an méid a dúirt Niall Ó Dónaill mar gheall air nuair a cuireadh féna bhráid é i gcomórtaisí liteartha an Oireachtais i 1964. D’aithin an moltóir ‘go raibh cumas mór ann’ ach ‘lean an t‑údar rófhada le gach téama, á chíoradh agus á athchíoradh gur bhain sé an smior chailleach as… go ndeachaigh sé i bhfad agus i bhfad agus i bhfadálacht, leis an tsíorspochaireacht as rudaí atá spochta cheana’.4

***

Níl aon dabht ná go mbíodh léamh níos fairsinge á dhéanamh ar shaothar an Chadhnaigh lena linn féin ná mar atá le tamall de bhlianta anois. Ba mhór an spreagadh dó an méid sin, mar a d’admhaigh sé sa chaint a thug sé ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman sa bhliain 1969:

Is mór an rud ag scríbhneoir aitheantas. É seo a chloisteáil ag dul thart dhom i bPáirc an Chrócaigh lá mórchluiche: ‘there goes Cré na Cille’.5

Fiú is gur i bPáirc an Chrócaigh seachas Staid Semple a tharla sé, tá scéilín an Chadhnaigh ag teacht go maith le háiteamh Dhomhnaill Uí Chorcora mar gheall ar an gcaidreamh ba cheart a bheith ann idir an scríbhneoir agus an pobal. Ina leabhar conspóideach Synge and Anglo-Irish Literature, deir Ó Corcora linn gur rith sé leis lá i nDurlas Éile nach raibh aon scríbhneoir Béarla in Éirinn ag freastal ar an 30,000 duine a bhí i láthair ag Craobh na hÉireann san iomáint. Bhí bearna dá réir, dar leis, idir aigne an phobail agus an chuid is fearr de nuascríbhneoireacht Bhéarla na hÉireann, rud nár tháinig i gceist le litríocht an Bhéarla i Sasana.

Seo mar a mhínigh Corkery an gaol a shamhlaigh sé idir scríbhneoirí aitheanta Shasana agus an slua a bheadh i láthair ag cluiche sacair:

They give the crowd a new significance: through them we may look with better eyes at the massed people of England. The crowd equally deepens the significance of the written word: what stranger, learned in English literature, recollecting it, would not be glad to find himself in their midst, viewing them, listening to them? He might surely well forget the footballing.6

Pé ní a déarfaimis le fealsúnacht liteartha Uí Chorcora i dtaobh freagracht na litríochta i leith an phobail, fealsúnacht a mbaintear an bonn amach faoi, cuid mhaith, san abairt dheiridh ansin, is cinnte go bhfuair Máirtín Ó Cadhain aitheantas i measc an phobail sa tír seo tráth. Nuair a bhí míreanna as Cré na Cille á bhfoilsiú ó sheachtain go seachtain san Irish Press, adeir sé féin linn in Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, chuala sé beirt ag caint mar gheall air sa bhus. What do you think of this story serialised in the Irish Press? a d’fhiafraígh cailín a bhí ina suí os a chomhair amach sa bhus dá compánach fir. This Ó Cadhain fellow, adúirt sé. A right galoot if ever there was one. A Joycean smutmonger.7

D’aontódh go leor dá mhuintir thiar i gConamara leis an gcáineadh, dar leis, ach níor fhág san nár léadar le fonn é. Cheannaigh daoine Cré na Cille, adeir sé, q>nár cheannaigh de leabhar ariamh ach Old Moore’s Almanac. Bhíodh sí á léamh, adeir sé, sna tithe cuart agus ar an bportach. Bhí a mhíniú féin ag an gCadhnach ar an tóir neamhchoitianta a bhí ag a mhuintir féin ar an leabhar: Bhí sé sách gar d’intinn na ndaoine go raibh nathaíodóirí ag cur rudaí léi nach raibh inti.8

Tá fianaise éigin againn go bhfuil an saothar áirithe seo gar go maith d’intinn a mhuintire i gcónaí ón méid a tharla cúpla bliain ó shin nuair a chuir Macdara Ó Fatharta a léiriú cumasach féin de Cré na Cille ar stáitse na Taibhdheirce is gur tugadh lán bus de sheandaoine as Conamara isteach go dtí an réamhléiriú. Chuaigh sé dian ar na haisteoirí, adeirtear liom, cuimhneamh ar a gcuid scripteanna nuair a thosnaigh cuid den lucht féachana ag labhairt os ard leis na carachtaeirí stáitse fé mar gur seanchomarsain leo féin iad ná raibh feicthe acu le tamall. ‘Spect-actor’ a thugann an stiúrthóir amharclainne Augusto Boal ó Mheiriceá Theas ar an té a thrasnaíonn an teorainn fisiciúil agus meitifisiciúil idir an lucht féachana agus an stáitse mar sin le páirt ghníomhach a ghlacadh in imeachtaí an dráma.9

Tá sampla eile againn de sin sa mhéid a tharla nuair a bhí The Plough and the Stars le Seán O’Casey á léiriú den gcéad uair i 1926. Chuaigh agóidí Poblachtánach ar stáitse agus chuir a chóta timpeall ar dhuine de na bancharachtair a bhí leata le fuacht, dar leis. She was not the actress in his eyes, adúirt Yeats i litir go dtí Sir Herbert Grierson, but the consumptive girl.10 Léiriú is ea an méid a tharla sa Taibhdhearc ar chuid de mhórbhuanna an Chadhnaigh, barántúlacht an chomhrá aige atá dílis don gcaint chréúil chraicneach a fuair sé óna mhuintir, agus fírinne a léargais ar a mhuintir féin.

Ní chuige sin atáim, áfach. Is í an cheist ba mhaith liom a chur, céad bliain ó rugadh é, agus sé mbliana dhéag agus fiche geall leis ó cailleadh é, ná cén pobal atá ag Máirtín Ó Cadhain sa lá atá inniu ann, nó cé a léann a chuid saothair anois? Is léir ó fhigiúirí ÁIS ach go háirithe nach bhfuil tóir ar a shaothar mar a bheifí ag súil i gcás scríbhneora atá molta chomh hard sin ag criticeoirí agus scoláirí litríochta. Tá go leor cúiseanna leis sin agus féachfaidh mé le cuid acu a scagadh sa chaint seo anocht.

****

Nuair a labhair an Cadhnach féin le Cumann Merriman i 1969, chaith sé sáiteán géar leis na filí, á rá ná raibh feidhm leis an bhfilíocht níos mó, go gcaithfí an prós, ‘tathán’ na litríochta, a fhorbairt i gceart sara mbeadh rath ceart ar scríbhneoireacht na Ghaeilge:

Is fusa go fada liric dheas neamhurchóideach ocht líne a chuma anois agus aríst ná aiste a scríobh, úrscéal, ná fiú gearrscéal féin a scríobh. Seo í an éascaíocht agus an leisce ar ais aríst! Cho fada is is léar dhomsa is mó go mór a bhfuil d’fhilíocht dhá scríobh sa nGaeilge ná sa mBéarla in Éirinn. Go leor de na daoine seo a scríobhas ocht líne an Sprid Naomh gach Cincís tá siad in acmhainn leabhar a chur ar fáil… Is é an prós tathán, coincréad, clocha saoirsinne an tsaoil agus é cho garbh míthaithneamhach leis an saol féin.11

Ba dheacair a shamhlú an uair sin go mbeadh an gearrscéal, an fhoirm ba rathúla dar shaothraigh sé féin, dulta ar gcúl chomh mór sin lenár linn féin agus é faoi bhrú millteach ag fórsaí an mhargaidh, ó na foilsitheoirí móra idirnáisiúnta, go dtí Richard agus Judy agus Oprah, go dtí an iliomad clubanna leabhar, atá tar éis an t-úrscéal a chur chun cinn ar shlí neamhchoitianta ar fad le fiche bliain anuas agus an gearrscéal, an fhoirm ba threise, b’fhéidir, i litríocht na hÉireann ar feadh cuid mhaith mhór den bhfichiú haois, a fhágaint in áit na leithphingine. Ní hé Máirtín Ó Cadhain amháin atá thíos leis an athrú faisin seo ach cuid de na scríbhneoirí is mó, agus is mó le rá, a bhí suas lena linn féin — Frank O’Connor, Seán Ó Faoláin, Mary Lavin, agus Liam Ó Flaithearta ina measc.

Ar ndóigh, tá cúiseanna eile nach mbeadh saothar an Chadhnaigh á léamh níos fairsinge i mblianta tosaigh an chéid seo, ach níor mhór droch-chás an ghearrscéil a chur san áireamh chomh maith le nithe eile a mbeimid ag trácht orthu ar ball.

***

Tharlódh, ar ndóigh, gurb é an rud is nádúrtha amuigh é go rachadh líon na léitheoirí a bheadh ag aon scríbhneoir, agus scríbhneoirí móra san áireamh, i laghad de réir a chéile go dtí ná beadh fanta aige/aici ach na fíréin, agus roinnt bheag scoláirí. Tá sé áitithe ag André Lefevere, mar shampla, gurb é sin atá i ndán don litríocht ar fad, gur mó a bheidh trácht ar na saothair mhóra ná mar a bheidh de léamh orthu, gur i leabhair chriticis agus shuirbhé, in eolairí, agus cicipléidí, ar stáitse agus ar an scáileán, a chuirfidh an pobal léitheoirí eolas ar an litríocht:

The non-professional reader increasingly does not read literature as written by its writers, but as rewritten by its rewriters… When non-professional readers of literature… say they have ‘read’ a book, what they mean is that they have a certain image, a certain construct of that book in their heads. That construct is often loosely based on some selected passages of the actual text of the book in question… supplemented by other texts that rewrite the actual text in one way or another, such as plot summaries in literary histories or reference works, reviews in newspapers, magazines, or journals, some critical articles, performances on stage or screen, and, last but not least, translations.12

Tá sé ráite nach bhfuil de phobal fanta ag litríocht na Gaeilge pé scéal é ach léitheoirí proifisiúnta .i. scríbhneoirí, scoláirí, agus lucht ollscoile. Is leor sracfhéachaint ar na cúrsaí litríochta atá á múineadh i ranna Gaeilge na n‑ollscoileanna faoi láthair lena dheimhniú gur beag an margadh atá ansan níos mó do shaothar Mháirtín Uí Chadhain. Tríd is tríd, ní thugtar ar mhicléinn aon mhionstaidéar a dhéanamh ar a shaothar go dtí leibhéal na hiarchéime. Sa chuid is mó de na hollscoileanna agus na coláistí tríú leibhéal in Éirinn, is féidir, mar sin, céim a bhaint amach sa Ghaeilge gan Máirtín Ó Cadhain a léamh.13

Tuigtear coitianta gur scríbhneoir crua é is go bhfuil teanga na scéalaíochta aige ródheacair do mhicléinn. Níl aon dabht ná bhfuil stró ag baint le saothar an Chadhnaigh a léamh ach ní ghlactar leis an deacracht teangan mar leithscéal le gan téacsaí Sean-Ghaeilge a léamh, le neamhaird a thabhairt ar ‘Chúirt an Mheon-Oíche’, ar Dháibhidh Ó Bruadair, agus Aogán Ó Rathaile, ná ar fhilíocht na mbard. Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá pobal níos fairsinge ag Táin Bó Cuailgne ná mar atá ag Cois Caoláire. Tá níos mó léitheoirí ag na manaigh gan ainm a bhreac gluaiseanna ar imeall lámhscríbhinní, le teann díomhaointis nó frustráide nó súgartha san ochtú agus sa naoú haois ná mar atá ag gearrscéalta agus úrscéalta Mháirtín Uí Chadhain.14

Is minic a luaitear Ó Cadhain agus Joyce le chéile mar gheall ar an dua a chuireann aclaíocht neamhchoitianta na teanga acu féin ar léitheoirí. Tá de dhifir eatarthu áfach, gur teanga é an Béarla a bhfuil na milliúin cainteoirí dúchais i measc na léitheoirí aige, is gur foghlaimeoirí is ea cuid mhaith mhór de léitheoirí na Gaeilge. As laige na teanga i measc na léitheoirí féin, b’fhéidir, is ea a eacsraíonn cuid éigin den deacracht a shamhlaítear le saothar Mháirtín Uí Chadhain. Sin é, is dóigh liom, a bhí i gceist ag Criostóir Mac Aonghusa nuair a dúirt sé:

An cumas cainte agus scríbhneoireachta atá ann dallann sé daoine. Ach an ndallfadh dá mbeadh an Ghaeilge ar a cosa i gceart?15

Tríd is tríd, tá glactha againn leis, is cosúil, nár cheart do scríbhneoirí Gaeilge an léitheoir a chur thar a fhulaingt le caint chrua ná le haon ní eile, ó thaobh teicníochta nó foirme, a chuirfeadh ó dhoras í/é. Ní hé Máirtín Ó Cadhain amháin atá thíos leis seo. Tá go leor dá bhfuil scríte ag Liam S Gógan, Eoghan Ó Tuairisc, Diarmaid Ó Súilleabháin, Pádraig Ó Cíobhain, Biddy Jenkinson, agus Tomás Mac Síomóin gan léamh, adéarfainn, ar an ábhar céanna.

Tuar dóchais sa mhéid sin is ea an cheardlann léitheoireachta a chuir Gaelacadamh Chonamara ar bun anuraidh le saothar Mháirtín Uí Chadhain a chur á léamh i measc a mhuintire féin arís. Bhí os cionn leathchéad duine i láthair ag gach ceann de na ceardlanna agus ba bheag stró a chuir teanga an Chadhnaigh, arb í a dteanga féin ar deireadh í, ar a raibh i láthair.

****

Tá ceist eile le cur ag an bpointe seo: cad ina thaobh go léifí a shaothar, nó cad a bheadh caillte againn mura mbeadh teacht againn air in Éirinn ilteangach iolchultúrtha an lae inniu?

Ar deireadh shílfeá gur leat féin Éire agus nár le Bord Fáilte, adúirt Seán Ó Ríordáin.16 Scríobh sé prós ba théagartha ná mar a scríobh aon Éireannach eile seachas Beckett agus Joyce, adeir Seán Ó Tuama.17 D’éirigh leis saothar scóipiúil cumasach nua-aosach a chumadh nár sháraigh aon scríbhneoir eile Gaeilge san aois seo, adeir Gearóid Denvir.18

Ní hé sin le rá go bhfuil a shaothar gan locht ná gur chuaigh sé saor ar fad ó cháineadh i measc léirmheastóirí na Gaeilge. Ag féachaint siar dúinn anois ar an méid a dúradh faoi shaothar an Chadhnaigh nuair a foilsíodh ar dtúis é, is léir go raibh léirmheastóireacht na Gaeilge níos déine i bhfad an uair sin ná mar atá lenár linn féin, agus léirmheastóirí den gcéad scoth ag tabhairt a mbreithiúnas tomhaiste ar chuid den scríbhneoireacht is cumasaí dá raibh á scríobh in Éirinn ag an am.

Seans gur sna léirmheasanna a scríobh Seán Ó Tuama ar Cois Caoláire agus Cré na Cille atá an cur síos is grinne, b’fhéidir, ar na lochtaí a bhaineann le saothar Mháirtín Uí Chadhain. Ag trácht ar na gearrscéalta dó, deir an Tuamach gurb é ionracas an údair an tréith is gléiní iontu… Bíonn cíocras croí air taighde fhírinneach a dhéanamh i nduibheagán aigne a chuid caractaeraí. Ina dhiaidh sin, is dóigh leis an Tuamach go bhfuil an cumas scagtha is riachtanach don ealaíontóir in easnamh air sa tslí go dteipeann an scéalaíocht aige ar an tuiscint aige.19

Fiú is gurb é a léargas tuisceanach ar nádúr na mbancharachtar tuaithe ina shaothar luath is mó agus is coitianta atá molta ag léirmheastóirí, teipeann ar an gCadhnach, dar leis an Tuamach, nuair a thagann sé go dtí an carachtar is cáiliúla agus is so-aitheanta dá chuid, Caitríona Pháidín:

ní hamháin ná téann aon athrú fé leith chun feabhais ná chun donais ar a carachtar sa chill ach, de réir na dtuairiscí a gheibhimid, níor chuaigh aon athrú air nuair a bhí sí ar an saol ach chomh beag. An Caitríona chéanna í i gcónaí; í ag báirseoireacht, ag sciolladóireacht léi ar a gnáthbhéas ó thosach go deireadh. Ní mhaireann éinne den tsórt so: agus má dhealraíonn sé dúinn uaireanta go maireann, is é gnó an úrscéalaí a thaispeáint nach fíor é an dealramh: gur doimhne, gur leithne, gur truamhéilí, gur casta i bhfad ná so croí an duine. Is babliac eile Caitríona. Is type í, ní duine í. Agus is babliac gach caractaer eile sa leabhar chomh maith, gan níos mó feola úmpa ná mar a bheadh uime na pearsain sa ghnáthdhráma grinn in Amharclainn an Mainistreach. I gCré na Cille dhíol sé deachma róthrom le teicníc mhórthaibhseach.20

Cé go mbíonn léirmheastóirí eile níos discréidí de ghnáth, tá a bhfuil le rá ag an gcuid is fearr acu ag teacht go maith lena bhfuil ráite ansan ag an Tuamach.

Sa léirmheas a scríobh sí ar Cois Caoláire, bhí an méid seo le rá ag Máire Mhac an tSaoi:

níl aon amhras ná go bhfuil an chuid is fearr de inchurtha le gearrscéalaíocht mhór an domhain… tá an t‑iomlán ar tinneal le cumhacht dhiamhair nach bhfuil a macsamhail dar liom le fáil ag aon scríbhneoir eile Éireannach inniu.21

Admhaíonn sí, áfach, go bhfuil rian an dua ar an bprós aige agus gur treise go mór ar an ábhar ná ar an meán aige.

Tá cumas na fírinne aige i ngach a scríobhann sé, adeir Liam Ó Flaithearta, agus é ag cur síos ar An Braon Broghach ach: mholfainn dó gur bhfearrde mar scríbhneoir é dá n‑oibríodh sé an siosúr ar a fhriotal.22

Tá Criostóir Mac Aonghusa ar an bport céanna ina léirmheas féin ar An Braon Broghach Molann sé ‘An Bóthar go dtí an Ghealchathair’ thar gach aon ní eile sa leabhar ach níl na scéalta eile ar aon chéim leis sin, dar leis, ó thaobh na ceardaíochta de:

Tá an t‑ábhar ionta ar fad ach níor luigh sé sa bhfráma chomh paitionnta leis an gceann seo, dar liom… Chítear dhom go mb’fhearr liom dá mbeadh cuid dena scéalta seo níos fáiscithe ’na chéile.23

Ní raibh an Cadhnach féin dall ar na laigí a bhí braite ag léirmheastóirí ina shaothar, laigí a bhain go speisialta le easpa smachta ar a chumas míorúileach cainte agus easpa slaicht i gcúrsaí teicníochta agus foirme. San óráid a thug sé do Chumann Merriman i 1969, chuir sé a mhéar ar cheann de na tréithe is láidre ina shaothar, atá ar cheann de na laigí is coitianta aige chomh maith nuair a théann sé ó smacht air:

An uirnis liteartha is fearr a fuair mé ó mo mhuintir an chaint, caint thíriúil, caint chréúil, caint chraicneach a thosaíos ag damhsa orm scaití, ag gol orm scaití, de mo bhuíochas.

Agus níos faide ar aghaidh:

An cineál friotail atá mé ag iarraidh a shaotharú b’fhéidir go bhfuil sé buille útamálach, ach níl sí cho hútamálach agus a bhí.24

Modh an charntha a thug Seán Ó Tuama ar an gclaonadh a bhí sa Chadhnach dul i bhfad scéil lena bhua teanga, sa tslí gur tháinig róshaothrú na teanga ar a son féin idir an léitheoir agus éirim an scéil.25 Tá go leor samplaí den gclaonadh sin fiú amháin sna scéalta is fearr in An Braon Broghach agus Cois Caoláire. Is gné aiceanta é de ghuth faoi leith an Chadhnaigh go bhfuil sé meallta ag focail aonair thar mar a bhíonn scríbhneoirí maithe próis de ghnáth. Cnuasaire is ea é agus is leasc leis, ba dhóigh leat ar uairibh, gan oiread focal agus is féidir leis a bhailiú chuige féin ina chuid scríbhneoireachta. Mar adúirt Seán Ó Ríordáin ina thaobh: Thug sé a gceart riamh d’fhocail. Thug sé níos mó. Thug sé cead oilc is mhaith dóibh.26

Is minic ráite gurb é cur chuige na teangeolaíochta atá ag cuid mhór de léirmheastóirí na Gaeilge; d’fhéadfaí a áiteamh go bhfuil cuid éigin de sin ag baint leis an gCadhnach chomh maith, gurb é meon an teangeolaí sa ghort a chleachtann sé, cnuasaire trá ag bailiú focal ar ar an gcladach tar éis na taoille tuile. Má bhí an tréith sin ag baint leis féin ó nadúr nó le hoiliúint, is dóigh liom go dtagann cás na Gaeilge i gceist anso arís chomh maith. Ba nós le Joyce a rá, dá scriosfaí Baile Átha Cliath thar oíche, go bhféadfaí é a thógaint arís mar a bhí sé lena linn féin bunaithe ar a bhfuil d’eolas cruinn ar leagan amach na cathrach ina shaothar. An té a bheadh ag iarraidh fianaise ar scóip agus acmhainn na Gaeilge mar a bhí sular thosaigh an taoide ag trá, gheobhaidh sé go fairsing í i saothar Mháirtín Uí Chadhain. É sin ráite, agus fiú is gur saintréith aitheanta dá chuid scríbhneoireachta an raidhse anchuimseach teangan, ní chun leasa na scéalaíochta é i gcónaí.

Is léir gur thuig an Cadhnach féin é sin chomh maith le héinne is gur fhéach sé leis an ‘útamáil’ atá coitianta ina shaothar luath a cheartú le himeacht aimsire. Tá fianaise air sin againn sa dá chnuasach dheireanacha a foilsíodh sular cailleadh é, An tSraith ar Lár, agus An tSraith Dhá Tógáil mar a bhfuil an scríbhneoireacht níos slachtmhaire ná mar a bhí roimhe sin. Ní hamháin sin, ach tháinig sé, de réir a chéile, ar fhoirm scéalaíochta a d’oir níos fearr do chruth faoi leith a shamhlaíochta féin ná foirm réamhdhéanta an ghearrscéil ghearr a bhraithimid ag cúngú air i gcuid mhór dá luathshaothar. An leagan Cadhnúil den ngearrscéal fada a fhaightear in ‘Ciumhais an Chriathraigh’, ‘An Strainséara’, ‘Cé Acu?’, ‘Fuascailt’, agus ‘Fuíoll Fuine’, is toradh é ar iomrascáil leanúnach le foirm chlasaiceach an ghearrscéil idirnáisiúnta a bhí ag breith cruaidh air, ar láimh amháin, agus le cathú na hiomarca ina shamhlaíocht féin a bhí i gcónaí ag bagairt dul thar fóir. Tá na scéalta sin le háireamh go hard i measc an tsaothair is fearr dar chuir sé de.

****

Cé gur fiú go mór Máirtín Ó Cadhain a léamh ar na cúiseanna atá luaite agam go dtí seo .i. acmhainn neamhchoitianta na teanga aige agus an saothrú a dhein sé ar fhoirm an ghearrscéil le go mbeadh sí ag teacht le cló faoi leith a shamhlaíochta féin, níor leor an méid sin ann féin mar thaca lem áiteamh gur léitheoireacht riachtanach atá sa chuid is fearr dá shaothar .i. saothar is gá a léamh don té a bheadh ag iarraidh scéal na hÉireann sa bhfichiú haois a bhrath i bhfoirm na litríochta. Chuirfinn an chaint cháiliúil a thug sé do Chumann Merriman i 1969 i measc an tsaothair sin agus is ansin is soiléire a mhínigh sé an tábhacht a bhain leis an ngné is treise dá shaothar féin .i. gné na haigneolaíochta:

An rud is tábhachtaí anois sa litríocht ar fad, an intinn a léiriú, páirt den duine nach féidir an camera a dhíriú uirthi. Caint dhílis an duine nach mór. Is acmhainní i bhfad caint chuige sin ná ag tabhairt seoraithe faoin a chuid éadaigh, a ghné chraicinn, a theanga, troscán a thí nó troscán an ardáin, na tíre, ná na nós faoi gcuairt… Ní hé an rud atá ar chraiceann an duine a bhfuil an tábhacht ann, ná fiú an craiceann féin, ach an rud a bhfuil sé ag siúl timpeall leis istigh ina cheann. Is mó atá a fhios againn faoi réalta Nimhe ná faoina bhfuil ar siúl istigh faoin mblaoisc bheag sin le t’ais.27

Is mar gheall ar an éachtaint a thugann sé dúinn ar oibriú aigne an duine agus í faoi bhrú i gcúinsí éagsúla thar aon ní eile is cóir, dar liom, an chuid is fearr de shaothar Mháirtín Uí Chadhain a léamh. Tá dornán scéalta aige, chomh maith le Cré na Cille agus Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca a chuireann chomh mór sin lenár dtuiscint ar an saol agus ar an litríocht, go mba bhoichte ár dtuiscint orainn féin á gceal. Is iad na scéalta is túisce a luafainn ná ‘An Taoille Tuile’, ‘An Bóthar go dtí an Ghealchathair’, ‘An Bhearna Mhíl’, ‘An Bhliain 1912’, ‘Fios’, ‘Ciumhais an Chriathraigh’, ‘An Strainséara’, ‘An Beo agus an Marbh’, ‘Cé Acu?’, ‘Fuascailt’, ‘Fuíoll Fuine’.

Ní suarach an oidhreacht í sin i bhfianaise a raibh le rá ag Seán Ó Faoláin go dtí cara leis sa Bhrasaíl i 1973:

If you examine my output you may find between 6 and 10 stories that will last. If you examine Maupassant’s, some 13% perhaps. A high percentage…28

****

Cad é an léargas mar sin a fhaighimid ar aigne an duine i scéalta Mháirtín Uí Chadhain? Is é an rud is mó, b’fhéidir, a théann i bhfeidhm ar dhuine sa chuid is fearr de na luathscéalta tuaithe ná an teacht aniar atá sna bancharachtair aige. Ní hé nach bhfuil cur síos iontu ar an anró agus ar an bhfulaingt a bhain le saol an dlúthphobail tuaithe in iarthar na hÉireann sa chéad leath den bhfichiú haois, ach go mbraithimid níos láidre fós an acmhainn atá ag na bancharachtair mhóra aige ar an bhfulaingt sin, an neamhspleáchas intinne agus mothála atá ag roinnt leo in ainneoinn gur luigh an saol go trom agus go gránna orthu ar uairibh. ‘Ar éigin duine ag Ó Cadhain a bhfuil trua aige dó féin ná a chuireann an béal bocht air féin’, adúirt Críostóir Mac Aonghusa, is bhí níos mó ná smut den gceart aige chomh fada is a bhaineann sé leis na bancharachtair thuaithe aige ach go háirithe.29

Nuair a chuir sé an aigneolaíocht chun tosaigh ar aon tréith eile sa litríocht nua-aimsire, is é a bhí i gceist ag an gCadhnach ná gur thug teicníocht na scéalaíochta deis don scríbhneoir dul amach ar an gcuid sin den aigne dhaonna a bhíonn faoi thost de ghnáth, gur minic nach mbeadh na focail ag duine leis na smaointe agus na mothúcháin is doimhne ann féin a chur in iúl os ard. Sa chuid is fearr de na scéalta in An Braon Broghach agus Cois Caoláire, braithimid an teannas bunúsach sa duine daonna idir an ghné phoiblí agus an ghné phríobháideach dá phearsantacht, idir an méid a deintear agus a deirtear os ard agus an méid a braitear agus a smaoinítear os íseal. Leis sin, cuireann an Cadhnach go mór lenár dtuiscint ar shaol an chomhthionóil fuinniúil fuinte a bhfuil cur síos de shaghas eile orthu i ndírbheathaisnéisí na mBlascaodach, mar shampla. Tugann sé dúshlán an léitheora dul siar ar an léamh soineanta a deintear fós fhéin ar shaol traidisiúnta an dlúthphobail tuaithe, a d’áiteodh orainn go raibh glacadh ar fad ag baill an phobail sin le ‘riail an ghnáis’ is leis an gcinniúint chrua, is nár chuir an méid sin aon chorrabhuais rómhór orthu. Fiú is nach féidir leis na mná láidre a chuirtear i láthair i scéalta Uí Chadhain éalú ó dhlí borb an phobail, ní fhágann san gur le fonn a ghlacann siad leis an rud ná fuil aon éalú uaidh — cleamhnas, imirce, bás linbh, uaigneas, obair mhaslach — ná go rabhadar cloíte ag an rud gur chaitheadar géilleadh dó. Má thugann an Cadhnach éachtaint dúinn ar an uafás a bhain leis seo ar fad, nuair a sháraigh dlí an phobail ar chearta mothála an duine aonair, léiríonn sé chomh maith céanna láidreacht na mban sa tsaol sin, an tslí nár chloígh an chinniúint ar fad iad, nár mhúch an saol mianach an neamhspléachais agus na daonnachta iontu.

****

Agus ní hin é a dheireadh. Sa chaint a thug sé uaidh ar Radió Éireann 11 Bealtaine 1952, labhair sé ar ghné de shaol na cathrach a raibh fonn air a bhreacadh ar phár:

Níl uair dá siúilim i gcuid de na sráideanna nach bhfaighim boladh reoite na súmaireacht fhola seo — fuil Bhaile Átha Cliath agus na tuaithe araon — as na scórtha oifigí, idir chinn rialtais agus eile, i mo thimpeall. An té a bhfuil eolas aige ar an domhan sin — agus tá roinnt agam féin — is doiligh dó a ligean ina ghoire scaití gur den phlainéad seo ar chor ar bith é. Níl d’fháth aige bheith ann, shílfeá, ach le dúil ar a dtugann an gnáthdhuine páipéar a adhradh. Gheobhaidh tú boladh an phárlathais naofa seo i ngach bus ar a deich ar maidin agus i ngach scuaidrín ag an cúig tráthnóna.

Thuig sé an uair sin féin gur ghá cumas ar leith chun scéal na súmaireacht fhola a scríobh agus teicníc úr, b’fhéidir, nár féachadh sa nGaeilge go fóill. B’fhiú an tairfe an trioblóid, dar leis, mar d’ainneoinn gach ní tá giobail den daonnacht ar sliobarna as nach bhféadann an párlathais féin iad a mhúnlú. Mar sin is scéal é is fiú a inseacht.30 Ar ndóigh, bhí iarracht tabhartha aige cheana ar scéal an duine stoite atá ina dhíthreabhach, dar leis féin, i bhfásach mothála sa chathair, a insint in ‘An tAonú Fleasc Déag’, ceann de na scéalta is suaithinsí in An Braon Broghach. Faoin am gur fhill sé ar chruachás na bhfear a raibh mianach na daonnachta iontu á choilleadh ag obair shuarach in oifigí cathrach, bhí stíl agus foirm nua forbartha aige chun a scéal a insint. Cé go bhfuil an scríbhneoireacht ana-ghreanta sna scéalta seo ar fad, agus níos slachtmhaire ná go leor leor dá shaothar luath, níl ach trí cinn acu, dar liom, atá ar aon chéim leis an gcuid is fearr de na scéalta tuaithe aige. Sin iad ‘Cé Acu?’, ‘Fuascailt’ agus ‘Fuíoll Fuine’.

Tá sé le brath ar chuid de na scéalta is suaithinsí féin i measc na scéalta cathrach aige go bhfuil an acmhainn dhaonna sna carachtair cloíte ar fad ag an gcóras mídhaonna a bhfuil siad ag obair ann. In ‘An Eochair’, ‘Ag Déanamh Páipéir’ agus ‘Ag Déanamh Marmair’, braitear go bhfuil an giobal deireanach den daonnacht bainte anuas de na carachtair ag an inneall a bhfuilid ar aimsir aige. Tá easpa teannais dá réir san insint a bhaineann dá héifeacht ó thaobh na dramaíochta de agus ó thaobh na haigneolaíochta. Ní bhraithim gur den phlainéad céanna iad na fir tuí seo agus is lú dá réir sin ár suim iontu. In ‘Fuascailt’ agus ‘Fuíoll Fuine’, ar an láimh eile, tá teacht aniar fós sna pearsain; braitear a gcrá croí pearsanta agus cúinsí an tsaoil mórthimpeall ag fáisceadh orthu; léirítear an cath a chuireann siad ar na fórsaí lasmuigh agus laistigh dóibh fhéin atá ag iarraidh iad a threascairt. Chuirfinn an dá scéal sin, agus ‘Cé Acu?’ go hard i measc scoth a shaothair mar gheall ar an léiriú atá iontu ar cheann de mhórthéamaí litríocht nua-aimsire na hEorpa .i. cás an duine dhíphréamhaithe atá scoite lena mhuintir agus a phobal, gan aon cheangal mothála aige leis an áit a maireann sé ná leis an obair atá idir lámha aige, a bhraitheann go bhfuil sé leis féin ar fad sa tsaol, gur strainséar ina shaol féin é. Tá teacht againn ar leagan Éireannach den téama idirnáisiúnta sin in ‘Ár Ré Dhearóil’ le Máirtín Ó Direáin agus sna scéalta is cumasaí dar fhoilsigh an Cadhnach sna deich mbliana sarar cailleadh é.

****

Mar fhocal scoir, agus ar eagla go gcuirfí im leith nach bhfuil idirdhealú mar is cóir déanta agam idir an saol mar atá agus an cur síos a fhaighimid ar scéal an tsaoil sin i bhfoirm na litríochta, ba mhaith liom dul siar ar rud a dúirt Seán Ó Ríordáin mar gheall ar an ngaol gairid a shamhlaigh sé féin idir stair agus litríocht na hÉireann:

In vacuo a deintear cruthú. In vacuo a cruthaíodh Éire riamh. Rud samhlaíochta is ea é. Sin é a chuireann na polaiteoirí amú. Ní raibh d’Éire riamh ann ach an Éire a chruthaigh daoine mar Aodh Ó Néill, nó Tadhg Dall Ó hUiginn nó Aogán Ó Rathaille nó Rí Séamas nó Seathrún Céitinn nó de Valera nó Dónall Ó Corcora nó Bernadette Devlin nó O’Connor agus Ó Faoláin.31

Is é atá á rá agam ar deireadh, is dócha, go bhfuil brí agus feidhm i gcónaí le saothar Mháirtín Uí Chadhain san obair chruthaitheach a bhaineann le tír a shamhlú, gur saothar easnamhach is ea Éire féin gan insint an Chadhnaigh a chur le mórán Éireann insintí eile ar scéal tíre nach ann di gan a cuid scéalta a bheith á síorinsint. I bhfocail Sheáin Uí Ríordain: ‘Tá súil againn   súil eaglach   nach í Éire atá i gcré na cille, a Éire siúd.’32

Nótaí

  1. Ó Gallchóir, A. 1978. ‘Turas ar an nGealchathair’, Scríobh 3. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar. 85.
  2. Táim an-bhuíoch d’ÁIS as na figiúirí seo a chur ar fáil dom.
  3. Ó Cadhain, M. 1978. ‘Saothar an scríbhneora’, Scríobh 3. 73.
  4. Ó Cadhain, M. 2002. Barbed wire, in eagar ag Cathal Ó hÁinle. Baile Átha Cliath: Coiscéim. ix.
  5. Ó Cadhain, M. 1969. Páipéir bhána agus páipéir bhreaca. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar. 13.
  6. Corkery, D. 1966. Synge and Anglo-Irish literature. Cork: Mercier Press. 13. An chéad chló, 1931. N’fheadar ná go raibh dearmad ar Chorkery faoin gcluiche a chonaic sé: chomh fada lem eolas, níor imríodh cluiche ceannais na hÉireann san iomáint ach aon uair amháin i nDúrlas Éile, agus b’shin 1984, bliain chomórtha an chéid ag Cumann Lúthchleas Gael.
  7. Ó Cadhain, M. 1969. Páipéir bhána agus páipéir bhreaca. 12, 13.
  8. Ibid., 13.
  9. Pilkington, L. 2005. ‘Taking action and thinking theatre’, The Village8–14 Nollaig. 25.
  10. Ibid., 25.
  11. Ó Cadhain, M. 1969. Páipéir bhána agus páipéir bhreaca. 37.
  12. Lefevere, A. 1992. Translation, rewriting, and the manipulation of literary fame. London & New York : Routledge. 4,6.
  13. Ní hé nach bhfuil sé luaite ar chúrsaí éagsúla, cúrsaí suirbhé den gcuid is mó. Is é atá i gceist agam gur féidir le mac léinn an chéim a bhaint amach i bhformhór na n‑ollscoileanna agus na gcoláistí tríú leibhéal gan aiste a scríobh ná ceist scrúdaithe a fhreagairt ar shaothar an Chadhnaigh.
  14. Táim buíoch do Hugh Shields ó Acadamh Ríoga Éireann a thug figiúirí díolacháin dom sa chás seo.
  15. Mac Aonghusa, C. 1967. ‘An tSraith ar Lár’, Comhar. Nollaig. 25.
  16. Ó Ríordáin, S. 1978. ‘Útamáil Uí Chadhain’, Scríobh 3. 115.
  17. Ó Tuama, S. 1980. ‘Tiomna roimh bhás’, Comhar. Deireadh Fómhair. 55.
  18. Denvir, G. 1998. Cadhan Aonair: saothar liteartha Mháirtín Uí Chadhain. Baile Átha Cliath : An Clóchomhar. xiv.
  19. Ó Tuama, S. 1953. ‘Scríbhneoir ionraic’, Feasta. Samhain. 13.
  20. Ó Tuama, S. 1955. ‘Cré na Cille agus Séadna’. Comhar. Feabhra. 8.
  21. Mac an tSaoi, M. 1953. ‘Cois Caoláire’, Comhar. Samhain. 19.
  22. Ó Flaithearta, L. 1949. ‘An Braon Broghach’, Comhar. Bealtaine. 30.
  23. Mac Aonghusa, C. 1949. ‘An Braon Broghach’, Comhar. Márta. 15.
  24. Ó Cadhain, M. 1969. Páipéir bhána agus páipéir bhreaca. 15, 22.
  25. Ó Tuama, S. 1953. ‘Scríbhneoir ionraic’, Feasta. Samhain. 13.
  26. Ó Ríordáin, S. ‘Máirtín Mór Ó Cadhain’, Scríobh 3. 114.
  27. Ó Cadhain, M. 1969. Páipéir bhána agus páipéir bhreaca. 30, 31.
  28. Mutran, M. (eag ) 2005. Seán Ó Faoláin’s letters to Brazil. Sao Paulo : Associacao Editorial Humanitas. 11.
  29. Mac Aonghusa, C. 1967. ‘An tSraith ar Lár’, Comhar. Nollaig. 26.
  30. Ó Cadhain, M. 1978. ‘Saothar an scríbhneora’. 80.
  31. Ó Ríordáin, S. ‘In Vacuo’, Irish Times 6/5/72. Luaite in S. Ó Cadhla, 1998. Cá bhfuil Éire? Guth an ghaisce i bprós Sheáin Uí Ríordáin. Baile Átha Cliath : An Clóchomhar. 76.
  32. Ó Ríordáin, S. ‘Máirtín Mór Ó Cadhain’, Scríobh 3. 112.

Tá Iontaobhas Uí Chadhain fíorbhuíoch den údar, de Chumann Merriman, agus den iris Comhar (áit ar foilsíodh an aiste in eagráin 66(11), 7–9 agus 66(12), 43–46, 2006) as ucht a gcead an t‑alt seo a fhoilsiú.