Cré na Cille — Ó Cadhain agus Beckett

Le Declan Kiberd.

Foilsithe in Idir Dhá Chultúr, Coiscéim 1993.

Tá galar tógálach ar lucht na Gaeilge sa tír seo — go bhfuil siad ag tnúth de shíor le mórscríbhneoir Gaeilge agus go bhfuil siad sásta an gradam úd a bhronnadh go bliantúil ar gach úrscríbhneoir nuafhoilsithe. Ach tá dream eile ann freisin a bhíonn de shíor ag magadh faoin mbolscaireacht san agus bíonn siad san ag rá nach bhfuil mórscríbhneoir againn sa Nua-Ghaeilge agus go ndéantar díobháil don ghluaiseacht gach uair a deirtear go bhfuil. Mar chruthú air sin, is minic a dúradh gur scríbhneoir cumasach ab ea an Cadhnach ach nach raibh sé inchurtha le Joyce nó Beckett. Ní fheadar faoi Joyce — ní dóigh liom go bhfuil scríbhneoir ar bith, seachas ltalo Svevo, inchurtha le Joyce — ach is é mo thuairim go bhfuil na buntéamaí céanna á gcleachtadh ag an gCadhnach agus ag Beckett. Chun an pointe sin a léiriú, níl le déanamh ach breathnú ar Chré na Cille.

I dtús báire, déan an abairt seo a scagadh:

lls m’ennuient. On espére toujours trouver la paix dans la mort, mais la tombe ne semble pas encore étre la mort. On ne trouve ici en tout cas, que de l’ennui.

Sliocht as úrscéal de chuid Beckett? Ní hea, ach guth an Fhrancaigh a fuair bás i gConamara agus a cuireadh i gCré na Cille tar éis tionóisc eitleáin. Guth atá lán de dhíomá agus de thnúth, ach guth a labhraíonn thar ceann an uile dhuine sa chill, ag déanamh gearáin go bhfuil an saol caite ach nach bhfuil sé thart, fiú i ndiaidh an bháis. De réir an bhéaloidis ar an seansaol, bhíodh an teorainn rúnda san idir an bás agus an bheatha doiléir dothuigthe; ach de réir na litríochta nua-aimseartha, de réir Beckett agus Borges, tá an teorainn achrannach san níos doiléire anois ná riamh. Bhíodh téama speisialta ag filí rómánsúla an naoú haois déag — go raibh chuile sheans go raibh an duine daonna básaithe cheana féin le linn a shaoil, the nightmare life-in-death mar a scríobh Coleridge. Ach sa bhfichiú haois seo, tá tuairim níos scanrúla fós ag scríbhneoirí agus caomhnóirí an amhrais — go leanann an duine ar aghaidh ar an tseanchaoi, go mbíonn sé beo go fóill, fiú tar éis dó bás d’fháil. Tá na dochtúirí agus na saineolaithe féin in amhras faoi nóiméad cruinn an bháis agus cuid acu ag rá anois gur gearradh an croí as daoine a bhí in ainm is a bheith básaithe ach a bhí beo go fóill. Tá an aois ar fad faoi dhraíocht an amhrais seo. Life affer Life a thug saineolaí amháin ar an bhfeiniméan.

Agus níor fhág scríbhneoirí agus filí na haoise an téama san gan saothrú — scéal de chuid Dostoievski, Spoon River Anthology de chuid Masters, The Book of the Dead le Borges. Tá Under Milk Wood le Dylan Thomas fíorchosúil le Cré na Cille sa mhéid go bhfuil sé bunaithe ar bhéadán na gcorp i reilig agus go leanann na coirp seo ag sáraíocht faoi imeachtaí an tsráidbhaile mar ba ghnáth leo riamh, faoi stiúir an ghutha údarásaigh The First Narrator atá inchurtha le Stoc na Cille. Tá sé geallta ag an gCadhnach nach ndeachaigh sé faoi thionchar na scríbhneoirí san. Ar aon nós, is léir nach mbeadh tionchar i gceist i gcás Under Milk Wood, a foilsíodh tamall de bhlianta ina dhiaidh. Ní mian liom a rá go raibh an Cadhnach faoi thionchar Beckett ach oiread óir ní raibh mórán de chuid Beckett le fáil sna siopaí leabhar nuair a cuireadh Cré na Cille i gcló i 1949. Ach, mar ealaíontóirí nua-aimseartha, rinne an bheirt acu na téamaí céanna a chleachtadh; níor ghéill siad tada don léitheoir ach thug siad a dhúshlán cuid mhaith den obair a dhéanamh as a stuaim féin; níor bhac siad le plota traidisiúnta, óir ba mhóide a spéis i sáinn phearsanta, an rud ar a dtugann Sartre situation; agus, thar aon ní eile, rinne siad araon ceap magaidh den litríocht agus féinmhagadh faoin údar, faoin té a bhfuil de mhisneach agus de dhánaíocht aige focail ardnósacha a bhreacadh i stíl bhréaguasal ar phár. Taobh thiar den scéim (nó den easpa scéime) seo, ba mhian leo beirt léargas éigin a thabhairt dúinn ar amhras na linne seo.

Cé go bhfuil an-chaint in Cré na Cille ar mhaorlathas an bháis, ar an méid sagart a léigh aifreann na marbh, ar choinnle agus ar chroiseanna, is díol suntais nach bhfuil tagairt dá laghad ag éinne do shólás an chreidimh ná do thrócaire Dé uilechumhachtaigh. Níl néal codlata ná pioc suaimhnis le fáil san uaigh bheannaithe seo, mar a deir Caitríona Pháidín ar dtús:

An beo nó marbh atá siad seo? Tá siad uilig ag cur díobh chomh tréan céanna agus a bhí os cionn talúna! Shíl mé ó chuirfí i gcill mé go mbeadh suaimhneas i ndán dom… ach cén chiall an chathaíocht seo i gcré na cille?

Is gearr go bhfreagraíonn a seanchara:

An saol céanna atá anseo, a Chaitríona, agus a bhí san ‘ould country’ ach gurb é a bhfeiceann muid an uaigh a bhfuil muid inti, agus nach bhféadann muid an chónra a fhágáil. Ní chloisfidh tú an duine beo ach oiread, nó ní bheidh a fhios agat céard is cor dó ach de réir mar a innseos na marbháin nuachurtha é.

Ar bhealach, is ionann an staid sin agus frithphurgadóir de chuid Dante agus Beckett, áit dhoiléir idir bás agus beatha inar gearradh de phionós ar an bpeacach fanacht socair ag bun an tsléibhe, gan bogadh, gan bailiú leis, an fad céanna a chaith sé beo os cionn talún, doomed to wait through time as long as their lives on earth, mar a scríobh Beckett, enduring the indolence in which they used to indulge, díreach ar nós na gcarachtar in Cré na Cille. Dar le Beckett agus, ar ndóigh, de réir an chreidimh Chaitlicigh, is é sin an fáth nach bhfuil suaimhneas le fáil san uaigh, óir ní leor cruatan an tsaoil amháin chun a chuid peacaí a mhaitheamh don duine. Scríobh Beckett i Malone Dies:

And without knowing exactly what his sin was he felt full well that living was not a sufficient atonement for it, or that this atonement was in itself a sin, calling for more atonement… he even wondered if it was really necessary to be guilty in order to be punished.

Ní féidir leis na carachtair fás ná forbairt sa staid seo, cé go bhfuil a gcorp ag dreo agus ag titim as a chéile i gcónaí. De bhrí nach bhfuil ar a gcumas bogadh ná imeacht, níl beocht dá laghad san insint ná plota dá laghad taobh thiar den leabhar. Mar a dúirt A. Alvarez, this is the aesthetic equivalent of impotence, an stasis seo idir bás agus beatha, an phurgadóir seo idir na flaithis agus achrann an tsaoil os cionn talún. Tig linn bheith cinnte gur ar an staid mheasartha seo, ar an stasis idir-eatarthu seo, a bhí an Cadhnach ag smaoineamh nuair a thug sé eadarlúid ar gach caibidil sa leabhar — deir Breandán Ó Doibhlin nach bhfuil in eadarlúid ach mír gan tábhacht a thagann idir dhá mhír níos tábhachtaí.

Teorainn dhoiléir is ea an bás, dar le Beckett, rud nach ndéanann difear ar bith don chine daonna. Tagann saothrú an bháis ar Malone nuair a chuimhníonn sé: And when one dies, others go on, as if nothing happened. Is é an dála sin ag Cré na Cille, pé scéal é. Tá a fhios againn go bhfuil spéis fós ag Caitríona Pháidín sna daoine os cionn talún agus go dtuigeann sí go bhfuil siad beo go fóill. Ach is cúis iontais dúinn a fháil amach ar leathanach 235 go gceapann an dúil bheo go bhfuil Caitríona féin beo go fóill. Na blianta fada tar éis a báis, is féidir le Tomás Taobh Istigh a rá, Ní thaobhaíonn duine uasal ar bith tigh Chaitríona. Is beag an difear a rinne a bás-sa dó — dar le Tomás, tigh Chaitríona a bheas ar an teach sin go deo, amhail is dá mbeadh sí ag faire amach tríd an leathdhoras mar ba nós léi riamh. Ach tig linne dul níos faide ná sin fiú. Má cheapann Tomás go bhfuil Caitríona ar an saol seo go fóill, is léir go dtuigeann Brian Mór go bhfuil sí beo go fóill ar an saol eile. Duine cianaosta is ea Brian agus tuigeann sé a dhoiléire is atá an teorainn idir bás agus beatha. Is follas dó go leanann an saol ar aghaidh mar ba ghnáth riamh, ach anois ar ‘an taobh eile’ agus is i ngeall air sin a deir sé le Tom Rua atá ar tí a bháis:

Má tá i ndán is go dtiúrfaidh tú an tour anonn, agus go gcasfar Caitríona Pháidín i do shiúlta leat, seachain a bhfaigheadh sí brabach ar bith ar do chuid cainte. D’athraigh sí go mór nó beidh sí ag tóraíocht béadáin.

Má tá an teorainn san idir bás agus beatha doiléir dothuigthe, is léir go ngoilleann san i bhfad níos mó ar na corpáin ná ar an dream os cionn talún. Aimsir! Am! Sin dhá rud nach gcuirfidh aon imní ort anseo deir siad le corp nua-adhlactha; ach ní fíor san, óir is follas gurb é an t‑am bun agus barr a ndrochscéil. Deir Máirtín Ó Cadhain linn i dtús an leabhair gurb é an t‑am de shíor, gurb é an láthair an chill, agus sna focail sin tá croí na faidhbe aimsithe againn. Tá na daoine seo tar éis bás a fháil, ach níor athraigh an bás puinn, níor bhain siad suaimhneas amach. Anois, táthar ag fanacht ar Lá an Bhrátha Bhuain, ag feitheamh leo go neamhfhoighdeach nó go gcuirfear an t‑am féin ar ceal. Níl de leigheas acu ar a ndrochscéal ach an t‑am a líonadh agus a ghiorrú le caint. Ní beo iad cuid de na daoine gan a bheith ag caint, deir Caitríona, agus ní marbh ach oiread. Nó arís, deir sí, Ní chreidfeá ach an mhaith a níos scéal nua do dhaoine anseo. Is í an chaint, an béadán agus an scéalaíocht an t‑aon fhaoiseamh atá ag na daoine sáinnithe ar an saol seo chun achar ama a ghiorrú; agus admhaíonn Caitríona go bhfuil am i gceist nuair a deir sí nár airigh sí an t‑am ag sleamhnú thart ón lá ar tháinig Jeaic na Scolóige chun na cille. Tá sásamh le baint, fiú, as bheith ag sáraíocht le do namhaid anseo. Deir fear amháin lena chéile comhraic: Féach an sásamh atá agat ag géaraíocht anseo ormsa — céard a dhéanfá dhá gcuirfí thú le strainséaraí i mBaile Átha Cliath nó thíos in íochtar tíre.

Leis an bhfaoiseamh seo a mhéadú agus a spíonadh amach, cuirtear gach aon saghas ceist ar gach corp nua-adhlactha, ach ní mian leis na corpáin fuascailt na ceiste a fháil rósciobtha. B’fhearr leo buille-fá-thuairim a thabhairt ná freagra lom a chloisteáil. Mar a thug J. M. Synge faoi deara (os cionn talún) in The Aran Islands, these people prefer to speculate upon a newcomer’s background than to know it. Ar an gcaoi sin, nuair a deir corp nua-adhlactha go bhfuil fear nua ag an Máistréas Scoile, tosaíonn chuile dhuine, a fear céile básaithe san áireamh, ag tabhairt buille-fá-thuairim:

Diabhal a raibh tú fuaraithe muis, a Mháistir, nó go raibh a súil cocáilte aici ar fhear eile…

An Máistir Beag… Go deimhin, muise, ní hé a Mháistir… Máistir Dhoire Locha. Sin fear gnaíúil, a Mháistir. An sdriog féin ní ólann sé. Tá sé féin agus deirfiúr an tsagairt phobail — an tsliseoigín ghágach dhubh siúd a mbíonn an treabhsar uirthi — le pósadh go gairid… Go deimhin, muise, ní hé an póilí rua é ach oiread. Tá plioma de nurse aige sin ar stropa sa nGealchathair… ná fear na bhfataí… Tomhais leat anois, a Mháistir, tiúrfaidh mé cion do thomhaise dhuit.

Agus mar sin de. Cuirtear fuascailt na ceiste ar athló ar mhaithe le spórt na gcorpán agus, ar ndóigh, ar mhaithe leis an máistir a chiapadh.

Tá na corpáin uile ag feitheamh leo nó go gcuirfear an t‑am féin ar ceal ach is follas dúinne, na léitheoirí, go leanfaidh an saol ar aghaidh mar is gnáth. Mar a deir Beckett: he who has waited Iong enough will wait forever. Sin brí amháin, dar liom féin, leis na poncanna, na poncanna a bhíonn á síorchleachtadh ag an gCadhnach ag críochnú na habairte dó — nó ag seachaint an abairt a chríochnú, ba chóir dom a rá. Deir sé linn sa nod ar an gcéad leathanach dá leabhar go gciallaíonn an cleas san go bhfuil comhrá nó caint fágtha ar lár. Seans go bhfuil sé ag tabhairt le tuiscint dúinn go bhfuil mórán gan tábhacht fágtha ar lár; nó b’fhéidir fiú, go bhfuil sé ag tabhairt dúshlán an léitheora, ag rá leis líon na bearnaí seo as do stuaim féin, óir níl fúmsa an scéal ar fad a aithris. Ach is é mo thuairim go bhfuil brí níos meafaraí leis an gcleas liteartha seo. Ní mian leis na corpáin a n‑abairtí a chríochnú óir tuigeann siad de réir a dtaithí féin nach dtagann faoiseamh ar bith tar éis an chríochnaithe — tuigeann siad nach mbeadh fágtha ansin ach uaigneas fíochmhar an chiúnais agus gur fearrde iad an chaint. Níor thug críoch amháin (an bás) faoiseamh ar bith dóibh; agus chuile sheans nach dtabharfaidh críochnú na habairte nó deireadh an scéil nó trá na sáraíochta faoiseamh ach oiread. I ngeall air sin tá siad sásta na comhráití agus na habairtí a rá agus a athrá, seachas dul ag crith le heagla os comhair an chiúnais. Tá siad ceaptha sa tsáinn cheannann chéanna le príomhcharachtar Beckett — Molloy, cuir i gcás, a deir my life is a joke, for at the same time it is over and yet it goes on, and is there any tense for that?. Tá fuascailt na ceiste gramadaí sin ag an gCadhnach leis na poncanna thuasluaite — agus aimsir ghramadúil aimsithe aige a chuireann ina luí ar an léitheoir go bhfuil an abairt thart ach nach bhfuil sí críochnaithe, go bhfuil deireadh ráite ach go leanann an abairt ar aghaidh. Ní féidir leis na habairtí seo, ach oiread leis na carachtair seo, fíorbhás críochnúil a fháil go dtí go gcuirfear an t‑am féin ar ceal. Agus ní tharlóidh san go deo.

Tig linn bheith cinnte dearfa gur mian leo fíorbhás d’fháil. In Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, mhínigh an Cadhnach go bhfuil caitheamh i ndiaidh an bhuanadais ag chuile dhuine ar an saol neamhchinnte seo agus dar leis nach bhfuil aon rud níos buaine ná an bás. Dar liomsa gurb é seo an fáth go bhfuil Caitríona agus na corpáin eile chomh tógtha san le croiseanna. Tá a fhios agam gur measúlacht atá á hionsaí ag an gCadhnach anseo mar ba dhual dó riamh — an cineál duine ar bhreá leis a mhaíomh ‘Bhí scéal mo bháis ar dhá pháipéar’ nó ‘Bhí cúig mhótar ar mo shochraidse’ — agus gurb é an dála céanna ag Caitríona é nuair is mian léi go leagfaí crois de ghlaschloch an oileáin os comhair na huaighe amach. Ach caithfidh sé go bhfuil teannas éigin níos doimhne ná dúil sa mheasúlacht laistiar den smaoineamh sin. Bhí an smaoineamh céanna ag déanamh buairimh do Molloy in úrscéal Beckett, an tráth ba mhian leis bás d’fháil agus suaimhneas síoraí a bhaint amach san uaigh: I wanted a Latin cross over my grave, with my name clearly marked on it and the date. But they would not let me. Is eagal le Molloy go gcaillfidh sé a ionannas agus a indibhidiúlacht féin san uaigh, mura bhfuil a ainm agus a ionad márcáilte go soiléir le crois. Tá an dearcadh céanna ag Caitríona i leith na croise óir déanann an chrois an t‑imeall doiléir sin idir an beo agus an marbh a rialú go dearfa; agus cuireann san an ruaig ar na taibhsí a deir nach bhfuil teorainn shiúráilte idir an dá shaol. Dar léi nach dtuigeann an dream simplí saonta san os cionn talún an mhaith a dhéanfas sé do na mairbh crois a chur ar a n‑uaigheanna. Ceapann siad nach bhfuil i gceist ach bréagonóir agus airgead curtha amú — ní thuigeann siad go bhfuil ionannas agus indibhidiúlacht an duine mhairbh i gceist ós rud é go bhfuil fear na reilige tar éis mapa míchruinn a dhéanamh amach ach go háirithe:

Tá siad á gcaitheamh síos i bpoll ar bith sa reilig fearacht is dá mba putógaí éisc nó sliogáin fhaocha a bheadh ann. Mara bhfuil crois os do chionn sa reilig seo, dheamhan lá san aer nach oscailte a bheas sí.

Tá an saol seo agus an saol eile chomh guaisiúil athraitheach neamhchinnte san go mbíonn siad ag síorbhagairt ar ionracas na pearsantachta; ach má tá rudaí márcáilte go soiléir, is mór an cúnamh an méid san d’fhéinmheas an duine.

B’shin é an chúis gur theastaigh uaigh mharcáilte ó Malone, mar bhí eagla agus dubh-allas air roimh neamhchinnteacht an bháis. Ar thaobh amháin, níor mhian leis éalú ón saol ar eagla nach bhfaigheadh sé suaimhneas san uaigh. Ach ar an taobh eile, an taobh Cadhnach, dúirt Malone it is also possible that I am dead already and that all continues more or less as it was. Ní bhréagnódh éinne in Cré na Cille fírinne na habairte sin agus tá duine nó beirt os cionn talún a thiocfadh leis an ráiteas freisin — iad siúd a chonaic taibhse an Fhrancaigh, nó an dream a fheiceann taibhse Thomáis Taobh Istigh ag díbirt bheithíoch dá ghiodán talún gach tráthnóna. Más doiléir an teorainn idir an sráidbhaile agus an reilig i dtosach an leabhair, is ar éigean atá teorainn ar bith fágtha ag an deireadh nuair a deir corp nua-adhlactha le Caitríona: Chuala mise, a Chaitríona, nach dtug tú suaimhneas ar bith do Jeaic na Scolóige ó a bhásaigh tú.

Dá bhrí sin, is féidir a áiteamh go bhfuil cruth ciorclach ar Chré na Cille agus ar úrscéalta Beckett. Ní féidir leis na carachtair éalú as sáinn an ama, ach níl fás ná forbairt ar a gcumas. Is ionann tús agus deireadh an scéil óir, leis an bhfírinne a dhéanamh, níl scéal ar bith acu, níl plota ar bith acu, níl acu ach athrá na n‑abairtí céanna a chríochnaíonn i gcónaí ar na poncanna. Sa tríú himleabhar de chuid Beckett, The Unnamable, níl a ainm fiú ag an bpríomhcharachtar, díreach mar nach bhfuil a hainm márcáilte ar bharr a huaighe ag Caitríona Pháidín. Leanann a corp ag dreo agus ag titim as a chéile san uaigh ach tá faobhar fós ar a guth. Is é an dála céanna ag The Unnamable — baineann sé amach a little hell, after my own heart, not too cruel, with a few nice damned to foist my groans on. Ar nós na gcorpán in Cré na Cille, ní féidir leis suaimhneas a bhaint amach: Ah, if only it would stop, this meaningless voice which just barely prevents you from being nothing. Ba bhreá leis tarraingt chun deiridh, ponc mór millteach amháin a bhreacadh ar phár, i leaba na bponcanna mallaithe san nach gcríochnófar go deo. Ach tuigeann Beckett tábhacht na bponcanna céanna, mar deir sé: The search for the means to put an end to things, an end to speech, is what enables discourse to continue.

Ach cad is fiú an comhrá nó an dioscúrsa céanna? Cé go bhfuil cáil an domhain ar stíl Beckett, is beag an meas atá aige féin ar an teanga ná ar an gcaint mar mhodh teagmhála. Dúirt Oscar Wilde tráth everybody is good until they have learned to talk, mar, chomh luath agus a thosaíonn siad ag labhairt, dar leis, tosaíonn siad ag stealladh na mbréag. Leis an dímheas seo ar an teanga a léiriú, ní gá ach an t‑úrscéal Murphy le Beckett a lua, an sliocht greannmhar ina bpógann Murphy a chailín go grámhar agus ina dtosaíonn sé á bréagadh le milseacht bhriathra. Ansan, fáisceann sé í agus deir sé léi i gcogar: O Celia, words are inadequate to conceal what I feel! Sna húrscéalta is cáiliúla dá chuid, The Unnamable ach go háirithe, imríonn Beckett cluiche intleachtúil ina ndeir sé leis féin — An féidir liom abairtí a scríobh gan tada a rá? Admhaím nach féidir liom teacht chun deiridh ach b’fhéidir gur féidir liom altanna a bhreacadh gan aon cheo ráite agam. Faigheann sé amach, áfach, nach fiú don scríbhneoir bheith ag brath ar an teanga mar mheán iontaofa cumarsáide. Ba bhreá leis ‘ba, ba, ba,’ a rá ach

it seems impossible to speak and yet say nothing, you think that you have succeeded but you always overlook something, a little yes, a little no, enough to exterminate a regiment of dragoons.

Dar le Beckett, nuair is mian leat rud éigin a rá, ní féidir brath ar an teanga; agus nuair is mian leat rud éigin a cheilt, ní féidir brath uirthi ach an oiread. Níl de ghnó ag an teanga ná ag an urlabhra féin ach an t‑am a ghiorrú dúinn idir seo agus Lá an Bhrátha — ach nach dtiocfaidh sin go deo.

Tá clú ar an gCadhnach ó thaobh na stíle freisin. Eisean an té a dúirt gur cóir focail a láimhseáil chomh cúramach le huibheacha a mbeadh scolb an éin orthu. De bharr na tuisceana san, tá fíor-dhrochmheas aige ar an gcaoi ina láimhsítear na focail go hiondúil. Tá fear amháin curtha in Cré na Cille, Tom Rua, agus tá sé chomh cáiréiseach cúramach san i dtaobh na bhfocal nach ndeir sé tada ar shroichint na reilige dó:

Cé mar atá siad suas ansin?

Cé mar atá siad suas ansin? Suas ansin. Suas ansin muis…

Breá nach dtiúrfá freagra ar an té a labhródh leat, a Tom Rua.

Cé mar atá siad suas ansin?

Cuid acu go maith. Cuid acu go dona…

Slán an scéalaí! Cé tá go maith agus cé tá go dona?

Is críonna an té adéarfadh. Is críonna an té adéarfadh cé tá go maith agus cé tá go dona.

Tá an Cadhnach ag cur na ceiste céanna anseo is a chuir sé ina ghearrscéal cáiliúil dar teideal ‘Fios’. Cad a chiallaíonn dreas cainte? Cé mhéad de atá gan bhrí? An bhfuil sé sásúil mar mhodh teagmhála? Ba é a thuairim féin nach raibh. In Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, d’admhaigh sé go raibh an cheist chéanna pléite agus freagartha ag Beckett:

D’fhéach Beckett leis an gceist a fhreagairt in úrscéalta agus i ndrámaí de chineál nár scríobhadh cheana agus anois tá na focla féin ligthe ar lár. Níl fanta ach cineál mím.

Níorbh é bás na Gaeilge amháin a bhí ag déanamh buairimh don Chadhnach ach meath agus bás na teanga daonna, bás na hurlabhra. Thug sé léasadh béil do na léirmheastóirí faiseanta a bhí ag baint leas (dar leis) as bréagfhoclóir — critic, téatar, caracatúr — agus dúirt sé go raibh sé chomh maith acu dul ag bualadh gailf. Thuig sé a achrannaí is atá an Ghaeilge agus in Cré na Cille rinne sé magadh faoin niamhghlantach a chaill cúig chéad punt i gcomórtas crosfhocail de bhrí gur cheap sé go sean-aimseartha go raibh cúig litir sa bhfocal ‘teine’, ní ‘tine’. Ach, níos bunúsaí ná sin, thuig sé gur fíorannamh a dhéanann duine iarracht é féin a chur in iúl dá chomhdhuine. Ní fíorchomhrá atá ar bun in Cré na Cille ach a mhalairt glan — cnuasach de mhonalóga, gan caidreamh dá laghad i gceist. Mar a deirtear le duine amháin: Síleann tú má d’airigh tú do sheanleaba féin crua, go bhfuil chuile leaba eile crua freisin.

Ach má tá an Cadhnach in amhras mór faoin teanga mar mhodh teagmhála, tá sé in amhras freisin faoin litríocht mar mheán bréaguasal. Dar leis féin nach gnáthchaint Ghaeltachta í an chaint atá i mbéal an mháistir scoile agus a mhná agus scata eile sa leabhar, ach caint ealaíonach, caint bhréaguaislithe. Is rímhinic a bhíonn sé ag magadh faoi Nóra Sheáinín, Gertie Mc Dowell na Gaeltachta, atá beo ar chliché-anna na litríochta rómánsúla — Ar chuala tú mar deir Kinks le Blicsín sa Chaor-Phóg é? Bíonn an t‑údar ag magadh freisin faoina seanchara Dotie a bhíonn ag síorghearán nár cuireadh a corp i gcré mhín an Achréidh in oirthear na Gaillimhe. Gach uair a phléascann sí amach le hóráid liriciúil eile, craitheann Nóra a ceann agus cuireann sí comhairle uirthi: Dotie! Maothnas! an óinsiúlacht arís! Arís, nuair a thosaíonn an máistir ag labhairt go maoithneach faoina bhean agus faoi na laethanta cúirtéireachta a chaitheadar, cuirtear an chomhairle chéanna air féin. Go deimhin, déantar comórtas rígharbh idir chuntas ardnósach an mháistir liteartha agus caint thíriúil a chomharsan béal dorais a bhreathnaigh trí fhuinneog na scoile; M’anam, i gcead duitse, a Mháistir, go raibh tú dhá cláradh istigh.

Is sa chomhthéacs seo is cóir dúinn Stoc na Cille féin a mheas. Rinne Dónall Ó Corcora botún an-mhór nuair a dúirt sé nach raibh sna dréachtaí seo ag tús gach caibidle ach iarracht thútach ar chúlra rómánsach gallda a cheapadh d’fhonn an saothar go léir a mhóradh agus a dhéanamh domhain. Is follas ón méid sin nár thuig an Corcorach an leabhar. I dtéacs atá breac le hionsaithe ar scríbhneoireacht bhréagársa agus ar purple passages róliteartha, is léir gur ar mhaithe le híoróin a cuireadh Stoc na Cille ag labhairt sa ghlór údarásúil folamh san a chuirtear i gcomórtas le caint chadránta na gcorpán féin. Ag magadh faoin litríocht mar choinbhinsiún bréagársa a bhí an Cadhnach sna sleachta san ar nós Beckett féin a bhí go mór in amhras faoin gcliché reitriciúil agus a scríobh dá réir:

The silence was absolute. Profound in any case. All things considered it was a solemn moment.

Éinne a bhaineann leas as stíl reitriciúil i ndrámaí agus i scéalta Beckett, tá sé ag iarraidh an dubh a chur ina gheal air féin agus ar an saol — mar shampla, in Waiting for Godot cleachtann Pozzo an stíl san. Ach, mar a dúirt Verlaine faoi chuspóir na litríochta nua-aimseartha: We must take rhetoric and wring its neck. Mura bhfuil aon cheo le rá ag an duine, ní fiú biorán an stíl reitriciúil. Níor chreid Beckett go raibh tada le rá, agus dar leis nach raibh i stíl ar bith ach carabhat ardnósach crochta ar mhuinéal leathbhásaithe. Agus cé go mbíonn Stoc na Cille ag síorghearán Ba mé an chéad chorp sa gcill. Nach síleann sibh gur cóir go mbeadh rud éicint le rá ag sean-undúir na cille. Cead cainte dhom. Cead cainte… níl faic na fríde le rá aige nuair a fhaigheann sé a dheis ag deireadh an leabhair. Tá cead cainte anois agat, deir duine leis go searbhasach, ach is cosúil gur binne leat an béal marbh. Ní raibh ag Stoc na Cille ach stíl — stíl chumasach reitriciúil ach gan aon cheo le rá aige. Ní de thaisme a tharlaíonn sé gurb é sin an port a bhíodh á sheinnt ag lucht cáinte an Chadhnaigh, gur togha scríbhneora a bhí ann agus togha na Gaeilge aige, ach nach raibh fealsúnacht ná soiscéal aige féin mar údar. Tig linn a bheith cinnte go bhfuil ionannú le déanamh idir Stoc na Cille agus an t‑údar, sa mhéid gur bhain an Cadhnach leas d’aonghnó as an stíl chéanna ag deireadh a léachta, Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca:

Tá aois na Caillí Béarra agam, aois Bhrú na Bóinne, aois na heilite móire. Tá dhá mhíle bliain den chráin bhréan sin arb í Éire í, ag dul i mo cheann, i mo bhéal, i mo shúile, i mo cheann, i mo bhrionglóidí.

Dá bhrí sin, má tá magadh faoi Stoc na Cille i gceist sa leabhar, is féinmhagadh cúlánta é freisin, magadh faoin údar féin agus faoi fhallás an údair (nó, mar a scríobh Barthes, the fallacy of authorship).

Leis an bhfírinne a dhéanamh, níor chreid an Cadhnach ann féin mar údar. Níor theastaigh uaidh go mbeadh údar uilefhiosach ina chuid scéalta chun an léitheoir a stiúrú ar bhealach a leasa nó chun soiscéal áirithe a chraobhscaoileadh. A mhalairt ar fad a bhí ag teastáil, dar leis — an léitheoir a fhágáil ar a bhonnaí féin, chun a bhrí féin a bhaint as na poncanna. Dar leis gur cineál faisistí ab ea an t‑údar uilefhiosach sa bhéaloideas agus, fiú, in úrscéalta na haoise seo caite — duine a lig air féin go raibh na freagraí ar fad ar eolas aige sul má bhreac sé focal ar phár. Ach ní hamhlaidh atá an saol ná an t‑ealaíontóir i ndáiríre; agus má léiríonn Stoc na Cille rud ar bith, léiríonn sé go raibh an ceart ag Beckett nuair a d’ionsaigh sé an litríocht féin:

an art… weary of its puny exploits, weary of pretending to be able, of being able, of doing a little better the same old thing, of going a little further along a dreary road… and preferring the expression that there is nothing to express, no power to express, no desire to express, along with the obligation to express.

Frith-úrscéal is ea Cré na Cille ar an dóigh chéanna, agus an scríbhneoir seo ar a mhine ghéire ag magadh faoi údarás tiarnúil an údair a théann ag sáraíocht leis an scéalaí, Cóilí:

Má tá fonn ort a dhul ag cumadh, a Chóilí, cuimhnigh gur geis leis an nGúm rud ar bith a chuirfeadh inín i bhfalach ar a hathair a fhoilsiú… Tá fonn scríbhneoireachta ort. Níl duine ar bith de lucht na Gaeilge nach mbuaileann sé tráth éigin. Is dualgas coinsiais ar gach Gaeilgeoir a fháil amach an bhfuil bua na scríbhneoireachta aige, go háirid bua na gearrscéalaíochta, na drámaíochta agus na filíochta. Is coitianta go fada an dá bhua dheire seo ná bua na gearrscéalaíochta féin. Filíocht, cuirim i gcás. Níl agat ach tosnú ag scríobh ó bhun an leathanaigh leat suas — san nó scríobh ó dheis go clé, ach níl sin baol ar chomh fileata leis an mbealach eile.

Is cineál mion-Chadhnach féin an fear liteartha seo óir léann sé sleachta as a leabhar do Chóilí, purple passages ar ndóigh:

‘Agus bhí grian bheag dhreach-chaillte ag dul i dtalamh ar chúla Chnoc an tSeanbhaile…’ Sin é an tour-de-force a Chóilí: ‘grian bheag dhreach-chaillte ag dul i dtalamh’, agus ní miste dhom a mheabhrú dhuit nach mór an líne dheiridh tar éis an fhocail dheiridh a bheith spréite go flaithiúil le poncannaí, poncannaí scríbhneora mar a thugaimse orthu….’

Ar ndóigh, taobh thiar den fhéinmhagadh seo arís, is follas nach bhfuil tada le rá ag an údar seo, go bhfuil a aire iomlán dírithe ar stíl agus ar theicníc an ghiota agus ní ar a chéill.

Ag breathnú duit ar chlúdach Chré na Cille, is cosúil gur mar sin a ghlac na léirmheastóirí tosaigh leis an leabhar féin — an-stíl, an-chaint, píosa de theanga na Gaeltachta ná déanfar é a shárú go ceann i bhfad. Thabharfá an leabhar, de réir na fianaise seo, nach raibh faic le rá ag an údar, nach raibh smaoineamh ná breithiúnas ar bith sa leabhar, seachas cnuasach de chora cainte — nó mar a dúirt Molloy de chuid Beckett:

Not to want to say, not to know what to say, not to be able to say what you think you want to say, and never to stop saying — that is the thing to keep in mind, even in the heat of composition.

Nuair is mian le Molloy cloí le haimsir ghramadúil amháin, roghnaíonn sé an aimsir chéanna a roghnaigh Stoc na Cille:

I speak in the present tense, it is so easy to speak in the present tense when speaking of the past. lt is the mythological present, don’t mind it.

Is é an dála céanna ag Stoc na Cille anseo – in ainneoin an Chorcoraigh, don’t mind it. Is iomaí conspóid a spreag an leabhar neamhchoitianta seo, an ceann is barrúla, b’fhéidir, ar an iris Ar Aghaidh a dúirt: Ní ar nós Chré na Cille a dhathaigh an Piarsach ná a chairde Gaeilgeoirí na Gaeltachta. Ní ag casadh míola ná sneá ar a chéile a chuir sé iad. Ach níor mhaígh an Cadhnach riamh gur thug a leabhar léargas litriúil ar shaol na Gaeltachta – dar leis i gcónaí nárbh ionann fírinne na cumadóireachta agus fírinne an tsaoil. D’aontódh sé le Synge a dúirt faoin Playboy, My plot may not be literally true, but it is an accurate account of the psychic state of the locality. Ba mhian leis aisling uasal na hathbheochana a bhréagnú, an aisling a chaomhnaigh de Valera ar Raidió Éireann faoin nation of athletic youths and comely maidens — aisling a ceanglaíodh go dlúth leis an nGaeilge sa chóras oideachais trí leas a bhaint as na téacsanna beannaithe sin, An tOileánach agus Peig. Sna tríochaidí a caomhnaíodh an aisling úd, ach sna daichidí thosaigh scríbhneoirí ag iarraidh an meon piúratánach a bhréagnú, Myles na gCopaleen in An Béal Bocht ach go háirithe. Le fírinne, bhí an fhrithghluaiseacht seo ar bun ó thús na hathbheochana féin. Ba chuimhin le Yeats gréasaí aosta a casadh air sa bhliain 1879 agus a dúirt go raibh sé ag éirí tuirseach de Knocknagow, den mhaoithneachas agus den bheag-is-fiú. I long for a work, dúirt sé, in which the people will be shown up in all their naked hideousness. Tosaíodh ar scéalta agus ar dhánta den déanamh san a chumadh sna daichidí, agus Patrick Kavanagh chun tosaigh le The Great Hunger. Níorbh é an fear fadfhulangach tuaithe a bhí le feiceáil sa dán seo, ach fear tuataithe de shaghas eile. Bhí an Cadhnach ar an téad chéanna nuair a shéan sé an béaloideas mar bhunús don úrscéal:

peasants a chaomhnaigh an litríocht bhéil. Tá faitíos orm gur beag a chaomhnaíos peasants ach na claidheacha tórann agus an taisce sa stoca.

Sa ráiteas san, bhí sé ar lorg Joyce a scríobh in Stephen Hero:

The glorified peasantry all seem to me as like as one peascod is to another peascod. They can spot a false coin but they represent no very admirable type of culture — they live a life of dull routine, the calculation of coppers, the weekly debauch, and the weekly piety.

Ba mar Eorpach a bhreathnaigh Joyce air féin agus b’amhlaidh an scéal ag an gCadhnach. Nuair a dúradh in eagarfhocal na hirise Béaloideas, i 1927, mura mbeadh litríocht na Gaeilge greamaithe i mbéaloideas na Gaeilge nach mbeadh inti ach rud leamh neamhbhlasta, ba mar seo a d’fhreagair an Cadhnach: Cén chaoi mar sin a n‑éiríonn le daoine in áiteacha eile san Eoraip scríbhneoireacht a dhéanamh, d’uireasa béaloideasa, agus ar neamhchead leis? Tháinig sé go hiomlán le tuairim an Phiarsaigh a shéan an béaloideas mar bhonn liteartha agus a chomhairligh do scríbhneoirí na Nua-Ghaeilge bogadh amach ón gcarn aoiligh. Dar leis an bPiarsach go raibh an béaloideas neamhphearsanta agus nár leor san don litríocht nua-aimseartha: Style after all is another name for personality dúirt sé, agus ar an téad chéanna a bhí an Cadhnach nuair a scríobh sé: Ní dhéanann an béaloideas litríocht, mar is as aigne an duine a thagann sé amach. Maireann an litríocht ar phearsantacht a mhúnlaíos an t‑ábhar. Is léir dá réir sin nár dhathaigh an Cadhnach Gaeilgeoirí na Gaeltachta ar an gcaoi chéanna is a rinne an Piarsach mar scríbhneoir cruthaitheach — ach go ndearna sé rud ní ba thábhachtaí. Ghlac sé le dúshlán an Phiarsaigh do scríbhneoirí óga anam agus intinn na nGael a chur i dtuiscint dá chéile agus don domhan. Ar thaobh amháin, bhí sé ar lorg na Rúiseach agus na bhFrancach a luaigh sé go minic ina chuid scríbhneoireachta; ach ar an taobh eile, bhí sé ag brath go mór ní ar an mbéaloideas ach ar chaint agus ar shaol a mhuintire féin. Go breá luath ina shaol, scríobh an Cadhnach i 1933: Ba inspéisiúil an rud é dhá ndéantaí staidéar ar scéalaíocht aon pharáiste amháin. Dar leis gur chaith sé féin an chuid eile dá shaol ag dul timpeall agus a pharóiste féin ina cheann aige.

Ar an gcaoi sin, tá sé inchurtha le Patrick Kavanagh a chuir an bhéim chéanna ar thábhacht an pharóiste mar bhonn liteartha; agus a rinne comórtas idir paróisteachas agus cúigeachas sa litríocht:

Parochial and provincial are direct opposites. A provincial is always trying to live by other people’s lives, but a parochial is self-sufficient.

Dar leis go raibh scríbhneoirí Béarla na tíre beochéasta ag barúlacha Londan agus iad de shíor ag sodar i ndiaidh na n‑uasal faiseanta sa chathair san. Ach dá mba mhian leo bheith fíor-Eorpach, ba chóir dóibh neamhaird a dhéanamh de gheáitsíocht Londan agus scríobh ar nós cuma leo, not caring who was looking. B’shin díreach an gaisce a rinne an Cadhnach, is ba mhór an cúnamh dó gur scríobh sé i nGaeilge, sa mhéid nach raibh foilsitheoirí Shasana ag iarraidh air scéalta faoi théamaí Yeatsacha a chumadh don mhargadh eachtrannach ar nós scríbhneoirí eile as iarthar tíre. Rinne sé leasú, fiú, ar theoiric an Chaomhánaigh nuair a mhaígh sé nach raibh caint leathpharóiste aige, nach raibh aige le fírinne ach caint leathurláir, ach gur leor san do dhuine ar bith.

Bhí sé de mhisneach aige a chuid a scríobh i dteanga arbh é a cosúlacht go mbeadh sí básaithe roimhe féin; agus i ngeall air sin, níor ghéill sé do chathú an Bhéarla, ar nós a chomhscríbhneoirí réadúla frithrómánsúla in Éirinn na linne sin. Mhill an cúigeachas céanna Myles na gCopaleen, Breandán Ó Beacháin agus fiú an Caomhánach féin i ndeireadh na dála, óir bhíodar gafa, luath nó mall, le scoil na buckleppers agus lucht léite an Bhéarla. Thuig Beckett, mar a thuig an Cadhnach agus an Seoigheach, go raibh cathú éigin sa Bhéarla don Éireannach ar mhian leis a chuid a rá ar a bhealach neamhleithscéalach féin.

B’shin é an chúis gur athraigh sé go Fraincis agus gur chloígh sé leis an Eorpachas. D’éirigh le Máirtín Ó Cadhain an bheachtaíocht chéanna a shárú laistigh den Ghaeilge agus litríocht den chineál sin a scríobh i mionteanga a bhí ar tí a báis. Tá daoine ann a cheapann gur meafar is ea Cré na Cille de staid na Gaeilge faoi láthair; nó, mar a dúirt cara leis an gCadhnach faoi Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i 1969 — These people aren’t really arguing about how to save the language. The real subject being debated is who owns the bloody corpse. Ní thiocfadh an Cadhnach leis an mbarúil sin óir bhí dóchas aige go fóill, an dóchas a ghineann an misneach, an misneach a ghineann an gníomh. Agus thuig sé rud eile — mar a dúirt Nóra Ardnósach Sheáinín ars longa, vita brevis, is é sin, go labhraíonn an guth neamhleithscéalach linn, fiú tar éis dó bás d’fháil. Nó, mar a scríobh Beckett sa ghiota is cáiliúla dá shaothar, giota atá ina achoimre ar na deich n‑eadarlúid in Cré na Cille:

All the dead voices.
They made a sound like wings.
Like leaves.
Like sand.
Like leaves.
They all speak together.
Each one to itself.
What do they say?
They talk about their lives.
To have lived is not enough for them.
They have to talk about it.
To be dead is not enough for them.
lt is not sufficient.

Gheobhaidh an Ghaeilge bás, más gá, ach ní baol di. Labharfaidh an Chailleach Béarra, agus Brú na Bóinne, agus Suibhne Geilt, agus an Dord Fiann, agus Stoc na Cille linn go Lá an Bhrátha.

Tá Iontaobhas Uí Chadhain fíorbhuíoch den údar agus den fhoilsitheoir, Coiscéim, as ucht a gcead an t‑alt seo a fhoilsiú.