Máirtín Ó Cadhain — Poblachtach agus Sóisialaí

Le Proinsias Mac Aonghusa. Marais, Páras, An Cháisc, 1989.

Ag Dáil Uí Chadhain a tugadh an léacht seo ar an 8 Aibreán 1989.

Céadfhoilsíodh i riocht na haiste í in Comhar, 49(10), 5–17.

Bhí Máirtín Ó Cadhain chomh Gaelach le ceaig poitín; meas an stiléara is mó a bhí aige ar reachtanna agus dhlithe stáit ar a raibh dímheas aige. Is iomaí sin Máirtín Ó Cadhain a bhí ann. Is mar scríbhneoir is dóigh is faide a mhairfeas a chliú. Is mar sin ab fhearr leis féin an scéal a bheith. Dá mhéad dá ndearna sé agus clócaí eile ar a ghuaillí thuig sé go rímhaith, formhór a shaoil, gurb í an scríbhneoireacht an cheird a bhí leagtha amach dó. Ach múinteoir de chineálacha éagsúla a bhí ann ó thosaigh sé ag teagasc ar Dhaighnis sa bhliain 1926 agus é bliain is fiche d’aois, nó gur cailleadh é agus é ina Ollamh i gColáiste na Tríonóide agus é ina Chomhalta de chuid an Choláiste (FTCD) sa bhliain 1970.

Léachtóir poiblí thar cionn a bhí ann agus óraidí breá a raibh an greann agus an dáiríreacht measctha trína chéile go healaíonta aige. Iriseoir bisiúil ba ea é mar a thuigfeas an té ar cuimhin leis Caiscín san Irish Times, altanna dá chuid in The Gaelic Weekly, litreacha a bhain le saol an lae inniu san Evening Mail agus aistí dá lán cineálacha in Feasta agus in Comhar agus in An Stoc agus in Ar Aghaidh, agus in irisí nach iad.

Ach is faoin gCadhnach mar fhear poiblí, mar agóidí, mar Phoblachtach, mar Shóisialaí atáimse ag trácht anocht ag Céad Dáil seo Uí Chadhain. Ní ar nithe eile atá m’aird; beidh daoine nach mé ag trácht ar Mháirtíní Ó Cadhain eile. Agus, dar mo leabhar, tá neart le rá.

Ní bheadh sé indéanta Máirtín Ó Cadhain a chur i gcomórtas le duine ar bith eile, Éireannach nó coimhthíoch. Duine ann féin ar fad a bhí ann a raibh gnéithe de stíl mhaithe móra an Renaissance ag baint leis.

Ní naomh ar bith a bhí ann, ach sheas sé i gcónaí leis na nithe a gceapfaí, b’fhéidir, naoimh Éireann a bheith ar a son. Céard a bhí uaidh a thabhairt chun críche, an conraitheoir réabhlóideach seo as an gCnocán Glas? Is ar éigean atá mórán dabht faoi sin: Poblacht lucht oibre ina mbeadh an Ghaeilge i réim, agus ocastóirí faoi dhímheas. Fear caol caintiúil a bhí ann, a dúirt cara leis liom, nuair a casadh airsean é den chéad uair ina theach féin i gCamas in earrach na bliana 1928. Bhí sé féin agus Seosamh Mac Mathúna, múinteor Leitir Mucú, in aon teach le chéile. Bhí time ar siúl do mháistreás a bhí ag imeacht as an áit. Bhí ól ann — ceaig poitín. Mhair an time go dtí a ceathair nó a cúig ar maidin. Muintir na háite agus múinteoirí le chéile. Béarla is mó ar fad a bhí á labhairt ag na múinteoirí, agus Gaeilge ag an bpobal. Mar sin a bhíodh cúrsaí san am. Tháinig athrú ar an saol. Agus ansin tháinig athrú eile arís air. Ní dheachthas chuig aifreann an mhaidin dár gcionn, agus faoi cheann seachtaine d’ionsaigh an sagart Máirtín agus Joe Mac Mahon agus an chuid eile díobh ón altóir. Is dóigh gurbh í sin an chéad uair ar déanadh ionsaí den chineál ar Mháirtín, agus is spéisiúil gur faoi phoitín a tharla sé agus faoi gan dul chuig an aifreann.

Ach bhí sé cheana féin san IRA. Dála an scéil, bhí gnaoi na ndaoine air, rud ab annamh san am ar mháistir scoile. Théadh sé thart le muintir óg an cheantair. Bhíodh sé ag comrádaíocht leo, ag ól leo, ag dul chuig damhsaí leo. Duine dá gcuid féin a bhí ann. Tuigeadh sin. Tuigeadh nárbh ionann é agus na máistrí agus máistreásaí scoile a bhíodh ann roimhe, dá fheabhas iad. Is fiú a lua gur bheag ar fad de mhuintir Ghaeltacht Chonamara a fuair aon mhéid oideachais san am, ní áirim a bheith ina múinteoirí ná dul ar ollscoil. Ar ndóigh, b’ionann scéal do dhaone bochta ar fud na tíre ar fad agus ní hé an oiread sin athrú a tháinig ar an saol nó gur chuir Donnchadh Ó Máille a scéim saoroideachais ar bun.

Cé gur inis sé féin neart scéalta barúla faoina bhreith ina dhiaidh sin, agus go bhfuil ceist ann faoin mbliain inar rugadh é, is cinnte go leor gur ar an gCnocán Glas a tháinig sé ar an saol. B’fhéidir gur rugadh é in Eanáir na bliana 1905 nó ar an 13ú lá d’Fheabhra, 1906 nó ar an 20ú lá d’Eanáir, 1906. Tá scéal a bhreithe chomh casta le scéal Phádraic Uí Chonaire, geall leis! Bhíodh sé ag ligean air scaití gur i Learpholl Shasana a rugadh é. Bhaineadh sé greann as nithe mar seo, agus as dream údaráis a chur amú. Beidh cuimhne ag cuid agaibh ar an mbréagphictiúr de féin a cuireadh ar fáil don Ghúm do An Braon Broghach sa bhliain 1969. Chuir siad i gcló é. Shéan an Cadhnach gurbh é féin a bhí ann agus chuir sé milleán ar an nGúm. Dúirt sé go raibh dealramh ag an bpictiúir le Stalin óg sular éirigh sé brúidiúil. Ach shíl a lán a raibh eolas acu ar intinn Mháirtín Uí Chadhain gur dhóigh ná a mhalairt gurbh eisean féin a thug an pictiúr don Ghúm le teann diabhlaíochta agus mioscaise. Ní ar an eagraíocht áirithe stáit sin is mó a bhí a ghean. B’as saol an bhéaloidis, saol nach raibh mórán athrú air le míle bliain anuas, a fáisceadh mé, a dúirt sé féin le Scoil Merriman an lá deiridh d’Eanáir, 1969. Duine de thriúr déag clainne a bhí ann agus bhí an teaghlach chomh bocht céanna le gach teaghlach eile san áit. Bhí sé fíormheabhrach agus bhí máistir scoile, Éamon Ó Gógáin, sa Spidéal a thuig a fheabhas, agus a chuidigh leis. Is dóigh gur ina fhear oibre i Sasana a bheadh Máirtín Ó Cadhain murach a ndearna an máistir scoile breá seo ar a shon. Ghnóthaigh Máirtín an King’s Scholarship faoi dhó, sa bhliain 1923 agus é ró-óg le glacadh leis, agus arís an bhliain dár gcionn. B’in éacht. Bhí coimhlint mhór ann.

Chuaigh sé chuig Coláiste Phádraig i nDroim Conrach i bhfómhar na bliana 1924. As an scoil náisiúnta a tháinig sé; níor chaith sé lá riamh i meánscoil. Bhí sé ina mháistir scoile déanta dhá bhliain dár gcionn. I bhfómhar na bliana 1927 ceapadh é ina phríomhoide ar Scoil Chamais i bParóiste Ros Muc agus is ann a bhí sé go dtí tús 1932 nuair a fuair sé post mar phríomhoide ar an gCeaird Mhór*, taobh thoir de Ghaillimh mar a bhfuil aerfort anois. Is anseo a bhí sé sa bhliain 1936 nuair a bhris Easpag na Gaillimhe, an Dochartach, é de bharr a dhílseachta don IRA. Scéal mór a bhí sa bhriseadh san am. Sheas muintir an Chairn Mhóir leis. Ionsaíodh Marrinan, an máistir a thóg post Mháirtín, agus sílim gur baineadh a chuid ingne de. B’éigean cosaint phoiblí a chur ar fáil dó ar feadh i bhfad. Níor sheas an INTO le Máirtín. I ndeireadh 1936 bhí a cheird bainte de agus é curtha ar an mbóthar, rud a tharla, ar ndóigh, do chuid mhaith eile múinteoirí misniúla roimhe agus ina dhiaidh. Ach níorbh ionann mórán acu siúd agus Máirtín Ó Cadhain.

Cad chuige a raibh sé san IRA? Céard a chuir ar bhóthar na Poblachta é? Daoine ciúin go leor a bhí i muintir Mháirtín. Ní raibh sá na scine, caitheamh na cloiche ná bualadh maide ionainn, a dúirt sé féin tráth. Más fíor, léigh sé cóip den iris Nationality le linn dó a bheith ina mhac léinn i gColáiste Phádraig agus sin a mhúscail a spéis sa Phoblachtachas. Ach ní miste aird a thabhairt ar an méid seo, freisin: bhí sé 14 bliana nuair a cuireadh an chéad Dáil ar bun agus nuair a thosaigh Cogadh na Saoirse; 17 mbliana nuair a thosaigh an Cogadh Cathartha. Bhí na hÓglaigh bunaithe go maith ina cheantar dúchais. Scoilt siad; chuaigh an chuid is mó díobh leis an Saorstát de bharr cheannaireacht Mhíchíl Uí Dhraighneáin — a mhalairt a tharla in iarthar Chonamara de bharr Ghearóid Mhic Pharthaláin agus Petie Mc Donnell. Is é sin le rá gur cinnte go raibh an-chaint ar a raibh ag tarlú go háitiúil agus ar fud na tíre. An bhféadfadh buachaill fíormheabhrach ar nós Mháirtín Uí Chadhain gan spéis a bheith aige ina raibh ag tarlú?

Tá a fhios agam céard a thug san IRA mé féin. Ba chall troid le mo mhuintir, boicht na tuaithe, a fhuascailt, a scríobh sé in Feasta sa bhliain 1960 agus é ag déanamh léirmheasa ar Ar Thóir mo Shealbha le Tarlach Ó hUid, fear eile a bhí sna hÓglaigh ach nár fhan leo. D’fhan Máirtín san IRA. Ní feasach mise nach raibh sé taobhach i gcónaí leis na hÓglaigh cé gur díbríodh é astu, tuairim is 1946, gur mhinic dó iad a lochtú, gur thuig sé bunlaigeachtaí a bheith orthu. Bhí a fhios aige gurbh iad Óglaigh an IRA na Gaeil ba dhílse sa tír, gurbh iadsan i gcónaí a sheas le leas an náisiúin agus le cearta bunúsacha na tíre nuair a bhíodh drochmhisneach ar fhormhór na coda eile, gur acu a bhí an Holy Grail.

Seosamh Mac Mathúna a chuir móid dílseachta an IRA ar Mháirtín ag geata theach an mhúinteora i gCamas, mar a raibh an bheirt acu ina gcónaí. Bhí Mac Mathúna sna hÓglaigh ó bhliain a ’18 agus nuair a tháinig sé ag teagasc go Leitir Mucú ceapadh é mar Aidiúnach ar Chathlán Chonamara den IRA. Duine é a bhí fíorghníomhach, a chaith seal ina phríosúnach ar an gCurrach le linn an Dara Cogadh Domhanda, agus a d’fhan i nGluaiseacht na Poblachta go deireadh a shaoil. Níorbh fhada Máirtín san IRA nó gur roghnaíodh é mar Chaptaen ar Óglaigh Chamais. Ar ndóigh, bhí Cumann na nGaedhael i réim san am agus tóir mhór acu ar lucht na Poblachta. Bhí neart i bpríosún. Ní raibh an Cogadh Cathartha thart ach le ríbheagán blianta. Bhí polaitíocht an-teasaí, ach in ainneoin bhriseadh Éamon de Valera leis an IRA ar dtús agus ansin le Sinn Féin, agus bhunú Fhianna Fáil, bhí comhoibriú an-dlúth fós idir na dreamanna éagsúla poblachtacha. Níl aon amhras ann ach go raibh neart i gCumainn Fhianna Fáil fós a bhí san IRA freisin, nó taobhach leis na hÓglaigh. Mar sin a bhí an Cochlánach, duine den triúr a mharaigh Caoimhín Ó hUiginn, mar shampla. Bhain sé le Cumann Inse Chóir d’Fhianna Fáil. I litir a chuir Seosamh Mac Mathúna chuig an tSiúir Bosco Costigan agus Seán Ó Curraoin, údair bheathaisnéis an Chadhnaigh, dúirt sé an méid seo:

Bhí orainn dul ar fud Chonamara ar obair na nÓglach agus bleachtairí ag faire orainn. Cheapamar plean. Chuireamar coiste ar bun le leacht a thógáil do na buachaillí ó Chonamara a thug a n‑anamacha ar son na Poblachta, agus bhí cruinniú i chuile áit faoin leithscéal sin, agus d’éirigh go maith linn.

Ní miste súil a chaitheamh ar bhaill an Choiste sin, Coiste Chuimhne na nÓglach i gConamara, mar a bhí air. Bhí sé eagraithe, más fíor, i sé cheantar éagsúla. Mac Mathúna agus Ó Cadhain na Rúnaithe. Bhí aon mhúinteoir déag ar an gCoiste ar fad agus ceathrar Comhairleoirí Contae de chuid Fhianna Fáil. Aithním cuid mhór de na hainmneacha, agus Fianna Fáilithe is mó a bhí iontu. Peadar Mac Domhnaill, Petie Mc Donnell, Fianna Fáilí tréan agus Poblachtach dílis, a bhí ina Chathaoirleach, agus bhí Gearóid Mac Parthaláin, Gerald Bartley, a bhí ina dhiaidh sin ina Aire Cosanta, mar Chisteoir. Orthu siúd eile a bhí ar an gCoiste bhí John Keane, a bhíodh ina dhiaidh sin ina TD ag Fianna Fáil. An amhlaidh nár thuig an dream seo, a raibh ceird na comhcheilge acu féin, go raibh an IRA ag baint leasa astu? An amhlaidh gur chuma leo? Agus ceist eile, an é Coiste sin Chuimhne Óglaigh Chonamara tús saoil an Chadhnaigh mar chomhcealgaire, ceird a thug sé leis go binn?

Bhí m’athair, Críostóir Mac Aonghusa, cara mór le Máirtín, ar an gCoiste. Ar seisean:

An uair sin b’ionann Cumannaigh, an tIRA, Sinn Féin agus Fianna Fáil. An mhuintir a raibh airgead acu agus ceannas agus cumhacht, ar nós siopadóirí, feirmeoirí móra, lucht gnó i mBaile Átha Cliath agus sagairt agus easpaig, bhíodar go léir ar thaobh Chumann na nGaedhal. Aon dream amháin a bhí ionainne, freisin. Bhíomar ina n‑aghaidh siúd.

Bhí dream maith óg sna hÓglaigh i gCamas faoi cheannas an Chadhnaigh. Bhí an tIRA beo i ngach baile fearainn i gConamara. Bhí fonn ar dhaoine óga rud éigin a dhéanamh. Ach céard é an rud sin agus cén chaoi a ndéanfaí é? Bhí cuma i bhfad níos fearr ar Fhianna Fáil. Agus bhí de Valera ar an gceannaire ab fhearr sa tír. Ní raibh aon pholasaí tarraingteach ag an IRA. Chlis air i gConamara mar a chlis i ngach áit eile. Bhí Rialtas an Chosgaraigh brúidiúil. Bhí suarachas ag baint leis agus frithnáisiúnachas a bhí ag dul i méid de réir a chéile. Bhí an seoiníneachas in airde in ainneoin fheabhas léithéidí an Bhlaghdaigh agus Risteárd Uí Mhaolchatha ar a mbealaí féin. Ba léir má bhí siad le cur de dhroim seoil gurbh é bealach Fhianna Fáil agus ceannaireacht chliste, ghlic de Valera a dhéanfadh sin, agus nach iad gunnaí na nÓglach. Sa bhliain 1932 thug baill an IRA an-chúnamh go deo d’Fhianna Fáil leis an toghchán a bhuachan agus rinne siad sin arís i dtoghchán na bliana dár gcionn. Cumann na nGaedhael a chriogadh, agus Poblachtaigh Fhianna Fáil a chuirfeadh an Phoblacht ar bun a chur i réim, aidhm bhaill an IRA sna blianta sin. B’in, freisin, aidhm chinnte Mháirtín Uí Chadhain. Ach cé go ndeachaigh a lán den IRA le Fianna Fáil ar fad, agus cuid acu isteach sna Gardaí, sna ‘Broy Harriers’, mar a thugtaí orthu, agus san Arm Náisiúnta, níor chuimhnigh an Cadhnach riamh ar dhul leis an bpáirtí. Ceithre bliana sular cailleadh é, thosaigh sé a phaimfléad An Aisling mar seo:

Mar phoblachtóir neamhleiscéalach atá mé dá scríobh seo. Má chuireann tada dhá bhfuil ann múisiam ar aon duine ní shin é is rún dom. Ach mas roghain idir múisiam a chur ar dhaoine é agus an fhírinne — an fhírinne mar is léir dom-sa í — a chur as a riocht, is í an fhírinne mo roghain.

D’fhág sé Camas i dtús 1932 agus thug a aghaidh soir ar an gCeaird Mhór*, áit ina raibh an Ghaeilge láidir san am. Taobh istigh de bhliain bhí sé ceaptha ag IRA na háite mar Chaptaen orthu. Bhí traidisiún fíorláidir poblachtach sa dúiche sin. Ní miste cuimhneamh gur taobh thoir de Ghaillimh is mó a bhí Éirí Amach 1916 taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Agus níl deireadh fós, ná baol air, ar Phoblachtachas an réigiúin. Má bhí Máirtín thoir féin bhí baint dhlúth aige le cúrsaí thiar i gConamara. Go deimhin b’fhéidir gur mhó a spéis i ndeacrachtaí agus i ndrochshaol mhuintir na Gaeltachta agus é gafa soir agus ina dhiaidh sin ná roimhe sin. B’fhéidir gur léir dó cruatan saoil na muintire thiar nuair a conaic sé cé mar a bhí an saol laethúil ag daoine eile a raibh talamh níos fearr agus bealaí níos nua-aoisí acu.

Sheas sé i gcónaí leis an nGaeltacht agus le muintir na Gaeltachta. Níl a fhios agam duine ar bith a shéanfadh sin. Ach ní shin le rá é a bheith dall ar lochtanna mhuintir na Gaeltachta. The Gaeltacht mentality is as crotchety a bag of tricks as that of the Ceithearnach Caoilriabhach, a dúirt sé in The Gaelic Weekly i Márta na bliana 1964.

Thuig sé riachtanais mhuintir na Gaeltachta. Thuig sé an chiall a bhaineann le drochthalamh clochach ar deacair saothrú a bhaint as. Chonaic sé a mhuintir ag plé le drochthalamh. Agus d’oibrigh sé féin agus é ina ghasúr ar dhrochthalamh. Thuig sé dúil pobal bocht tuaithe i dtalamh maith agus i dtuilleadh talún, bíodh an talamh maith nó olc.

Sa bhliain 1969 a scríobh sé an méid seo:

Tugann sibh faoi deara go mbainim leas as an bhfocal ‘aicme’ sách minic, focal is ionann agamsa agus ‘class’. Cuimhneo cuid agaibh ar an gclass warfare. Bhí an smaoine seo téaltaithe i m’intinn sul ar fhága mé an Ghaeltacht ná ar chuala mé ag caint ar Mharx ná ar an gConaolach ariamh.

Dar liom, tá tábhacht ag baint leis an dearbhú seo agus le ráitis eile gaolta leis ar a mbeidh trácht agam ar ball. Mar ba mhinic a deirtí gur bheag é tuiscint Uí Chadhain ar Shóisialachas agus ar choimhlint na cosmhuintire i gcoinne lucht an rachmais. Ar bhealach sílim meascán a bheith déanta idir Ó Cadhain, crann taca mhuintir na Gaeltachta agus lucht lag eile, agus Ó Cadhain an tÓglach ar theastaigh uaidh go mbuailfí buillí móra marfacha ar impireacht Shasana, fiú is dá mba é réimeas coirpeach Hitler sa Ghearmáin a bhí á dhéanamh sin. Tá neart eolais anois ar réimeas na Naitsíoch. Is cinnte go raibh a lán roimh dheireadh an Dara Cogadh Domhanda, agus roimhe, a thuig a ndonacht go soiléir agus a bhí i gcoinne an Fhaisisteachais, bíodh sé sa bhaile nó i gcéin. Ach go fiú is cuid mhaith a bhí lochtach ar na Léinte Gorma agus a thuig an chontúirt a bhain leo, ní raibh siad go háirithe in aghaidh na Gearmáine sa chogadh le hImpireacht Shasana. Le forlámhas Shasana ar Éirinn a bhriseadh agus le deireadh iomlán a chur le bréagéileamh Shasana ar cheannaireacht sa tír seo atá, agus a bhí, an tIRA ann. A thúisce a chuirfear deireadh le réimeas na Sasanach ní bheidh aon ghá leis an IRA agus imeoidh sé i léig. Ach go dtí sin, is corr-Éireannach grinn nach dtuigfeadh call a bheith leis na Hillside Men. Mar sin a bhí an Cadhnach.

I ngéibheann i Sibéir na hÉireann, mar a thug sé air, a chaith sé formhór an Chogaidh. An iontas ar bith súil a bheith aige go gcriocfadh an Ghearmáin Impireacht Shasana agus go mbeadh deireadh go deo le ceannas fimíneach brúidiúil Londan ar Éirinn dá bharr seo? Ar ndóigh, thuig sé nach le saoirse a bhaint amach don tír seo a bhí Hitler agus a lucht leanúna ag troid. Ach thuig sé freisin go mbeadh athrú mór millteach ar an saol ach Seán Buí a bheith thíos. Is iomaí Éireannach agus daonlathaí maith eile a raibh súil aige go mbuailfí an Sasanach agus ní bheadh sé ceart ná cóir a rá gur réimeas faisisteach a bheadh uaidh ina dhiaidh sin sa tír seo.

Ní shin le rá, áfach, an ceart a bheith acu siúd a thacaigh leis na Gearmánaigh an uair úd. Bhí an saol casta. Bhí bréaga móra an Chéad Chogadh Domhanda i gcuimhne daoine fós. Níor creideadh a raibh Sasana a rá faoin réimeas in Beirlín. Ach b’fhíor é, mar a thuigtear anois.

Tabhair faoi deara, áfach, roinnt dá bhfuil le rá ag Mícheál Ó Ríordáin, príomh-Shóisialaí Éireann, le fada an lá. Bhí seisean i ngéibheann ar an gCurrach le Máirtín Ó Cadhain. Ní raibh sé i bhfad tagtha abhaile ó bheith ag troid ar son na Poblachta sa Spáinn nuair a gabhadh é. Cé go raibh sé óg, throid sé an Faisisteachas lena ghunna agus ar gach slí eile dá raibh aige.

San Irish Socialist i bhFeabhra, 1976, rinne sé cur síos ar chuid de shaol na bpríosúnach agus a leagan amach. D’inis sé faoi thráthnóna sa champa géibhinn sa bhliain 1941 nuair a luaigh sé le Máirtín Ó Cadhain go raibh amhrán an lucht oibre, L’Internationale, aistrithe ón mbun-Fhraincis go dtí gach teanga ach amháin Gaeilge. Bhí comhrá acu faoi seo. Dhá lá dár gcionn bhí aistriú cumasach curtha ar fáil ag an gCadhnach:

Músclaigí, a bhratainn na cruinne,
A dhíogha an ocrais, aire dhaoibh!
Tá an tuiscint ina bhuabhall buile
Ag saighdeadh an duine chun malrait saoil.
De sheanré na ngeasróg déanaim easair,
A ál na laincise, músclaigí,
Sinne nach faic muid, gheobhaidh muid gradam.
An seanreacht leagfar bunoscionn.

Loinneog

Sí an troid scoir í, a bhráithre, éirímis chun gnímh,
An tInternationale — snaidhm chomhair an chine dhaonn’
Sí ’n troid scoir í: a bhráithre, éirímís chun gnímh,
An tInternationale a bheas mar chine daonn’.

Ní bheadh mórán céille ann a cheapadh a leithéid seo nó siúd de leagan polaitíochta a bheith ag duine de bhrí gur scríobh sé amhrán nó gur aistrigh sé iomann. Céard faoi John Kells Ingram agus Who Fears to Speak of ’98? Ach dúirt Mícheál Ó Ríordáin tuilleadh:

It was very early in 1940 that Ó Cadhain was first interned in the ‘Glasshouse’ — the Military Detention Barracks in the Curragh at a time when the Phoney War was on between Britain and Nazi Germany. He then shared the view of the vast majority of Republican prisoners that a German victory would be an advantage to the cause of Irish independence. As the war went on, and more internees came in, the debate on the issues of the war, the character of German Nazism, and the whole future of Ireland, became more and more vigorous. At this time there was established a Communist Group which clearly opposed Fascism.

With the Nazi attack on the Soviet Union in 1941, there emerged three streams among the internees:

  1. The Communist Group.
  2. Those who still wished for a British defeat.
  3. A minority which had passed over from the traditional anti-British stand to one of acceptance of Fascism as an ideology.

Ó Cadhain belonged to the second stream.

Glacaim leis gurbh é sin an dream ba mhó. Rud eile a dúirt Mícheál Ó Riordáin ar fiú é a lua:

There is no doubt that he gave of all his talents freely in educating his fellow internees. From his Irish classes came a crop of working-class lovers of the Irish language, many of whom became more proficient than the elitist establishment-type language enthusiasts. He himself was also educated. Prison is a great university and the bloody war then in progress was a great stimulant to thinking. These remarks do not pretend to be a comprehensive study of his latter develoment, but in the ’50s — during the imperialist Cold War — he jumped at an opportunity to visit the USSR.

Is fiú anois dul siar de bheagán agus breathnú ar an gCadhnach ag saighdeadh agus ag eagrú na cosmhuintire. Mar a dúirt mé ar ball, talamh bun agus barr réabhlóideachas Éireann, agus go háirithe réabhlóideachas iarthar Éireann. Gabháil na talún ó na Gaeil, agus a bhfeachtais éagsúlasan lena hathghabháil, sin réabhlóid Éireann. Is minic ráite gurbh é an chiall a bhí le saoirse na hÉireann ag cuid mhaith mhór den phobal roinnt talún chothrom sa tír trína dtabharfaí an talamh a bhí tógtha ag na plandóirí agus a bhí anois i seilbh a sleachta do ghnáthfheirmeoirí agus thalamhaithe. Ach tháinig an Saorstát agus chonnachtas nárbh é an chéad chloch ar an bpaidrín ag a cheannairí talamh a roinnt ná cur isteach ar bith a dhéanamh ar shliocht na dTiarnaí Talún. Ná déantar dearmad gur faoi Rialtas Shasana agus de bharr Achtanna Talún George Wyndham a chaill na mór-Thiarnaí Talún a seilbh. Bhí rath ar bhrú agus ar chogaíocht Chonradh na Talún agus Mhíchíl Dháibhéid i bhfad sula raibh parlaimint i mBaile Átha Cliath. Ach is beag dó sin a bhí le feiceáil i gConamara.

Is é Críostóir Mac Aonghusa agus Seosamh Mac Mathúna a thosaigh ag cur an smaoinimh chun cinn i gConamara gur cheart talamh méith i lár tíre a d’fhéadfadh a bheith le roinnt a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta. Thug siad cruinnithe móra le chéile i gcuid mhaith ionad i ndeisceart Chonamara agus labhair siad faoi thalamh breá a bhí thoir, faoin drochthalamh a bhí ag muintir Chonamara de bharr ruaigeadh Chromaill agus gur chóir anois a gcearta a thabhairt dá sliocht siúd a díbríodh anoir ag dul ar 300 bliain roimhe sin.

B’in caint réabhlóideach. Agus tugadh aird uirthi. Chuir daoine óga spéis inti go háirithe. Ach bhí siopadóirí agus sagairt agus polaiteoirí a bhí i gcontúirt pobail a chailleadh dá n‑éireodh léi, go tréan ina gcoinne. Rinneadh fonóid fúthu. Agus ina measc siúd a shíl agus a dúirt gur caint gan chéill a bhí inti, gur uprooting of tradition a bheadh ann daoine as cladaí Chonamara a chur soir bhí Máirtín Ó Cadhain. Choinnigh sé glan amach ón bhfeachtas. Dar leis gur cur amú contúirteach ama a bhí i gcruinniú a réitíodh le hUachtarán Rialtas an tSaorstáit, Éamon de Valera ar an 11 Samhain, 1932. Seosamh Mac Mathúna, Aidiúnach an IRA i gConamara, ar ndóigh, Críostóir Mac Aonghusa a bhí gníomhach i bhFianna Fáil, Mícheál Ó Loideáin as Roisín an Chalaidh in Iorras Aithneach agus an tAthair Maitiú Ó Cionnaith, sagart paróiste Ros Muc, a chuaigh chun cainte le de Valera.

Tar éis cuid mhaith cainte agus cur síos, gheall seisean dóibh go dtabharfaí talamh a bhí i seilbh Choimisiún na Talún do mhuintir Gaeltachta. Níor cheadaigh sé aon Aire eile; é féin a rinne an cinneadh gan dul i gcomhairle lena chomh-Airí, rud a thaispeánann an chumhacht mhór phearsanta a bhí aige agus an chaoi a nglacadh a chomh-Airí le rud ar bith a bheartódh sé a dhéanamh. Corr-Phríomh-Aire a mbeadh an chumacht sin anois aige! Ach bhí moill ann a raibh geallta ag de Valera a chur i gcionn agus tháinig imní ar dhaoine.

Foilsíodh geallúint de Valera go gairid tar éis dó í a thabhairt. Scathamh gearr ina dhiaidh sin tháinig athrú intinne ar shagart Ros Muc, an tAthair Maitiú Ó Cionnaith, faoin bhfeachtas. Faitíos a tháinig air go mbánófaí an pobal thiar! Dá bharr sin cuireadh amach as Cumann na Gaeltachta (cumann a bhí faoi cheannas Sheosaimh Mhic Mhathúna, Mhíchíl Mhic Dhonnchadha agus Chríostóir Mhic Aonghusa) é agus chuir an raic a tharla dá bharr sin deireadh, nach mór, leis an gcumann.

Ach, um an dtaca seo, bhí a intinn athraithe ar an tslí eile ag Máirtín Ó Cadhain. Bhunaigh sé féin agus Seán Ó Coistealbha, a bhí ina mhúinteoir san am ar an Tulach agus ina dhiaidh sin ar feadh na mblianta i Ráth Cairn, eagraíocht úr, Muintir na Gaeltachta, a bhí faoi cheannas an IRA. Rinne an eagraíocht seo neart gníomhartha feiceálacha, drámatúla le spéis an phobail thiar a mhúscailt sa scéim. Eagraíodh turas mór feiceálach lucht rothar go Baile Átha Cliath agus go Teamhair na Rí le haird na hÉireann ar fad a tharraingt ar a raibh ó mhuintir an iarthair. Tugadh óráidí lasracha. Tugadh le fios don Rialtas go gcaithfí cur leis an ngeallúint a bhí tugtha. Casadh ar Uachtarán na hArdchomhairle, Éamonn de Valera, cuid acu agus dúirt seisean arís go mbeadh an scéal ina cheart.

Ansin thosaigh Teachtaí Dála de chuid Fhianna Fáil i gContae na Gaillimhe, go háirithe Gearóid Mac Pharthaláin, ag caint faoin scéal. B’fhéidir go raibh polaiteoirí mall ag plé leis go dtí sin mar, ar ndóigh, chiallódh imeacht daoine cailleadh vótaí dóibh! Agus, tar éis tamaill eile, cuireadh póstaeraí oifigiúla in airde ag tabhairt eolais faoina mbeadh i gceist agus ag insint cá mbeadh tuilleadh eolais le fáil.

I Meitheamh na bliana 1934 thosaigh páipéar nua seachtainiúil i mBaile Átha Cliath, An tÉireannach, iris a bhunaigh Seán Beaumont, fear ar leith, scoláire paiteanta, sóisialaí agus poblachtach den scoth. Bhí an páipéar seo go tréan ar son mhuintir na Gaeltachta. Sa chéad eagrán luadh gur thug Éamonn de Valera cuairt ar Chonamara an tseachtain roimhe sin le go bhfeicfeadh sé féin cén chóir a bhí ar na daoine.

Bhí cur síos, freisin, sa chéad eagrán sin ar an oiread talún is a bhí fós bán ar fud an stáit. I gContae na Mí féin dúradh go raibh 234,575 acra bán! Agus dúradh ann, fresin:

Tá go leor cainte dá dhéanamh faoi cheist na Gaeltachta ón gcéad lá a thosaigh gluaiseacht na Gaeilge go dtí an lá atá inniu ann; ach is cosúil go n‑imíonn an chaint seo le gaoith mar ní mórán tairbhe a thagann as do mhuintir na Gaeltachta. Tá siad chomh bocht inniu agus níos boichte ná bhíodar an chéad lá.

Ar an Domhnach, an 19ú lá de Lúnasa, 1934, is é Máirtín Ó Cadhain a d’oscail Feis Iar-Chonnachta ar an gCeathrú Rua. Bhí slua ollmhór i láthair. Thug sé an-óráid ar a raibh tuairisc fhada ar An tÉireannach. I measc a lán nithe eile, dúirt sé an méid seo:

Níl muide, Muintir na Gaeltachta, sásta daoine ar leith a dhéanamh dínn ná Claí na Muice Duibhe ar bith a chur orainn le muid a sháinniú… Le na cianta ba é an dá mhar‑a‑chéile an Ghaeilge agus boichteanas. Níl mórán athruithe ar an scéal fós. Tá caint ar an tír seo a Ghaelú le dhá fhichead bliain. Ní raibh faill againn mórán a dhéanamh go bhfuaireamar roinnt saoirse timpeall dhá bhliain déag ó shoin.

Bhí súil againn gurb é an chéad chuspóir a chuirfeadh rialtas dúchasach roimhe fuigheall Gael a fhuascailt ó mhallacht Chromail. Ba í súil Uí Dhubhda le Ard na Ríogh againn í… Tá feilméaraí i lár na tíre, lucht na mbulán agus an fhéaraigh, lucht na mbolg sáthach agus an ghreim bhuig, agus níl siad sásta an leas a cheap Dia dó a bhaint as taltaí míne méithe na tíre seo. Tá muidne sásta é dhéanamh. Dúradh linn nach bhfuil muid i ndon iad a oibriú, go gcosnódh sé an iomarca airgid muid a athrú suas iontu, go gcaillfeadh muid an Ghaeilge, go mbeadh friotholóid ann ón muintir thuas, agus leithscéil nach iad.

Is furasta leith-scéal a fháil, nuair nach mbíonn fonn ar dhuine maith a dhéanamh dá ghealladh… An bhfuil muintir na Ceathrú Rua sásta cur ar shon a gcirt? Bhfuil muinín agaibh féin as a chéile? Bhfuil misneach agaibh tabhairt faoi thalamh bhur sinsear a bhaint amach…? Táimid fada go leor ag súil le muir, agus níor thainic ‘long an óir’ fós. Cáide eile a fhanfas an capall beo go bhfagha sí an féar atá geallta di? An go Seana-Phéistín nó go taltaí méithe na Mí a rachas sibh?

Faoi fheachtas eile talún nár éirigh leis ach go bacach a bhí sé ag tagairt nuair a luaigh sé Seanadh Phéistín.

Thug an óráid sin agus an chaint ar fad a lean í an-ugach don fheachtas. Astu ar fad a tháinig bunú Ghaeltacht na Mí agus teacht i réim an bhaile iontaigh sin i lár tíre, Ráth Cairn. Cé nach é an Cadhnach a chuir tús leis an obair agus cé go raibh sé in amhras air ar feadh i bhfad ba mhór ar fad an cuidiú a bhí lena athrú intinne. Bhí sé i gcónaí bródúil as Ráth Cairn agus chomh maith agus a d’éirigh leis. Blianta ina dhiaidh sin bhí sé ina measc siúd a rinne agóid maidir le haifreann agus seirbhísí eile eaglasta a chur ar fáil i nGaeilge do mhuintir Ráth Cairn. Tá teach pobal dá gcuid féin anois ag muintir Ghaeltacht sin na Mí. An mbeadh murach agóidíocht Uí Chadhain agus a chairde?

Ar an gCeaird Mhór* a bhí Máirtín ag obair le linn na n‑agóidí talún sin i gConamara. Níl aon amhras ann ach go raibh sé ag deánamh a chuid oibre mar mháistir scoile thar cionn cé gur mhúinteoir é a bhí dian go leor ar na daltaí. Níl aon amhras ann ach an oiread ach go raibh sé fíorghníomhach san IRA, sna feachtais i gcoinne na Léinte Gorma, agus go ginearálta ag cur i gcoinne an Stáit. Cineál síochána a bhí ann idir an Rialtas nua sa Saorstát agus an tIRA. Ach ní móide gur shíl mórán go mairfeadh an tsíocháin seo. Bhíothas ag éirí tuirseach de mhoill de Valera maidir le gairm na Poblachta in ainneoin meas a bheith air faoi dheireadh a chur leis an Móid Dílseachta do Rí Shasana agus faoi dhiúltú na hAnáidí Talún a íoc le Sasana.

Bhí cuspóirí Sheachtain na Cásca fós le cur i gcionn, dar le Máirtín Ó Cadhain agus le neart eile san am. Níor chóir glacadh le leithscéalachas ó pholaiteoirí ná le cúltroid ocastóirí i gcoinne phrionsabail an Phiarsaigh agus Uí Chonghaile. Chaithfí leanúint leis an troid a thosaigh nuair is túisce a cuireadh in aghaidh ionradh na nGael. Ní raibh sé de cheart agus ní bheadh sé go deo ina cheart ag aon ghlúin Éireannach glacadh lena dhath ba lú ná saoirse iomlán. Leis an gceart a dhéanamh, ar ndóigh, ní hiad Óglaigh an IRA a ghlac cuid mhór leis an leagan amach sin sna Tríochaidí ach cuid mhaith den phobal intleachtúil, formhór bhaill Fhianna Fáil agus daoine measúla dá lán cineálacha. Ach ba iad na hÓglaigh amháin a bhí sásta a ndícheall a dhéanamh leis an bPoblacht a bhunú an athuair agus a saoirse agus a mbeatha féin a chur i gcontúirt leis sin a dhéanamh.

Is fíor ar fad an méid sin. Is fíor ar fad, freisin, nach raibh aon tuairim réadúil ag na hÓglaigh ná ag aon dream eile cén chaoi leis sin a dhéanamh. Bhí siad sáite sa rómánsaíocht, sa stair sheanchaite agus san fhoiréigean. Mar a scríobh an file Meiriceánach Joyce Kilmer:

Romantic Ireland never dies
O’Leary lies in fertile ground
And songs and spears throughout the years
Arise where patriot graves abound.

Leigheas gach rud tuilleadh fola a dhoirteadh, do chuid fola féin agus fuil an namhad. Sin leagan amach leithéid Sheáin Russell, ceannaire a raibh an-tionchar aige ar an IRA sna Tríochaidí. Níorbh in go háirithe leagan amach Mháirtín Uí Chadhain. Ach ní thréigfeadh sé go deo a chomrádaithe.

Nuair a rinne Tomás Bairéad, a dhlúthchara, agus Larry de Lacy, cliamhain Stephen Hayes agus fear a mbaineann roinnt de dhústair na dTríochaidí leis, iarracht, oíche amháin, a chur ina luí air éirí as an IRA, dúirt sé nach dtréigfeadh sé an eagraíocht agus a bhfuil de bhuachaillí meallta isteach agam ann. Bhí sé an uair sin ina Oifigeach Earcaíochta agus is iomaí sin fear óg a tháinig isteach san IRA de bharr a thionchair. Breandán Ó Beacháin agus Cathal Goulding ina measc, dála an scéil.

Ceithre bliana roimh a bhás ar seisean:

Is cosúil gur muide an chéad ghlúin réasúin a bhí ariamh in Éirinn agus go maire muid ár nuaíocht! Céard ba mhíréasúnaí ná Seachtain na Cásca? Marach chomh míréasúnach is bhí cine Gael ariamh anall is fadó gur imithe as an stair a bheadh muid.

An bhfuil mórán a shéanfadh sin agus a bheadh freisin ar son shaoirse Éireann?

Ceardchumannaí gníomhach a bhí sa Chadhnach. Is é a ceapadh ina Chathaoirleach ar Chraobh Iar-Chonnacht de Chumann na Múinteoirí sa bhliain 1930, craobh láidir ar feadh na mblianta. Bhí sé gníomhach i gConradh na Gaeilge agus toghadh é mar bhall den Choiste Gnó sa bhliain 1935. Bhí sé ag comhoibriú le dreamanna éagsúla. De réir tuairisce ar An Curadh Connachtach den 18 Aibreán, 1936 bhí tabhairt amach sholúnta ina gcuimhne siúd a fuair bás ar son na hÉireann sa Reilig Úr i nGaillimh, agus Fianna Fáil agus an tIRA ag obair as lámha a chéile. Domhnall Ó Donnchadha a thug an óráid agus, arsa an tuairisc:

At the graveside the rosary was recited in Irish by Máirtín Ó Cadhain.

Déarfainn go raibh an comóradh sin ar cheann de na cinn deiridh ina raibh comhoibiú idir Fianna Fáil agus an tIRA. Trí seachtaine roimhe sin mharaigh an tIRA an Leas-Aimiréal Henry Boyle Somerville in Castletownsend, in iarthar Chorcaí de bharr a bheith ag cuidiú le fir óga dul isteach i gCabhlach Shasana. Ar an 26 Aibreán, 1936, i lár sráide i nDún Garbhán mharaigh an tIRA John Egan, buachaill óg a thug fianaise i gcúis a bhain le druileáil. Chuir na gníomhartha seo uafás ar an bpobal, go háirithe lámhach an bhuachalla óig. Bhí brú mór ar an Rialtas an tIRA a chur faoi smacht mar a bhí an eagraíocht nuair a bhí Cumann na nGaedhal i réim.

D’fhógair an Rialtas an tIRA a bheith ina eagraíocht mhídhleathach ar an 18 Meitheamh, 1936. Is amhlaidh dó ó shin i leith. Cuireadh Comóradh Wolfe Tone i mBaile Bhuadáin faoi chois cúpla lá ina dhiaidh sin. Is é Máirtín Ó Cadhain a bhí i mbun an dreama a bhí le dul soir as Gaillimh. Tháinig siad le chéile mar sin féin. An Curadh Connachtach arís den 27 Meitheamh, 1936:

There was considerable Garda activity in Galway on Saturday night and Sunday morning as a result of the Government ban on the Republican parade at Bodenstown, Co. Kildare. About 24 men were rounded up in the city during the early hours of Sunday morning and were detained at Eglington St. Garda station until 2.30 p.m. on Sunday afternoon… Among those arrested were the brothers Mc Namara and Mr Martin White, three men who had travelled from the Lisdoonvarna area to join the Galway party going to Bodenstown; Messrs Edward Walsh, Patrick Walsh and Fursey Walsh, three sons of the late Mr Michael Walsh who was killed by the Black and Tans during the Anglo-Irish war; James Fay, Joseph Coyne, M. Coyne, Patrick Smith, J. Burgoyne…

agus tuilleadh nach mbacfaidh mé anois lena lua.

Go bhfios dom, sin an chéad uair a raibh Máirtín Ó Cadhain ina phríosúnach i mbeairic Gardaí. Ní móide gur thuig sé féin sin an Domhnach sin i Meitheamh na bliana 1936 ach bhí deireadh tagtha le cuid amháin dá shaol agus cuid eile ag dul ag tosú. Bhí an tIRA cáinte go foirmiúil ag easpaig Éireann roimhe sin — minic go leor, ar ndóigh. An lá i ndiaidh é a ligean amach as Beairic Shráid Eglington tháinig Bainisteoir a scoile, an Canónach Pádraig Ó Móráin, isteach ina rang ar an gCeaird Mhór* agus dúirt sé leis é a bheith le briseadh mar mhúinteoir ar ordú Easpag na Gaillimhe, an Dr. Ó Dochartaigh, de bharr a chuid imeachtaí san IRA.

Is minic a mheasaim nach dtuigeann a lán a luann an briseadh seo cé chomh mór de bhuille is a bhí ann. Creidim go raibh Máirtín ag cúnamh dóibh sa bhaile. Eisean an t‑aon duine dá mhuintir a raibh post rathúil aige as a raibh teacht isteach cothrom. Eisean an t‑aon duine dá mhuintir ar éirigh leis é féin a chur chun cinn sa ghlúin sin. Thug a cheird mar mháistir scoile seasamh áirithe dá mhuintir. Fíor-chorrfhear óg nó beag Gaeltachta a bhí ina oide scoile an t‑am sin. Bhí náire ag baint le bheith briste mar mhúinteoir. Eachtra é sin nach ndearna sé dearmad riamh dó. Roinnt míonna sular cailleadh é bhíomar ag tiomáint le chéile as Cill Chaoi go Baile Átha Cliath agus arís bhí sé ag cur síos ar ar tharla ar an gCeaird Mhór*, ar bhealaí an Chanónaigh Ó Móráin agus ar Dhochartach na Gaillimhe a bheith leathólta agus boladh láidir pórtair uaidh nuair a chuaigh Máirtín féin isteach chuige ag déanamh achomhairc. In áit éigin scríobh Seán Ó Maoilbhríde:

Máirtín did not fight the victimisation…

Níl sin cruinn. Rinne sé a sheacht ndícheall cur ina luí ar na húdaráis a phost a fhágáil aige. Ní raibh ach rud amháin nach ndéanfadh sé. Sin éirí as Gluaiseacht na Poblachta nó a dhath a rá in aghaidh an IRA.

Blianta bochta crua a bhí roimhe go ceann tuilleadh agus deich mbliana nuair a ceapadh é mar Aistritheoir sealadach Sóisearach i Rannóg an Aistriúcháin i dTeach Laighean. Is dona an ní a bheith os cionn deich mbliana, nó deich lá, go fiú, ar an ngannchuid, gan bacadh in aon chor le príosúin agus campaí géibhinn. D’fhulaing Máirtín Ó Cadhain de bharr a dhílseacht don Phoblacht.

Chuaigh sé ina chónaí i mBaile Átha Cliath tar éis a dhíbirt as Scoil An Chairn Mhóir; seachas an tréimhse ceithre bliana agus tuilleadh a chaith sé i ngéibheann sa Champa Coinneála ar Churrach Chill Dara agus tamall thar lear, agus i gConamara, is i mBaile Átha Cliath a chaith sé an chuid eile dá shaol. Cathair í a thaitin leis, dála an scéil, agus as ar bhain sé neart spóirt agus spraoi go minic. Bhí an‑acmhainn grinn aige, ba bhreá leis deoch agus fear maith comhluadair a bhí ann. Is beag dúire nó dorchadas a bhain le Máirtín Ó Cadhain.

Is cinnte nach raibh aon airgead curtha i dtaisce ag Máirtín nuair a d’fhág sé an áit thiar agus gur shroich sé Baile Átha Cliath sa bhliain 1936. Thosaigh sé ag obair mar Oifigeach Earcaíochta do na hÓglaigh agus bhí cónaí air in éindí le Peadar Ó Flaitheartaigh, Óglach eile, in árasán beag i Sráid Victoria, ag síneadh amach ón gCuarbhóthar Theas. Conradh na Gaeilge is fearr ar fad a sheas leis. Bhí sé ag obair mar Thimire ag an gConradh agus ag teagasc ranganna.

Agus ansin sa bhliain 1939 ceapadh é mar Ard-Rúnaí ar An Fáinne. Ag obair i gceannáras an Chonradh in 14 Cearnóg Pharnell a bhí sé. Is ar éigin gur gá dom a rá nach ar bharrthuarastal a bhí sé.

An cheird is mó a bhí ar siúl aige, áfach, obair an IRA agus cur chun tosaigh phleananna na nÓglach le hionsaí eile a dhéanamh ar réimeas na Sasanach in Éirinn. De bharr a bhriseadh as a phost bhí a ainm in airde i measc Óglach i ngach páirt den tír. Gairmeadh Ard-Chomhdháil Airm in Aibreán na bliana 1938. Dála an scéil, is i dteach ar an tsráid seo ina bhfuil sinn anocht, Sráid na Mainistreach, a tháinig an Chomhdháil le chéile. Bhí neart cur agus cúiteamh ann agus údar leis: céard a bhí i ndán don IRA; cén tslí ar chóir dó dul; céard ba chóir a dhéanamh le Seán Russell, Óglach céimiúil a bhí anois curtha amach as an Arm ar údair chasta a bhlain le mí-iompar agus le heaspa smachta? Bhí ó dhaoine áirithe dul go tréan le polaitíocht agus dúshlán Fhianna Fáil a thabhairt maidir le gairm na Poblachta, dífhostaíocht, imirce, Gaeilge agus nithe eile. Feachtas míleata i gcoinne Shasana i Sasana a bhí ó chuid eile de na hÓglaigh. Tugadh le fios long ar a raibh lasta mór arm agus armlóin a bheith ar a slí cheana féin as Meiriceá go hÉirinn. Lucht tacaíochta Sheáin Russell is mó a bhí in aghaidh dul le polaitíocht páirtí, agus a shíl gur le foiréigean ba dhóigh a dhíbreofaí na Sasanaigh agus a bhunófaí arís an Phoblacht. Bhí a lán ag an gComhdháil a bhí in aghaidh Sheáin Mac Bride, an té is mó a bhí ar son bealaí polaitíochta. Bhí na hargóintí fada, crua. Daoine a raibh blianta caite acu ag síorobair ar son na Poblachta a bhí ar gach aon taobh. Bhí meas orthu agus bhí eolas tríd an Arm ar fad ar chuid díobh. Dúirt Tom Barry é féin a bheith tréan in aghaidh aon fheachtas pléasctha i Sasana. Corrbhall den IRA is mó a raibh cáil air ná ar Tom Barry, an té a bhuail na Black and Tans in iarthar Chorcaí. Ach ní air is mó a tugadh aird ach ar lucht tacaíochta an Óglaigh bhriste, Seán Russell. Beartaíodh glacadh le polasaí armtha agus dóchas a chur sna hairm a bhí ar an bhfarraige mhór as Meiriceá. An gá dom a rá nach raibh a leithéid de lasta airm ná de long ann in aon chor?

Ina measc siúd a roghnaíodh do Chomhairle nua an Airm bhí Seoirse Pluincéad, Stephen Hayes, Peadar Ó Flaithearta, Larry Gogan, Patrick Fleming agus Máirtín Ó Cadhain. Ina dhiaidh sin tugadh Seán Russell ar ais sna hÓglaigh, comhthoghadh é ar Chomhairle an Airm agus ceapadh é mar Cheann Foirne. Ceapadh Máirtín Ó Cadhain mar Rúnaí ar Chomhairle an Airm.

D’éirigh Seán Mac Bride, Con Lehane, Tomás Ó Maoileoin, Tom Barry agus roinnt eile as an IRA ar fad. Ar ndóigh, ní dúirt siad go poiblí sin a bheith déanta acu, agus daoine iad a sheas i gcónaí leis an bPoblacht ach a bhí thar a bheith imníoch faoi Sheán Russell.

Bhí imní, freisin, ar Mháirtín Ó Cadhain. Ní de bharr é a bheith ar son polasaithe pléaschta a toghadh eisean ar Chomhairle an Airm ach de bharr fheabhas a chuid oibre mar Oifigeach Earcaíochta, agus de bharr a bhriseadh ar an gCeaird Mhór*. Dhein sé a raibh le déanamh aige. Ghlac sé páirt áirithe san fheachtas i Sasana cé nach bhféadfaí é a chur ag plé le pléascáin. Bhí sé chomh místuama sin lena lámha. Ach ní raibh sé sásta agus níor shíl sé an beart a bheith ciallmhar.

I mí na Nollag 1938 bhí cruinniú speisialta ann de Comhairle an Airm le dhá ní ar leith a dhéanamh — seasamh Rialtas na Poblachta a thabhairt dó féin agus cogadh a fhógairt go foirmiúil ar Shasana. Bhí Máirtín ina aghaidh seo. Dúirt sé nach raibh an tIRA réidh leis an mbeart a thabhairt chun críche. Bhí imní air, freisin, de bharr iomlán easpa spéise an Ruiséalaigh i gclár eacnamaíochta agus sóisialta. Dar leis an gCadhnach, a bhí anois ag obair san IRA le hos cionn deich mbliana agus a bhí gafa ó a bheith ina ghnáth-Óglach agus ina Chaptaen, agus ina Oifigeach Earcaíochta, go dtí a bheith ina Rúnaí ar Chomhairle an Airm, eagraíocht mhíleata agus sin amháin a bhí san IRA. Ní fhéadfadh Comhairle an Airm ligean air é a bheith ina Rialtas ar an bPoblacht. Níor mhór Tríú Dáil Éireann a bheith ann ar dtús.

Ach níor sheas duine ar bith eile leis ar Chomhairle an Airm. Gníomhartha móra feiceálacha agus sin chomh luath agus ab fhéidir a bhí óna chomhbhaill.

Lean sé leis sna hÓglaigh. Cuidiú dó a bhí sa chineál oibre a bhí le déanamh aige mar Thimire de chuid Chonradh na Gaeilge. Bhí air dul thart timpeall na tíre ar rothar ag eagrú.

Ní go maith a d’éirigh leis an ionsaí pléasctha ar Shasana. Ach fuarthas poiblíocht mhór as ar fud na hEorpa, anseo, agus sa Bhreatain féin agus, ar ndóigh, i Meiriceá.

Tharraing sé aird daoine ar fhorlámhas Shasana a bheith fós ar chuid den tír seo agus chuir sé cúrsaí aimhréiteacha na hÉireann in athchuimhne dóibh siúd sa Ghearmáin a bhí ag beartú cogaidh, agus a chuir spéis i ndreamanna éagsúla ar fud na hEorpa nach raibh sásta leis an bhFrainc nó le Sasana agus, b’fhéidir, a dhéanfadh beart a d’fheilfeadh don Ghearmáin.

Tairgéidí eacnamaíochta agus míleata a bhí i gceist ag na hÓglaigh. Ach tharla roinnt dearmad. Maraíodh daoine nach raibh aon bhaint acu leis an Impiriúlachas agus loiteadh tuilleadh. D’éirigh leis na Sasanaigh propaganda mór i gcoinne an IRA a bhaint as seo, agus pobail anseo agus i Sasana a chur go tréan in aghaidh an IRA. Cuireadh príosún fada ar Óglaigh ar rugadh orthu, díbríodh Éireannaigh as an tír agus crochadh beirt Óglach. De réir a chéile bhí an Eoraip ag druidim níos gaire do mhórchogadh. Bhí sé beartaithe ag Rialtas na hÉireann a bheith neodrach ina leithéid de chogadh agus gan ligean do dhream ar bith an Stát a chur i gcontúirt trína gcuid gníomhartha. Bhí tóir mhór á déanamh ag Gardaí ar Óglaigh agus bhí roinnt mhaith acu i bpríosúin ar chúiseanna éagsúla. Sa mhéid go raibh mórán tacaíochta ón bpobal ag an IRA roimh an bhfeachtas i Sasana bhíothas á chailleadh. Cuireadh in aghaidh chrochadh na nÓglach thall. Ach ní raibh ansin ach ní amháin áirithe. Is beag a chuir na téarmaí fada príosúin a bhí á ngearradh ar Óglaigh i Sasana isteach ar an bpobal i gcoitinne. Thug an Rialtas i mBaile Átha Cliath sin faoi deara, ní nach ionadh.

Faoin Acht um Chionta in aghaidh an Stáit, 1939, gabhadh scata mór Óglach i dtús an Fhómhair, 1939 agus cuireadh iad mar gheíbheannaigh i mBeairic Chnoc an Arbhair. Bhí Máirtín Ó Cadhain ina measc. Is ag obair i gceannáras an Chonradh a bhí sé nuair a tógadh é. Níor cúisíodh iad. Níor síleadh gur ghá sin a dhéanamh faoin dlí nua. Ach bhí breall ar an Rialtas. Ní raibh an Bunreacht léite sách grinn ag a gcuid comhairleoirí dlí. Orthu siúd a léigh é agus a thuig é agus a thug aird air ón tús bhí Seán Mac Bride.

I mí na Nollag thug Mac Bride cás Habeas Corpus ar son duine de na príosúnaigh os comhair na gcúirteanna. Chaill an t‑abhcóide sinsir a bhí leis an misneach agus dúirt nach raibh aon seans ann leas a bhaint as an mBunreacht. Lean Seán, nach raibh ina abhcóide ach le dhá bhliain, leis an gcúis agus ghlac an Chúirt lena chuid argóintí. Ligeadh saor na géibheannaigh ar fad.

Ach ansin leasaíodh an tAcht agus tugtar anois air an tAcht um Chionta in Aghaidh an Stáit 1939/1940. Dréachtaíodh an Leasú go ríchliste ar fad.

I dtús 1940 chuaigh roinnt príosúnach Poblachtach, Seán Mac Neela agus Tony d’Arcy ina measc, ar stailc ocrais. Aitheantas mar phríosúnaigh pholaitíochta seachas mar choirpigh a bhí á iarradh acu. Fuair Mac Neela agus d’Arcy bás ar an stailc ocrais. B’as Áth Cinn do Tony d’Arcy agus bhí aithne mhaith ag Máirtín air. Is air a iarradh an óráid a thabhairt os cionn na huaighe. B’in lár Aibreáin. Thóg bleachtairí é i ndiaidh na sochraide. Níor cuireadh aon ní ar leith ina aghaidh ach seoladh é go Currach Chill Dara, Sibéir na hÉireann mar a thug sé féin ar an áit. Is ansin a coinníodh é faoi gharda míleata go dtí Iúil, 1944 ach amháin ar feadh coicíse i mí Iúil, 1942 nuair a bhí a athair an-tinn in Ospidéal na Gaillimhe agus gur scaoileadh amach ar paról é. Dhá mhí tar éis a thógáil sa bhliain 1940 fuair a mháthair bás tobann. Ní raibh paról i gceist an uair sin.

Ar chuid mhaith slite b’fhéidir gurb iad na ceithre bliana go leith sin ar an gCurrach in éindí le Poblachtaigh agus Sóisialaithe agus réabhlóidithe eile na blianta is mó a mhúnlaigh an Máirtín Ó Cadhain a chuaigh i gcionn ar an bpobal ina dhiaidh sin. Tréimhse fhíorfhada ceithre bliana go leith agus tréimhse níos faide ar fad é nuair a bhíonn duine sáinnithe faoi ghéibheann in áit bheag. Cuid mhaith díobh siúd a bhí ina ngéibheannaigh ina theannta, é féin a mheall isteach san IRA iad, cuid eile cairde dó a bhí iontu, cuid eile fós níorbh ard é a mheas orthu. Bíonn achrainn i gcampaí géibhinn, agus níorbh eisceacht ar bith an Currach. Chuala daoine smaointe ann nár bhuail leo riamh cheana. Chuir Sóisialachas eagla a gcroí ar chuid díobh. Chuir a ndeachaigh ar son an Fhaisisteachais uafás ar chuid eile. Ach bhí siad ar fad, nach mór, ar son Phoblacht 1916, Fhorógra na Cásca agus an chall a bhí agus a bheadh ann fáil réidh le gach iarsma impiriúileach sa tír. Chuathas ag plé le teangacha agus le heacnamaíocht agus le fealsúnacht. Daoine gur bheag an t‑oideachas foirmiúil a bhí orthu sular tháinig siad isteach, d’fhág siad an Currach sa deireadh agus iad ar leibhéal le daoine a raibh oideachas Ollscoile orthu. Mhúin an Cadhnach Gaeilge agus d’fhoghlaim sé teangacha eile. Agus scríobh sé roinnt.

Chonaic sé nithe barbartha ag tarlú — marú fabhtach Bharney Casey, scrios mhaoin bheag na ngéibheannach, gadaíocht agus gráin. D’fhoghlaim sé faoin saol. Ní bheadh ciall ar bith i gCampa Géibhinn an Churraigh a chur i gcomórtas leis na campaí géibhinn a bhí sa Ghearmáin agus faoi stiúir na Gearmáine an t‑am céanna. Ach ná ceaptar gur caitheadh go maith leis na géibheannaigh. Máistrí crua a bhí orthu ar gach leibhéal. Agus de bharr ghéarchinsireacht an Chogaidh is beag ar fad an t‑eolas a bhí ag formhór an phobail faoina raibh ag tarlú. Níl mé ag rá gur chuma leis an bpobal an drochbhail a bhí ar na príosúnaigh seo nach raibh aon choir curtha ina leith. Ach ní raibh an t‑eolas acu ar aon nós.

Bhí cáil an Chadhnaigh mar scríbhneoir ard go leor tar éis fhoilsiú Idir Shúgradh agus Dáiríre sa bhliain 1939. D’ardaigh sin nuair a tháinig a dhara bailiúchán gearrscéalta An Braon Broghach amach sa bhliain 1948. Ach is é foilsiú a úrscéil Cré na Cille sa bhliain 1949, dhá scór bliain go ham seo, a chruthaigh do phobal léite na Gaeilge gur ardscríbhneoir den chéad ghrád a bhí i Máirtín Ó Cadhain. Ní hé foilsiú an leabhair féin mar leabhar a dhein seo ach foilsiú na sleachta as i Scéala Éireann. Bhí an-díol ar Scéala Éireann san am. Tosaíodh á bhfoilsiú i mí na Feabhra, 1949 agus lean na sleachta leo go Meán Fómhair. Go hiondúil trí huaire sa tseachtain a bhídís ar an bpáipéar.

Tar éis dó an príosún a fhágáil bhí sé ag obair mar fhear oibre ar an móin i bPáirc an Fhionnuisce, ansin ag bailiú focal as an gcoitiantacht i gConamara d’fhoclóir, agus ansin ina aistritheoir i Rannóg an Aistriúcháin. Bhí beirt chairde láidre aige a bhain leis an saol acadúil agus a thuig go ndéanfadh sé beart mór ach post Ollscoile a bheith aige. B’in iad, Tomás de Bhaldraithe agus Daithí Ó hUaithne. Iadsan go príomha ba chionsiocair leis gur ceapadh é mar Léachtóir le Nua-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide i bhFeabhra na bliana 1956. Is acu a bhí an ceart. Rinne sé ardobair i gColáiste na Tríonóide. Bhí meas as cuimse air ag mic léinn agus ag údaráis an Choláiste, go fiú is iad siúd a bhí eolach ar a chúlra réabhlóideach.

Politics are a conspiracy: let us conspire, a scríobh sé in The Gaelic Weekly sa bhliain 1964. D’fhéadfá a rá gur comhcheilg ba mhó a bhí ina chuid gníomhartha maidir le Poblachtachas, le Sóisialachas, le Gaeilge agus le cearta na Gaeltachta as sin amach ach amháin sa chúnamh mór a thug sé d’fheachtas Dála Pheadair Mhic an Iomaire i nGaillimh Thiar i dtoghchán na bliana 1969. Is furasta a aithint a mheas ar shlite rúnmhara Bhráithreachas na Poblachta.

Cuireadh ‘Misneach’ ar bun sa bhliain 1963 mar eagraíocht dhearfach le Gaeilge agus Gaeltacht a chosaint, ar mhodhanna a d’fheil don ócáid. Ar na bunaitheoirí bhí Séamas Ó Tuathail, Seán Ó Laighin, Tomás Ó Monacháin, Risteárd Ó Glaisne, Deasún Breatnach, Cian Ó hEigeartaigh agus Máirtín Ó Cadhain. Eagraíocht bheag ba ea é a rinne obair ag cur isteach ar mhaithe a bhí ag fealladh ar an tír. Faoi choim a deineadh roinnt mhaith den obair. Cuireadh go háirithe in aghaidh Chomhairle Chontae Chiarraí faoi cheadú do chomhlacht Sasanach Hill Estates áit carbhán a bhunú gar don Bhuailtín, agus i gcoinne an Language Freedom Movement, a bunaíodh leis na ciceanna deiridh a thabhairt don teanga sa chóras poiblí agus oideachais. Cuireadh i gcoinne Airí a chonnacthas a bheith fealltach, go háirithe i gcoinne Neil Blaney agus Phádraig Uí Fhachtna. Bhí cuma an réabhlóideachais ar obair ‘Mhisneach’ agus is cinnte gur thug an eagraíocht, agus Máirtin Ó Cadhain, an-mhisneach do lucht na Gaeilge agus gur cuireadh faitíos ar naimhde.

Ní mholaim ná ní cháinim imeachtaí urdhlithiúil a sháródh an dlí. Ba dona an lá é nárbh fhiú le Éireannaigh braon fola a thabhairt ar son na Gaeilge. Ní thiocfa an lá sin. Tá rudaí áirid ann is fiú go mór ná postaí, measúlacht, saoirse agus ná an bheatha féin, a dúirt sé i mí Lúnasa, 1969.

Agus arís an uair chéanna dúirt sé:

Is Arm Cathardha Gaeilgeoirí ar son na Gaeilge agus ar son na hÉireann a theastaíos anois.

Is ar éigean atá aon athrú ar a leagan amach ansin maidir le Gaeilge agus Gaeltacht agus a raibh le rá aige 35 bliain roimhe sin agus é ag oscailt Feis Iar-Chonnachta ar an gCeathrú Rua: Níl muide, Muintir na Gaeltachta, sásta daoine ar leith a dhéanamh dínn ná Claí na Muice Duibhe ar bith a chur orainn le muid a sháinniú… Táimid fada go leor ag súil le muir, agus níor tháinig ‘long an óir’ fós. Cáide eile a fhanfas an capall beo go bhfágha sí an féar atá geallta di?

Agus céard a bhí le déanamh, dar leis?

Sa bhliain 1966, bliain chomóradh na Cásca, scríobh sé:

Má tá cuspóirí na Cásca le slánú níl mórán ionú ann: tá an ghrian ag dul siar, ionann’s gaibhte siar. Is cuma liom-sa cé a shlánós, nó cé’n chaoi a slánófar, ach a slánú. Más call íbirt ná déanadh muid dearmad gur muid an chéad ghlúin Gael a chuir suas den íbirt. Mara bhfuil fúinn cuspóirí na Cásca a shlánú trua Mhuire go deo nach leis an Réamannachas a d’fhan muid.

Agus arís:

Is cosúil gur muide an chéad ghlúin réasúin a bhí ariamh in Éirinn agus go maire muid ar nuaíocht! Céard ba mhí-réasunaí ná Seachtain na Cásca? Marach chomh mí-réasúnach a bhí cine Gael ariamh anall is fadó gur imithe as an stair a bheadh muid.

Tugtar faoi deara gur trí bliana sular phléasc an Tuaisceart agus gur thosaigh an cogadh is faide agus is fuiltí fós le deireadh a chur le réimeas Shasana sa tír seo a scríobhadh an méid sin. Go díreach agus go neamhdhíreach bhí aird á tabhairt ar shoiscéal poblachtach, réabhlóideach Mháirtín Uí Chadhain.

Intinn ghrinn bheo aibí a bhí ag an gCadhnach. Bhí sé in ann breathnú i bhfad roimhe. Thuig sé mar a d’fhéadfaí fírinní agus fíricí a chur as a riocht. An dream ba ghráin leis ar fad daoine a thiocfadh i dtír ar an nGaeilge, daoine a d’ionsódh an tIRA, agus daoine a bheadh ag iarraidh a tábhacht a bhaint de Sheachtain na Cásca.

Deirimse go bhfuil roinnt mhaith mhór de leagan amach shaoil Uí Chadhain le fáil sa phísín áirithe seo in An Aisling, a tháinig amach sa bhliain 1966:

Ní mise a shéanfadh a cliú fein ar stailc 1913. Abraim as láimh go n‑altaim Dia go raibh Marx ann. Marach go raibh is mór an seans nach mbeadh an oiread foghlaime ormsa is go mbeinn acmhainneach é seo a scríobh. Ach más Marxach ar mhodh mé, ní hionann sin is a rá gur Stalineach, nó fiú Lenineach, mé. Marach Marx ní bheadh Séamas Ó Conaola ann, nó dá mbeadh an fear ann níor dhóigh a ladar a bheith i bhForuagra na Cásca. Ní móide gurb áibhéil a shamhlú d’uireasa Marx nach mbeadh an Foruagra féin ariamh ann. Ina dhiaidh sin is uilig marach Seachtain na Cásca ní bheadh de chuimhne ar 1913 ach mar eachtra — mioneachtra ina cheann sin — i stair Lucht Oibre na Breataine. An Cháisc a rinne ceann, ceann mór, dár ‘bprímscéala’ di. Mar shaighdiúir, saighdiúir tábhachtach, d’Arm Phoblacht na hÉireann a throid agus a bhásaigh Séamas Ó Conaola agus an tArm Cathartha.

Cé againn anois a déarfadh nach ag Máirtín Ó Cadhain a bhí an ceart nuair a dúirt sé: Ní amháin gur chóir do lucht na Gaeilge a bheith páirteach i gcogadh seo Athghabhála na hÉireann — is é an t‑aon rud é ar fiú a bheith páirteach ann in Éirinn — ach is é ár ndualgas a bheith dhá chinnireacht agus dhá threorú.

* An Carn Mór in oirthear na Gaillimhe.

Tá Iontaobhas Uí Chadhain fíorbhuíoch den údar agus de Comhar as ucht a gcead an t‑alt seo a fhoilsiú anseo.