Meon na Ciontachta — Scrúdú ar stíl ghearrscéalaíochta Mháirtín Uí Chadhain

le Declan Kiberd

Foilsithe in Idir Dhá Chultúr, Coiscéim 1993.

Tá fíorspéis ag Máirtín Ó Cadhain i gcúrsaí breithiúnais. Ach ní maith leis aon bhreith a thabhairt os ard – bíonn an breithiúnas is tábhachtaí beagnach faoi láncheilt aige sna scéalta is fearr in Cois Caoláire. D’aontódh sé le William Blake a dúirt, agus é ag trácht ar chastacht a shaothair féin:

The wisest of the ancients considered that which is not too explicit as the fittest for our instruction. All great art must rouse the faculties to act.

Cuireann scéalta Uí Chadhain an intinn ag obair, go háirithe na scéalta a bhfuil suíomh cathrach leo — tá castacht agus neamhchinnteacht ar leith le sonrú iontu siúd. Níl dearcadh socair amháin le tabhairt astu; ní thig leis an léitheoir a rá, agus scéal den sórt sin léite aige, go raibh an ceart ag an duine seo nó ag an duine siúd ann. Is grinne ná sin a fhéachann Máirtín Ó Cadhain ar an saol; is minic, tré mhodh inste an scéil, a chuireann sé iallach ar an léitheoir scrúdú níos géire a dhéanamh ar scéal, a thugann sé dúshlán an léitheora an chaint atá pacáilte isteach ann a chíoradh agus, scaití, casadh siar ar scéal ar fad lena athléamh. Tá ord bunaithe agus breithiúnas cinnte taobh thiar de chuile ghearrscéal ag Máirtín Ó Cadhain, ach go mbíonn an breithiúnas agus an t‑ord fá cheilt agus do-aimsithe. Is minic freisin, le linn scéil, go mbímid ag súil le breithiúnas áirithe agus go bhfaighimid breithiúnas glan contráilte uaidh. Ach, mar a deireadh sé féin i dtólamh, níorbh fhéidir leis an mbreith sin bheith níos léire ó thaobh na healaíne dhe gan bheith níos laige ó thaobh éifeacht mhoráltachta dhe.

Tá gearrscéalta Chois Caoláire préamhaithe i bhfealsúnacht Eiseach, fealsúnacht nach bhfuil sásta géilleadh do dhearcadh dolúbtha amháin. Dúirt Simone de Beauvoir faoin gearrscéal Eiseach:

They are stories of multiple viewpoint. The existentialist writer must not isolate the point of view most accessible to the reader, or most consonant with his present moral outlook, or most immediately flattering to his reasoning powers. He avoids this by making all points of view hidden and entangled, difficult to identify in isolation even when discovered. The reader is to the fullest extent involved in the complex guilts and incompletely formulated hunches of the writer.

Leanann an chiontacht an chinnteacht, is é sin, tá dlúthbhaint idir cúrsaí breithiúnais agus cúrsaí ciontachta, agus cuireann Máirtín Ó Cadhain spéis iontu araon. Tá sé d’acmhainn aige scéal a insint ar bhealach áirithe, ag baint leas as cleasanna áirithe, i dtreo is go mbíonn an léitheoir féin páirteach i gciontacht an scéalaí, díreach de réir Simone de Beauvoir thuas. Sna scéalta in Cois Caoláire, tá meon na ciontachta le sonrú go forleathan agus tá sí ag brath go mór ar mhodh inste an scéil. Tig linn a rá freisin, go n‑eascrann meon seo na ciontachta ón dóigh cheilte neamhchinnte ina nochtaítear éirim an scéil. Déanfaidh mé mo dhícheall na pointí seo a léiriú agus mé ag trácht ar dhá scéal go háirithe — An Pionta agus An Seanfhear.

An chéad rud a thabharfá faoi deara, teidil na scéalta — An Pionta, An Seanfhear, Fios, An Strainséara — teidil ghearra mhíshásúla a bhíonn aige i gcónaí ar a chuid gearrscéalta, teidil neamhchinnte nach nochtann mórán faoin scéal, nach dtugann leid dúinn faoi aidhm an scríbhneora. Rud eile le sonrú sna scéalta seo – níl plota dá laghad ag cuid acu agus ní féidir a rá go dtarlaíonn mórán i scéal ar bith. ‘D'fhéadfá cuid mhór a léamh gan teacht ar aon ní de shamhail na scéalta seo,’ mar a deir na foilsitheoirí ar an gclúdach. Not so much skill in plot as skill in doing without a plot, mar a dúirt T. S. Eliot faoi Ben Jonson. Níl de chuspóir ag an gCadhnach ach oibriú, argóint idir bheirt de ghnáth, a léiriú ag druidim lena bhuaic. Tá mórán de na daoine sna scéalta seo ar tí bás d'fháil; nó ar tí buaic éigin a bhaint amach. De bhrí nach bhfuil mórán ag tarlúint iontu, tá na gearrscéalta seo ag brath go mór ar fheabhas na n‑agallamh. I scéalta mar An Pionta agus An Seanfhear, an dá scéal in Cois Caoláire atá suite sa chathair mhór, tá Máirtín Ó Cadhain ag iarraidh neamhchruinneas an ghnáthagallaimh a léiriú — an chaoi a mbíonn duine ag iarraidh a chomhdhuine a shásamh, nó achrann a sheachaint leis, nó bob a bhualadh air, nó bheith ag magadh faoin duine i ngan fhios don duine féin. Uaireanta, agus sa dá scéal seo go háirithe, ní chreidtear an té atá dáiríre agus, ansin, bíonn casadh tobann fíochmhar ag deireadh an scéil; is minic a chuireann an casadh seo dreach nua ar an scéal ar fad agus ní mór don léitheoir agallamh an scéil a athscagadh. Tá Máirtín Ó Cadhain ag cur cruacheisteanna mar seo orainn: Céard a chiallaíonn dreas cainte? Cad a nochtann sé? Cad is féidir a thabhairt le tuiscint as? Cé chomh sásúil is atá an chaint mar mhodh teagmhála?

In An Pionta, pé scéal é, ní raibh teagmháil dháiríre idir an scéalaí agus an fear tinn go dtí gur scaradar. Cruthaíonn an deireadh gur mórtas bréagach, ach mórtas laochta freisin, a bhí ag fear an phionta lofa ó thús deireadh, agus gur chlis ar ionramháil éagórach an scéalaí. Níl fágtha ag an scéalaí ach gáire folamh neirbhíseach, iarracht shuarach ar é féin a chosaint ar mhilleán éigin. Cogar an fhir atá tinn le cluas an scéalaí a léiríonn an mothú ag deireadh; Chuir a chogar mo chnámha ag gíoscán. Níl breith Uí Chadhain ráite os ard ach tá sé tugtha le tuiscint dúinn — go bhfuil an scéalaí éagórach ag ionramháil an fhir, á ghríosadh chun a lagar a chothú. Tá meon ciontach ag an scéalaí ag deireadh, agus tá an léitheoir féin páirteach sa chiontacht sa mhéad is gur ghéill sé don scéalaí éagórach i rith insint an scéil. Cleas cainte mar Il sent le bois! ráite sa teach ósta leis an bhfear tinn maidir leis an bpionta lofa — níl ansin ach an scéalaí ag iarraidh an léitheoir a thabhairt leis, ag caochadh súile ar an léitheoir, ag iarraidh a chur ina luí ar an léitheoir gur daoine níos tuisceanaí agus níos foghlamtha iad siúd ná an fear tinn. Nuair a fhaigheann an léitheoir amach go bhfuil fear an phionta beagnach básaithe, tagann droch-choinsias air, toisc gur ghéill sé don scéalaí gránna seo, agus casann sé ar ais ar an scéal. Aimsíonn sé abairtí mar:

Dhá mbeadh an bás corcáilte i do bhundún d'éigneodh seo siar ar ais é....

Othar ag fuireach go n‑osclaíodh an dochtúr a bhéal le fios báis nó saoil a thabhairt dó, ní bheadh sé leath chomh beophianta le mo dhuine....

Ar an gcéad léamh, níl mórán de thábhacht sna habairtí sin, ach ar an dara léamh, agus a fhios againn go bhfuil an fear seo ar tí a bháis, tá siad nimhneach marfach. Feiceann an léitheoir gur abairtí iad atá ann ar mhaithe leis féin, go bhfuil an scéalaí ag caochadh súile air le chuile thagairt a dhéanann sé don bhás. Tuigeann an léitheoir anois gur ghéill sé don íoróin fhiáin fhíochmhar seo nuair a ghéill sé ar dtús do mhodh inste an scéalaí — modh inste a bhí sách neamhurchóideach, de réir dealraimh, an uair sin. Le habairtí tuairisciúla mar iadsan thuas, cuireann an scéalaí tús le rapport idir é féin agus an léitheoir, téann an léitheoir ar iontaoibh an scéalaí i dtreo is go mbíonn sé féin páirteach i gciontacht an scéalaí ag deireadh. Chun é féin a shaoradh ó chion, ní mór don léitheoir casadh ar ais agus athbhreathnú ar an scéal; anois aimsíonn sé fiántas íoróineach, fiú in ainm chapall ráis — An Scámhóg Iarainn — atá luaite go neamhurchóideach i gcomhrá, toisc go bhfuil a fhios aige anois gur le heitinneach atá an scéal ag plé. Lig sé an cleas barbartha sin thairis ar an gcéad léamh; an uair sin, ghéill sé do mhagadh éagórach an scéalaí. Anois cuireann sé an cheist — an bhfuil aon droch-chleas eile den sórt sin fágtha sa scéal? Seanchuimhní ag cur as don duine — sin meon na ciontachta de réir Freud. Baintear leas as an gcleas ceannann céanna in Glantachán Earraigh; glacann an léitheoir le gluaiseacht éasca an scéil agus an scéalaí ag lua na rudaí atá an bhean nuaphósta ag caitheamh amach. Ansin, an cleas sa deireadh — seanbhean an tí caite amach aici — agus tá brí nua, brí shearbhasach, i dteideal an scéil, Glantachán Earraigh.

I ndomhan neamhchinnte síorathraitheach na cathrach, tagann íoróin den chineál sin thuas chun cinn. Mar a dúirt Ó Cadhain féin in Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, is gotha sealadach atá ar chuile shórt, fiú marthain an duine féin. Tá chuile rud éiginnte, ar bís, mar go mba cinniúnach teagmhaiseach a bheadh sé agus gan é ar acmhainn an duine aonraic tada a dhéanamh in a thimpeall. Tá an duine amhrasach ann féin; aon dearfacht atá le sonrú sa domhan atá léirithe in An Pionta, is dearfacht í a bhaineann leis an domhan lasmuigh — na póilí ar an tsráid, scata óltóirí sa teach ósta — i gcomórtas le neamhchinnteacht na bpríomhcharachtar:

Thosaigh an ghlafairt agus na mionnaí móra. Bhí fir ag bualadh bosógaí go ceanúil ar bhrístí, ar chótaí, agus ar pháipéir nuaíochta. Diúracadh deich naipcín póca in éindigh. Bhí fiche crobh acmhainneach ag dul i bhfastó in éindigh ina chual cnámh. Ba léar nach mbeadh le déanamh faoi cheann nóiméide ach an creach cochall agus cótaí a roinnt.

Ní bheadh dearfacht den sórt sin le feiceáil i ngluaiseachtaí na bpríomhcharachtar. Is ag scata daoine i gcónaí a bhíonn an gníomh dearfa, ní ionann agus an duine féin.

An phríomhfhadhb a ionsaíonn Máirtín Ó Cadhain mar ealaíontóir ná eagarthóireacht a dhéanamh ar an gcaint a chuala sé — An uirnís liteartha is fearr a fuair mé ó mo mhuintir an chaint, caint thíriúil, caint chréúil, caint chraicneach, a thosaíos ag damhsa orm sgaití, ag gol orm sgaití, de mo bhuíochas. Is í a phríomhfhadhb ná caoi a chur ar an gcaint sin, struchtúr a leagan uirthi, dráma agus tinneall a scaipeadh go tuisceanach tríthi. Ní tharlaíonn rudaí i ndiaidh a chéile i scéalta Uí Chadhain; an rud is tábhachtaí anois sa litríocht ar fad, an intinn a léiriú. Mar shampla, sa scéal Fios, níl plota ann agus is ar éigean atá scéalaí ann ach oiread. Níl ann, de réir dealraimh, ach go bhfuil an duine seo nó an duine siúd ag stiúrú an agallaimh as a stuaim féin. Ní ritheann mórán ama thart. Níl cur síos ann ar na daoine ag tús an scéil, ná ar a gcuid éadaigh, ná ar a gceannaithe. Ní insítear dúinn cén cineál daoine atá iontu. Caitheann an léitheoir bheith i gcónaí san airdeall, ag tabhairt mhiosúr an duine seo nó an duine siúd, mar a dhéanfá sa ghnáthshaol. Go deimhin féin, i mórchuid den chomhrá sna gearrscéalta seo, thabharfá an leabhar go raibh duine éigin eile i láthair ag an gcaint — tú féin, b’fhéidir. Seo gné eile den chiontacht, ciontacht an chúléisteora. Tá sampla iontach den chineál seo ciontachta sa sárscéal sin, An Strainséara. Le linn chaibidil a trí déag sa scéal sin, tá beirt fhear — Micil, fear Nóra, agus an strainséara óg atá le cúram fheirm Mhicil a ghabháil air féin — ag obair agus ag sáraíocht, fiú le hachrann eatarthu. Mheasfá, agus tú ag léamh na caibidile, go mbeadh an píosa deireanach den agallamh seo, atá mórán cosúil leis na habairtí eile sa chomhrá, ag teacht ó cheachtar de na fir, go dtí go léann tú líne deireanach na caibidile:

Chuireadh an mhuintir se’againne freisin dorú leo i gcónaí…

Bhí béal Nóra chomh hamh le gáig idir an bheirt fhear.

Agus sin léite agat, tuigeann tú, don chéad uair, go raibh Nóra i láthair ag an gcomhrá sin ó thús: agus cuireann sin dreach nua ar chuile rud a dúirt na fir sa chaibidil, de bhrí gur i bhfianaise Nóra a bhí an comhrá. Sna línte deireanacha sin, tá buntomhas nua curtha go sciobtha leis an gcaibidil: éiríonn an léitheoir amhrasach faoin gcaibidil ar fad agus ní mór dó casadh siar agus an comhrá a iniúchadh arís. Seanchuimhní arís, ag cur as don léitheoir, á spreagadh chun athléamh, ag cothú meon na ciontachta agus meon an amhrais ann.

Tá buntéama seo na ciontachta fógraithe os ard sa ghearrscéal An Seanfhear.

Níl aon choir dhar deárnadh ar talamh nach bhfuil mé ciontach Inti.... dúnmharú, fionaíl, tréas, slad, cneamhaireacht, éitheach, ceilg....

Tá an seanfhear ag iarraidh labhairt leis an scéalaí agus cur tré chéile leis. Cineál dúlionnach, hipeacoindreach, atá ann, agus chaith sé a shaol, dar leis, ag taisteal ar fuaid an domhain: cuir- eann an síorthaisteal seo Cáin ciontach an Bhíobla i gcuimhne dúinn. Ní chreideann an scéalaí an fear:

Thuigeas, agus go tobann. Éireannach fánach eicínt nach raibh ní b'fhaide ó bhaile ná sráideanna thíriúla Bhaile Átha Cliath…

— ach, san am chéanna, tá an scéalaí míshuaimhneach, ag iarraidh éalú ón bhfear, nó, ar aon nós, achrann a sheachaint leis. Deireann an Seanfhear gur muineál croiche atá ag an scéalaí. d’aon úim le haghaidh na cnáibe a rinneadh é. Fite fuaite tríd an scéal seo, tá tagairtí do choir, pionós, ciontacht, úll scornaí, úll, dainséar, peaca an tsinsir, agus, thar aon ní eile, cuimhneamh siar éigin ag goilleadh ar an scéalaí, á chur ar a mhíshuaimhneas. Mar is gnáth, tá deireadh an scéil dothuigthe — Is eol dom go bhfeicead aríst é i seomraí airithin dochtúirí…! Mar is gnáth, tá gáire folamh fíochmhar ag deireadh an scéil. Lig sé racht gáire a chuir mo ghéaga ag gíoscán… — ní gáire shéimh chneasta aon gháire in Ó Cadhain riamh.

Cé go bhfuil neamhchruinneas sa scéal seo, is féidir linn a rá go gcuireann sé ceisteannaí áirithe. Cá bhfuil bunús an pheaca? Sa duine féin, i muineál croiche an scéalaí? Lasmuigh dhe? Cad í an tábhacht a bhaineann le peaca an tsinsir? Cá bhfuil bunús na ciontachta? Sa duine féin? Sa duine eile, an seanfhear, cuir i gcás? I gcuimhní casta siar? Agus ós rud é go dtráchtar ar pheaca an tsinsir agus ar dhúlionnachas tríd an scéal, tig linn a rá go gcuireann Máirtin Ó Cadhain ceist thábhachtach orainn agus é ag sníomh an dá théama sin lena chéile. Is í an cheist sin, b’fhéidir nach bhfuil i bpeaca an tsinsir ach gnáth-thinneas an chine dhúlionnaigh? Tá leathfhocal chomh maith le híoróin agus seirbhe i scéalta Uí Chadhain.

Ar an gcaoi seo, láimhseáil na bhfocal agus casadh tobann ag deireadh an scéil, cothaítear meon na ciontachta. Ach tá fear inste an scéil chomh tábhachtach le modh inste an scéil. Tá trédhearcacht ar leith le sonrú i scéalaithe Uí Chadhain. Ní féidir linn a rá gur daoine maithe fuinniúla iad, níl ionracas dá laghad iontu. Níl aon bhua pearsanta acu — go deimhin, níl tréith ar bith acu a d'inseodh aon cheo dúinn fúthu — ach go bhfuil siad in ann an léitheoir a tharraingt isteach leo ina gcuid scéalta. I dtús an scéil, bíonn siad trédhearcach agus glacaimid leo; ag deireadh, is léir gur daoine gránna iad a chleachtaíonn comhluadar duáilceach, agus go bhfuil fonn orthu an léitheoir féin a shú isteach ina gcuid ciontachta.

Three Is the perfect number for an existentialist comedy, a dúirt Jean Paul Sartre, agus is amhlaidh do Mháirtín Ó Cadhain é ina scéal Fios. I rith an scéil, tá triúr fear ag cur tré chéile agus ag clamhsán faoi na comharsana agus gan mórán muiníne ag éinne den triúr acu as an mbeirt eile ach oiread. Tá gach duine acu ag iarraidh a thuairim féin a choinneáil fá cheilt ach, ina dhiaidh sin féin, tá dualgas air an comhrá a choinneáil ó sceitheadh amach ina dhiantost agus, freisin, ní mian le héinne acu admháil go bhfuil sé in easpa eolais faoi na comharsana. Mar is gnáth, tá chuile cheo neamhchinnte. Ar dtús, tá Leathmhaing ag díriú an chomhrá agus ta Claonfhéachaint soiniciúil. Tar éis chuile dhreas cainte, tagann cainteoir eile chun tosaigh atá sásta an chéad dreas cainte eile a dhíriú, agus coinníonn an bheirt eile siar, amhail thíos:

Nach faoi sin atá mé, a chloiginn? adeir Claonfhéachaint.

Agus mise.

Agus mise chomh maith le ceachtar agaibh.

Ba chumasach an sásamh dúinn féin acus don bhaile é.

D’fhéadfá a rá.

D’fhéadfá sin a rá.

Tá chuile dhuine anseo ag iarraidh a chomhdhuine a shásamh agus achrann a sheachaint. Ansin, tagann duine de na comharsana a bhíodar ag cáineadh, darb ainm an Streilleachán, ag lorg cipín solais, ach níl an triúr sásta ceann a thabhairt dó — nuair a imíonn sé go teach an Bhreathnaigh ar thóir an chipín, fágann sé meon ciontach ag an triúr ina dhiaidh. Ag iarraidh iad féin a shaoradh ó chion atá siad nuair a deireann siad: Nárbh fhearr dúinn scathamh eile oibre a dhéanamh. Gníomhartha agus obair a mhaitheann a chuid peaca don duine i scéalta Uí Chadhain. Ar aon nós, níl a fhios ag éinne den triúr acu céard tá idir an Streilleachán agus na Breathnaigh, agus leantar leis an gcaint tríd an scéal ar an dóigh sin. Ag deireadh, tar éis an cur tré chéile go léir, deireann Claonfhéachaint, Tá a fhios agamsa é, agus cuireann sin cruth eile ar chuile ní sa scéal. Ní mór don léitheoir casadh siar arís agus an scéal a athléamh, lena fháil amach an bhfuil an ‘fios’ laistigh den scéal. Pé ar bith scéal é, is féidir linn a rá go bhfuil Claonfhéachaint i bhfad níos cinnte-dearfaí ná an bheirt eile, an bheirt a bhí siar aneas agus soir aduaidh i gcónaí. Tá Claonfhéachaint neamhspleách, muiníneach, dothuigthe — níor chuir sé an píce báite tré phutóg an Bhreathnaigh Óig, níl sé i dtuilleamaí ná feamainne mar tá díol mangels agus swedes éirithe aige cheana féin. Tá an bheirt eile inmhalartaithe, níl sna carachtair sin ach scigphictiúirí. Is léir gurb é Claonfhéachaint an carachtar sa scéal seo agus go léirítear tréithe áirithe atá aige, tréna phearsa a chur i gcomórtas leis na scigphictiúirí eile. Féach, freisin, ar shlacht agus néatacht an léirithe sin; leis an eolas nua atá againn ag deireadh, ní gá don scríbhneoir íomhá Chlaonfhéachana a athchumadh, ní gá ach seaníomhá Chlaonfhéachana a athléamh.

Ní thig linn a rá go bhfuil domhan neamhchinnte léirithe sa scéal deireanach, An Strainséara, mar tá suíomh tuaithe leis agus gluaiseann an scéal go mall agus go fadaraíonach. Agus ní féidir a rá go bhfuil an léiriú féin doiléir nó neamhchruinn mar insítear gach uile chor sa scéal go staidéartha: uaireanta, bíonn caibidil ar fad bunaithe ar ghníomh simplí amháin. Tá léiriú soiléir againn ar an ngearrscéal seo ach is léiriú soiléir é ar fhadhb dhoréitithe, fadhb na lánúine atá ag dul in aois agus gan páiste ar bith acu. De bhrí gur fadhb dhoréitithe í seo, ní bhaineann Máirtín Ó Cadhain leas as scéalaí claonta a ghlac páirt in eachtraí an scéil — tá sé sásta an scéal seo a aithris sa tríú pearsa, mar scríbhneoir neamhspleách, ní mar aithriseoir claonta. Fágann an scéalaí an bhreith fúinne sa chás seo. Cé gur léiriú soiléir atá in An Strainséara, ní ionann san is a rá nach bhfuil rudaí ceilte ann, direach mar atá rudaí ceilte sna scéalta eile. Tá. An abairt seo mar shampla:

Thosaigh Nóra ag coinneáil ó na mná ar fad…

Tá an abairt sin ríthábhachtach in aithris an scéil, ach tá sí fá cheilt chúlánta in alt ciúin, agus caitheann an léitheoir a bheith san airdeall chun í a aimsiú. Sampla eile anois: insítear dúinn, sách luath sa scéal, gur marbh a rugadh chuile pháiste ag Nóra agus gur adhlaic a fear céile, Micil, i nGarraí an Locháin iad ar fad. I gcaibidil eile níos faide isteach sa scéal, aimsíonn an léitheoir an abairt chúlánta seo:

D’fhaigheadh Micil sásamh ó bheith ag gearán faoin aos óg a bheith ag taltú an fhéir i nGarraí an Locháin....

agus ní mór dó bheith ina lándúiseacht le brí iomlán agus pathos iomlán na habairte sin a thuigbheáil.

Tá focla beaga ceilte anseo is ansiúd sa scéal a thugann leid dúinn faoi dhearcadh an scríbhneora. Baineann an fear óg, an strainséara, leas as an bhfocal Béarla flashlamp, agus goilleann sin ar Nóra a deireann lóchrannán i dtólamh. Nuair a úsáideann an scéalaí féin an focal Gaeilge tugann sin leid bheag dúinn faoina bhá phearsanta. Cuireann mionsonraí mar seo intinn an léitheora chúramaigh ag obair. Baintear leas as an deighilt seo idir phrós an scéalaí agus comhrá na gcarachtar ar bhealaí eile freisin. Anseo is ansiúd i rith An Strainséara, tá tagairtí d’íomhánna éagsúla — ‘scian’, ‘bean choimhthíoch’, ‘currach’, ‘cloch’, ‘boirric’ — agus, ar dhóigh leitmotif sa cheol, éiríonn na tagairtí seo níos flúirsí, de réir a chéile, agus uaireanta, bíonn cuid de na híomhánna luaite in éineacht in alt amháin. Tá an cleas sin — sraith de na híomhánna curtha le chéile — cosúil le corda sa cheol. Symphonic imagery an t‑ainm atá ag Richard Altick air. I gcaibidil a naoi déag, bailítear na híomhánna thuasluaite go léir lena chéile in alt amháin agus is geall le príomhchorda ceoil é. Tá na híomhánna seo, a fuair a gcéad lua i bprós an scéalaí, ag fáil lua anois sa chomhrá beo agus tuigtear dúinn go bhfuil an corda is airde ar fad fuaimithe leis sin. Is léir ón build-up seo go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an bpíosa comhrá ina luaitear na híomhánna go léir. In Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, deir an Cadhnach gur cóir dúinn chuile phíosa litríochta a mheas de réir a théarmaí tagartha féin; agus le téarma tagartha amháin as an scéal — íomhánna a tharlaíonn arís agus arís eile — is féidir liom a dheimhniú go bhfuil buaic an scéil sa chomhrá sin ina luaitear na híomhánna go léir. Is cleas é seo a chleachtaítear go minic sa bhfilíocht — shonraigh Altick don chéad uair é i bhfilíocht Shakespeare — agus ní foláir nó go raibh sé ar eolas ag an gCadhnach. Scríobh sé féin, in Páipéir Bhána agus Páipéir BhreacaTá an domhan próis ag dul timpeall faoi chulaith na filíochta agus é ag déanamh aithrise ar Edmund Wilson a dúirt: The technique of prose today seems to be absorbing the technique of verse; but, it is showing itself equal to the work… Is amhlaidh do Mháirtín Ó Cadhain é in An Strainséara.

Is díol suntais abairt mar:

Thúirling súile Nóra ar an gclaí idir an iothlainn agus Garraí an Locháin ó thuaidh....

Tá abairtí den scoth sin — duine ag breathnú ar theorainn — scaipthe go flúirseach tríd na scéalta in Cois Caoláire. Luaitear rudaí mar ‘claí’, ‘ciumhais’, ‘críoch’, ‘colbha’, i mbeagnach chuile scéal. Bíonn an tOthar ag breathnú amach tríd an bhfuinneog ar chlaí éigin; bíonn comharsana ag dul chun cúirte agus ag troid faoi theorainn feirme; bíonn fear ag líonadh bearna i bhfál le bó bhradach a choinneáil amach. Cuireann Máirtín Ó Cadhain an-spéis sa territorial imperative, mar a déarfá, agus tá a chuid samhlaíochta i gcónaí ag obair ar chruacheisteanna mar seo — Cá bhfuil an claí nó an chonstaic idir an duine seo agus an duine siúd? An féidir é a bhriseadh? Mar a dúras cheana, ní mór an mhuinín atá ag Máirtín Ó Cadhain as an ngnáthchomhrá mar ghléas chun amhras nó naimhdeacht a dhíbirt as an gcaidreamh daonna. B’fhéidir go gcreideann sé gur binn béal ina thost. Ar aon nós, b’fhéidir gur nocht sé gach a raibh le rá aige faoi achrann, faoi amhras, faoi chúrsaí sáraíochta agus cúrsaí ciontachta, sa phíosa gonta seo as deireadh chaibidil a ceathair déag in An Strainséara:

Bhí tost cainte tar éis luí ar an mbeirt fhear....

Chuimhnigh Nóra go tobann gur tús tuisceana é....

Tá Iontaobhas Uí Chadhain fíorbhuíoch den údar agus den fhoilsitheoir, Coiscéim, as ucht a gcead an t‑alt seo a fhoilsiú.