Samuel Beckett and Máirtín Ó Cadhain: The Vehemence of the Dead

Leis an Ollamh Robert Welch

Tugadh an léacht seo ag ócáid chomórtha chéid Mháirtín Uí Chadhain i gColáiste Phádraig i 2006.

Éist leis an léacht

An léacht go hachomair

Sa chaint seo (atá i mBéarla) dhírigh an tOllamh Welch ar chosúlachtaí idir scríbhinní Beckett agus Uí Chadhain, ar an mbonn go gcaithfidh cosúlachtaí a bheith idir na litríochtaí sa dá theanga in Éirinn má tá an cultúr ag feidhmiú. Bhí an tOllamh Welch buartha faoi choincheap na haigne idir dhá chomhairle ag Thomas Kinsella, agus d’fhéach sé le cosúlachtaí a aithint in aidhmeanna na litríochtaí Gaeilge agus Béarla in Éirinn.

Dar leis go ndeachaigh an bheirt údar seo i ngleic le harraingeacha an bháis i gcás dhá chultúr éagsúla: Ó Cadhain le cultúr na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus Beckett le cultúr an iarthair.

D’fhéach an bheirt acu ar anbhroid, agus ar chineál na hanbhroide. Bhreathnaigh Ó Cadhain ar an gcéasadh a bhain le hobair fhisiciúil, go háirithe i measc na mban. Thuig Beckett anbhroid na péine fisiciúla chomh maith óna thaithí féin, agus tugtar samplaí ó scríbhinní na beirte a léiríonn na tuiscintí seo ar phian fhisiciúil.

Díríonn Beckett ar chinnteachtaí agus éiginnteachtaí an tsaoil, agus na féineachta — aithnítear go bhfuil an saol ar fad laistigh den surda nó den neamhréasúnach.

In Cré na Cille, is daingean diongbháilte é fuath Chaitríona Pháidín dá deirfiúr Neil. Labhraíonn Welch faoi dhlúth-thaithíocht an fhuatha agus dar leis go bhfuil muintir na hÉireann fíormhaith aige sin. Measann sé go scaoileann daingne an fhuatha amach díochracht agus racht na cainte.

Faightear an daingne duairce céanna ag Beckett — an t‑aon fhreagairt atá ann ná caint.

Téama eile ag an mbeirt is ea an gaol leis an máthair, leis an mbaineann.