There Goes Cré na Cille

Le Louis de Paor.

Is mór an rud ag scríbhneoir aitheantas. É seo a chloisteáil ag dul thart dhom i bPáirc an Chrócaigh lá mórchluiche: ‘there goes Cré na Cille’.

Máirtín Ó Cadhain, Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca.

Fiú is gur i bPáirc an Chrócaigh seachas Staid Semple a tharla sé, tá scéilín an Chadhnaigh ag teacht go maith le háiteamh Dhomhnaill Uí Chorcora mar gheall ar an gcaidreamh ba cheart a bheith ann idir an scríbhneoir agus a phobal. Ina leabhar conspóideach Synge and Anglo-Irish Literature, deir Ó Corcora linn gur rith sé leis lá i nDurlas Éile nach raibh aon scríbhneoir Béarla in Éirinn ag freastal ar an 30,000 duine, adeir sé, a bhí i láthair ag Craobh na hÉireann san iomáint. Bhí bearna dá réir, dar leis, idir aigne an phobail agus an chuid is fearr de nuascríbhneoireacht Bhéarla na hÉireann.

Pé ní a déarfaimis le fealsúnacht liteartha Uí Chorcora, is cinnte go raibh aitheantas fairsing ag Máirtín Ó Cadhain i measc an phobail tráth. Nuair a bhí Cré na Cille á fhoilsiú ó sheachtain go seachtain san Irish Press, adeir sé féin linn in Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, chuala sé beirt ag caint mar gheall air sa bhus: What do you think of this story serialised in the Irish Press? a d’fhiafraigh cailín a bhí ina suí os a chomhair amach sa bhus dá compánach fir. This Ó Cadhain fellow, adúirt sé. A right galoot if ever there was one. A Joycean smutmonger.

D’aontódh go leor dá mhuintir thiar i gConamara leis an gcáineadh, adeir an Cadhnach, ach níor fhág san nár léadar a shaothar le fonn. Cheannaigh daoine Cré na Cille, adeir sé linn, nár cheannaigh de leabhair ariamh ach Old Moore’s Almanac. Is é míniú an Chadhnaigh ar an tóir neamhchoitianta a bhí ag a mhuintir féin ar an leabhar, go raibh sé sách gar d’intinn na ndaoine go raibh nathaíodóirí ag cur rudaí léi nach raibh inti. Tá fianaise éigin againn go bhfuil an saothar áirithe seo gar go maith d’intinn a mhuintire féin, nó cuid dóibh, fós ón méid a tharla cúpla bliain ó shin nuair a chuir Macdara Ó Fatharta a léiriú cumasach féin de Cré na Cille ar stáitse na Taibhdheirce is gur tugadh lán bus de sheandaoine as Conamara isteach go dtí an réamhléiriú. Chuaigh sé dian ar na haisteoirí, adeirtear liom, cuimhneamh ar a gcuid scripteanna nuair a thosnaigh cuid den lucht féachana ag labhairt os ard leis na carachtaeirí stáitse fé mar gur seanchomarsain leo féin iad ná raibh feicthe acu le tamall. Léiriú is ea é an méid sin ar chuid de mhórbhuanna an Chadhnaigh, barántúlacht an chomhrá aige atá dílis don gcaint chréúil chraicneach a fuair sé óna mhuintir, agus fírinne a léargais ar a mhuintir féin.

Ní chuige sin atáim anso áfach. Is í an cheist ba mhaith liom a chur ná cén pobal atá ag Máirtín Ó Cadhain sa lá atá inniu ann, nó cé a léann a chuid saothair?

De réir na bhfigiúirí atá curtha ar fáil ag an Áisínteacht Dáiliúcháin Leabhar, díoladh 780 cóip de leabhair Mháirtín Uí Chadhain, idir ghearrscéalta agus úrscéalta, le trí bliana anuas go dtí Deireadh Fómhair 2005. Ba iad na leabhair ba mhó a raibh díol orthu ná Cois Caoláire (353), agus An Braon Broghach (288), mar a bhfuil cuid de na scéalta luatha is cumasaí dar scríobh sé. Tar éis na cainte go léir a bhí ann mar gheall orthu sular foilsíodh iad, níor ceannaíodh ach 35 cóip de Athnuachan agus 31 cóip de Barbed Wire sa tréimhse chéanna. Ar shlí, ní miste san; cé gur leabhair iad a bhfuil a dtábhacht féin leo, ní dóigh liom go gcuirfidh siad puinn lena cháil sa bhfadtéarma, ach oiread le Idir Shúgradh agus Dáiríre ar díoladh 51 cóip de le trí bliana anuas, agus An tSraith Tógtha ar díoladh 22 cóip de.

Oiread agus cóip amháin, níor díoladh de An tSraith ar Lár, agus An tSraith Dhá Tógáil, mar a bhfuil na scéalta is snoite agus is substaintiúla i measc an tsaothair a scríobh sé níos déanaí ina shaol, ná de Cré na Cille, an leabhar is mó a shamhlaítear lena ainm i gcónaí.

Ba dheacair iad a cheannach, dar ndóigh, agus iad as cló le fada an lá. Fiú amháin na haistriúcháin a chuir Eoghan Ó Tuairisc ar fáil dúinn in The Road to Brightcity, tá siad as cló le blianta fada.

Tá ceist an-réasúnta a chuirfeadh aon fhoilsitheoir air féin ag an bpointe seo: cé a léifidh na leabhair seo má chuirtear amach arís iad? Tá sé ráite go minic nach bhfuil de phobal fanta ag litríocht na Gaeilge ach léitheoirí proifisiúnta .i. scríbhneoirí, scoláirí, agus lucht ollscoile. Is leor sracfhéachaint ar na cúrsaí litríochta atá á múineadh i ranna Gaeilge na n‑ollscoileanna lena dheimhniú gur beag an margadh atá ansan faoi láthair do shaothar Mháirtín Uí Chadhain. Tríd is tríd, ní thugtar ar mhic léinn aon mhionstaidéar a dhéanamh ar an gCadhnach go dtí leibhéal na hiarchéime. Go deimhin, is féidir céim a bhaint amach sa Ghaeilge sa chuid is mó d’ollscoileanna na hÉireann gan oiread is focal le Máirtín Ó Cadhain a léamh. Níl aon dabht ná go bhfuil stró ag baint le hionramháil na teanga aige, ach ní ghlactar leis sin mar leithscéal le neamhaird a thabhairt ar Chúirt an Mheon-Oíche, ar Dháibhidh Ó Bruadair, ná ar fhilíocht na mbard.

Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá níos mó léitheoirí ag na manaigh gan ainm a bhreac gluaiseanna ar imeall lámhscríbhinní san ochtú agus sa naoú céad, le teann díomhaointis nó frustráide nó súgartha, ná mar atá ag saothar Mháirtín Uí Chadhain. Tuar dóchais sa mhéid sin is ea na ceardlanna léitheoireachta a chuir Gaelacadamh Chonamara ar bun anuraidh le saothar Uí Chadhain a chur á léamh i measc a mhuintire féin arís. Bhí os cionn leathchéad duine i láthair ag gach ceann de na ceardlanna agus ba bheag stró a chuir teanga an Chadhnaigh, arb í a dteanga féin ar deireadh í, ar a raibh i láthair.

Sa leabhar is déanaí uaidh féin, dearbhaíonn Denis Donoghue nach bhfuil mórshaothair an traidisiúin Mheiriceánaigh á léamh níos mó ag mic léinn, go bhféachann siad orthu le distant reverence i bhfad uathu ar na seilfeanna sa leabharlann. An é sin atá i ndán do shaothar Mháirtín Uí Chadhain, gur mó de thrácht ná de léitheoireacht a dhéanfar ar a shaothar amach anseo, go mbeidh a ainm ar eolas ag daoine agus tuiscint éigin ar an saghas ruda atá scríofa aige, ach ná tiocfaidh an saothar féin faoi shúile léitheoirí san am atá romhainn?

Tá sé in am, agus thar am, rogha scéalta Mháirtín Uí Chadhain, agus eagrán nua de Cré na Cille a chur ar fáil arís. Tá sé in am leis an chuid is fearr dá shaothar a chur á aistriú go teangacha eile, an Béarla ina measc, mura mbeadh ann ach gan an leithscéal a thabhairt do chriticeoirí Béarla neamhaird a thabhairt ar a shaothar agus deis a thabhairt do léitheoirí Béarla a bhfuil ceilte orthu sa chuid is fearr de nualitríocht na Gaeilge a bhlaiseadh. I gcás an léitheora Bhéarla in Éirinn, is boichtede go mór, dar liom, a t(h)uiscint ar litríocht a m(h)uintire féin gan scéalta an Chadhnaigh a bheith léite aige/aici; sa tslí chéanna is gur boichtede tuiscint an Ghaeilgeora ar a litríocht féin gan Joyce, nó Mc Gahern, nó Heaney a bheith léite aige. Tá an chuid is fearr de shaothar an Chadhnaigh, dar liom, ar an mbeagán saothar i gceachtar de dhá theanga oifigiúla an Stáit, go dtabharfá léitheoireacht riachtanach air .i. saothair a chuireann chomh mór sin lenár dtuiscint orainn féin go mbeadh an tuiscint sin easnamhach á gceal.

I gcaint a thug sé ar Radió Éireann ar 11 Bealtaine 1952, is mar seo a chuir an Cadhnach síos ar an aon ‘luach saothair ar cabhair don scríbhneoir Gaeilge a bheith ag súil leis de ghnáth’:

Mé a dhul isteach i siopa leabhar éigin nach mbeidh aon aithne orm. Féachaint go grinn ar fhaitíos aon duine aitheantais a bheith i láthair. Sciorradh suas go dtí an seas ar a mbíonn na leabhra nuafhoilsithe agus gan a fheiceáil ansin i measc na scórtha leabhar, ach aon teideal Athnuachan: Athnuachan, Athnuachan

Athnuachan ar na seilfeanna i gcónaí ach tá cuid de na scéalta is corraithí agus is doimhne léargas dá bhfuil againn i mBéarla ná i nGaeilge in easnamh orainn i gcónaí. Dá gcaithfinn an rogha a dhéanamh, is iad na scéalta is túisce a luafainn i measc scothshaothar an Chadhnaigh ná ‘An Taoille Tuile’, ‘An Bóthar go dtí an Ghealchathair’,‘An Bhearna Mhíl’, ‘An Bhliain 1912’, ‘Fios’, ‘Ciumhais an Chriathraigh’, ‘An Strainséara’, ‘Fuascailt’, ‘Fuíoll Fuine’, ‘An Beo agus an Marbh’, agus ‘Cé Acu?’ Chuirfinn Cré na Cille leosan, agus, b’fhéidir, Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca atá ar cheann de na haistí liteartha is fearr agus is tábhachtaí dá bhfuil againn i mBéarla ná i nGaeilge.

Ní hé an liosta céanna a chuirfeadh léirmheastóirí agus léitheoirí eile chun cinn, adéarfainn, comhartha ar scóip na scríbhneoireachta féin ar láimh amháin, agus ar a laghad scagtha atá déanta go dtí seo ar a shaothar, ar an láimh eile. Comhartha beatha is ea é go mbeadh díospóireacht leanúnach ar bun faoi shaothar scríbhneora, comhartha go maireann a shaothar fiú agus an té a thug ann é a bheith caillte.

Agus sinn ag druidim le céad bliain ón lá a rugadh Máirtín Ó Cadhain, is mithid dúinn an briatharchath a thionscnamh.

Tá Iontaobhas Uí Chadhain fíorbhuíoch den údar as ucht a chead an t‑alt seo a fhoilsiú.