Máirtín Ó Cadhain agus an Pholaitíocht

Fear pobail, fear Gaeltachta, fear feachtasaíochta

Seo mar a scríobh Alan Titley in Máirtín Ó Cadhain: clár saothair (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1975) faoi na cúinsí a spreag an Cadhnach dul le gníomhaíocht pholaitiúil:

Ní raibh an stát nua Éireannach ach ceithre bliana ar bun, faltanais agus nimh an chogaidh chathartha gan a bheith téaltaithe fós. An bhliain dár gcionn cuireadh tús le ré pharlaiminteach Éamon de Valera nuair a threoraigh sé a pháirtí nua isteach sa Dáil, dúnmharaíodh Caoimhín Ó hUiginn, tionscnaíodh Scéim na Sionainne, agus i lár an Mheithimh ceapadh an Cadhnach óg ina oide scoile i gCamas tar éis dó tamall gearr a chur isteach mar ionadaí i gCathair na Gaillimhe. Na himeachtaí polaitiúla sin agus an chorraíl phobail a ghabh leo bhí sad chomh tábhachtach ina dtionchar air is a bhí saol an bhéaloidis tuaithe as ar fáisceadh é nó an oidhreacht scanrúil teanga a dhírigh réimsí tuisceana a shamhlaíochta ar bháirí éagsamhalta is ar mhothálacha nár gabhadh roimhe sin sa Ghaeilge… Mar sin féin ní fhágann sé aon amhras orainn gurbh é bochtanas Chonamara agus muintir na Gaeltachta a chéadspreag é dála a shaoil a shocrú ar bhealaí áirithe agus gurbh iad scríbhinní Tone, Uí Chonghaola agus an Phiarsaigh a bhí mar thaca fealsúnachta aige sna bealaí seo. An chodarsnacht idir aidhmeanna bhunaitheoirí an stáit, focail na bpolaiteoirí agus an dearóile agus an t-anró a bhí mórthimpeall air a chuir iachall air athruithe a lorg ar shlite ba gháróidí ná mar a chleachtaí de ghnáth i gcúrsaí sóisialta. Bhí an dara rogha aige, áfach, óir dá ghéibheannaí iad na droch-chúinsí, bíonn an rogha seo ann i gcónaí. Bhí post buan seascair meastúil aige faoin gcóras nua. Post ba ea an mhúinteoireacht an uair úd a bhronn gradam agus seasamh faoi leith, i dtánaiste an tsagairt amháin, sa phobal tuaithe ar an oide. D'fhéadfadh sé saol sádhail Mháistir Mór na meánaicme a chaitheamh, lena bhreacléann seachtaine agus pórtar Sathairn. Ach níor chaith. Mhínigh sé dúinn cad ina thaobh: Tá a fhios agam céard a thug san I.R.A. mé féin. Ba chall troid le mo mhuintir, boicht na tuaithe, a fhuascailt (Feasta, Iúil 1960). Níorbh í an rómánsaíocht, mar sin, a mhaíonn stairithe teoiriciúla áirithe a bheith mar bhonn faoin náisiúnachas agus leagan faoi leith na gunnadóireachta a ghabhann léi a thug air an bealach seo a thabhairt air féin, ach cúiseanna crua eacnamaíochta agus an táir a leanann iad… B'iad oilithreacht agus crosáid a shaoil an domheanmnú seo agus an staid aigne seo a ruaigeadh agus ghabh sé na gléasanna airm chuige a mheas sé a bheith oiriúnach do gach cás.

B'fhear é Máirtín Ó Cadhain a bhí tiomanta paiseanta faoin nGaeltacht agus faoi mhuintir na Gaeltachta. Ba chás leis cothroime don mhuintir agus don teanga, agus ní raibh aon fhulaingt aige ar fhimíneacht. Tá tuairisc in De Ghlaschloich an Oileáin: beatha agus saothar Mháirtín Uí Chadhain (27–8), mar shampla, ar an gcaoi ar dhiúltaigh sé féin agus beirt eile d'ardú 10% ar a dtuarastal in 1930 nuair a bheartaigh an Rialtas an bhreis sin a thabhairt do mhúinteoirí náisiúnta a bhí ag múineadh sa Ghaeltacht, agus d'iarr siad go dtabharfaí an t‑airgead sin do mhuintir na Gaeltachta. Níor tugadh aird orthu, áfach, agus íocadh an bhreis leo.

Agus é i gCamas go fóill, bhí baint ag an gCadhnach le hÓglaigh na hÉireann. An fear a raibh sé in aontíos leis don chéad dá bhliain dó i gCamas, Seosamh Mac Mathúna, agus a bhí fós ag múineadh sa cheantar go dtí Eanáir 1933, é beagnach fiche bliain níos sine ná é, bhí sé bainteach leis na hÓglaigh ó 1918 agus faoin tráth seo bhí sé ina Aidiúnach i gCathlán Chonamara. Bhí spéis ag Máirtín sa phoblachtachas ó bhí sé ina mhac léinn i gColáiste Phádraig tar éis dó ábhar a léamh san iris Honesty. Anois, agus é in aontíos leis, chuir sé iachall ar Sheosamh an mhóid dílseachta a chur air, agus ba ghearr go raibh sé ina chaptaen ar na hÓglaigh sa cheantar. Theadh sé chuig gach uile chruinniú in éineacht le Seosamh agus théidís ar fud Chonamara ar obair na nÓglach. An plean a bhí acu ná gur cheap siad coiste le leacht a thógáil do na buachaillí as Conamara a thug a n‑anam ar son na Poblachta, rud a bhí mar leithscéal acu le cruinnithe a eagrú ar fud an bhaill.

Nuair a d'aistrigh sé ó Chamas go dtí an Carn Mór i mí Feabhra 1932, bhí sé ina chaptaen sna hÓglaigh ann chomh maith. Sna blianta sin is ea a fuair sé cleachtadh mar fhear eagraíochta, mar fhear eolais is beartaíochta taobh istigh de chumann. Bhunaigh sé craobh de Chonradh na Gaeilge ar an gCarn Mór freisin. In 1935 ceapadh é ar choiste gnó Chonradh na Gaeilge do Chúige Connacht.

Fear cúise

Scríobh Prionsias Mac Aonghusa ina thaobh (Scríobh 3, 87–107):

Ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta agus na Poblachta a sheas an Cadhnach. Namhaid ar bith dá gcuid san namhaid dósan a bhí ann freisin…. Seachas aon duine eile a sheas le Éire lena linn thuig sé ginealach mórán gach duine san saol poiblí. Thuig sé tábhacht eolas a bheith ag an gceithearnach ar a namhaid. Fuair sé amach an t‑eolas ba rúnda faoi chuid acu, a gcuid peacaí príomháideacha, a gcuid caimiléireachta ceilte, a gcuid scéiméireachta, cuma cén uair ina rabhadar páirteach ann, a gcuid gaimbíneachais, bíodh an gaimbíneachas sin ceangailte le hairgead nó le comhacht.

Mhaígh sé ansin go mb'fhear rúnda é Máirtín, fear mór cruinnithe eolais, fear mór pleanála agus comhcheilge é. Ní i dtobainne a thosaíodh sé agóid ach de réir plean, dar le Mac Aonghusa, agus bhíodh sé tomhaiste aige roimh ré cé a bheadh i láthair, cé a labhródh, cé a d'fhanfadh ina thost, etc. agus roghnaíodh sé a nóiméad go beacht lena bhéal a oscailt. Sábháilt teanga is cultúir a bhí i gceist aige-sean agus ní caint mhín.

Thar dhream ar bith eile, bhíodh sé in aghaidh Fhianna Fáil mar, dar leis, go raibh an feall fite fuaite iontu ón tús. Bhraith sé gur thréig de Valera an Phoblacht thart ar 1925.

An chéad aighneas leanúnach poiblí in iris ina raibh sé páirteach is faoi fhealladh Fianna Fáil ar an nGaeltacht é. B'shin conspóid le Criostóir Mac Aonghusa san Éireannach i dtús na bliana 1935. Trí sheachtain sular cailleadh é, i mí Dheireadh Fómhair, 1970, thug sé a óráid dheiridh mar chuid den aighneas deiridh ina raibh sé páirteach: an feachtas in in aghaidh dhúnadh Scoil Dhún Chaoin. Aire de chuid Fianna Fáil a rinne seo…

Cumann na Gaedhealtachta agus Muinntir na Gaedhealtachta

In éineacht le Críostóir Mac Aonghusa (múinteoir, agóidí agus comhairleoir contae) agus Seosamh Mac Mathúna, bhunaigh Máirtín Cumann na Gaedhealtachta in 1932 chun cearta agus cothroime a bhaint amach do mhuintir na Gaeltachta. Ritheadh rún go ndéanfaí cuid de thailte na hÉireann a bhí á n‑aisghabháil ag an rialtas ó thiarnaí talún le roinnt ar fheirmeoirí bochta a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta. Ar 7 Iúil 1934 bunaíodh eagraíocht nua, Muinntir na Gaedhealtachta, agus Máirtín ina rúnaí uirthi chun dlús a chur leis an bhfeachtas tailte i gContae na Mí a fháil do theaghlaigh bhochta Ghaeltachta. Fad a bhí an rialtas ag leagan béime ar an teanga a shábháil, chuir Ó Cadhain agus na gníomhaithe eile Gaeltachta béim ar shábháil an phobail. Rinneadh neart agóide, ar a raibh feachtas rothaíochta go Contae na Mí agus Baile Átha Cliath le háiteamh ar an rialtas tailte maithe a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta, agus ar deireadh ghéill an rialtas, agus is dá thoradh sin a bunaíodh Gaeltacht Ráth Chairn in 1935. Ní go dtí 1967 a bhain Rath Chairn amach aitheantas oifigiúil mar Ghaeltacht, tar éis feachtais chearta sibhialta a d'eagraigh Craobh Cearta Sibhialta na Gaeltachta, Ráth Chairn. Is in 1973 a bunaíodh Comharchumann Ráth Chairn chun pleanáil a dhéanamh d'fhorbairt ar an gceantar.

Ar 19 Lúnasa 1934, thug an Cadhnach óráid cháiliúil le linn dó feis a oscailt ar an gCeathrú Rua, óráid a foilsíodh in An tÉireannach (Meán Fómhair, 1934) faoin teideal 'Claidhe na Muice Duibhe ar Mhuintir na Gaeltachta'. In Aibreán 1936, d'eagraigh Muinntir na Gaedhealtachta paráid mhór trí shráideanna na Gaillimhe in ómós dóibh siúd a cailleadh sa troid ar son shaoirse na hÉireann. Sa reilig ba é Máirtín Ó Cadhain a dúirt an paidrín i nGaeilge. Tugann Alan Titley an tuairisc seo ina thaobh ó An Curadh Connachtach (The Connacht Tribune), 18 Aibreán, 1936:

Fianna Fáil and the IRA united on Sunday in paying a tribute to the memory of those who lost their lives during the fight for Irish freedom. After a parade through the city streets an oration was delivered at the New Cemetry, Bohermore, by Domhnall Ó Donnchadha, Dublin… The following bodies took part in the parade in addition to the Labour band and two pipers:- Fianna Fáil, Muinntear na Gaedhealtachta, Cumann na mBan, Old IRA, Fianna Éireann, Cumann na gCailíní and relatives of the dead. At the graveyard the rosary was recited in Irish by Máirtín Ó Cadhain.

Is sa gCarn Mór a bhí sé go deireadh na Nollag 1936 nuair a briseadh as a phost é de bharr a chuid poblachtachais. Is amhlaidh a choisc an rialtas comóradh Wolfe Tone i mBaile Uí Bhuadáin agus bhí Máirtín ina cheann ar an slua a bhí le dul ann as Gaillimh. Ach ghabh na Gardaí é féin agus os cionn scór poblachtach eile agus coimeádadh sa bheairic i nGaillimh iad i rith an lae sin. Domhnach a bhí ann. Tugann Alan Titley an tuairisc seo as An Curadh Connachtach, 27 Meitheamh 1936:

There was considerable Garda activity in Galway on Saturday night and Sunday morning as a result of the government ban on the Republican parade at Bodenstown, County Kildare. About twenty-four men were rounded up in the city during the early hours of Sunday morning and were detained at Eglington St. Garda station until 2.30 pm on Sunday afternoon… Galway Garda authorities refused to give any information about the people arrested, but a number of those who had been placed under arrest supplied their names and particulars to a Connacht Sentinel representative after their release on Sunday afternoon.

In the interview they stated that amongst those arrested were the brothers Mc Namara, and Mr. Martin White, three men who had travelled from the Lisdoonvarna area to join the Galway party going to Bodenstown; Messrs. Edward Walsh, Patrick Walsh and Fursey Walsh, three sons of the late Mr. Michael Walsh who was killed by the Black and Tans during the Anglo-Irish war; James Fay, Joseph Coyne, M. Coyne, Patrick Smith, J. Burgoyne, F. Rabbite, J. Whelan, T. Mc Donagh, J. Collins. J. Carter, J. Folan. One County Mayo man, Séamas de Búrca, was also arrested in Galway.

An lá dár gcionn, bhuail bainisteoir na scoile sa gCarn Mór isteach chuig Máirtín le hordú ón easpag é a bhriseadh as a phost. Rinne Máirtín achomharc leis an easpag ach ní raibh aon mhaith ann. Bhí an t‑easpag tar éis imlitir a chur á léamh ón altóir a rá go raibh sé mícheart páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht na nÓglach. Tharla a leithéid chéanna an bhliain roimhe sin i bPort Láirge nuair a briseadh múinteoir eile as a phost ar an gcúis chéanna. Ní raibh aon bhuaine ina gcuid oibre ag múinteoirí an tráth sin, léiriú ar an ollsmacht a bhí ag an eaglais i réimse an oideachais. Dhiúltaigh Cumann Múinteoirí Éireann seasamh le Máirtín bíodh is go raibh sé ina chathaoirleach ar bhrainse Iar-Chonnacht den cheardchumann sin.

Mar sin féin, níor mhaolaigh sé ar a chuid gníomhartha poblachtachais. Ghlac sé páirt i bhfeachtas fothoghchánaíochta na Gaillimhe ar son an Chúnta George Noble Plunkett agus bhí sé ar dhuine dá chuid moltóirí: Proposed by Mrs. Agnes Walsh, High St., Galway, seconded by Mr. Mtn. Coyne, Carnmore West, Galway (An Curadh Connachtach, 8 mí Lúnasa 1936).

Ba ansin a thug an Cadhnach a aghaidh ar chathair Bhaile Átha Cliath. Bhí sé ina oifigeach earcaíochta ag na hÓglaigh le linn 1937–8 agus is cosúil go raibh sé thar a bheith éifeachtach sa ról sin agus gur mheall sé go leor ógánach chun ballraíochta. I mí Aibreáin 1938 ceapadh ar Chomhairle an Airm é agus ba ghearr go raibh sé ina rúnaí ar an gComhairle. Bhí sé ar a theitheadh in 1939 ach gabhadh é i mí Mheán Fómhair in oifig Chonradh na Gaeilge in 14 Cearnóg Parnell agus coinníodh gan triail é i bpríosún Chnoc an Arbhair go dtí mí na Nollag an bhliain chéanna. Bhí air dul ar a theitheadh arís san athbhliain mar go raibh an rúnseirbhís ag coinneáil súil ghéar air.

I mí Aibreáin 1940 cailleadh cara leis, Tony Darcy, a chuaigh ar stailc ocrais chun stádas polaitiúil a bhaint amach do phríosúnaigh phoblachtacha, agus ba é Máirtín a thug an t‑aitheasc ar an tsochraid in Áth Cinn, Co. na Gaillimhe. Tógadh é i ndiaidh na sochraide agus cuireadh i ngéibheann é ar an gCurrach, Contae Chill Dara uaidh sin go lár 1944. Fuair a athair agus a mháthair bás le linn dó a bheith i ngéibheann; ligeadh amach ar an gcéad sochraid é, níor ligeadh ar an dara ceann. Ar an taobh amuigh bhí tréaniarrachtaí ar bun ag Tomás Bairéad chun go saorfaí é. Bhí toradh orthu ar deireadh agus saoradh é ar an 26 Iúil 1944.

Misneach

Grianghraf de Mháirtín, is é ag dul anonn san aois
Máirtín Ó Cadhain ag dul anonn san aois

Brúghrúpa radacach ab ea Misneach a bunaíodh in 1963 mar fhreagra ar theip agus ar fhimíneacht an rialtais, dar leo, maidir leis an nGaeilge a athbheochan. Bhí Máirtín Ó Cadhain ar dhuine de bhunaitheoirí Mhisneach agus é 'ina threoraí' orthu. De réir taighde atá déanta ag Hugh Rowland, mhaígh duine de na baill, Seán Ó Laighin, gur mhian le Misneach briseadh amach as seaniomaire na nEagraíochtaí Gaeilge d'fhonn réabhlóid agus athrú bunúsach a spreagadh sa tsochaí chun aghaidh a thabhairt ar mheath na Gaeltachta agus ar neamhshuim na gceannairí polaitíochta agus eaglasta ina leith sin. Ba é móraidhm Mhisneach an tír a athghabháil ón mbunaíocht agus seilbh na hÉireann mar aon lena cuid maoine a thabhairt ar ais do mhuintir na tíre le go bhféadfaí maireachtáil mar Ghaeil leis na rudaí is dual dúinn mar Ghaeil (Ó Cadhain, Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar Strae, 1970). Coincheap cuimsitheach ba ea coincheap na hathghabhála, ina bpósfaí an cultúr, an sóisialachas, an poblachtachas agus an geilleagar le chéile ar mhaithe le leas an phobail a mhínigh Séamas Ó Tuathail, ball eile de Mhisneach.

In agallamh a rinne ball eile, Mícheál Mac Aonghusa, le Rowland dúirt sé gur theastaigh ó Misneach feidhmiú ar bhonn thar a bheith neamhfhoirmiúil agus neamhstruchtúrtha le cinntiú go bhféadfaí dul i mbun corraíola gan bhac. Leanann Rowland air (COMHARTaighde 2):

Deir Séamas Ó Tuathail, ball eile den eagraíocht, go raibh béalchráifeacht á léiriú ag an rialtas i leith na Gaeilge sa mhéid is go raibh ráitis reitrice an rialtais ag teacht salach ar a chuid gníomhartha praiticiúla. Deir Ó Tuathail go raibh gluaiseacht 'oifigiúil' na Gaeilge, mar a thugadh Máirtín Ó Cadhain ar eagraíochtaí ar nós Chonradh na Gaeilge, Ghael Linn agus Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, róbhainteach le bunaíocht pholaitiúil an Stáit. Dá bharr sin, bhí an ghluaiseacht 'oifigiúil' ag feidhmiú i gcomhar leis an rialtas seachas a bheith ag iarraidh dul i gcion air:

…bhí an ghluaiseacht oifigiúil, mar a thug Máirtín [Ó Cadhain] orthu, róchiúin agus bhí siad ag dul an bhóthair in éindí leis an rialtas agus ag súil go dtarlódh rudaí dearfacha nuair a bhí rudaí diúltacha ag tarlú […] an sampla is cuimhin liomsa go háirithe ná na coláistí ullmhúcháin, nuair a dúnadh iad sin… (Agallamh le hÓ Tuathail 2013).

Bhí fealsúnacht Mháirtín Uí Chadhain an-mhealltach do dhaoine óga ar theastaigh cur chuige ní ba ghníomhaí agus ní ba radacaí uathu. Maíonn Máiréad Uí Dhomhnaill gur tháinig sí faoi anáil Uí Chadhain, ar mhacasamhail Che Guevara do lucht Misneach é, toisc gur phearsa agus gur cheannaire láidir agus cumhachtach é a raibh teacht i láthair an-láidir aige agus ar éirigh thar cionn leis, dá réir sin, na baill a ghríosú chun spairne (Agallamh le hUí Dhomhnaill 2013).

Dhá bhliain i ndiaidh bhunú Misneach is ea a bunaíodh an LFM (Language Freedom Movement), a raibh na haidhmeanna seo a leanas breactha ina bhunreacht aige: The objects of the organisation shall be to promote a realistic approach towards the Gaelic language and to remove compulsion, discrimination and other objectionable practices from the State language policy. Theastaigh ón eagraíocht go gcuirfí deireadh leis an gcoinníoll éigeantach pas a bhaint amach sa scrúdú Gaeilge chun go mbronnfaí Ardteistiméireacht ar dhalta. Ina theannta sin, éilíodh go gcuirfí deireadh leis an nGaeilge éigeantach chun post a fháil sa státchóras agus, mar a deir Rowland, bhí spriocanna an LFM agus spriocanna Fhine Gael maidir le stádas na Gaeilge ag teacht le chéile, cuid mhaith, faoin tráth seo.

Ní nach ionadh, níorbh fhada go raibh an dá eagraíocht in adharca a chéile agus, mar a deir Rowland, D'aithin baill de Misneach an LFM mar chéile comhraic agus d'fheil an choimhlint dóibh mar bhealach lena gcuspóirí féin a chur i gcrích. Tugann sé cur síos ansin ar chruinniú de chuid an LFM i Meitheamh 1966, áit ar réab an Cadhnach mar aon le baill eile de Mhisneach isteach agus gur chuir siad an seomra is a raibh ann trí chéile.

Míníonn Rowland go raibh na modhanna nua gníomhaíochta seo ag Misneach fréamhaithe san easumhlaíocht shibhialta agus bhí siad ag teacht faoi anáil Saunders Lewis, gníomhaí polaitíochta agus teanga sa Bhreatain Bheag a raibh baint aige leis an bpáirtí polaitíochta Plaid Cymru agus le Cumann na Breatnaise araon. Thug Lewis léacht raidió dar teideal 'Tynged yr Iaith' (Cinniúint na Teanga) a craoladh ar an BBC in 1962 inar mhol sé modhanna réabhlóideacha chun an Bhreatnais a chur chun cinn. D'aistrigh Ó Cadhain léacht Lewis go Gaeilge agus foilsíodh í i bhfoirm leabhráin dar teideal 'Bás nó Beatha?' in 1963. An aidhm a bhí leis seo ná modhanna gníomhaíochta, agóidíochta agus léirsithe lucht na Breatnaise a chur ar a súile do ghluaiseacht na Gaeilge in Éirinn agus ba é bunú Mhisneach an toradh a bhí air sin.

Sampla den mhodh agóidíochta seo ná picéad a chuir an ghluaiseacht ar shlógadh de chuid Fhianna Fáil, a tionóladh ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath, roimh an olltoghchán in Aibreán 1965. Foilsíodh 'An Páipéar Bán um Athbheochan na Gaeilge' i mí Eanáir na bliana sin agus thapaigh Misneach an deis seo chun dul in adharca le Fianna Fáil go poiblí. Bhí Seán Lemass, nó an 'Taoiseach gan Ghaeilge' mar a thugadh Misneach air, ina sheasamh ar ardán agus bhí cóipeanna den Pháipéar Bán á gcaitheamh ag baill Misneach leis agus iad ag béicíl tarraing siar an Páipéar Bán. Modh agóide ab ea é seo ar baineadh úsáid as chun an rialtas a náiriú agus is sampla é de 'bholscaireacht dhrámatúil' Uí Chadhain a bhí go huile is go hiomlán éagsúil le measúlacht na gluaiseachta oifigiúla.

Mar a mhíníonn Ó Tuathaigh:

I gcás Uí Chadhain, fiú nuair a d'aontaigh sé lena gcuspóirí, mar a rinne sé go minic, is annamh a shíl sé na modhanna oibre a bhí acu a bheith feiliúnach ná éifeachtach. Ní raibh dóthain práinne ag baint leo. Níor thuigeadar an phráinn ná [an] namhaid i gceart; níorbh fhiú nó níorbh fhéidir leo na bearta dána nó gránna a dhéanamh a bhí ag teastáil lena n‑aidhmeanna a bhaint amach ('Máirtín Ó Cadhain, An Stair agus an Pholaitíocht: Athmhachnamh'. In: Léachtaí Cholm Cille XXXVII: 166–207.)

Le linn chomóradh 50 bliain an Éirí Amach in 1966 d'eagraigh Misneach céalacan i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste chun faillí an rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta a léiriú.

Tionchar mór a bhí ag Misneach ná gur spreag sé grúpaí eile teanga agus Gaeltachta sna seascaidí le cos a chur i dtaca, m. sh. Gael Linn maidir leis an easpa clár Gaeilge le linn uaireanta móréilimh ar an stáisiún nua teilifíse, agus lucht chearta sibhialta na Gaeltachta.

Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta

Ar ndóigh, bhí an Cadhnach ar dhuine de bhunaitheoirí na Gluaiseachta seo in 1969. Ar na haidhmeanna a bhí ag an nGluaiseacht bhí údarás áitiúil pleanála agus forbartha, plean cuimsitheach oideachais agus stáisiún raidió, agus is dá bharr gur cuireadh Raidió na Gaeltachta ar bun in 1972. Rinne an Ghluaiseacht éilimh a raibh tábhacht leo, fostaíocht ag baile, bunú Údarás Gaeltachta agus Raidió Gaeltachta ina measc. D'éirigh leis an nGluaiseacht i bhformhór a cuid éileamh agus ní bréag a rá go bhfuil lorg obair na Gluaiseachta agus obair na ndaoine a bhí páirteach inti le feiceáil go soiléir ar an saol, i nGaeltacht Chonamara go háirithe, go dtí an lá atá inniu ann.

Feachtais eile

Mar seo a scríobh Proinsias Mac Aonghusa in 1976 (Scríobh 3): Nó go scríobhtar beathaisnéis Mháirtín Uí Chadhain, agus go ndéantar sin ar fheabhas, ní bheidh eolas iomlán le fáil faoina chuid feachtais ar fad agus faoin tslí inar leagadh amach iad. Ach lean sé air le cuid acu a lua, mar atá:

…an feachtas fada in aghaidh Christopher Morris, fear an LFM, an ceann in aghaidh John D. Sheridan, an Caitliceach mór, faoi cheannas na sagart ar na scoileanna náisiúnta; an feachtas aonair a chuir ar Theilifís Éireann Mhic Chuarta foirmeacha conraithe i nGaeilge a chur ar fáil; aighnis éagsúla le Proinsias Mac an Bheatha, ceann dá chuid bêtes noirs; an feachtas chun fíricí scéil dhúnmharaithe Barney Casey sa Champa Géibhinn ar an gCurrach a thabhairt os comhair an phobail; a fheachtas míleata féin i Sasana in 1939, agus a chuid oibre sna hÓglaigh agus do na hÓglaigh ón gcéad lá a ndeachaigh sé isteach in arm na Poblachta nó gur cailleadh é.