Saol Mháirtín Uí Chadhain

Óige Mháirtín

A dháta breithe an chéad chor conspóide i saol ollamh scríbhneora an nua-phróis Ghaeilge agus fathach fir na bhfeachtas ar son phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. An 4 Eanáir 1905 atá curtha síos dó i leabhar an bhaiste i Séipéal an Chnoic, agus luadh an 13 Feabhra 1906 lena lá breithe ar a theastas breithe, agus deirtear sa leabhar De Ghlaschloich an Oileáin: beatha agus saothar Mháirtín Uí Chadhain, leis an tSiúr Bosco Costigan agus Seán Ó Curraoin, gurbh in Eanáir 1905 a rugadh é de réir an taifid baiste. Dá réir sin, bhí conspóid ann sa bhliain 2006 nuair a eagraíodh Comóradh Céid Mháirtín Uí Chadhain sa Spidéal ar 13–15 Eanáir 2006, roinnt daoine ag maíomh gur roghnaíodh an bhliain mhícheart. Ach is eol do ghaolta Mháirtín Uí Chadhain gur ar an 20 Eanáir 1906 a rugadh é, cibé cén chaoi ar tháinig ann do na taifid earráideacha.

Bíodh sin mar atá, níl aon cheist ann faoin áit ar rugadh é, is é sin An Cnocán Glas, baile fearainn beagán taobh thiar den Spidéal, Contae na Gaillimhe. Ba é an duine ba shine dár mhair de thrí dhuine dhéag a rugadh do Sheán Ó Cadhain agus dá bhean, Bríd Óg Nic Conaola. (Is amhlaidh a cailleadh an chéad duine clainne a rugadh in 1905.) Feilméaraí beaga ab ea Seán agus a dheartháir is comharsa bhéal dorais, Máirtín Beag, a raibh leathghabháltas talún ag gach aon líon tí acu. Talamh a cheannaigh na Cadhnaigh ar dtús ó Thiarna Chill Aithnín nuair a d'aistrigh a muintir anuas ón Rátha, atá ceithre km soir ó dheas ó Uachtar Ard, in 1839. Ba theach airneáin é teach Sheáin agus Bhríd agus cáil na scéalaíochta dá réir ar mhuintir Uí Chadhain — go deimhin, ba scéalaithe iad athair, máthair agus uncail Mháirtín. Tharraing an dá theaghlach go maith lena chéile agus bhídís i gcomhar le chéile ag curadóireacht, ag baint fheamainne, mhóna agus an fhómhair chomh maith le gach dualgas eile agus siobáil a bhíodh le déanamh. Go fiú nuair a thóg siad teach nua i dtús cheathrachaidí an chéid seo caite níos gaire do Bhóthar an Rí, d'aistrigh Máirtín Beag isteach sa teach nua in éineacht leo.

Oideachas Mháirtín

Ar 26 Meitheamh 1911 a cláraíodh Máirtín i Scoil na mBuachaillí sa Spidéal agus a dhá fhód mhóna faoina ascaill de réir nós na haimsire. Nuair a shroich sé na hardranganna, choinnigh a athair sa mbaile ón scoil é le cúnamh a thabhairt leis an obair laethúil. Rinne an príomhoide, Éamonn Ó Gógáin, iarracht mhór le háiteamh ar Sheán Ó Cadhain an gasúr a fhágáil ar scoil de bhrí go raibh mianach ar leith ann ach ní ghéillfeadh an t‑athair. Tamaillín ina dhiaidh sin bhuail cigire isteach sa scoil agus luaigh an príomhoide dálaí Mháirtín leis. Chuaigh an bheirt acu suas chuig an gCnocán Glas agus d'éirigh leo dul i gcionn ar an athair agus thoiligh sé Máirtín a ligean ar ais ar scoil. Ina dhiaidh sin, chaith sé cúpla bliain mar mhonatóir sa scoil, nós a bhí coitianta i gcás daltaí éirimiúla ag an am, agus bhuaigh sé scoláireacht an Rí in 1923 ach, tharla é a bheith ró‑óg le dul isteach i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, d'fhan sé bliain eile mar mhonatóir gur bhuaigh arís í. Thug an Máistir Ó Gógáin culaith dá chuid féin dó agus chuir ar an mbóthar go Droim Conrach é. Chaith Máirtín an tréimhse 1924–26 i gColáiste Phádraig. I nGaillimh dó ina dhiaidh sin, bhain sé dioplóma san oideachas i mí na Bealtaine 1927 ó Choláiste na hOllscoile. B'in deireadh lena oideachas foirmeálta ach lean sé air ag foghlaim go cíocrach ar feadh a shaoil trí léitheoireacht, trí chaidreamh le daoine agus trí thaisteal. Bheadh sé ina ilteangach ar ball agus na teangacha Ceilteacha, an Fhraincis, an Spáinnis, an Iodáilis, an Ghearmáinis agus an Rúisis ar eolas aige.

Máirtín ina Mhúinteoir

An chéad phost a fuair sé ná ceann sealadach mar phríomhoide ar an mbunscoil i nDaighinis, oileán atá amach ó Leitir Mealláin, i Meán Fómhair 1926 ach ní raibh sé ansin ach mí agus chaith sé an chuid eile den scoilbhliain sin ag ionadaíocht i scoil na mBráithre Críostaí i gcathair na Gaillimhe, áit ar fhreastail sé ar ranganna oíche do bhunmhúinteoirí san ollscoil ansin. Ag deireadh na scoilbhliana sin fuair sé post mar phríomhoide ar an mbunscoil i gCamas agus bhí sé ann go mí Feabhra 1932. Nuair a dúradh leis go gcaithfeadh sé cónaí i dteach an mháistir bhí drogall air glacadh leis an bpost mar bhraith sé go mbeadh sé uaigneach as féin. Rinneadh socrú le múinteoir eile ó scoil Leitir Mucú, Seosamh Mac Mathúna, go rachadh seisean chun cónaithe le Máirtín i dteach an mháistir i gCamas, agus d'fhan seisean ann go ceann dhá bhliana agus tháinig deirfiúr le Máirtín chun cónaithe leis ansin. I 1930 toghadh é ina chathaoirleach ar bhrainse Iar-Chonnacht de Chumann Múinteoirí Éireann.

Bhí ardmheas ag muintir Chamais air agus teist air go mba togha múinteora é. Ar chúis éigin, d'imigh sé as an bpost sin i mí Feabhra 1932 agus chuaigh ag múineadh sa Charn Mór ar an Eachréidh uaidh sin go deireadh mhí na Nollag 1936 nuair a briseadh as a phost é ar ordú ón easpag de bharr a bheith in Óglaigh na hÉireann. Dhiúltaigh Cumann Múinteoirí Éireann seasamh a dhéanamh ar a shon. Ceantar breac-Ghaeltachta a bhí ann agus bhunaigh Máirtín brainse de Chonradh na Gaeilge ann. Ghlacadh sé páirt sna himeachtaí sóisialta ann chomh maith leis na himeachtaí polaitíochta. Is léir an meas a bhí ag muintir an Chairn Mhóir air mar bhí siad ar buile gur briseadh as a phost é. Chuathas chomh fada leis an máistir a ceapadh ina áit a bhualadh, rud a d'fhág go mba ghá garda cosanta a chur ar fáil dó de ló is d'oíche go ceann i bhfad ina dhiaidh sin. Ar chaoi ar bith, b'in deireadh le gairm an Chadhnaigh mar mhúinteoir bunscoile. Bhí leibhéil eile teagaisc i ndán dó, áfach.

Bhíodh sé ag teagasc ar chúrsaí samhraidh ar an gCeathrú Rua sna tríochadaí agus is i gceann de na ranganna sin a casadh air Máirín Ní Rodaigh i 1932, an bhean a phós sé níos faide anonn. I mBaile Átha Cliath dó bhíodh sé ag múineadh Gaeilge do dhaoine fásta i gConradh na Gaeilge. Ar iarratas ó Bhreandán Breathnach, duine dá mhic léinn ansin, scríobh sé lámhleabhar cora cainte agus leaganacha eile mar áis don fhoghlaimeoir. Níor ghlac An Gúm leis lena fhoilsiú, áfach. I 1939 chas sé le John Ellis Caerwyn Williams ón mBreatain Bheag a mhúin Breatnais dó agus ar mhúin seisean Gaeilge dó. Le linn dó bheith i gcampa géibhinn Chnoc an Arbhair ó Mheán Fómhar go Nollaig 1939 chrom sé ar Ghaeilge agus teangacha eile a mhúineadh do ghéibheannaigh eile.

Rinneadh é a imtheorannú ó Aibreán 1940 go Iúil 1944 i gcampa géibhinn an Churraigh, Co. Chill Dara, áit a múineadh sé ranganna Gaeilge, Staire agus Fraincise, agus a nglacadh sé páirt i ranganna seanchais agus comhrá. Thosaigh sé ag foghlaim Rúisise agus ag feabhsú a chuid Fraincise. Dhéanadh sé iris a fhoilsiú ann chomh maith. Deirtear go raibh a chuid ranganna Gaeilge ar fheabhas ar fad, iad bunaithe ar mhúnlaí cainte. De bhrí nach raibh ar na múinteoirí gnáthobair mhaslach an champa a dhéanamh, bhí am aige do chúrsaí léitheoireachta. Léigh sé saothar drámadóirí agus scéalaithe móra na Fraince agus na Rúise, mar aon le saothar fealsúna agus diagairí móra na hEorpa. Bhunaigh na géibheannaigh coiste oideachais agus an Cadhnach ina chathaoirleach air. Chuiridís ranganna agus léachtaí de gach cineál ar bun, sraith mhór léachtaí ó Mháirtín ar an bhfealsúnacht agus an tsocheolaíocht san áireamh. Fuair a athair agus a mháthair bás agus é sa gcampa géibhinn. Scaoileadh amach ar chead speisialta é le dul ar shochraid amháin den dá shochraid sin, ach níor scaoileadh amach chuig an dara ceann é.

I mBaile Átha Cliath don Chadhnach agus i ndiaidh dó a bheith siar is aniar maidir le fostaíocht go ceann tamaill, go dtí gur bhain sé post i Rannóg an Aistriúcháin, áit ar chaith sé naoi mbliana, chuir Seán Ó hÉigeartaigh coiste beag ar bun chun post ollscoile a lorg dó agus, rud b'éadóigh, d'éirigh leis. Gan trácht ar a chuid polaitíochta, ní raibh aon oiliúint ollscoile ar Mháirtín. Ar 2 Feabhra 1956 thosaigh sé mar léachtóir i Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide. Cinneadh cróga fuascailteach ó thaobh na hollscoile ab ea é sin, agus bhí Máirtín buíoch beannachtach dá réir. I 1967 d'aistrigh an t‑ollamh le Gaeilge, David Greene, go hInstitiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath agus chuaigh Máirtín i gceann na roinne agus teideal comhollaimh aige. Ceapadh mar ollamh le Gaeilge é i 1969 agus an bhlian dar gcionn ceapadh ina ánra é. Thug sé faoin obair san ollscoil go dúthrachtach agus dhéanadh sé neart réamhullmhúcháin. Deirtear go ndeachaigh sé i bhfeidhm go mór ar a chuid mac léinn — chleacht sé bealach neamhfhoirmeálta leo agus chuir sé aithne phearsanta orthu go léir. Sheoladh sé siar go Cois Fharraige iad chuile bhliain le fanacht le teaghlaigh scoth-Ghaeilge.

An Cadhnach sa Chathair

Thug Máirtín aghaidh ar Bhaile Átha Cliath i dtreo dheireadh 1936, é gan phost agus gan airgead. Bhí sé ina oifigeach earcaíochta do na hÓglaigh le linn 1937–8 agus bhí sé ina thimire chomh maith do Chonradh na Gaeilge, agus bhíodh sé ag taisteal ar fud na tíre ar a rothar faoi na cúraimí sin. Cé nach raibh bua an cheoil aige féin, níor stop sé sin é ó leabhar mór a líonadh le hamhráin a chuala sé sa mbaile i gConamara ach, ar an drochuair, chuaigh an leabhar seo amú agus é ag aistriú lóistín, rud a tharlaíodh go minic agus é ar a theitheadh sna blianta sin. Ar an gcaoi sin, chaill sé cuid mhaith scríbhinní. I 1939 chaith sé tréimhse mar ardrúnaí ar An Fáinne — eagraíocht a bhronnadh bioráin i gcruth fáinní ar chainteoirí Gaeilge — a raibh a oifig in aontíos le Conradh na Gaeilge i gCearnóg Parnell.

Thart ar 1940 is ea a thosaigh sé ag cur liostaí focal agus frásaí le chéile le cur chuig an nGúm le haghaidh eagrán nua d'fhoclóir an Duinnínigh a bhí á bheartú. Ní hamháin gur leaganacha iad nach raibh i bhfoclóir an Duinnínigh ach, cuid acu, ba leaganacha iad nár chuala sé ag duine ar bith ach ag a mháthair féin, rud a spreag é lena gcur ar taifead is a chaomhnú. Gabhadh arís é in Aibreán na bliana sin agus chaith sé na ceithre bliana ina dhiaidh sin i ngéibheann sa Churrach, rud a chuir isteach ar a shaothar foclóireachta.

D'fhill sé ar an ardchathair ar a shaoradh mí Iúil 1944 agus chuaigh sé dian air aon obair sheasta a fháil. Tar éis a bheith díomhaoin ar feadh scaithimh fuair sé obair i bPáirc an Fhionnuisce, áit a raibh móin á stocthiomsú toisc ghéarchéim an Chogaidh Mhóir. Tharla iarghéibheannaigh eile ann a raibh Gaeilge acu agus líon mór oibrithe Gaeltachta, go háirithe as Conamara agus Co. Mhaigh Eo, agus chuir duine de na maoirseoirí na Gaeilgeoirí ag obair le chéile i meithleacha. D'éirigh thar cionn leo fad a mhair an obair sin. Chaith Máirtín cúpla geábh ag obair i Sasana ina dhiaidh sin, ach níor fhan sé ann. D'fhill sé ar na liostaí focal is frásaí nach raibh i bhfoclóir an Duinnínigh — eisean a bhí ag obair ar Ghaeilge Chonamara don scéim sin ag an Roinn Oideachais. Chaitheadh sé tréimhsí thiar sa mbaile mar thaca dó san obair seo.

Mar thoradh ar stocaireacht ag daoine éagsúla ar son Mháirtín le de Valera, Tomás Page agus Earnán de Blaghd ina measc, glacadh go sealadach leis an gCadhnach sa státseirbhís agus ar 2/3/1947 thosaigh sé ag obair i Rannóg an Aistriúcháin mar aistritheoir reachtaíochta. Níor ghlac sé i bhfad air teacht isteach ar obair agus ar stíl an aistriúcháin agus b'oibrí an-chruinn é. Dúirt sé ina dhiaidh sin gur fhoghlaim sé cuid mhaith faoi chúrsaí aistriúcháin ann. Bíodh is go raibh col nádúrtha aige le hoifigiúlacht, bhí sé cúramach gan aon riail a bhriseadh. Mar ba dhual dó gach áit a raibh sé roimhe sin, níor chuir sé am amú sa Rannóg dó. Nuair a bhí lag trá oibre ann, ba bhreá le Máirtín bheith ag gabháil do leabhair faoin tSean-Ghaeilge agus faoi sheandlíthe na hÉireann. Is dóigh nach ndearna an léitheoireacht sin aon dochar dó sa chéad chéim eile dá ghairm — mar léachtóir agus ansin mar ollamh i Roinn na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, 1956–70.

Teangmháil

Is sampla é seo d’áis teagaisc a réitigh an Cadhnach dá chuid mac léinn i gColáiste na Tríonóide. Gearrscéal cáiliúil le Liam Ó Flaithearta é Teangmháil, a foilsíodh sa chnuasach Dúil) agus á léamh ag Máirtín féin. Síltear gur Teanglann Choláiste na Tríonóide a rinne an taifeadadh. Is díol spéise gné amháin dá mhodh teagaisc go háirithe: roinnt línte á n‑athléamh aige anseo is ansiúd, ar mhaithe le béim agus ábhar pléite, b’fhéidir?

Le caoinchead Choláiste na Tríonóide. Glactar buíochas leis an Ollamh Damien Mc Manus.

An Cadhnach agus an Caighdeán

Grianghraf de Mháirtín i bhfochair trír eile
Máirtín is daoine eile ag Scoil Gheimhridh Mherriman 1969

Nuair a thosaigh an Cadhnach ag obair i Rannóg an Aistriúcháin (1947–56) bhí cúrsaí caighdeáin idir litriú agus ghramadach go mór faoi chaibidil. I 1947 a foilsíodh Litriú na Gaeilge: Lámhleabhar an Chaighdeáin Oifigiúil agus foilsíodh Gramadach na Gaeilge — Caighdeán Rannóg an Aistriúcháin i 1953. Ceapadh Máirtín ar choiste triúir in éineacht leis an bPríomh-Aistritheoir, Tomás Page, agus Niall Ó Dónaill chun ceisteanna caighdeáin a réiteach. D'éirigh thar barr leo go ceann tamaill ach lá amháin bhí easaontas ann maidir le gné den litriú — cén chaoi leis an bhfoirceann -adh a litriú (i bhfocail ar nós samhradh) agus d'éirigh idir Page agus an Cadhnach, rud a rinne cocstí den choiste. Lá eile thóg Máirtín conspóid maidir leis an uimhir iolra de bád a rá go raibh iliomad leaganacha sa chaint agus iad ar fad chomh húdarásach céanna le báid. Is cosúil go mbíodh sé idir dhá chomhairle faoi chúrsaí caighdeáin — chonaic sé go gcothaíonn caighdeán soiléire ach, os a choinne sin, b'fhearr leis a chuid leaganacha féin. San alt Bread or Grammar? i bhforlíonadh an Irish Times, 24/7/1953, thug sé faoi pholaiteoirí as tograí nach gcuirfeadh arán ar an mbord do mhuintir na Gaeltachta, agus ceann de na tograí a luaigh sé ná a booklet of some 121 pages on Irish spelling published at his [de Valera] request — tagairt dhíreach do Litriú na Gaeilge: Lámhleabhar an Chaighdeáin Oifigiúil (Rannóg an Aistriúcháin, 1947). Ní nach ionadh, ní mó ná sásta a bhí na húdaráis faoi seo. Thagair Máirtín féin don scéal seo in Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca: Ba ar éigean a thug mé an eang liom gan mé a bheith briste de bharr cúrsaí scríbhneoireachta freisin, an colún seachtainiúil a bhínn ag scríobh ar feadh na mblianta don Irish Times.

Saol baile

Grianghraf de Mháirín, bean Mháirtín
Máirín Bean Uí Chadhain

I mí Feabhra 1945 phós sé Máirín Ní Rodaigh, múinteoir bunscoile as Co. an Chabháin — bhí lámh is focal eatarthu ón tréimhse sular cuireadh sa champa géibhinn é. Chuir siad fúthu in árasán ar an gCuarbhóthar Theas agus d'fhan siad in árasáin éagsúla go dtí gurbh acmhainn dóibh teach a cheannach ag 3 Gairdíní na Gréine, Dartraí, i gceantar Ráth Maonais i mBaile Átha Cliath. Ba mhinic gaolta agus cairde as Conamara ag fanacht acu i gcaitheamh na mblianta agus chuirtí fearadh na fáilte rompu. Thosaigh Máirín ag múineadh i Scoil Lorcáin, gaelscoil i ndeisceart na cathrach, nuair a bunaíodh í i 1952. Ní raibh aon chlann orthu.

Bhíodh drochshláinte ag cur ar Mháirtín — brú fola, tinneas cinn agus easpa codlata. Níor fheil an easpa saoirse cainte sa státseirbhís dó agus, níos faide anonn agus é ina léachtóir ollscoile, ba mhinic é ag léamh nó ag ullmhú ábhair i lár na hoíche nuair nach bhféadfadh sé codladh a fháil.

Cailleadh Máirín ar 20 Deireadh Fómhair 1965. I gcónaí bhí Máirín mar thaca cróga aige agus ní labhartar fúithi ach an focal molta is airde. Ina bandia a bhí sí ag na naíonáin i Scoil Lorcáin, agus ba fhonnmhar a ghlac siad leis an nGaeilge uaithi… Bhí cáil na féile agus na flaithiúlachta uirthi, agus thuill sí meas an uile dhuine (Costigan agus Ó Curraoin). Nuair a cailleadh deartháir le Máirtín, Seosamh (Joe), ar 31 Márta 1966, thairg Máirtín beirt dá naonúr clainne a thógáil isteach mar thacaíocht don bhaintreach óg, Cáit Uí Chadhain a raibh cónaí uirthi féin is a clann i dtuaisceart na cathrach. Léiriú é sin ar an gcroí mór maith a bhí ag an bhfear. Dá réir sin, chuaigh na déagóirí Bríd agus Mairéad chun cónaithe leis agus bhí Mairéad fós ina cónaí leis nuair a cailleadh é i 1970. Bhíodh cailín aimsire as Conamara aige don chócaireacht agus obair tí ón uair a cailleadh Máirín.