Saothar liteartha Mháirtín Uí Chadhain

Grianghraf de Chon Howard, Máirtín Ó Cadhain is an Dr Seán J. White
Ó chlé go deas: Con Howard, Máirtín Ó Cadhain ⁊ an Dr Seán J. White

Fáisceadh an Cadhnach as cúlra saibhir béaloidis is scéalaíochta. Ba mhac léinn dúthrachtach agus léitheoir amplach é. Níor imir sé cluichí ná cártaí ach chaith a chuid am spártha ag léamh, ag foghlaim ó dhaoine eile agus, le himeacht aimsire, ag scríobh. Ba i gCamas a thosaigh sé ag foghlaim cheird na scríbhneoireachta. Faoi 1928 — an chéad bhliain dó ag múineadh i gCamas — bhí tosaithe aige ar ábhar a fhoilsiú in An Stoc. Blúiríní béaloidis agus amhráin a bhailigh sé is mó a bhíodh á bhfoilsiú aige i dtosach. Bhí a chéad ghearrscéal aige i gcló san iris sin faoi Shamhain 1929. Ach is ábhar béaloidis is mó a bhíodh á chur i gcló aige anuas go 1936, taobh amuigh de litreacha is ailt.

D'fhoilsigh an Roinn Oideachais fógra in An Stoc sna 1920idí déanacha ag iarraidh ar scríbneoirí a raibh leabhair scríofa acu, nó ar spéis leo leabhair a aistriú ó theangacha eile go Gaeilge, scríobh isteach chuig an Rúnaí, Coiste na bhFoilseachán, agus a lua cén taithí a bhí acu agus cén sórt leabhar ab fhearr le tiontú go Gaeilge. Is cosúil gur fhreagair Máirtín an fógra úd agus, i gCamas dó, d'aistrigh sé Sally Kavanagh le C. J. Kickham faoin teideal Saile Ní Chaomhánaigh nó na huaigheanna folamha: scéal faoi Thiobraid Árann (Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais, 1932). Ar chríochnú gach caibidle dó, ba nós leis í a chur faoi bhráid a chomrádaí tí, Seosamh Mac Mathúna, lena thuairim a fháil. Ach nuair a chuir sé an t‑aistriúchán críochnaithe ar aghaidh, ní raibh An Gúm sásta leis ar an mbonn go raibh sé rófhada, agus d'iarr siad air é a ghearradh siar de 30%. Bhí Máirtín ar buile agus mhionnaigh sé nach mbacfadh sé leo feasta ach an lámhscríbhinn a chur sa tine. Tháinig athrú intinne air, áfach, is chiorraigh sé an script agus thuill sé £20 uirthi. Ba í seo an chéad teagmháil ag an gCadhnach leis an nGúm, an 'gallán sóibhéideach', mar a thug sé air níos déanaí. Caithfidh gur choinnigh An Gúm ar a bpainéal é, áfach, mar i gcnuasach gearrscéalta aistrithe go Gaeilge a d'fhoilsigh siad (Rogha na gConnachtach, Oifig an tSoláthair 1937) tá ceann amháin ó pheann Mháirtín: Culaith Uireasach ar thiontú é ar A Short Suit le Lynn Doyle.

I mBaile Átha Cliath dó i ndeireadh 1936, bhíodh a chara Tomás Bairéad, ar scríbhneoir é féin, ag tathaint air dul le ceird an scríbhneora. Dúirt Máirtín féin gur chrom sé ar Idir Shúgradh agus Dáiríre (Oifig an tSoláthair 1939) a scríobh d'uireasa tada eile a bheith le déanamh aige, agus gan obair sheasta a bheith aige tar éis dó teacht chun na hardchathrach. Ansin go tobann goineadh a aire nuair a léigh sé aistriúchán Fraincise de scéal le Maxim Gorky i seanchóip d'irisleabhar Fraincise a fuair sé i siopa leabhar i Sráid Aungier. Scéal faoi lá buana an fhómhair a bhí ann, agus thuig sé láithreach go bhféadfadh sé féin a leithéid a scríobh faoina mhuintir féin a dhéanadh a leithéid chéanna d'obair thalmhaíochta. Mar a dúirt sé ina léacht Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, Thosaigh Cois Fharraige ó bhreaclach go carraig mhaol, go caoláire, go sruthán, go loch, go sliabh, go haghaidh fir, mná, agus linbh, dhá gcruthú féin thiar ar chúla m'fhoraí dúinte. Bhí an t‑irisleabhar sin i mo phóca agus ba bheag eile a bhí ann an lá ar gabhadh mé. Agus b'in lá i mí Mheán Fómhair 1939 nuair a tógadh ina oifig i gCearnóg Parnell é agus a cuireadh i ngéibheann i bPríosún Chnoc an Arbhair é go deireadh na bliana sin. Ba bheag deis a fuair sé ar an léitheoireacht ná ar an scríbhneoireacht ansin, de réir litreach a chuir sé chuig a chara, Tomás Bairéad, ach d'éirigh leis roinnt scéalta is filíochta a scríobh, chomh maith le 'gúm úrscéil' nó plean d'úrscéal.

I ngéibheann dó arís sa Churrach idir 1940–4 bhí deis aige cuid mhór de litríocht an domhain a shlogadh. Dar le Alan Titley gur dá bharr sin a tháinig doimhneacht agus leathnú agus siúráil chun cinn ina chuid scríbhneoireachta féin. Ba ansin a chuir sé faobhar ar a ghuth scríbhneora agus doimhneacht ina chuid scríbhinní. Agus ba nós leis amhráin a chumadh faoi imeachtaí éagsúla agus amhráin choitianta Bhéarla a aistriú go Gaeilge do na géibheannaigh eile — féach thíos na haistriúcháin leis a d'fhoilsigh Seosamh Ó Duibhginn in Feasta i 1974.

Ní bhíodh mórán scríbhneoireachta ar bun aige an chéad chúpla bliain dó sa Churrach cheal ama agus cheal príobháideachais agus ciúnais. D'áitigh cara leis air éirí as gach cúram eile agus luí isteach ar an scríbhneoireacht, áfach. Mar sin, d'éirigh sé as na ranganna Gaeilge agus ní mhúineadh sé ach rang amháin Fraincise as sin amach. Thart ar mhí na Bealtaine 1943 scríobh sé dráma dhá mhír, Typhus. In earrach 1944 tugadh bord agus cathaoir dó agus ionad ciúin le dul i mbun pinn. Sa Churrach a scríobh sé cuid mhaith de na scéalta a foilsíodh in An Braon Broghach (Oifig an tSoláthair 1948), an chéad saothar leis a tharraing cáil agus aitheantas air mar scríbhneoir.

Ba i 1945 tar éis pósadh dó a luigh sé isteach ar eagar a chur ar a chuid scríbhinní lena bhfoilsiú. Bhí borradh nua faoi litríocht na Gaeilge ón uair a chomhbhunaigh Seán Ó hÉigeartaigh, agus é ina mhac léinn i gColáiste na Tríonóide, an iris Comhar i 1942. Foilsíodh Ciumhais an Chriathraigh in eagrán na Nollag 1945. Seo an t‑aon scéal as an mbeart a chuir sé chuig an nGúm nár foilsíodh in An Braon Broghach. Chuaigh Ó hÉigeartaigh ar aghaidh le teach foilsitheoireachta a bhunú ansin i 1945, Sáirséal agus Dill, comhlacht a d'fhoilsigh na chéad chúig leabhar eile leis an gCadhnach.

Thart ar an am seo, freisin, bhí Cumann na Scríbhneoirí gníomhach i mBaile Átha Cliath agus tugadh cuntas san iris An Glór ar 1 Feabhra 1947 ar chruinniú ag ar pléadh saothar an Chadhnaigh. Bhí Liam Ó Flaithearta, Niall Ó Dónaill agus Máirtín féin i láthair. Deirtear gur tháinig an Flaitheartach abhaile as Meiriceá in aon turas i 1946 le bualadh leis an scríbhneoir nua as Conamara.

Tar éis don Chadhnach tosú ag obair mar aistritheoir i Rannóg an Aistriúcháin foilsíodh roinnt aistriúchán uaidh in Comhar agus Feasta — dhá ghearrscéal ón mBriotáinis, ceann ón bhFraincis, agus alt agus leabhrán ón mBreatnais. Sa Rannóg dó, is cosúil go raibh sé an-mhór le fear coimeádta na bpáipéar. Ní hiontas, mar sin, fear mar é a bheith mar phríomhcharachtar san aoir fhaobhrach a scríobh sé ar an státseirbhís níos faide anonn, An Eochair, a foilsíodh in An tSraith ar Lár (Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, 1967). Sé chnuasach gearrscéalta leis a foilsíodh, ceann acu seacht mbliana tar éis a bháis (An tSraith Tógtha, Sáirséal agus Dill 1977).

Trí úrscéal a tháinig uaidh. Chuir sé Cré na Cille isteach ar chomórtas an Oireachtais i 1947 agus ghnóthaigh sé duais £100. Foilsíodh sleachta as in Scéala Éireann idir Feabhra agus Meán Fómhair 1949. Bhí sé ag plé leis an nGúm maidir lena fhoilsiú ach, nuair a bhí siadsan ag iarraidh go mbainfí rudaí áirithe as, thiontaigh sé go Sáirséal agus Dill, a d'fhoilsigh é i 1949. Bhuaigh an t‑úrscéal Athnuachan duais an Chlub Leabhar ag Oireachtas 1951, ach ní raibh Máirtín sásta go bhfoilseofaí é agus thug sé an duais ar ais. Nuair a bhí Iontaobhas Uí Chadhain ag dul trí pháipéir Mháirtín, fuair muid comhairle ina thaobh seo ó acadúlaithe agus beartaíodh gurbh fhiú é a fhoilsiú. D'fhoilsigh Coiscéim é i 1995 mar a scríobh an t‑údar é ach gur ceartaíodh roinnt botún cló, agus cuireadh réamhrá leis ón Athair Breandán Ó Doibhlin. D'fhág Máirtín úrscéal eile gan foilsiú, sin Barbed Wire, cé gur fhoilsigh sé sliocht as in Dóchas i 1964. Chuir ollamh le Gaeilge eile de chuid Choláiste na Tríonóide, Cathal Ó Háinle, in eagar é agus d'fhoilsigh Coiscéim é in 2002.

Béaloideas

Fáisceadh an Cadhnach as cúlra béaloidis, agus bhailigh sé neart scéalta béaloidis ina óige. D'fhoilsigh sé ceithre bhailiúchán thábhachtacha óna cheantar dúchais in Béaloideas sna tríochaidí, mar aon le liosta seanfhocal agus trí amhrán agus nótaí ag gabháil leo in An Stoc idir 1928–31. Go deimhin, tá lorg an bhéaloidis le rianadh ina luathscéalta, ach tháinig athrú ar a dhearcadh de réir mar a léigh sé leabhair le scríbhneoirí agus le smaointeoirí móra Eorpacha. Tháinig sé ar an tuairim go raibh cúram míchuibheasach á dhéanamh den bhéaloideas agus den seansaol ba bhunchloch de, cúram a d'fhéadfadh teacht idir an scríbhneoir agus an pobal ba mhian leis a chruthú. Bhraith sé nár leor saibhreas cultúrtha dá dhearscnaithí é nuair a bhí an saol a bhí mar bhonn faoi á scaipeadh, gan neart ag aon duine air. Faoi 1950 bhí sé ag áiteamh go raibh an béaloideas agus an tseandacht a ghabh leis ag cur míthreoir ar dhaoine agus ag claonadh a n‑intinn agus a ndúthracht ó shaothair mhóra ba ghaire de leas. Chuir sé in aghaidh na teoirice go gcaithfeadh scríbhneoirí saol na cathrach agus na gceantar lasmuigh den Ghaeltacht a sheachaint agus díriú ar shaol dúchais na Gaeltachta amháin. Mhaígh sé nach ndéanann an béaloideas litríocht ach go gcaithfeadh an scríbhneoir é a mhúnlú sula mbeadh sé ina litríocht.

An Cadhnach mar cholúnaí

Grianghraf de Mháirtín, is é meánaosta
Máirtín Ó Cadhain, meánaosta

Scríobhadh an Cadhnach colún seachtainiúil do The Irish Times ar feadh tréimhse idir 1953 agus 1956 agus é fós ag obair i Rannóg an Aistriúcháin. Bhí an-éagsúlacht ábhair iontu. Thosaigh sé le sraith faoin teideal 'Cadhan Aonraic' faoina chuid taistil agus na rudaí a rith leis ar an mbád go Holyhead, a chuairt ar Pháras, a thuras traenach síos tríd an bhFrainc, a chuairt ar an Spáinn, cathair Burgos, ballaí Avila, nósmhaireacht maidir le lucht déirce sa Spáinn, mainistir Santo Tomas, Giobráltar, an Andalúis, rincí na ngiofóg Spáinneach, páláis Belvedere agus Schönbrunn i Vín, an tAifreann i dteampall Gréagach i Vín, Salzburg, dealbha de Mhuire in Éirinn agus thar lear.

Scríobh sé sraith eile aon cholún déag faoi Ghàidhilg na hAlban — trí cinn faoin teideal Am Faigh a' Ghaidhilg Bás? agus ocht gcinn faoin teideal Chan fhaigh a' Ghaidhilg Bás. Bhí seacht gcinn de cholúin aige faoi eacnamaíocht nó pholaitíocht na hAlban, cuid acu faoin teideal Home Rule Albanach. Bhain sraith eile leis le polaitíocht na hÉireann, go háirithe faoin Tuaisceart. Is iomaí colún a scríobh sé faoi ghnéithe éagsúla den litríocht — ó chinsireacht go drámaíocht na Gaeilge go saol na cathrach in úrscéalta na Gaeilge go tairbhe na n‑aistriúchán ar amhráin eachtrannacha go duaiseanna chomórtais litríochta an Oireachtais go tuairimí Freud agus Jung ar an litríocht. I gcolúin eile chíor sé coincheapa mar 'an aigne Ghaelach' agus 'Eorpachas' go brí 'Irish literature', agus 'údair mhóra a théann ar imirce'. Ní hiontas gur scríobh sé sraith mhór colún faoin nGaeilge agus athbheochan na Gaeilge, agus faoin nGaeltacht. Dornán colún uaidh, bhain siad le focail agus a mbrí, liosta focal faoi thréithe daoine agus ceann faoin bhfoclóir nua a bhí ar na bacáin ag an am.

Sraith eile aige, cuid acu faoin teideal Caiscín, bhain sí le cúrsaí oideachais, e.g. easpa téacsleabhar agus, go háirithe, na hollscoileanna — é á rá go raibh siad as dáta. Sraith eile fós bhain sí le logainmneacha agus ainmneacha sráideanna i mBaile Átha Cliath, Luimneach, Corcaigh agus bailte eile. I gceann acu sin phléigh sé 'Sráid Ó Conaill nó Sráid Uí Chonaill'. Scríobh sé dornán colún faoi dhaoine, mar shampla ceann faoi mhuintir Uí Éigeartaigh. Scríobh sé cúpla ceann faoi áiteanna — an tochailt i mBrú na Bóinne, imeacht an tSean-Bridewell, agus Cluain Mhic Nóis. Agus scríobh sé scata colún eile faoi ghnéithe den saol dúchasach ó éadaí éagsúla traidisiúnta in Éirinn go cócaireacht ronnaigh go stiléireacht agus poitín. Is beag a scríobh sé faoi imeachtaí reatha seachas ceann faoi phósadh an Phrionsa Rainier agus Grace Kelly agus cúpla ceann faoin League of Decency, agus roinnt faoi chúrsaí spóirt agus cultúir.

Léachtaí agus óráidí

Thug Máirtín Ó Cadhain roinnt léachtaí tábhachtacha agus foilsíodh cuid acu nó tugadh cuntas orthu sna meáin. Ceann acu ab ea Tuige nach bhfuil litríocht na Gaeilge ag fás?, léacht a thug sé don Chumann Liteartha i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair, 1949. Dhírigh sé sa léacht sin ar an meath a tháinig ar fhorbairt litríocht na Gaeilge agus leag sé an milleán ar an gcóras oideachais trí chéile, ar an nGúm agus an Rialtas, ar an easpa léirmheastóireachta stuama, orthu siúd a bhí róthugtha do rialacha, do chanúintí agus d'fhoghraíocht ceantar thar a chéile.

I gceann eile dar theideal Béaloideas, a thug sé do Chumann na Scríbhneoirí i mí Feabhra, 1950, thrácht sé ar an mbéaloideas, agus léacht thar a bheith conspóideach a bhí inti. Nuair a foilsíodh í in Feasta i mí an Mhárta 1950 lean comhfhreagras oibrithe go ceann i bhfad.

Thug sé léacht chonspóideach eile ag comhdháil an Chomhchaidrimh i dTír Chonaill, mí Lúnasa na bliana 1969, a foilsíodh mar leabhrán dar teideal Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar Strae, áit ar áitigh sé Sé dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina sóisialaigh. Siad lucht labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht an aicme is direoile agus is buailte den mhuintir seo againn in Éirinn. Is mar a chéile agamsa, an aicme sin pobal na Gaeilge, a shlánú, agus an Ghaeilge a shlánú. Agus dhírigh sé formhór a racht feirge ar na heagraíochtaí Gaeilge a bhí ann lena linn.

An léacht ba mhó cáil leis, is dócha, ná an ceann a thug sé ag an gcéad scoil gheimhridh de Chumann Merriman in Eanáir 1969 in Aonach Urmhumhan, agus a d'fhoilsigh An Clóchomhar Teo. an bhliain chéanna, Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca.

Saothar foilsithe

Ailt agus aistí

Aistriúcháin

Béaloideas

A bhailigh agus a d'fhoilsigh an Cadhnach féin.

Gearrscéalta

Leabhráin agus paimfléid

Léachtaí

Léirmheasanna

Úrscéalta

An Cadhnach ar líne: tuilleadh léitheoireachta

Tá roinnt páipéar de chuid an Chadhnaigh ar fáil ar líne i gcartlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.